Céard é seo?
An t-eagrán is déanaí
Cartlann
Comórtas
Ordú
Teagmháil
Cóipcheart
Údar-lann
Aíonna
Urraíocht
Naisc
|
Smaointe Polaitíochta
Lár a’ Bhóthair Plódaithe & Deighilt Tuath-Uirbeach le Seán Ó Loingsigh
Ach má bhí aon duine beo ag súil go mbeadh malairt poirt ag Páirtí an Lucht Oibre, nó go mbeadh rian éigin den sóisialachas, ar sheas siad ar a shon tráth, fágtha i gcur chuige an pháirtí sin, ní hamhlaidh atá. Tá lár an bhóthair pholaitiúil ag éirí plódaithe.
———◊———
Is deacair éaló ón mbarúil uaireanta go nglacann an Taoiseach leis go huile gur gearrthéarma atá i ndán do san oifig sin. Níos mó ná sin, nó níos measa fós i súile a chúlbhinseoirí , ní léiríonn sé go gcuireann sé sin aon róbhuaireamh air.
Más deacair a shéanadh go raibh easpa breithiúnais i gceist leis an agallamh, fós féin tá cuma na fírinne ar an tuairim faoin easpa suime. Go deimhin is dealraithí go mór anois go mbeidh olltoghchán againn roimh Nollaig ná mar a bhí sular deineadh an t-agallamh sin.
Inniu féin agus seo á scríobh tháinig an scéala go raibh Noel Griallais thiar i nGaillimh éirithe buartha faoi chúrsaí sláinte ansin. Tuige nach mbeadh? Níl aon teora le Teachta Dála neamhspleách chun treo na gaoithe a bhrath. Beidh go leor ar a shála. Go deimhin, is ar éigean a bhí an méid sin ar pháipéar nuair a tháinig an nuacht go raibh Mattie Mac Craith ar an gcleas céanna le fear na Gaillimhe. Tá na francaigh ag cruinniú. Cé a chaitheann vóta do na daoine seo!
Má thugann an rialtas seo na cosa leis isteach san athbhliain is de bharr nach mbeidh fonn dá laghad ar Fhine Gael ná ar an Lucht Oibre baint ná páirt a bheith acu leis an mbuiséad a chuirfear os comhair na Dála i mí na Nollag. Nach fearr go mór dóibh go dtitfeadh an aithis a leanfaidh é sin ar Fhianna Fáil. Nach acusan atá sé tuillte. Is féidir a bheith cinnte go mbeidh malairt scéil ann le teacht na hathbhliana.
Bhíomar ag tuairimíocht anseo mí ó shin maidir le cé a bheadh páirteach i rialtas nua agus fágfaimid siúd mar atá sé. An bhfuil pioc de dhifríocht anois idir na mórpháirtithe sa tír seo ó thaobh fealsúnachta nó polasaithe? Nuair a tharla an scrios sa chóras airgeadais domhanda, bhí tuairimíocht ann go mbeadh an córas caipitleach thíos leis agus go mbeadh athbheochan i ndán don sóisialachas.
Tá sé soiléir nach mar sin a bheidh, agus seachas laincisí agus smacht níos mó a chur i bhfeidhm sa chóras airgeadais a raibh toradh chomh tubaisteach sin ar a bhealaí oibre, níl móran chun athrú, i ndáiríre. Níltear chun cur isteach go bunúsach ar chóras an mhargaidh a d’fhág chomh mór sin sa bhfaopach sinn.
Ní raibh tráithnín de dhifríocht riamh idir Fhianna Fail agus Fine Gael sna cúrsaí seo, ná maidir le fealsúnacht pholaitiúil i gcoitinne. Seachas iarsmaí seanchaite an Chogaidh Chathartha, céard a bhí eatarthu? Fiú na hiarsmaí sin féin tá siad curtha i leataobh anois ó chuaigh an tAire Airgeadais ar a oilithreacht ó dheas go Béal na mBláth [nó Béal Átha na Bláiche].
