Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Aíonna

Urraíocht

Naisc

Dán

DUAIS CHOLMCILLE ÉIRE IS ALBA

Is é Duais Cholmcille an duais is luachmhaire ar domhan do dhán i nGaeilge nó i nGàidhlig. Bronntar Duais Cholmcille ag Féile Idirnáisiúnta Bhéal Átha na mBuillí, Co. Ros Comáin, ag deireadh seachtaine saoire na Bealtaine. Príomhdhuais de €4,000 a bhíonn ann, dara duais de €2,000 agus triú duais de €1,000 ar son dáin atá 70 líne ar fhad, ar a mhéid. Chomh maith leis sin, bíonn táille léitheoireachta agus taistil de €400 ar fáil do thriúr eile ar an ngearrliosta. Tá go dtí an 24 Eanáir 2011 ag filí le bheith ag agairt na Bé inspioráid a bhronnadh orthu. / Le taic bho Colmcille, bi an duais is luachmoire th' ann ga thairgsinn airson bàrdachd ann an Gàidhig no Gaeilge aig Féis Bhàrdachd Eadarnaiseanta Bhéal Átha na mBuillí ann an Éirinn. Eolas ag: www.strokestownpoetry.org/

Draghadh

le Rody Gorman
Conáionn Rody Gorman ar an Eilean Sgitheanach. Tá cnuasaigh foilsithe aige i nGaeilge, i mBéarla agus i nGàidhlig na hAlban. D’fhoilsigh Coiscéim rogha dánta leis faoin teideal Chernilo in 2007. Eisean an t-eagarthóir ar an mblianachán filíochta Gaeilge / Gàidhlige, An Guth. Ghnóthaigh ‘Draghadh’ an tríú duais ag Comórtas Idirnáisiúnta Bhéal Átha na mBuillí i mbliana.
A’ cur le gaoith ’s a’ draghadh
Air a’ Chuan Sgìth, mi fhìn air a’ chlàr,
A’ glacadh is a’ sgaoileadh,

A’ tilgeil is a’ tarraing,
A’ dol mu seach,
Air mo thachdadh, ag aiseag,

Is tu fhèin ga stiùireadh
Le sùil agad air thoiseach
A’ sgrùdadh na doimhneachd is nan dathan
Is do chùl rium fhèin,

Is an fhairge cho mòr
Is nach tog thu leis an troimh-a-chèile
M’èigh san deireadh:
Lìon briste! Lìon briste!
(Eag.: Draghadh = scarúint / tarraingt)


Feasta,
Eagrán Deireadh Fómhair 2010


Abhaile | barr | clár na míosa seo