Feasta - alt 5



Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Aíonna

Urraíocht

Naisc


The Irish Language and The Irish People

Micheál Mac Gréil, S.J., Údar agus Stiúrthóir Taighde
Fergal Rhatigan, M.Soc.Sc., Oifigeach Sinsearach Taighde

Tuairisc le Maolsheachlainn Ó Caollaí
(Aonad Suirbhéithe & Taighde, An Roinn Shoceolaíochta, Ollscoil Náisiúnta na hÉireann Má Nuad. 2009.
130 lch. Bog. ISBN 9 780901 519528
€15 móide postas. Le híoslochtú saor in aisce (achoimre Gaeilge leis)
ar shuíomh An Roinn Gnóthaí Pobail Tuaithe agus Gaeltachta.



Ní raibh ón naonar (nó deichniúr?) a tháinig le chéile an dá lá úd i lár na bliana 1893 ach go gcoimeádfaí an Ghaeilge á labhairt in Éirinn. Cé go rabhadar féin dóchasach, bhí go leor daoine ann ag an am sin a shíl gur sheafóid sin. Ba dheacair a bheith anuas orthusan. Bhí líon na gcainteoirí Gaeilge (ar chainteoirí ó dhúchas a bhformhór an-mhór) tite ó 1,077,087 sa bhliain 1861 go 664,387 sa bhliain 1891.

Ar na saolta seo, shílfeá go mba staid an-sláintiúl, dóchasach é dá mba ann anois don líon sin cainteoirí ó dhúchas. Ach, ní mar a shíltear bítear i gcónaí. Cé go raibh an Ghaeilge acu ó dhúchas, seachas mionlach díobh níor chuid de phobal Gaeilge iad níos mó; níorbh í an Ghaeilge an teanga a labhair a bhformhór gach lá. Agus, mar bharr ar an donas, ní raibh ach cuid bheag díobh ag labhairt Gaeilge le leanaí.

Sa cheantar atá anois ina stát Éireannach, b’ionann na cainteoirí ó dhúchas in 1891 agus beagnach 19.0% den daonra. Ach meastar nach raibh ach tuairim is 1.5% de na páistí a bhí faoi bhun deich mbliana d’aois á dtógáil le Gaeilge! Breith an bháis ar an nGaeilge ab ea é sin.

Tírghrá agus spéis sa teanga agus a cultúir a thug spreagadh do Chonradh na Gaeilge i dtosach. Ach níorbh fhada gur thuig an Conradh céanna nár leor na hábhair spreagtha san agus iad ag plé leis an mórshlua. Níl cur síos le fáil ar theanga ar bith a mhair go buan ina teanga phobail gan de thacaíocht aici ach tírghrá nó grá teanga. Bhí spreagadh i bhfad níos láidre agus níos buaine ná na mothúcháin sin ag teastáil leis an nGaeilge a choinneáil á labhairt.

Gan ionad láidir, cumhachtach a bheith ag an nGaeilge i ngach réimse de shaol na hÉireann, bheadh a caiscín meilte sa deireadh thiar. Mura mbeadh sé soiléir don ghnáthdhuine nach bhféadfadh sé a shaol a chaitheamh go sásúil gan an Ghaeilge a bheith aige agus í a úsáid, ní labharfadh na cainteoirí ó dhúchas an teanga leis na páistí, ní fhoghlaimeodh na Béarlóirí í, agus sa deireadh ní bheadh sí ach ag roinnt scoláirí agus é sin go bacach.

I bhfocail eile, chaithfeadh Stádas Comhdhaonnach a bheith aici a bheadh inchomórtais le stádas an Bhéarla. Chuige sin chaithfeadh cumhacht stáit a bheith go hiomlán taobh thiar den Ghaeilge. Ní raibh sin ag dul ag tarlú a fhad is a bhí Impireacht Shasana i réim in Éirinn. Tuiscint ar an fhíric sin a rinne réabhlóidithe de ghníomhaithe teanga.