Ach má bhí aon duine beo ag súil go mbeadh malairt poirt ag Páirtí an Lucht Oibre, nó go mbeadh rian éigin den sóisialachas, ar sheas siad ar a shon tráth, fágtha i gcur chuige an pháirtí sin, ní hamhlaidh atá. Tá lár an bhóthair pholaitiúil ag éirí plódaithe.
Tá an bhéim go huile anois ar na pearsana — ar na ceannairí. Sa chéad olltoghchán eile is cosúil gur comórtas a bheidh ann idir Éamon Gilmore, Éanna Ó Cionnaith agus Brian Cowen, agus in ainneoin an drochstaid ina bhfuil an tír, is lú ná riamh an tábhacht a bhaineann le polasaithe a rachadh i bhfeidhm ar an drochstaid sin. Beidh na pobalbhreitheanna ag teacht sna sála ar a chéile as seo go dtí an olltoghchán ag cur in iúl dúinn cé acu ceannaire atá chun cinn ar an mbeirt eile.
Is é an baol ná gur cur chuige chun neafaise atá i gceist. Go háirithe tá ról na teilifíse fíorthábhachtach. Faoi láthair tá Éamon Gilmore chun tosaigh ar an mbeirt eile sna pobalbhreitheanna, cé nach mbíonn na pobalbhreitheanna céanna i gcónaí ar aon fhocal. D’ainneoin a dhíchill, agus tar éis a bhfuil tarlaithe is cosúil nach bhfuil Fine Gael ar a suaimhneas ar fad fós le ceannaireacht Éanna Úi Cionnaith.
Rithfeadh sé leat ar uairibh i gcás Uí Chionnaith gur cineál deighilt tuath-uirbeach atá i gceist, agus gurb iad teachtaí Fhine Gael i mBaile Átha Cliath is mó atá mí-shásta le fear Mhaigh Eo.
I gcomhthéacs eile ar fad a tháinig an scoilt tuath-uirbeach seo chun cuimhne arís le déanaí, tar éis dom sraith d’altanna a léamh san Irish Times maidir le plean rialtais a beartaíodh in 2003 chun dílárú a dhéanamh ar sciar maith den státseirbhís. Bhí sé beartaithe an chéad lá go mbeadh suas le 11,000 oifigeach ar fad i gceist. Mar a tharla níor aistríodh ach breis bheag agus 3,000, sular cuireadh stop leis le déanaí de bharr na géarchéime airgeadra. Ní fios anois an rachfar ar aghaidh arís leis an scéim ar ball.
Ní mór a rá ag an tús go raibh an Irish Times i gcoinne na scéimé ón gcéad lá, mar a bhí cuid mhór de na státseirbhísigh, ach go háirithe na hardstátseirbhísigh agus an eagraíocht a dheineann ionadaíocht ar a son. Níorbh aon ró-ionadh é sin.
Ach tá gáifeacht áirithe, agus b’fhéidir dul thar fóir ag baint leis an gcineál béarlagair a mbaintear úsáid as sna haltanna is déanaí. Deirtear linn gur ‘smash and grab plot’ a bhí ann ag airí áirithe, agus arís gur ‘misguided project lying in ruins’ a bhí i gceist, agus níos déanaí arís deirtear linn go raibh ‘senior civil servants horrified at having to move to the country’. Ba dhóigh leat gur go dtí an tSibéir a bhí siad ag dul.
Ba leis na hard-státseirbhísigh a bhí croí na faidhbe. Cé go ndúradh nach gcaithfeadh aon duine aistriú in aghaidh a thola, bhí an eagla ann go bhfágfaí ar an bhfán iad mura mbogfaidís, agus thar aon ní go gcaillfidís deiseanna ar ardaithe céime. Gan amhras, bhí feachtas láidir ar bun acu in aghaidh na scéime: ní mór ná go mbeadh an tír ina lánstad; bheadh an córas riaracháin go huile trína chéile agus daoine i mbun dualgaisí gan an taithí ná an tallann a chuirfeadh ar a gcumas plé leo; ba thubaist a bheadh i gceist.
