Céard é seo?
An t-eagrán is déanaí
Cartlann
Comórtas
Ordú
Teagmháil
Cóipcheart
Údar-lann
Aíonna
Urraíocht
Naisc
|
An Leanbh, an Fonctionnaire agus an Mandairín
Gearrscéal le
P. Foley - Ó Cléirigh
An Mandairín féin a bhí ar an bhfón.
Plámás!
Ag Micheál amháin a bhí an taithí, na scileanna agus an teacht i láthair! Dá mbeadh sé toilteanach glacadh leis an tasc bhainfeadh sé as faopach achrannach iad.
‘Tá bhur réamhfhógra róghearr,’ d’fhreagair Micheál, pas beag searbh. ‘B’fhiú daoibh héileacaptar a sholáthar dom.’
Anois bhí síodúlacht ag roinnt le guth an Mhandairín.
‘Féach, cuirfidh mé courrier chugat. Beidh na cáipéisí agat taobh istigh d’uair a’ chloig. Agus beidh mé faoi chomaoin agat, a Mhichíl.’
Ghlac Micheál leis an gcailís nimhe.
Ar a laghad bheadh am aige cúpla míle de bhogshodar a dhéanamh roimh sheacadadh na gcáipéisí.
Chomh luath is a bhain sé an trá amach, bhrúigh sé go teann in aghaidh na gaoithe. Ní raibh de chompánach aige ach marcach toinne aonarach a scinn trasna na dtonnta cumhachtacha faoina pharaisiút dathannach.
Rith na néalta bána trasna na spéire ós a chionn agus lasc gráinní gainimhe a aghaidh, a lámha agus a lorgaí. Rothlaigh smaointe clampracha ina cheann i dtiúin leis an aimsir.
An tasc a chur i gcrích taobh istigh de chúpla lá!
Ullmhúchán, taisteal agus plé duaisiúil leis na stiúrthóirí i dTamhlacht, i gCorcaigh agus i bpáirc tionsclaíochta in iardheisceart na príomhcathrach!
Bhí sé den tuairim go mbeadh sé rídheacair an gnó a dhéanamh taobh istigh den bhfráma ama a thug an Mandairín dó. Ach b’shin cleachtas na ndaoine a mhair in ardoifigí!
Ar fhilleadh dó chun an tí mhothaigh sé athbheos ina chorp agus ar a intinn. Bhreathnaigh sé in airde ar dhá theastas a bhí ar crocadh ar an bhfalla.
Taobh thiar den ghloine bhí grianghraf de bhonn síondaite agus deimhniú gur bronnadh an Bonn Seirbhíse sin (1917–1921) ar Mháiréad Uí Riain (a Mhaimeo) as ucht seirbhíse le linn Chogadh na Saoirse, agus gur bronnadh Bonn Seirbhíse le Barra (1917–1921) ar Ruairi Ó Riain (a Dhaideo) a bhí ar fiannas le linn an Chogaidh chéanna.
Bhíodh teach ag a Dhaideo i dTamhlacht nuair nach raibh inti ach sráidbhaile beag manachúil. Dob é a d’inis dó an scéal iontach faoi Oisín, Niamh agus Gleann na Smól a bhí í ngiorracht míle dá theach.
Ba ghráin lena sheanthair ró-fhorbairt an bhaile.
‘Cén fáth go milltear talamh maith méith chun an chathair a mhéadú?’ an port a bhíodh aige riamh agus choíche. Chreid sé gur éirigh le mórthíortha na hEorpa cathracha a fhorbairt go cothrom gan a gcuid saibhris a chailliúint.
‘Saint agus breabaireacht is cúis leis go léir, a bhuachaill,’ a deireadh sé leis go tarcaisneach.
‘Ar aon chuma bhí aislingí uaisle don tír bheag seo ag an seandream,’ a smaoinigh Micheál agus dhírigh sé an prius ó dheas go dtí an Plaza i dTamhlacht. Bhí an t-óstán plódaithe. Chuaigh sé trí fhorsheomra, thar phictiúiri nua aimseartha agus isteach sa bhialann.
Socraíodh go dtiocfadh an Bord le chéile ar a naoi a chlog. Bheadh neart ama aige chun a chuid smaointe a chur in ord agus in eagar don chruinniú gan trácht ar aoibhneas a bhaint as an radharc álainn ón bhfuinneog ar speireacha sléibhe Átha Cliath.
