Spléachadh ar Fhilíocht Chomhaimseartha na Slóivéine
curtha i láthair ag Gabriel Rosenstock
JoÏe Udoviã (1912-1962)
Is Fós
Is fós, ná caith aon ní uait.
Tá comharthaí ceilte ar fud na bhfud,
féach laistiar den bhfál lofa, an falla adhmaid,
an seanphictiúr, féach isteach sa chrúsca folamh,
laistiar de dhoras an uaignis, féach isteach sa bhfothrach tí,
faoi charn luaithrigh, faoi chorpán na tine,
faoi lámh chruaite, faoi phréamhacha na bhfocal,
faoi chloch, féach isteach i gcréacht, san aghaidh eaglach,
féaraigh dhreoite, féach laistiar de thor aonair,
tá foscadh i bhfolach áit éigin, nach bhfuil aimsithe fós,
broinn shámh de dhánta is de chleití,
de chaonach gormghlas is d’anáil
a d’fhéadfadh comhcheol a chruthú
nár chualathas fós a leithéid.
Svetlana Makaroviã (r.1939)
Seoithín Seó
Cén fáth nach gcodlaíonn tú?
Cén fáth nach gcodlaíonn tú?
An é gurb eagal leat
fíoch na gaoithe?
Ná bíodh eagla ort
ná bíodh eagla ort,
mar níl á canadh ag an ngaoth
ach cúrsaí mar a bheidh
nuair nach mbeimidne ann níos mó,
nuair a rollfaidh sí
ár gcnámha tolla
thar na machairí bodhra
folmha seasca,
roisfidh sí do bhrollach,
triomóidh do chroí,
scaipfidh sí san imigéin
gach aon rian díot –
nach í atá ag tnúth leis go deimhin
is í ag tuargaint
is ag croitheadh na mionfhuinneog,
is í i bhfolach laistiar de dhoirse,
is ní ghlaonn sí isteach sa tigh ach an bás,
níl aon ní eile ann –
ná bíodh eagla ort
ná bíodh eagla ort
tit i do chodladh go sámh.
Milan Dekleva (r. 1946)
Anaximander ag comhaireamh síos
Cúig chéadfa is aon chroí amháin.
Ceithre hairde na spéire is aon domhan amháin.
Trí dhiminsiún is aon spás amháin.
Beirt neach is aon leanbh amháin.
Aon bheatha is aon bhás amháin.
Níl aon fhocal ann don infinid a nascann
Croí, domhan, spás, leanbh is bás.
Anaximander agus giniúint an duine
A luaithe is a shaolaítear an duine,
tosaíonn sé ag déanamh iontais
de nithe atá níos sine ná é.
Anaximander agus an eisiatacht
Is féidir lorg gan chos a shamhlú.
Ach ní féidir cos a shamhlú gan lorg.
Is féidir domhan a shamhlú gan bheatha.
Ach ní féidir beatha a shamhlú gan an domhan.
Uch, nach uafar!
Gregor Podlogar (r. 1974)
Rudaí Beaga
Ba dheas liom dánta éiceolaíocha a scríobh
ach nílim in ann.
Oighearshlaodanna ar a slí chun na hEorpa,
gothaí na mbéar bán, slán agus heileo,
Táim bréan de mar scannán caca.
Scamaill dhorcha an ama ag toirneach,
francaigh na gcúlsráideanna ag soláthar lóin,
tá misneach acu,
agus níl puinn maitheasa le silíní na bliana seo.
Alojz Ihan (r. 1961)
Géanna Fiáine
Tá’s agam go rabhais áit éigin i measc
Na ngéanna ar a dtriall ó dheas.
Sheasas go básta sa riasc, mo raidhfil lem leiceann
Is chlúdaigh na géanna an spéir mar a bheadh néal stoirme ann.
Bhí fhios agam go rabhais-se san ealta sin áit éigin
Mar le stáir anois níl de thaibhreamh agam ach tú.
Agus is léir cén fáth is mé im staic sa riasc gur chuardaíos
Is gur ransaíos i measc na gcorp clúmhach, is gur fhanas
Gur fháisc an mhéar, gur rois an t-urchar an t-aer
Gur thit ina chuilithe ag mo chosa
Ceann de na meallta cleiteacha úd
Is nuair a theagmhaíos leis ba theolaí suanmhar é.
Dhúisíos ansin agus anois ní heol dom
Cá rabhais-se san eitilt a chlúdaigh an spéir ina scamall stoirme
Trím néal.
Feasta, Eanáir 2010
Abhaile
|
barr
|
clár na míosa seo