Céard é seo? An t-eagrán is déanaí Cartlann Comórtas Ordú Teagmháil Cóipcheart Údar-lann Aíonna Urraíocht Naisc |
Seo an tráth den bhliain a gcaithimid ár sracfhéachaint rialta ar chúrsaí Chumann Lúthchleas Gael. Is le fonn ar leith a dheinimid é sin i mbliana. Nach faoiseamh éigin dúinn éaló ón gcreach agus ón droch-chás ina bhfuil ár gcúrsaí eacnamaíocha, gan trácht ar an drochbhail a leanann é sin i gcás oiread sin dár muintir.
Is minic cheana a leagamar béim anseo ar thábhacht an Chumainn i saol na tíre seo, ní hamháin ó thaobh chúrsaí spóirt, ó thaobh na peile Gaelaí de agus na hiománaíochta go háirithe, ach ó thaobh mheanma an phobail i gcoitinne. Cuimhnigh chomh híseal is a bhí an mheanma sin sna blianta tosaigh nuair a bunaíodh CLG, agus conas mar a d’athmhúscail sé an pobal a bhí chomh mór in ísle brí.
Táimid á lua sin, go mór mór i mbliana, nuair atá a chomhionann d’ísle brí ag crá ár muintire. Droch-chríoch ar lucht na meán cumarsáide, nach iad a bhíonn de shíor ag cur lenár míthreoir faoi mar nach mbeadh aon teacht aniar i ndán dúinn!
Ní hé atá fúinn aon cheilt a dhéanamh ar an míthreoir, nó aon fhortacht a thabhairt dóibh sin atá ciontach ann, ach tá an síorchlamhsán ag tráchtairí, tuairisceoirí agus saineolaithe thar fóir, faoi mar ná raibh aon chumas ionainn mar phobal dul i ngleic lenár bhfadhbanna. Ní mór é rá arís: níorbh é sin an dearcadh ná an cur chuige a spreag bunaitheoirí Chumann Lúthchleas Gael, tráth a raibh staid na tíre i riocht níos measa ná mar atá anois.
Ach cad faoi na cluichí féin? Bhí siad go buacach mar is gnách leo ó thaobh freastail agus caighdeáin, agus bhí san amhlaidh go háirithe i gcás na gcraobhchluichí. Bhí sárchluiche idir Chill Chainnigh agus Thiobraid Árann san iomáint. Mura raibh daoine ag súil gur le Tiobraid Árann a bheadh an lá, sin go díreach mar a tharla. Theip ar Chill Chainnigh an cúigiú craobh as a chéile a thabhairt leo. Is fada go deo go dtarlóidh sé sin anois sa pheil ná san iomáint.
Níorbh aon ionadh mór é gur thug Corcaigh an chraobh leo sa pheil. B’iad an fhoireann a b’fhearr sa tír iad i mbliana. Thug an Dún an-chluiche dóibh agus ba chluiche breá spórtúil a bhí ann ina theannta sin, rud nach dtarlaíonn chomh minic sin le tamall de bhlianta.
Ceist amháin againn. Céard atá le tarlú leis na craobhchluichí cúige? Ní minic a ghnóthaíonn na buaiteoirí an Chraobh Uile-Éireann. Má leantar mar atá, beifear ag iarraidh gan iad a bhuachan.
Bhí tráth ann gur bheag suim a bhí in iománaíocht ná i bpeil na mban. Tá an lá sin thart. Tá an caighdeán imeartha ag feabhsú an t-am go léir, agus beidh sé suimiúil cé mar sheasfaidh sé faoi cheann deich nó cúig déag de bhlianta. Is dócha go bhfuil sé mar chomhartha ar athruithe níos leithne sa saol mór. Is mór an t-athrú chun feabhais é, pé ní.
|