Tamall gearr agus tháinig cathaoirleach an Bhoird de rúchladh isteach sa seomra agus é as anáil.
‘Táimid i dtrioblóid. Tá leath an bhoird gafa i dtranglam tráchta ar an N81. Ní foláir dúinn an cruinniú a chur siar go dtí an tráthnóna.’
Toisc go raibh seanaithne agus mórmheas aige ar an gcathaoirleach, d’áitigh Micheál air an cruinniú a stiúradh ina éagmais. Phléifeadh sé a chinneadh dúshlánach ar ball leis an Mandairín
‘Beidh sibh faoi choimirce Aonghusa agus Mhaolruáin,’ arsa Micheál.
Gháir an cathaoirleach go croíúil. B’eol dóibh lorg buan na beirte san ar shean–Thamhlacht.
——◊——
Níorbh fhada gur scuabadh Micheál agus an prius isteach i dTimpeallán na Bó Deirge. Teannadh istigh idir dhá thruc ollmhóra é chomh fada le Nás na Rí. In ainneoin na bhfógraí bóthair réab na trucanna ar aghaidh faoi luas. Bás obann a thuillfeadh aon duine a bheadh umhal don dlí, cheap sé.
Ach b’ fhurasta tiomáint a luaithe is a shroich sé an mótarbhealach. Ghluais an carr nua go héasca a bhuíochas dá thiomántán hibrideach, sineirgeach. Lig Micheál a scíth agus chrom sé ar smaoineamh ar Shinéad.
Ba í an chéad ghar-iníon a bronnadh ar an gclann. Déanta na fírinne, níor chuir sé féin mórán spéise i leanaí riamh, ach a luaithe is a cuireadh Sinéad ina bhaclainn bhí sé gafa aici go deo.
Thagadh sí lena tuistí gach Domhnach. D’éisteadh sí go tostach sollúnta lena stór rann agus amhrán. Anois agus arís lasadh sí an domhan le miongháire neamhshaolta agus chloiseadh sé í ag gliogaíl fuaimeanna na n-amhrán go gáiriteach.
Níorbh fhada go raibh an bídeach á mhealladh chun siúil faoin aer léi.
Leanadh sí na deasghnátha ceanann céanna. Bholaíodh sí na rosanna fiáine, bhuaileadh sí mullard cloiche ar an mbealach agus sheachnaíodh sí neantóga agus feochadáin. D’fhéachadh sí le déistean ar bhrocamas na madraí a bhí fágtha go fial ar an gcosán, ós ní é go raibh a gcuid úinéirí beag beann ar na málaí caothúla a d’fhág An Comhairle Contae ar son sláinteachais.
‘Bain aoibhneas as a comhluadar. Is é do shealsa anois é’, a deireadh stróinséirí leis, mná go háirithe, nuair a chasadh siad orthu ar an mbealach chun na trá.
Tar éis gach siúlóide roghnaíodh Sinéad dhá Coconut Creams ó bhosca na mbrioscaí agus shuíodh siad beirt ar an tolg chun an DVD ba ghile léi a fheiscint.
B’shin Snow White and the Seven Dwarfs — ar feadh ráithe. Ansan tháinig an lá gur aimsigh sí an scéal draíochtiúil On Christmas Eve. Béithe coille áille le coinnle féilmhaisithe, luichín gaisciúil agus An Ceann Cait dána agus a scréach uafásach, sin a líon a ceann beag le hiontas agus le sceoin anois.
Do shíothlaigh a chuid aislingiú faoi Shinéad bheag taobh le Port Laoise, mar tháinig Dún Másc ina radharc ar chlé. B’ionadh le Micheál i gcónaí gurbh eol do Ptolemaeus dhá mhíle bliain ó shin suíomh agus cáil an daingin sin a sheas go maorga idir na cnoic ísle. Bheadh mórán scéalta aige faoin dún úd do Shinéad amach anseo — scéalta faoi mhuintir Uí Mhordha, iníon Strongbow, na Buitléirigh agus an gairdín crochta cáiliúil a thóg gaol le Parnell.
B’fhéidir!
Cé gur cheap saineolaithe de chuid UNESCO go raibh rí-thábhacht ag baint leis an ngarthimpeallacht, go mórmhór i rith meathlú geilleagair, ní raibh Micheál cinnte gur thuig ná gur chreid pobal na hÉireann é sin a thuilleadh?
Seans maith go gcloisfeadh sé an dearcadh comhaimseartha an mhaidin dár gcionn i gCorcaigh!