Níorbh í poblacht na bhFiníní a baineadh amach ar ball, ach ba as an gcúlra sin a faisceadh an stát ar éirigh leis maireachtáil sa deireadh thiar. Cé go raibh freasúra láidir, frith-Ghaeilge istigh sa státchóras nua, agus taobh amuigh de, tháinig daoine i dtreis sa stát go mba mhór acu an Ghaeilge. Deineadh tréaniarracht an Ghaeilge a mhúineadh do chuile dhalta sna scoileanna. Tugadh stádas don Ghaeilge sa bhunreacht agus i gcuid de ghnóthaí an stáit, agus ar feadh tamaill, le linn na dtríochaidí agus na ndaichidí, bhí an dóchas chomh láidir sin gur shíl na gnathdhaoine go mbeadh chuile dhuine ag labhairt Gaeilge i gceann cúig bliana ar fhichead, nó mar sin.

Ar fhoghlaim na Gaeilge a bhí an aird ar fad beagnach, agus ní raibh aon bheartas ann chun an cumas nua-fhoghlamtha a chur ag obair i saol for-scoile i measc céatadán suntasach den daonra. Inniu féin, is é sin an ball is laige ar fad. Ach tarrtháladh an Ghaeilge ón mbás obann a bhí ceaptha di.

Toisc nach raibh labhairt na Gaeilge ag forleathnú le linn na ndaichidí, caogadaí agus seascaidí, creimeadh an dóchas de réir a chéile. Chuir sin leithscéal ar fáil don chúlú ó athréimiú na teanga. Cuireadh sealbhú na Gaeilge sna scoileanna dá bhoinn agus ligeadh do bhun-nádúr coilínithe an státchórais dul i dtreis arís. Ó thús na seachtóidí athraíodh an cuspóir oifigiúil ó ‘athbheochan’ go ‘cur chun cinn’ agus le deireanas is minic a luaitear ‘forbairt na Gaeilge’, cuspóir doiléir a fheileann go mór don bhunadh istigh, mar ní gá go mbeadh aon ghné sochaíoch ag baint leis.

Ach, beagnach gan choinne, baineadh stangadh as an státchóras nuair a achtaíodh Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003. Chuir sin dualgais shóiléiré, so-thomhaiste ar chraobhacha an státchórais a ligfeadh do dhaoine cuid dá bhfeidhmeanna comhdhaonnacha a chomhlíonadh i nGaeilge. Agus cuireadh córas ar bun chun a chinntiú go gcomhlíonfaí na dualgais sin.

Ardú mór meanma agus stádais ab ea é sin a bhí inchomórtas ar a laghad le céim suas ar bith eile a tugadh don Ghaeilge ó bunaíodh an stát. Níor thaitin an cor nua seo le cuid de na mandairíní, agus ba ghairid gur thosaigh a gcairde iriseoireachta ag cur na gcos uatha faoi na cairn mhóra de cháipéisí nach léann duine ar bith a bhí á n-aistriú ar chostas ollmhór, dar leo.

Sna sála ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, tháinig céim suas suntasach eile — stádas mar theanga oifigiúil sa Aontas Eorpach. Ó thaobh na Gaeilge de, bhí sin riachtanach. De réir mar a mhéadaítear ar chumhacht an Chomhphobail mar stát, agus a laghadaítear cumhacht agus tionchair an stáit Éireannaigh i dtreo bheith ina chúige, agus Dháil Éireann i dtreo bheith ina comhairle áitiúil, braithfidh stádas na Gaeilge sa státchóras in Éirinn ar ardstádas a bheith aicí san AE. Mar sin, ba bhua cinniúnach, stráitéiseach é stádas oifigiúil a bhaint amach, a bhuíochas do dhream beag agus do lucht pholaitíochta i bpáirtithe éagsúla a ghníomhaigh nuair a fuaireadar treoir. Ach, chuir sé go mór le míshásamh na mandairíní.

