Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Aíonna

Urraíocht

Naisc


Smaointe Polaitíochta

An Dréacht-Straitéis 20 Bliain sin don Ghaeilge
le Seán Ó Loingsigh


Cuimhnigh go raibh dhá phlean beartaithe ar dtús, ceann don Ghaeltacht agus ceann don Ghaeilge, faoi mar gur dhá ghnó ar leith a bheadh iontu. Nach céim chun cinn é go bhful deireadh curtha leis an seafóid sin.

****************
Níl sé i bhfad ó shin ó bhíomar ag scríobh anseo faoi Thuarascáil an ‘Bhoird Snip’ agus conas mar ab ionann a raibh á mholadh ann, mar a bhain sé leis an nGaeilge, agus díscor a dhéanamh ar pholasaí an Stáit ó bunaíodh é maidir le hathbheochan na teanga sin. Anois cúpla mí ar aghaidh tá Dréacht-Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 curtha faoinár mbráid ag an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta. Ní mór ná go bhfuil meascán mearaí orainn.

Beidh a rogha féin de lochtanna agus d’easnaimh le fáil ag gach duine ar an Straitéis seo. Conas nach mbeadh! Mar bharr air sin beidh go leor, sinn féin san áireamh, a déarfaidh go bhfacamar a leithéid cheana agus gur bheag a bhí dá bharr ag an teanga. An mbeidh malairt scéil againn an iarracht seo?

Sa sracshúil a leagfar ar an Stráitéis anseo, ní haon ró-ionadh gur mó airde a bheifear ag tabhairt ar na lochtanna agus ar na heasnaimh úd. Ní hionann sin agus nach dtuigtear an tsárobair atá déanta ag gach uile dhuine a raibh a lámh i ndréachtadh na Straitéise. Is mór atáimid faoi chomaoin acu. Ina theannta sin, ní miste ar aon chor an aird atá dírithe ar an teanga, ar an staid ina bhfuil sí, agus b’fhéidir thar rud ar bith eile, ar an bhfís agus ar an tiomantas a spreagann an iarracht ar fad.

Ní mór smaoineamh leis nach ag plé le plean straitéise amháin atáimid i ndáiríre. Bhí plean eile ullmhaithe agus curtha faoi bhráid na Roinne Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta ag grúpa comhairleoirí a bhí tiomsaithe ag Fiontar ó Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath ar iarratas ón Roinn sin. Má ba é a bhí i gceist le plean Fiontar ná go mbeadh sé mar threoir agus mar chúnamh don Roinn ag ullmhú na Straitéise a bhfuilimid ag plé leis anseo, níl amhras ná go mbeidh comparáidí á ndéanamh idir an dá cheann, go háirithe maidir leis na difríochtaí atá eatarthu.

Tá na difríochtaí ann agus cinn thábhachtacha, ach ní fearr a bheith ag déanamh paidir chapaill díobh sin anois. Gan amhras beifear ag tagairt do na cinn mhóra arís. Ní mór smaoineamh leis gur dréacht a luaitear leis an gcáipéis seo, agus mar sin gur féidir go mbeidh athruithe eile i gceist sula mbeidh deireadh déanta.

Seasann plean Fiontar ar a chosa féin, ámh, mar straitéis don Ghaeilge. Tá sé riachtanach é a léamh agus tá an buíochas céanna ag dul don dream a réitigh é agus atá ag dul dóibh sin a réitigh Straitéis na Roinne. Is cóir a rá leis go bhfuil a lán dá bhfuil sa dara ceann bunaithe ar a raibh le rá sa chéad cheann.

Cuimhnigh go raibh dhá phlean beartaithe ar dtús, ceann don Ghaeltacht agus ceann don Ghaeilge, faoi mar gur dhá ghnó ar leith a bheadh iontu. Nach céim chun cinn é go bhfuil deireadh curtha leis an tseafóid sin. Mar a dúirt an tAire ag caint dó ag an Oireachtas i Leitir Ceanainn: ‘go traidisiúnta bhí idirdhealú déanta idir an Ghaeltacht agus an Ghalltacht ó thaobh na teanga de, ach anois tá sé níos soiléire nach mairfidh an Ghaeilge má táthar ag brath ar an Ghaeltacht amháin le í a choinneáil beo.’ Táthar á rá sin sa cholún seo, bealach amháin nó eile, le sé bliana anuas.

Aon sprioc shimplí amháin atá luaite leis an Straitéis, ’sé sin líon lucht úsáide na Gaeilge a mhéadú ó 83,000, mar a mheastar faoi láthair, go dtí 250,000 faoi cheann 20 bliain. D’fhéadfaí a rá gur mó de bhonn samhlaíoch atá faoi mar fhigiúir ná aon bhonn eolaíoch, ach níl aon duine ag argóint faoi. Is sprioc é.