‘Fáilte chun na cathrach ceannaircí,’ arsa cathaoirleach an bhoird i gCorcaigh leis. Bhí greim rí- láidir aige agus teacht-i-láthair suntasach leis. Ach ba léir dó Mhicheál drochamhras in aghaidheanna stiúrthóiri eile — an drochamhras céanna, cheap sé, a nochtaíodh Barúin na Meánaoise i leith fear ionaid ó Pháil Átha Cliath. Nocht siad pearsantachtaí daingne freisin. Drogall orthu na nósanna imeachta aontaithe a leanúint. Thug sé faoi deara gur tháinig cuid acu ar chinntí ionsaitheacha, dithneasacha.
‘Bréaga, bréaga,’ a bhéic stiúrthóir amháin tar éis dó CV dea-scríofa a oscailt go mífhoighneach agus stracfhéachaint a thabhairt ar a raibh ann.
De réir cosúlachta ghoill sé go mór ar an duine seo go raibh saol na sméide súile agus na leide ag teacht chun críche.
Cá hionadh gur chinn an Rialtas ar idirghabháil a dhéanamh i bpróisis roghnúcháin agus i stiúradh gnóthaí áirithe!
Bhí mothaitheacht agus léirthuiscint ag roinnt leis na hiarrthóiri gan trácht ar na gradaim shuntasacha a bhí bainte amach acu in Oxford nó i Harvard. Cuireadh in iúl do bhaill an bhoird go raibh saothar duine amháin chomh cumasach san gur ceapadh go bhféadfaí é a fhoilsiú i bhfóram idirnáisiúnta.
Roimh imeacht dó rug an cathaoirleach greim docht láimhe air arís agus ar seisean:—
‘D’éirigh leat do thasc a chur i gcrích go seoigh, bail ó Dhia ort.’
Thug a ndúirt sé uchtach do Mhicheál agus bhraith sé go mbeadh toradh maith amach anseo ar a shaothar.
Chuir sé tús leis an turas abhaile go Baile Átha Cliaith. Ní raibh an bóthar ar ais gan ghuais, gan eachtraí.
B’éigean dó taisme thubaisteach a sheachaint cúpla uair as siocair rascalacht tiománaithe eile. Gar do Chaiseal Mumhan scoith carr thar líne d’feithicilí sa siúl chuige agus brúdh an prius thar imeall an bhóthair. Tháinig sé slán ach bhí sé ar ballchrith ar feadh tamaill.
Ar shroichint an tí bhí a chnámha ag fógairt a dtuirse dó. In ionad é féin a shíneadh ar an leaba chuaigh sé ag fálróid thart ar an trá ag baint aoibhnis as gathanna gréine a sheinn siansa tostach ar Inis Mac Neasáin.
Ansan threoraigh sé a smaointe uair eile fós ar a ghar-iníon ionúin.
Páiste beag le dearcadh dearfa cinnte ab ea í anois. Go minic thagadh sí i dtromshuan san iompróir. Chuireadh na tuistí an leanbhín ina bhaclainn, iad ag tapú an deis chun páipéir an Domhnaigh a léamh ar a suaimhneas. Ní bhíodh céad slat curtha den tsiúlóid acu nuair a sciorradh sí chun talaimh ag gairm: ‘Siúl anois.’
Lá amháin rinne sí leipreach agus damhsa fada leis an gcomhchruinneán a tógadh i gcuimhne eitilte ceannródaíche trasna an Aigéin Atlantaigh. Go mín mánla rianaigh a méireanna beaga ramhra an cúrsa a lean an t-eitleán clúiteach gur tháinig sí go dtí an chathair inar rugadh a máthair Mheiriceánach.
Domhnach áirithe léirigh sé The Sleeping Princess di. As sin amach go ceann leathbhliana ní raibh uaithi ach an DVD sin. D’fhéachadh sí go tostach ar an DVD agus aon uair a chuir na heachtraí scaoll uirthi bheireadh sí greim air. Ba bhanphrionsa í amhail Aurora. Agus ba chuma léi gur chuir a hathair ar a súile go minic go mba shaoránach í, ní hamháin de Phoblacht na hÉireann ach de Phoblacht na Stáit Aontaithe chomh maith. I bpoblachtaí bhí uachtaráin in áit na ríthe, a deireadh sé leis an iníon fiosrach.
Ach níor chuaigh an teagasc i bhfeidhm uirthi choíche.
