Céard é seo? An t-eagrán is déanaí Cartlann Comórtas Ordú Teagmháil Cóipcheart Údar-lann Aíonna Urraíocht Naisc |
Ag tagairt dúinn mí ó shin don drochbhliain a bhí curtha isteach againn is cúrsaí eacnamaíocha a bhí i gceist. Ó shin tá Tuarascáil Uí Mhurchú foilsithe faoi mhí-úsáid ghnéis ar dhaoine óga ag sagairt i ndeoise Bhaile Átha Cliath, agus dá thoradh tá triúr easpag tar éis éirí as cheana féin. Tá sé soiléir go mbeidh níos mó ná an triúr i gceist sula mbeidh deireadh déanta. Drochbhliain go deimhin.
Ní hé seo an chéad fhiosrú den chineal céanna ach oiread, agus is féidir go mbeidh tuilleadh díobh i gceist ar ball. Cé mhéad easpag a bheidh fágtha? Ní hé go bhfuil amhras dá laghad ná gur cóir go n-imeodh siad. Tá sé soiléir gurb é a bhí i gceist acu ná mórfhadhb coiriúlachta a choinneáil faoi cheilt, fiú go raibh dochar dochuimsithe á dhéanamh do dhaoine óga.
Is scéal amháin é módh séanta na nEaspag, agus an sotal a bhain leis an dearcadh nach raibh sagairt faoi réir agus freagrach faoi ghnáthdhlí na tire, mar atá gach saoránach eile againn, ach ó thaobh an stáit ní mór go mbeadh sé glansoiléir nach féidir glacadh lena leithéid de dhearcadh. An bhfuil sé riachtanach é sin a chur in iúl go hoifigiúil don chliarlathas agus d’oifig nuinteas an Phápa.
Ní hé an dochar atá déanta do pháistí amháin atá i gceist anois, dá dhonacht é sin. Tá dea-chlú na tíre i gceist chomh maith. Tá sé thar am go scaipfí aon rian amhrais atá fágtha maidir lenár ndearcadh faoina bhfuil tarlaithe.
Tá impleachtaí eile ag an scéal mí-ámharach seo nár mhiste tagairt dóibh. Téann caidreamh phobal na tíre seo le hEaglais na Róimhe i bhfad siar sa stair. Ba mhinic dúinn ag maíomh as an nasc gan bhriseadh a shíneann chomh fada le teacht an fhir ghroí sin, Naomh Pádraig, chun an oileáin.
Agus tá níos mó ná sin fós i gceist. I gcaitheamh an leathmhíle bliain a lean bás Phádraig, thaistil na céadta manach ón tir seo go mór-roinn na hEorpa, agus níor bheag é a ndícheall ag coinneáil solas na Críostaíochta agus na síbhialtacha beo i dtíortha na hEorpa sa tréimhse dhorcha sin. Mura dtugtar aird rómhór ar an ngné sin dár stair anseo in Éirinn an lae inniu, is léir nach amhlaidh ata thall san Eoraip.
Seans gur beag ag an nglúin óg an ghné sin den drochscéal, agus mar a dúradh, ’sé cás na ndaoine óga a d’fhulaing an mhí-úsáid is truamhéilí ar fad, ach tá oiread sin dochair déanta i mbealaí éagsúla de bharr mhí-iompair ag scabhaitéirí de shagairt go bhfuil sé in am don rialtas a mhíshástacht a chur in iúl ar bhealach níos dearfa ná mar atá déanta go dtí seo.
|