Céard é seo? An t-eagrán is déanaí Cartlann Comórtas Ordú Teagmháil Cóipcheart Údar-lann Aíonna Urraíocht Naisc |
Gearrscéal ón Astráil le Colin Ryan ‘Ní foláir duit an-lámh a bheith agat ar an obair agus amfataimíní á réiteach,….’ *********** ——◊——
Bhain S. Melbourne amach agus d’iarr tamall dídine ar a dheirfiúr, bean sheang stuama a raibh scéimh na finne ar a haigne agus ar a folt. Í ag scrúdú S. go hamhrasach.
‘Strainséir ceart thú. Cad tá ar cois agat?’
Dúirt S. nach raibh sé ach ag dul tríd an gcathair, agus shleamhnaigh thairsti chun na cistine. Agus é ar lorg ábhar comhrá thug sé faoi deara roinnt pictiúr snasta ar an mballa.
‘Do neacht a rinne iad’, a dúirt a dheirfiúr. ‘Xénia is ainm di, más cuimhin leat’.
Ba ghearr gur nocht Xénia féin sa doras, cailín corrchnámhach donn. Ní le hamhras a d’fhéach sí air ach le híoróin.
‘Nach bhfaca mé cheana thú?’ a dúirt sí go séimh, á thomhas go géar.
D’fhéach seisean ar ais uirthi go slítheánta.
‘Tá bua na healaíne agat, a chailín’.
‘Ní mór dom bua de shaghas éigin a bheith agam, tar éis an tsaoil. Cá bhfuil do thriall?’
Chroith S. a ghuaillí.
‘An Tasmáin, b’fhéidir. Laethanta saoire, mar a déarfá’.
Thug a dheirfiúr a hiníon isteach i seomra eile léi agus tar éis tamaill d’fhill siad.
‘Go ceann seachtaine’, a d’fhógair a dheirfiúr. ‘Sin an méid. Ní mian linn an dlí a tharraingt orainn’.
Fuair S. amach go mbeadh a lóistín i seid i mbun an ghairdín, áit a bhí ina saotharlann ag Xénia. Leaba champa ann agus roinnt leabhar smolchaite, agus a neacht ag féachaint air mar a dhéanfadh bean fhadcheannach ar bith.
‘Dhera’, a shíl S. agus é ag déanamh ar an teach tábhairne, ‘tá an diabhailín fásta suas’.
Cár imigh an aimsir? É féin ina bhoilgíneach bricliath anois. Ghlaoigh sé deoch agus rinne machnamh go searbh. D’fhanfadh sé ar an gcúlráid chomh fada agus a b’fhéidir leis agus an oiread sin diabhal ina dhiaidh.
——◊——
Ina dhiaidh sin thugadh S. an chuid is mó den lá ar an leaba, ag caitheamh raithní agus ag cur féasóige ag fás mar cheilt agus mar chosaint. É ag féachaint ar Xénia agus í i mbun oibre, rud draíochtúil á dhéanamh aici de na rudaí ba shimplí amach.
‘Bhíodh lámh agam féin ar an obair sin’, a dúirt sé lá.
‘Agatsa?’
‘Thugas seal i mo mhac léinn. I scoil ealaíne’.
‘An raibh bua ar bith agat’?
Lig S. puth deataigh amach agus é ag meabhrú ar an gceist.
‘Dheamhan a fhios agam’, a dúirt sé faoi dheireadh, ‘ach is cuma. Ceird eile a tharraingíos chugam’.
An lá dar gcionn dhúisigh Xénia é agus bhronn canbhás agus cleiteáin air.
‘Déan rud éigin’, a dúirt sí.
Rinne S. méanfach agus é ag scrúdú threallamh a shlánaithe. Bhí gá aige le spreagadh, rud a fuair sé cúpla lá ina dhiaidh sin nuair a bhuail a neacht isteach agus cuma mhachnamhach uirthi.
‘Bleachtairí, a dúirt sí, agus chaith S. an toitín uaidh gan mhoill.
‘Bleachtairí?
‘Más fíor dóibh. Chuireas cor faoi chosán orthu. Tá siad imithe anois.
——◊——
Tháinig saghas líonrith ar S.. Ba leor de ghríosú chun oibre é, faoi mar ba ghá dó rud éigin a chur de agus deis aige fós air. Anois agus arís thiocfadh sé amach faoin aer agus é ag gliúcaíocht thart go fáilí, faoi mar a bhí an tseanchócaireacht ar siúl aige. D’imigh an tseachtain sin thart agus seachtain eile agus na pictiúir ag carnadh i gcúinne na seide. I gceann coicíse chaith sé uaidh na cleiteáin agus thug an leaba air féin. Nuair a dhúisigh sé bhí na pictiúir imithe, rud ba chuma leis.
‘Tá sé thar am agam imeacht’, a dúirt sé leis na mná.
‘Nach againne is fearr a fhios’, a dúirt Xénia. ‘Ach tiocfaidh tú amach liom anocht’.
‘Cén fáth? a dúirt S. go haireach. ‘Cam teallaigh mé, tá a fhios agat’.
‘Oíche spóirt’, a dúirt sí. ‘Tá sé tuillte agat’.
Thug sí léi chun Richmond é, áit a raibh dánlann i gcúlsráid agus í plódaithe le daoine nach raibh aithne aige orthu.
‘Cad é an diabhal atá ar siúl anseo?’ a dúirt S.
‘Taispeántas’, a dúirt Xénia. ‘Bíodh deoch agat’.
D’ól S. deoch agus deoch eile, agus tháinig suaimhneas éigin ann. Thosaigh sé ag féachaint ar na pictiúir: neacha a raibh ceann ainmhí orthu, dathanna lasánta ag briseadh aníos tríd an doilbhreas. D’ól sé roinnt eile agus chuir forrán ar a neacht:
‘Cé rinne iad seo? Tusa?’
D’fhéach sí air le trua.
‘Tusa’, a dúirt sí, ‘tusa, tusa’.
‘Th’anam ‘on diabhal’.
——◊——
É ina thost tamall, ag féachaint orthu, agus an slua ag cabaireacht ina thimpeall.
‘Imímis’, a dúirt sé faoi dheireadh. ‘Tá tuirse orm’.
Ach néal níor chodail sé. Amach leis go han-mhoch. B’eo leis síos an tsráid, áit a raibh cara ag fanacht i ngluaisteán. Lasc siad leo agus a n-aghaidh ar an gcósta.
‘Bhí cuid againn ag cur do thuairisce, mhuis’, a dúirt Macca. ‘Tá gá againn le cócaire. Thuas in Warrnambool. Tá seanteach ann agus é gléasta chun gnó’.
‘‘Níl a fhios agam’, a dúirt S. go gruama. ‘Bhíos ag smaoineamh ar an tseancheird a thréigean. Dul le healaín eile. Tharla cúpla rud’.
‘Pé rud a tharla, scéal thairis anois é. Níl tú spíonta fós’.
Mheabhraigh S. air sin.
‘Nílim, mhuis’, a dúirt sé. ‘Nílim spíonta fós’.
Ar an mótarbhealach a bhí siad anois: rac ar an raidió, spéir gan smál os a gcionn, an fharraige rompu. Thosaigh S. ag canadh go míbhinn agus a lámh ag bogadh faoi mar a bhí cleiteán inti, cleiteán a dhorchódh an domhan.
Feasta, Feabhra 2010 |