Ní nach ionadh tá a lán airde dírithe ar na Struchtúir Fheidhmithe. Go hachomair:

• Is ag an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta a bheidh an príomhról maidir leis an Straitéis a chur i bhfeidhm, agus is Aonad Straitéise sa Roinn sin a bheidh i bhfeighil na hoibre ó lá go lá.

• Beidh ról maoirseachta ag Coiste Rialtais ar an nGaeilge faoi chathaoirleacht an Taoisigh.

Níl an oiread sin le rá faoi seo ach go bhfacthas d’fhoireann Fiontar gur ag Oifig Chláir i Roinn an Taoisigh, faoi stiúir ag Rúnaí Cúnta, a bheadh an príomhról seo, cé gur luadh féidearthachtaí eile.

Ag féachaint don phríomhról atá in áirithe don Roinn Gnóthaí Tuaithe, Pobail agus Gaeltacha, is fearr súil a chaitheamh anois ar cad atá beartaithe do na heagrais Ghaeilge eile atá faoi chúram an stáit — Údarás na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge.

Luaitear athstruchtúrú bunúsach maidir leis an Údaras. Údarás na Gaeilge a bheidh ann feasta: gníomhaireacht Ghaeilge nua náisiúnta, a deirtear linn. San am céanna leanfaidh Foras na Gaeilge ag feidhmiú ar an oileán ar fad, mar atá sé faoi láthair.

Is deacair an loighic a bhaineann leis na socrúithe a thuiscint. Is cosúil go bhfuil sé i gceist go leanfar leis an socrú go mbeadh baill tofa ón nGaeltacht ar bhord an Údaráis nua náisiúnta. Cuimhnigh gurb é a mhol foireann Fiontar ná go ndéanfaí Roinn na Gaeltachta a athchruthú mar Roinn Gnóthaí Gaeltachta agus Gaeilge. Nárbh fhearr mar shocrú é sin?

Anois tuigtear go bhfuil deacrachtaí ag baint leis an gceist seo, deacrachtaí a éiríonn go háirithe de bharr an róil atá ag an bhForas maidir leis an teanga ar an oileán ar fad. Fós, féachann sé iomarcach in aimsir seo an ghanntair go bhfuil trí eagraíocht stáit riachtanach i gcónaí chun déileáil leis an nGaeilge agus leis an nGaeltacht.

Níl oiread sin sa Straitéis a bhaineann go sonrach leis an nGaeltacht. Tá an-bhéim leagtha ar phleananna agus ar phleanáil. Caithfidh pobail/ceantair pleananna a chur ar fáil a léireoidh a bhfuil beartaithe acu maidir le cur chun cinn na teanga sa cheantar. Cé ullmhóidh na pleananna? Ar ndóigh, beidh baint ag na pleananna seo le stádas an cheantair mar Ghaeltacht. Dhá bhliain a bheidh i gceist do cheantar lagGhaeltachta plean a fhorbairt, pé ní a chiallaíonn sé sin, nó caillfear a stádas mar Ghaeltacht.

Is deacair a thuiscint conas is féidir an teanga a chur chun cinn i gceantar ar bith sa tír, murar féidir í a tharrtháil i gceantair lag-Ghaeltachta, agus go luaitear sa Straitéis go bhfuil sé i gceist iarracht ar leith é sin go díreach a dhéanamh i gceantair áirithe lasmuigh den Ghaeltacht. Is minic sa cholún seo a cuireadh an milleán ar an Rialtas toisc an meathlú a tharla don teanga i nGaeltachtaí laga, agus a laghad airde a tugadh ar an meathlú, fiú agus é soiléir go raibh sé ag tarlú.

San am céanna, níl sé cinnte ar fad céard atá beartaithe i ndáiríre maidir le teorainneacha agus leis an athrú seo ó chritéir thíreolaíocha go critéir theanga maidir le stádas Gaeltachta. Ag caint do ag Seimineár an Oireachtais luaigh an tAire nár: ‘gá do dhaoine a bheith imníoch gur cailliúint stádais a bheidh i gceist do cheantracha áirithe, má chuirtear i bhfeidhm é’. Céard atá i gceist?

I ndáiríre, níl fhios agam cé chomh fada agus is féidir dul le straitéisí den chineál seo, iad dréachtaithe ag saineolaithe agus lucht pleanála i bhfad ó láthair, nuair is pobail agus gnáthdhaoine atá i gceist. Tá rian den mheicníocht shóisialta agus fiú den mhídhaonnacht ag roinnt leo.

Gan amhras is ceist chasta í seo, agus ní ag tabhairt faoi lucht pleanála agus saineolaithe atáthar. I dtaca leis seo, is trua liom nach bhfaca aon tagairt do na háisitheoirí a ceapadh i gcuid de na Gaeltachtaí roinnt blianta ó shin. Gaeltachtaí laga arís! Chomh fada lem’ chuimhne bhí siad ag feidhmiú in Uíbh Rathach i gCiarraí agus sa Seanphobal i bPort Láirge, ach b’fhéidir in áiteanna eile freisin.

