Feasta - alt 5



Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Aíonna

Urraíocht

Naisc


An Straitéis 20 Bliain agus Cainteoirí Neamh-Ghaeltachta

le Brian Ó Broin


Bhí an-chaint faoin ‘Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge’ a d’fhógair an rialtas i dtús 2010. Go deimhin, bhíos á plé anseo in Ollscoil Chathair Nua-Eabhraic ó shin le ceannaire an léinn Éireannaigh san ollscoil sin, leas-chonsal na hÉireann i Nua-Eabhrac agus gníomhaire teanga as Conamara. Ba le linn an phlé a thuig mé chomh casta is atá cúrsaí cothabhála na teanga éirithe. As an gceathrar láithreoirí — a bhí go léir ag tógáil a gclann le Gaeilge — ní raibh ach duine acu ina chónaí sa Ghaeltacht. Más ea, is beag aitheantais atá tugtha don phobal neamhghaeltachta sa straitéis 20 Bliain. Dá réir sin, ní dhéanfaidh an Straitéis difríocht ar bith do phobal labhartha na Gaeilge, ó dheas, ó thuaidh, ná thar lear.

An fáth nach ndéanfaidh sí difríocht ná go gcloítear inti le sean-dearcadh stát an deiscirt i dtaobh na Gaeilge. Is é sin: ní labhartar an Ghaeilge mar theanga phobail in aon áit in Éirinn ach sa Ghaeltacht, agus, cé go labhartar an Ghaeilge i dteaghlaigh áirithe lasmuigh den Ghaeltacht, níl le déanamh ag an stát ach an dátheangachas a chothú, tríd an gcóras oideachais go príomha, an Béarla mar chéadteanga ag daoine, agus an Ghaeilge mar dhara teanga.

Truflais. Tá sé cruthaithe arís agus arís eile nach bhfuil sa dátheangachas ach pointe i bpróiséas a dhéanann pobal aonteangach (Béarla i gcás na hÉireann) de phobal a bhí aonteangach i dteanga eile. Tá an dátheangachas seo ar siúl in Éirinn ón séú céad déag amach, agus bás na Gaeilge an toradh a thagann as i gcónaí. Ar ndóigh, níl ach dhátheangachas de shaghas amháin inghlactha i gcás na Gaeilge – ná i gcás mionteanga ar bith – an dátheangachas sin ina bhfuil an Ghaeilge ina príomhtheanga agus an Béarla ina dhara teanga: a leithéid atá ar fáil san Ísiltír, mar shampla, ach gurb í Ísiltíris an phríomhtheanga ansin, ar ndóigh.

Fiú agus Rialtas na hÉireann ag cur leis an Straitéis anseo agus ansiúd, is iad na míreanna faoin oideachas is mó atá i gceist, ainneoin é bheith cruthaithe gur beag tionchar a imríonn an córas oideachais ar chainteoirí dúchais. Faoi bhrú ó Chonradh na Gaeilge, tá an rialtas ag cur níos mó béime ar thábhacht na Gaeltachta sa Straitéis, fiú nuair is cinnte go gcaithfidh siad ar a laghad 150,000 cainteoirí laethúla Gaeilge a chruthú lasmuigh den Ghaeltacht, de réir a bhfigiúirí féin.

Más seanchaint fholamh mórchuid den Straitéis, ámh, tá ábhar machnaimh i gcuid de na moltaí. An chéad cheann ar thug mé suntas dó ná an moladh go gcuirfí leis an méid a dúradh i ‘Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht’ sa bhliain 2007. Más cuimhin leis an léitheoir an staidéar sin, roinneadh an Ghaeltacht i dtrí chatagóir, A,B, agus C, de réir úsáid na teanga iontu. Ach i ndeireadh báire, ba é dearcadh a léirigh an staidéir gur cheart teorainneacha na Gaeltachta a chúngú, seachas a leathnú. Anois, ní saineolaí mé ar úsáid na Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht, ach táim cinnte go bhfuil pobail neamhghaeltachta ann ina labhartar an Ghaeilge níos fearr agus níos minicí ná i gceantair áirithe de chatagóir C sa Ghaeltacht féin. Ní raibh glacadh lena leithéid sa Staidéar Cuimsitheach.

Sa Straitéis, ámh, nó sa dréachtcháipéis mar atá againn go fóill, moltar catagóir nua, catagóir D:

Molaimid an ceathrú catagóir, catagóir D, a chur leis sin lasmuigh den Ghaeltacht, ar catagóir í a bheadh mar bhonn le tionscnaimh phleanála teanga spriocdhírithe chun pobail/líonraí teanga nua a fhorbairt. Ba chóir critéir ar leith a fhorbairt do Chatagóir D ina n-áireofaí dearcadh an phobail, acmhainn teanga, oideachas trí mheán na Gaeilge a sholáthar agus toilteanas a bheith páirteach ar bhonn gníomhach i dtionscnamh teanga (lth. 26).

Ar a laghad, mar sin, coinníonn siad an doras ar oscailt, mar a déarfá: d’fhéadfadh go mbeadh pobail eile sa tír ag labhairt na Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht, agus is dea-rud é sin.