Faoi stiúir dhocht an chailín óig thóg Micheál dhá caisleán ar an trá. Coróineadh caisleán amháin le cnónna, sliogáin agus bratach de chaisearbhán. B’shin pálás Aurora. Cúpla méadar uaidh tógadh foirgneamh mór gránna. B’shin caisleán Malevolence. Mhaisigh sí an daingean dorcha le feamainn fhliuch, le crúba portáin agus le clocha dubha.
Bealach an nádúir chun a haghaidh a thabhairt ar sceimhealta na hoíche!
——◊——
Thriall Micheál ar City West an lá arna mhárach agus bhuail sé le lucht an rachmais — baincéirí, reachtóirí agus foirgneoirí móra.
Bhí cumhacht acu. Bhí saibhreas acu agus theastaigh uathu greim a choinneáil ar an gcumhacht agus ar an saibhreas sin. Imreoirí domhanda ab ea iad. Thaitin sé leo bheith lonnaithe in Éirinn. Agus ba chuma leo cad as ar tháinig an linn oibrithe a bhí fostaite acu ach brabach a dhéanamh astu. Thuig sé uathu go mbeadh siad toilteanach na céadta a chur ar an déirc gan trua gan taise dá mbeadh a mbrabach i mbaol. Ó bheith ag iniúchadh na gcáipéisí, ba léir dó go raibh ardchumas ag roinnt le móráireamh na bhfostaithe. Chomh maith leis sin chuir sé iontas air na spéiseanna seachtracha a chleacht siad. Ina measc bhí filí, ceoltóiri, marcaigh, grianghrafadóirí agus lúthchleasaithe Oilimpeacha. Ba thubaist don tír iad a chailliúint. Ach de réir cosúlachta, níor scéal d’aon bhun é do bhaill an bhoird seo.
D’éist sé go mí-amhrasach leis an gcaint stróinéiseach. Bhreathnaigh sé dó go mba róchuma leo an domhan iomlán ach a gcumhacht agus a gcuid pribhléidí féin a chaomhnú. Chuir siad déistean air. Ba mhian leis ‘mo náire sibh, mo sheacht náire sibh’ a rá leo, ach níorbh é sin bealach an Mhandairín a thug an tasc dó.
Chonaic sé go raibh súile an Ghobhnarnóra folctha ina cheann, é coscartha ag fadhbanna na comhlachta. Bhí beagán trua aige dó mar mhothaigh sé nach raibh sé chomh santach, ná chomh sotalach, le baill eile an bhoird.
D’iompaigh stiúrthóir ardnósach chuige.
‘Bhuel, bhfuil aon réiteach ag fonctionnaire an Mhandairín dúinn ar na fadhbanna?’ a d’fhiafraigh an suarachán de i nguth díomasach.
Ba chrua a chuaigh an cheist ar a fhoighne. D’fhreagair sé láithreach.
‘Ní heol dom cad a cheapann seisean, ach ba chabhair mhór don comhlucht é dá mbeadh sibhse sásta a leath den chúiteamh a éilíonn sibh gach bliain a thabhairt suas.’
Lean ciúnas tuarúil a racht. Chuir sé ar dheargbhuile iad de réir cosúlachta. Bheadh carn gearán ina choinne chun na hoifige, ach ba chuma leis.
Rinne an Gobharnóir gáire beag fann agus chríochnaigh an cruinniú.
Thiomáin an fonctionnaire Micheál a phrius ar ais ar an M50.
Bhí Sinéad bheag le teacht chun a thí don deireadh seachtaine. B‘fhéidir go raibh sé in am dó buneolas a thabhairt di ar scéalaíocht ársa na hÉireann. Cuirfeadh sé tús leis an bhfiontar le scéal a thaitn léis féin anallód — An Giolla Deacair.
Chaith sé súil i scathán chúlfhéachana an chairr agus chonaic sé dhá ghluaisrothar; scinn na marcaigh thart ar luas buile, iad ag sníomh tríd an trácht go meargánta. Go hobann chonaic sé roth ag éirí san aer. D’imigh ríog chreatha tríd an trácht agus chrap seacht bhfeithicil déag go gránna.
Dorchadas….
Ar nuacht a naoi dhearbhaigh Ceannfort na nGardaí gurbh í an tubaiste mharfach ba mheasa a tharla ar an M.50 riamh é.◊
Feasta, Eanáir 2010
Abhaile
|
barr
|
clár na míosa seo
|
ar ais
|