Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Aíonna

Urraíocht

Naisc

Ceartú ar dheireadh gearrscéil - Feasta, Samhain 2009

Gan dabht thug léitheoirí tuisceanacha faoi deara gur tháinig scéal Biddy Jenkinson (Duinnín & Rí na Boihéime) chun deiridh ag an gcéad “‘Om’, ar seisean” ar lch. 11, colún 3, Feasta, Samhain ’09. Scéal cliste a bhí ann ina rabhthas (ina raibh an t-údar, Biddy Jenkinson), ag súgradh leis an ‘údar’ mar choincheap.

Pé ní, nuair a chonaic an t-eagarthóir seo an nóta ‘Seans maith… ach is cosúil, a Mháire, … ’ táite le deireadh an scéil, is é an tátal a bhain sé as go raibh an t-údar/carachtar úd, an Duinníneach, ag ionsú a údair féin, Máire, isteach sa scéal chomh maith, nó mar a dearfadh Máire eile fós, Máire de Búrca: ‘Bhí imaistriú anama nó téacsúlú an léitheora’ (nó an eagarthóra) ar siúl.

Mo léan, is amhlaidh a slogadh an t-eagarthóir seo isteach i ngnó na cumadóireachta mar aon le Biddy Jenkinson agus an Duinníneach.

Pé ní, nótaí de chuid eagarthóra/ comhairleora eile fós de chuid Biddy iad nótaí 1-6: ní cuid de scéal na Samhna iad.

P. Mac F. eagarthóir FEASTA.

Feasta, Eanáir 2010

Abhaile | barr | clár na míosa seo | ar ais