An dara rud ar thug mé suntas dó agus mé ag léamh na Straitéise ná an t-aitheantas a tugadh do Bhaile Átha Cliath:

Tá cónaí ar líon substaintiúil cainteoirí laethúla Gaeilge i mórcheantar chathair Bhaile Átha Cliath agus sa limistéar máguaird. Baineann tábhacht mhór shiombalach, do mhuintir na hÉireann agus do chuairteoirí a thagann go Baile Átha Cliath i mbun gnó nó mar chuairteoirí, leis an nGaeilge a bheith ar an láthair sa phríomhchathair. Ba chóir do na húdaráis chathrach agus chontae fís teanga a fhorbairt chun an phríomhchathair a chur chun cinn mar chathair dhátheangach nua-aimseartha agus an fhís sin a chur chun feidhme sa chéad tréimhse de Chéim II. Ba chóir gurb í an phríomhsprioc don phlean sin cion na gcainteoirí laethúla Gaeilge a ardú ar bhonn bliantúil trí chur le feicseanacht na teanga agus trí dheiseanna a chur ar fáil do ghnáthúsáid na Gaeilge sa chathair (lth. 28).

Arís, ámh, cé gur glacadh leis go raibh cainteoirí laethúla Gaeilge i mBaile Átha Cliath, níor úsáideadh focail mar ‘phobal’. Seachas sin, rinneadh tagairt do thábhacht ‘shiombalach’ na Gaeilge i mBaile Átha Cliath. I ndeireadh báire, tá seo duairc, diúltach agus maslach. Déantar ‘siombail’ de chainteoirí teanga.

Is dócha gurb í seo an fhadhb is mó a bhaineann leis an Straitéis. Ní fheictear ach ‘suaitheantas’ agus ionannas sa teanga, ní cultúr ná modh smaointeoireachta. Mhol an chéad dréachtphlean deireadh a chur le hÚdarás na Gaeltachta agus ‘Údarás na Gaeilge’ náisiúnta a bhunú, agus tugann sé seo le fios gur cheap scríbhneoirí an dréachta nach bhfuil ach bua amháin ag an nGaeltacht — an teanga, agus nach pobal ceart atá ann in aon chor a bhfuil postanna agus slí bheatha uathu mar atá ó éinne.

Ach léirítear laigí eile sa Straitéis. An ceann is mó ná nach nglactar leis inti go bhfuil a leithéid ann agus pobal labhartha Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht. Is mór an easpa é seo agus pobal láidir labhartha Gaeilge cruthaithe i mBéal Feirste cheana féin (an t-aon limistéar uirbeach in Éirinn, b’fhéidir, ina bhfuil ceantar labhartha Gaeilge). An rud is measa, ámh, ná nach nglactar leis sa Straitéis go bhfuil pobail Ghaeilge sa tír cheana féin agus iad ceilte orainn toisc iad a bheith dátheangach.

Sa lá inniu, cad is pobal teanga ann? Nó cad is pobal ann? In aois seo an domhandaithe agus an idirlín, caithfimid fáil réidh leis an seandearcadh gur gá crosbhóthar agus tithe chun baile agus pobal a chruthú. Le fírinne, ní gá sin a rá le léitheoirí a chaitheann tríocha nó daichead nóiméad ag tiomáint ar obair gach maidin as fobhailte nach bhfuil aithne ag éinne ar a chomharsana iontu. Ní hionann fobhaile, ná eastát tithíochta, agus pobal. Chaith mé trí seachtainí i dteach ar eastát tithíochta i mbaile an Chábháin tamall beag ó shin, Francaigh ina gcónaí ar thaobh amháin díom agus Eastóinigh ar an taobh eile. Fiú agus mé ag labhairt Béarla leis na comharsana seo, rud nach ndearna mé níos mó ná dhá uair, ba léir go raibh ár bpobail féin againn, pobail nach raibh mórán bainte ag a mbaill leis na háiteanna ina raibh siad ina gcónaí.

Is baill den phobal Gaeilge mé féin agus mo bheirt iníon, fiú má tá cónaí orainn i bhfobhaile i New Jersey . Ar ndóigh, tá féin-aitheantas i gceist, ach nuair a thógaimid an teileafón, nuair a chuirimid Dora ar siúl ar an teilifís, nuair a chuirimid Raidió na Gaeltachta ar siúl ar an raidió Wifi sa chistin, nuair a labhraímid Gaeilge le chéile, táimid ag glacadh páirte sa phobal sin, agus is cuma cá bhfuil cónaí orainn.

Ba é tuairim aistritheora ghairmiúil a mbím i dteagmháil leis anois is arís ná nach ann do Ghaeilge Bhaile Átha Cliath. Dar leis, níor labhraíodh Gaeilge i gceantar Bhaile Átha Cliath ón seachtú haois déag amach. Ach is cainteoir Gaeilge é féin, é ina chónaí i mBaile Átha Cliath agus ag obair go príomha trí mheán na Gaeilge. Nach ann dó féin, a déarfá!

Dearcadh diúltach é sin, ar ndóigh. Dar leis an iomarca daoine, a bhfuil róshuim acu i gceartscríobh agus i gceartlabhairt, seachas gnáthscríobh agus gnáthlabhairt na teanga, níl an Ghaeilge á húsáid ach in aon áit amháin in Éirinn — sa Ghaeltacht; agus níl á labhairt lasmuigh den áit sin ach rud saorga, neamh-mharthanach, scoil-bhunaithe, dar leo.

Cheana féin tá níos mó cainteoirí laethúla Gaeilge ina gcónaí lasmuigh den Ghaeltacht ná laistigh di, agus má tá Rialtas na hÉireann chun freastal ceart a dhéanamh ar an teanga, caithfear cúram ceart a dhéanamh díobh.

Brian Ó Broin, Ph.D.
Dept. of English, William Paterson University, New Jersey, USA
Linguistics - Medieval Studies - Irish Studies
Teangeolaíocht — Léann na Meánaoise — Léann na hÉireann


Feasta,
Eagrán Deireadh Fómhair 2010


Abhaile | barr | clár na míosa seo | ar ais