Níl aon ní is mó a chuireann scaol, faitíos agus díoscán fiacla ar ardbhainisteoirí an státchórais — An Buanrialtas mar a thug iriseoir nach maireann ar an nomenklatura seo againne, ná an Ghaeilge a bheith ag ‘dul chun cinn’! Tá sin le feiceáil go soiléir i gcuid de mholtaí ‘An Bord Snip’ agus go fiú i moladh nó dhó de mholtaí An Coimisiúin um Chánachais a foilsíodh i Meán Fomhair 2009. Is é An Roinn Airgeadais príomhroinn agus roinn treoraíochta an státchórais. A toil siúd a dhéantar! B’ardbhainisteoirí nó iar-ardbhainisteoirí san roinn sin iad formhór chomhaltaí An Bhoird Snip. Mura raibh a fhios acu as a stuaim féin céard a bhí ón Roinn, chuir an Roinn in iúl dóibh cén frithaisling a bhí aici. Mar a dúirt iriseoir áirithe, is ‘wish list’ de chuid an Roinn Airgeadais iad moltaí ‘An Bord Snip’. Nochtaigh an roinn chéanna a mirún arís nuair a shocraigh siad le dlí nach mbeadh orthu reachtaíocht NAMA a chur ar fáil i nGaeilge. Cruthaíonn moltaí An Bhoird Snip go bhfuil ardbhainisteoirí an stáit meáite ar deireadh a chur le hiarrachtaí an stáit ar son na Gaeilge.

Fágann sin go bhfuil fadhb i bhfad níos mó ná ná mar a shíltear le réiteach ag gluaiseacht na Gaeilge. Ní leisce ná dallintinn an chórais amháin atá le sárú níos mó. Caithfimid a thuiscint go dteastaíonn ón mBuanrialtas deireadh ar fad a chur, fiú amháin, leis an gcuspóir laghdaithe úd ‘cur chun cinn’ na Gaeilge, a cheap siad féin ag tús ns seachtóidí mar mhalairt lag ar ‘athréimiú na Gaeilge’. De dheasca freasúra inmheánaigh, mar sin, beidh sé sách deacair an Plean Fiche Bliana don Ghaeilge a chur ag obair sa státchóras.

Tráthúil go leor, dá réir, a foilsíodh torthaí taighde an Athar Mhic Gréil agus Fergal Rhatigan ar shaincheisteanna a bhaineann leis an nGaeilge sa tsochaí. Má táthar chun an báire a chasadh caithfear beartaíocht chliste a dhéanamh. Bunriachtanas amháin é eolas eolaíoch mar bhonn do bheartaíocht agus gníomhaíocht, agus tá sin le fáil go fial agus go flúirseach san tuarascáil taighde seo, The Irish Language and The Irish People.

Ceann de na buanna móra atá ag an taighde agus ag an tuarascáil ná gurb é an tríú tionscadal taighde ar an nGaeilge sa tsochaí é atá déanta ag an údar, an tAthair Mac Gréil, i rith thréimhse fada 35 bliana. Is féidir torthaí na bliana 2007/2008 a chur i gcomparáid le freagraí ar na ceisteanna céanna a cuireadh ar shamplaí randamacha de phobal an Stáit, a bhí os cionn ocht mbliana déag d’aois, le linn na mblianta 1988-1989 agus 1972-1973 (cé go raibh an taighde sa bhliain 1972-1973 teoranta do mhórcheantar Bhaile Átha Cliath.)

Bua eile a bhaineann leis an suirbhé ná gur agallamh fada a cuireadh ar na freagróirí. Agallamhóirí oilte de chuid an Institiúid Taighde Eacnamaíochta agus Sóisíalta, faoi chonradh ag an údar, a chuir na ceisteanna, agus ní duine éigin ag labhairt ar an nguthán ón India, mar a tharlaíonn ina lán de na ‘suirbhéithe’ polaitiúla a dhéantar ar son na nuachtán.

Sampla mór den phobal (1,015 duine a bhí os cionn ocht mbliana déag d’aois) a ceistíodh, agus i ngeall ar mhéid an tsampla, mar aon ar ndóigh le cur chuige cúramach eolaíoch, bhíothas in ann eolas inmhuiníne a fháil ar bhonn mion a bhain le haicmiú de réir na sainchineál seo leanas ar a dtugtar ‘Athróga Pearsanta’ (Personal Variables): Aois, Inscne, Áit Bhreithe, Áit Tógála, Áit Chónaithe, Oideachas, Slí Bheatha agus Teacht Isteach.