Ní raibh aon fhocal ar aon chor faoin soghluaiseacht oibre, an ‘mobility of labour’ seo a deir údaráis, saineolaithe agus ard-státseirbhísigh linn atá chomh riachtanach sin maidir le leas na tíre, agus leas an gheilleagair i gcoitinne. Fad agus nach sinn féin atá i gceist! Is beag a bhí le clos faoin 4,500 oifigeach a bhí aistrithe cheana féin ó na nóchaidí ar aghaidh, agus a bhí ag feidhmiú go héifeachtach agus go sásúil i mbailte éagsúla lasmuigh de Bhaile Átha Cliath.
I gcoitinne deineadh neamhshuim den argóint bhunúsach i bhfábhar díláraithe, argóint a raibh glactha leis go hidirnáisiúnta. Bhí ceist cothromaíochta agus comhionannais ann don tír uile. B’fhearr nach mbeadh gach uile fhorbairt, gach uile ghnó, pé acu tionsclaíoch nó riaracháin, dírithe ar an bpríomhchathair, agus faillí á dhéanamh ar bhailte agus ar chathracha eile.
Is deacair ar fad a thuiscint conas nach bhféadfaí fiú ranna iomlána a aistriú gan cur isteach ar aon bhealach ar éifeachtúlacht i gcúrsaí riaracháin. Cén fáth nach mbeadh an Roinn Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta lonnaithe lasmuigh de Bhaile Átha Cliath. Is cuimhin liom féin fadó, fadó ard-seirbhísigh sa roinn sin nár thug turas ar an nGaeltacht riamh. Cén fáth nach mbeadh an Roinn Cosanta sa Droichead Nua nó an Roinn Ealaíon, Spóirt agusTurasóireachta i gCill Airne?
Arís is deacair a thuiscint cén fáth go gcaithfeadh áisíneachtaí stáit mar Chlárlann na Talún, nó Fáilte Éireann, nó Oifig na Suirbhéireachta Ordanáis, nó leathchéad áisíneacht eile dá leitheid a bheith lonnaithe san ardchathair.
Ar ndóigh, tá taobh eile ar fad leis an scéal seo. Má bhí an leas agus an tairbhe is mó le baint as scéim dá leithéid seo, bhí sé thar a bheith riachtanach go dtabharfaí faoin obair le héifeacht agus gan chlaontacht d’aon chineál. Bhí dea-phleanáil riachtanach. Bhí sé riachtanach nach gcuirfí isteach gan ghá ar shaol pearsanta na ndaoine a bhí ag aistriú.
Bhí an Straitéis Náisiúnta Spásúlachta ann a gcaithfí aird a thabhairt air maidir leis na bailte a bheadh oiriúnach maidir le haon aistriú. Thar aon bhí sé riachtanach nach mionpholaitíocht a bheadh i gceist, agus polaiteoirí áitiúla ag teacht i dtír ar an scéim agus ag tarraingt i dtreo a muilte féin. Gan amhras, bhí go leor de sin ar siúl. Baineadh mí-úsáid as an scéim.
Téann an Irish Times chomh fada lena rá gur stróc polaitiúil a bhí ann ó thús, agus fiú gur ár seanchairde, an lucht forbartha, agus seanchairde Fhianna Fáil go háirithe, ba mhó a bhí ag baint tairbhe as an scéim.
Ach séard atá á rá anseo ina choinne sin ná, pé mí-úsáid a baineadh as, gur dea-scéim a bhí ann go bunúsach, a rachadh chun tairbhe na tíre ar fad, Baile Átha Cliath san áireamh, sna blianta ata romhainn. Is trua é má tá deireadh curtha leis.
Feasta,
Eagrán Deireadh Fómhair 2010
Abhaile
|
barr
|
clár na míosa seo
|
ar ais
|