Is obair eagrúcháin den chuid is mó a bhí ar siúl acu, ag eagrú imeachtaí éagsúla agus ag spreagadh úsáid na Gaeilge i measc an phobail. Is cuimhin liom chomh héifeachtach agus a bhí siad agus an dea-chaidreamh a bhí acú leis an bpobal. Ní raibh aon easpa daonnachta orthu!

Ní fhaca aon tagairt ach oiread do na comharchumainn ná don dea-obair a bhí, agus atá, ar siúl acu i measc an phobail. Bheadh a lán dá ndúradh sa pharagraf deireanach faoi na háisitheoirí fíor ina gcás siúd freisin, agus a thuilleadh ina theannta.

Is iontach a bhfuil le rá sa Straitéis faoin gcóras oideachas. Deírtí le blianta go raibh an Ghaeilge ag brath rómhór ar an gcóras sin, ach má b’fhíor é, níl sé ach thart ar bhliain ó shin ó dúradh i dtuarascáil ón Roinn Oideachais agus Eolaíochta agus ón AE go raibh a staid sa chóras céanna ‘tubaisteach’. Ní hionadh mar sin an bhéim.

Gan amhras tá a lan dá bhfuil sa Straitéis faoin oideachas le moladh. Tá sé soiléir go mbainfidh costas mór leis, go háirithe le soláthar múinteoirí agus áiseanna. An mbeidh an t-airgead ar fáil?

Cuirfear suim ina raibh le rá faoi pháirt-tumadh sa Ghaeilge do gach páiste. Ní nach ionadh ní luaitear luath-thumoideachas sa Ghaelscolaíocht. Chun tagairt arís don mheathlú a tharla don teanga sna Gaeltachtaí laga, luadh sa cholún seo cheana conas mar a deireadh múinteoirí sna ceantair sin nach dtiocfadh leo múineadh trí Ghaeilge nuair nach raibh Gaeilge ag páistí ag teacht ar scoil dóibh. Dá ndéarfaí é sin sna Gaelscoileanna!

Nuair a cuireadh faillí i leith an rialtais níos luaithe i gcás na lagGhaeltachtaí, bhí an neamhaird a tugadh ar an bhfadhb seo go mór ar aigne. An bhfuil sé ródhéanach anois?

Tá a lán eile a d’fhéadfaí a rá faoin oideachas. Níl spás againn inniu. Is maith go bhfuil tagairt do dheiseanna a chur ar fáil do dhaoine fásta an Ghaeilge a fhoghlaim. Tá riachtanas le córas níos fearr chuige sin, laistigh agus lasmuigh den Ghaeltacht.

Is cáipeis de chuid an rialtais an Straitéis seo. Is trua nach raibh níos mó le rá faoi chur chun cinn na Gaeilge in obair laethúil an rialtais féin sa Dáil, sa Seanad, gan trácht ar an gcoras riaracháin i gcoitinne. Fanann sé i gcuimhne conas mar a chuaigh an bhá agus an grá a léirigh an Taoiseach don teanga tráth a cheaptha i bhfeidhm ar a chomhpholaiteoirí agus ar an bpobal. Ba dhóigh leat gur glacadh lena raibh le rá aige le dea-thoil agus le fonn. Ní hé atá i gceist dul i muinín brú thar cuimse, ach tá tábhacht leis an dea-thoil agus leis an treoir ón mbarr.

Tá a bhfuil le rá sa Straitéis faoin nGaeilge sa tSeirbhís Phoiblí thar a bheith lag, agus is baolach go gcuireann sé inchreidteacht an fhiontair ar fad i ndainséar. Is scannal poiblí an staid ina bhfuil sí sa státseirbhís; san eagraíocht is mó a d’fhéadfaí a bheith ag súil go seasfaí léi, ag féachaint don stádas atá ag an teanga sa Bhunreacht. Murar féidir dul i ngleic leis an bhfadhb seo ar bhealach éigin réasúnta agus dáiríre, is é is dóichí ná go mbeidh thiar orainn.

Ní féidir a dhearmad go bhfuil cúlú trom eacnamaíoch ann faoi láthair agus go n-éireoidh ceist faoin maoiniú a bheidh riachtanach chun Straitéis dá leithéid a chur i ngníomh. Pé práinn atá leis an ngníomh sin, b’fhéidir go bhfuil a thuilleadh machnaimh riachtanach ina leith, fiú go dtógfadh sé sin tréimhse bliana. Nach ócaid chinniúnach don teanga atá ann.

Agus mar bhuille scoir, is minic a deirtear le pobal na Gaeilge gur dream míréasúnta iad, nó gur píobairí aonphoirt iad. Gan amhras, ní acmhainn dúinn neamhaird a dhéanamh ar thuairimí ár gcomhthírigh nach bhfuil an oiread céanna nó fiú aon Ghaeilge acu. Ar aon nós, nach iad an tromlach iad! Ní mór dúinn iad a thabhairt linn.
Feasta, Eanáir 2010

Abhaile | barr | clár na míosa seo | ar ais