Léiríonn an tuarascáil, mar a léirigh na tuarascálacha a chuaigh roimhe, go bhfuil dearcadh ag an aos fásta a rugadh in Éirinn ar an nGaeilge, agus cuspóirí acu di, nach bhfuil ag teacht ar chor ar bith le mianta an Bhuanrialtais. Tá dearcadh an phobail fíordhearfach. Is mian le breis is 40% go n-athréimeofaí an Ghaeilge. Ba mhaith le breis is 52% eile go gcaomhnófaí í. Sin iomlán de 93% a bhfuil dearcadh fíordhearfach acu ar an nGaeilge. Fuarthas an toradh céanna nuair a cuireadh na daoine nár rugadh in Éirinn san áireamh. Is é sin le rá gur ar éigean go raibh difríocht ar bith idir dearcaí na n-inimirceach agus dearcaí na ndaoine a rugadh in Éirinn. Ábhar sásaimh is ea é sin, nuair a chuirtear san áireamh go raibh baint ag eachtrannaigh áirithe leis an bhfeachtas in aghaidh na Gaeilge i bPobalscoil Chorca Dhuibhne, agus go bhféadfadh sin daoine a chur i gcoinne eachtrannach i gcoitinne.

Tomhaiseadh freisin cumas daoine fásta sa Ghaeilge, is é sin le rá an cumas atá acu dar leo féin. Taobh amuigh de mhionlach an-bheag, is sna scoileanna a fhoghlamaíonn daoine an Ghaeilge. Trí Bhéarla agus mar ábhar amháin, a mhúintear an Ghaeilge don tromlach mór, agus ní bhíonn teagmháil acu leis an teanga ina saol for-scoile. D’admhaigh an tAire Oideachais agus Eolaíochta, Batt O’Keeffe é féin ‘nach bhfuil cumas labhartha na Gaeilge’ ag trian de na bunmhúinteoirí. Ní nach ionadh, teipeann ar go leor de na daltaí níos mó ná breac-chumas sa Ghaeilge a bhaint amach. Agus cúrsaí amhlaidh, is ábhar iontais é nach mbíonn fuath ag níos mó de na daltaí don Ghaeilge. Mar is eol dúinn, cothaíonn breac-eolas ar theanga frustrachas, agus is minic a ghineann an sárú seo fuath.

Ach, má tá toradh beag ar shaothar mór sna gnáthscoileanna, tá na naíonraí agus na gaelscoileanna ann agus iad — in aghaidh tola An Roinn Oideachais agus Eolaíochta — ag cur tumoideachais i nGaeilge ar fáil do 40,000 páiste, no beagnach an méid sin. (Níl naíonraí Gaeltachta agus scoileanna Gaeltachta san áireamh ansin)

Measann an t-údar go bhfuil dea-thionchar na naíonraí agus na ngaelscoileanna le sonrú cheana féin sna figiúirí a bhaineann le cumas agus dearcaí na ndaoine i dtaobh na Gaeilge. Ach, síleann sé freisin go bhfuil baol ann go bhfolaíonn ardchumas iardhaltaí na naíonraí agus na ngaelscoileanna laghdú cumais i measc dhaltaí na ngnáthscoileanna. B’fhéidir go bhfuil an scéal sna gnáthscoileannna níos measa ná mar a shíltear.

Bhí os cionn 9% den daonra a rugadh in Éirinn agus a bhí os cionn ocht mbliana déag d’aois, a mheas go raibh siad ‘An-líofa’ nó ‘Líofa’. Shíl 31% eile go raibh siad ‘Meán-líofa’ agus anuas air sin, bhí 16% eile a shíl nach rabhadar ‘Chomh Líofa Sin’. Iomlán de bhreis is 47 %, mar sin, a shíl go raibh líofacht éigin acu.

Ach cuimhnigh go bhfuil suas is anuas le 53% eile ann a chaith b’fhéidir dhá bhliain déag ar scoil ag foghlaim na Gaeilge. Is cosuil nach bhfuil tada acu dá bharr. Leathnú cuid den chóras tumoideachais isteach sna ngnáthscoileanna a theastaíonn ach go háirithe, ach tá an Roinn Oideachais agus Eolaíochta, a chaithfeadh sin a eagrú agus tacú leis, ag obair ar a dtéirim chun deireadh a chur le tumoideachas i nGaeilge!

‘Is fada ina dhiaidh a thriallann eireaball deamhain’, ach cé shílfeadh go mbeadh eireaball chomh fada sin ag triall i ndiaidh shaothar seanchaite Father MacNamara a bhí in ard a réime timpeall 1966 agus atá, is cosúil, fós i réim san Roinn sin a chuidigh go mór leis a chuid taighde a dhéanamh.

B’fhiú go gcuirfí an 9% sin den mhórphobal (daoine le hoideachas de chaighdeáin éagsúla san áireamh) a thuairiscíonn go bhfuil siad ‘An-líofa nó Líofa’ i gcomparáid leis an 3% d’fhoireann ardchumasach an Roinn Oideachais agus Eolaíochta ar tuairiscíodh don Dáil go bhfuil sé ar a gcumas a ngnó a dhéanamh i nGaeilge! Bhí fiú amháin Roinn an Taoisigh, nach bhfuil cúram mór i gcur chun na Gaeilge ina dhualgas uirthi, in ann 7% a shroicheadh. Céard ab éigean don Roinn Oideachais agus Eolaíochta a dhéanamh chun íochtar an bhairille a bhaint amach agus caipín an amadáin a ghnóthú?

Bailíodh eolas freisin ar Úsáid na Gaeilge. Déanta na fírinne is é seo an t-eolas is tábhachtaí sa tuarascáil. Tuairiscíodh go n-úsáideann 10.8% den dream a rugadh in Éirinn an Ghaeilge uair sa tseachtain nó níos minicí. Anuas air sin, tá 11.8% eile ann a úsáideann í ‘ó am go chéile’. Sin iomlán carnach de 22.6%. (Lch. 58).

Nuair a chuaigh sé níos faide leis an ngrinnstaidéar ar an gceist seo, trí mhinicíocht úsáid na Gaeilge a thuairisciú de réir Athrógaí Pearsanta (Personal Variables), rud a lig méad an tsampla dó a dhéanamh, bhí sé in ann a thaispeáint go bhfuil i bhfad níos mó de na daoine atá sna haoisaicmí 18-25 agus 26-40 ag úsáid na Gaeilge go seachtainiúl nó ó am go chéile, ná mar atá aoisaicme 41-55 agus na haoisaicmí atá ós ós a chionn sin.

B’ábhar buartha don Athair Mac Gréil agus do Fergal Rhatigan go raibh bearna chomh mór sin idir an céatadán den daonra iomlán a scrúdaíodh a bhí in ann an Ghaeilge a úsáid, (40.0% ar a laghad, b’fhéidir 47.0%) agus an céatadán a úsáideann í (22.6%). Tá an tsaincheist sin á tharraingt anuas ag taighdeoirí le fada an lá, agus ó aimsir an Choiste um Thaighe ar Dhearcadh na nDaoine i dTaobh na Gaeilge (Tuarascáil i 1975) ar a laghad, tá na bunfháthanna aitheanta agus tuigthe ag taighdeoirí a thuigeann na heolaíochtaí comhdhaonnacha.

Luaitear na bunfháthanna arís agus é ag súil, gan amhras, go mbeidh duine éigin nó dream éigin cumhachtach i measc lucht ghluaiseacht na Gaeilge agus/nó i measc earnáil na Gaeilge (tá an dá dhream sin éagsúil), a bheidh sásta aird a thabhairt ar an eolas atá á chur faoina mbráid le blianta. Deir sé:–

‘the harnessing of the favourable attitudes to stimulate those with reasonable competence to use Irish more frequently should be possible if the social constraints on the speaking of Irish are acknowledged and effective strategies devised to enable those with the necessary competence in Irish to overcome them.

Tá an suirbhé ag tabhairt aghaidh anseo ar an bpríomhfhadhb, ar an bpríomhchonstaic atá i mbealach na hathbheochana, is é sin, a laghad sin daoine a bhfuil labhairt na Gaeilge acu, a labhraíonn an Ghaeilge.

Toisc nach bhfuil cur amach ná meas ar na heolaíochtaí comhdhaonnacha ag cuid mhór d’ár pleanálaithe teanga, níl míniú ná tuiscint fheidhmiúil acu ar bhunfháthanna na faidhbe seo. Déanta na fírinne, ní léir fiú gur dóigh leo gur fadhb í. B’fhéidir go bhfuil an scéal níos measa ná sin, agus gurb amhlaidh nach bhfuiltear sásta a admháil gur fadhb í, toisc nach léir dóibh an réiteach!

In áit a bheith ag iarraidh an fhadhb a thuiscint, dúnann siad an tsúil ar an tsaincheist bhunúsach seo. Ní raibh Mac Gréil dall air, áfach, agus chuir sé trí cheist nua ar na freagróirí, ceisteanna a ceapadh chun eolas breise a chur ar fáil ar éiceolaíocht seo na teanga. Dheimhnigh na freagraí gur bac bunúsach ar úsáid na Gaeilge iad na comhghnásanna teanga atá i réim in Éirinn, comhghnásanna a shocraíonn nach labhraítear an Ghaeilge ach faoi thoscaí neamhghnácha.

Cuireann na comhghnásanna teanga teorainn le labhairt na Gaeilge. Socraíonn siad nach labhraítear an Ghaeilge mura mbíonn a fhios ag na cainteoirí atá i gcomhluadar cén cumas sa Ghaeilge atá ag chuile dhuine sa chomhluadar sin. Mura mbíonn an cumas sin inchomórtais le cumas na ndaoine eile atá i láthair, ní labhraítear Gaeilge. Bíonn leisce ar dhaoine an Ghaeilge a labhairt le daoine a bhfuil cumas acu atá níos fearr nó níos measa ná a gcumas féin, nó mar atá ráite cheana, le daoine nach fios cén cumas atá acu. Nuair a thagann duine gan Ghaeilge, nó nach fios an bhfuil Gaeilge aige, ar an láthair, iompaítear gan teip ar an mBéarla. Sin tionchar na gcomhghnásanna teanga duit.

Ainneoin sin, leanaimid ar aghaidh amhail is nach bhfuil mórán gá le rud ar bith eile ach a bheith ag iarraidh caighdeán níos fearr múinteoireachta, curaclaim níos fearr, téacsleabhair nua, áiseanna breise, modhanna nua teagaisc agus araile. Tá tábhacht leo sin ar fad agus bíodh siad againn, ach an t-am ar fad tá an tsúil á dhúnadh ar na fíricí maidir le húsáid na Gaeilge, a chéadnochtaigh An Coiste um Thaighe ar Dhearcadh an Phobail i dTaobh na Gaeilge agus an tOllamh Mackay, breis is cúig bliana is tríocha ó shin.

Mar bharr ar an donas, toisc nach bhfuil labhairt na Gaeilge á forleathnú, fógraíonn naimhde na Gaeilge go bhfuil diúltaithe ag na daoine don Ghaeilge. ‘Múintear dóibh ar scoil í’ a mhaíonn siad, ‘ach diúltaíonn siad í a labhairt’ Ar ndóigh, níl an ceart acu. Táimid ar fad faoi réir ag na comhghnásanna teanga atá i réim sa tsochaí. Ní diúltú don Ghaeilge é a bheith ag feidhmiú de réir fhorálacha an chultúir.

Ní fál go haer iad na deacrachtaí seo. Is déantús daonna iad na comhghnásanna teanga. Daoine a cheap iad, in aimsir an drochshaoil agus aimsir an mhalartú teanga, agus is féidir le daoine gur beo dóibh i ré eile iad a athrú agus comhghnásanna eile a chur ina n-áit. Tá bealaí ann inar féidir iompar comhdhaonna a athrú. Cheal spáis ní féidir iad a phlé anseo. Is leor faoi láthair a rá nach é an gnáthfheachtas bollscaireachta ná na gnátháisínteachtaí fógraíochta, a bhfuilimid cleachtach orthu, a theastaíonn.

D’fhiosraigh an tuarascáil saincheist eile a mbaineann buntábhacht leí. Ar ndóigh nuair a bhíonn dhá theanga ag iomaíocht lena chéile i sochaí, teastaíonn spreagadh chun daoine a chur ag foghlaim agus ag úsáid teanga ar bith acu — nó an dá theanga. Bíonn dream beag ann arbh é tírghrá nó spéis i gcultúr nó a leithéid a spreagann. Ach, maidir leis an móramh mór, is é stádas comhdhaonnach teanga a fheidhmíonn mar spreagadh iontu, rud a thuig ceannródaithe na gluaiseachta fadó. Tá gnéithe éagsúla ag baint le stádas. Is féidir é a thomhas de réir slata tomhais éagsúla. Orthu sin tá an stádas atá ag cainteoirí na teanga iad féin. Thaispeáin an taighde seo go bhfuil, de réir na slaite tomhais sin, stádas an-ard ag an nGaeilge. Is i measc na ndaoine sin a bhfuil na slite beatha is airde stádais is minicí a labhraítear an Ghaeilge.

Anuas air sin d’úsáid an Dr. Mac Gréil agus Fergal Rhatigan Scála Bogardus chun inghlacthacht lucht labhartha na Gaeilge sa tsochaí a mheas. Léirigh sin go bhfuil ardmheas ar lucht labhartha na Gaeilge. Níl ach trí chineál as caoga haon cineálacha a bhfuil níos mó meas orthu ná mar atá ar lucht na Gaeilge. Shílfeá, b’fhéidir, go dtabharfadh sin misneach dúinn an Ghaeilge a labhairt níos minicí. Ach, ainneoin go bhfuil ardmheas mar sin ar lucht na Gaeilge, níl ach thart ar leath de na daoine a bhfuil cumas réasúnta sa Ghaeilge acu a úsáideann í go seachtainiúil nó fiú go hócáideach. Fianaise bhreise is ea é sin go bhfuil iompar teanga an duine aonair faoi réir ag cumhacht na ngnásanna teanga.

Ní inné ná inniu a baineadh amach an t-ardstádas. Léirigh an t-údar go raibh an t-ardstádas céanna ag lucht labhartha na Gaeilge chomh fada siar le 1988/89 ar a laghad. Ábhar iontais é, dár leis go bhfuil an meas sin ar lucht labhartha na Gaeilge chomh buanseasmach sin, chomh fada sin. B’fhéidir gur léiriú é ar dhochloíteacht mhian náisiúntachta mhuintir na hÉireann, agus tá fianaise eile sa tuarascáil a léiríonn go bhfuil méadú suntasach tagtha ar chéatadán na ndaoine a shamhlaíonn iad féin ina nÉireannaigh.

Tá 130 leathnach sa tuarascáil seo atá lán d’eolas a theastaíonn go géar ó lucht ceaptha agus feidhmithe polasaithe Gaeilge. Thuig An Roinn Gnóthaí Pobail Tuaithe agus Gaeilge a thábhachtaí is a bhí sé go gcuirfí an t-eolas seo ar fáil, mar thacaigh an Roinn sin leis an obair. Ach, an bhfuil sé léite agus tuigthe ag gach comhalta agus feidhmeannach d’Fhoras na Gaeilge, gach comhalta agus feidhmeannach de Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge, agus ag comhaltaí agus feidhmeannaigh choistí ceannais bhalleagrais na Comhdhála, Coiste Gnó Chonradh na Gaeilge san áireamh? An mbraitheann feidhmeannaigh na n-eagras sin ar fad gur dualgas gairmiúil orthu é na bunphrionsabail eolaíochta comhdhaonnaigh a bhaineann le teanga sa tsochaí agus le hathréimiú teanga a thuiscint? Is maith an scéalaí an aimsir.

Maolsheachlainn Ó Caollaí, Samhain 2009

Bhí Maolsheachlainn Ó Caollaí ina chomhairleoir ar phleanáil teanga don údar agus scríobh sé an réamhfhocal don leabhar.
—◊—
Tuarascáil Mhic Gréil
Achoimre as Gaeilge ag
http://www.pobail.ie/ie/Preaseisiuinti/file,9802,ie.pdf
An t-iomlán de The Irish Language & The Irish People ag http://www.pobail.ie/ie/Preaseisiuinti/file,9801,ie.pdf


Feasta, Eanáir 2010

Abhaile | barr | clár na míosa seo | ar ais