Céard é seo?
An t-eagrán is déanaí
Cartlann
Comórtas
Ordú
Teagmháil
Cóipcheart
Údar-lann
Aíonna
Urraíocht
Naisc
|
An bhfuil Cead Agam Dul Amach, Más é do Thoil é? Derry O’Sullivan
Léirmheas le Pádraig Ó Gormaile
Téann teideal agus clúdach leabhair i bhfeidhm ar an léitheoir go hiondúil sar a n-osclaítear é in aon chor. Cé nach ionann mar sin féin an manach agus an aibíd, mar ‘L’habit ne fait pas le moine’, tugtar faoi deara láithreach bonn i gcás an leabhair is déanaí le Derry O’Sullivan go bhfuil rud éigin as an ghnáth ag baint leis an chnuasach dánta seo. Is é Reginald Gray (a rugadh i mBÁC, 1930) an t-ealaíontóir is cúis leis an chlúdach tosaigh daite, rúndiamhair ina bhfuil fir agus mná ag damhsa i gcaife sa Fhrainc sna blianta 1920, ‘les années folles’, agus a bhfuil leagan beag de ar an cheathrú clúdach fosta. Agus is é a dhearaigh an portráid den fhile i bPáras i 2009 atá taobh istigh den chéad chlúdach, é ag léamh Le Monde, scéalta faoi Charles Pasqua agus Dominique de Villepin ar an chéad leathanach den nuachtán agus gloine fíona os a chomhair amach ar thábla ciorclach caife. Ní fhéadfaí a bheith níos cruinne maidir le suíomh na ndán.
Tá cónaí ar Derry O’Sullivan i bPáras ó 1969, áit ina bhfuil sé ina ollamh le Béarla; tá roinnt cnuasach foilsithe aige i nGaeilge, le Coiscéim (Cá bhfuil do Iúdas?, 1987; Cá bhfuil Tiarna Talún l’Univers?, 1994; An Lá go dTáinig Siad, 2005), tá sraith dánta aige i bhFraincis (‘En mal de fleurs’, Québec, Lèvres Urbaines, 30, 1988), maille le haistriúcháin (The King’s English, Páras, First Impressions, 1987; Cailleach Béara/Lamentations de la vieille femme de Beare, 1995, Chauvigny, L’Escampette, 3ú eagrán, 2006), agus tá a shaothar ar fáil i nduanairí éagsúla. Is duine é de bhunaitheoirí an Festival franco-anglais de poésie (feic www.festrad.com).
Tá scléip ag baint le cuid mhaith den 37 dán foclach seo, a bhfuil ar a laghad dhá leathanach sa chuid is mó díobh, agus is cuideachta shuairc atá iontu, agus atá sa dearcadh fileata a leagtar ar an domhan thart timpeall. Feiceann agus airíonn an file nithe nach bhfuil sofheicthe ná sochloiste: giúrann ar bun rafta (lch. 1), an ciúnas a théann le preab an ábhair iontais (lch. 3), deasghnátha príobháideacha na maidine (lgh. 17-19). Cé go luaitear Éire agus Corcaigh, an Éigipt, an Béarla agus an Bíobla is é Páras agus an Fhrainc a tharraingíonn aire ar leith an léitheora i gcuid mhaith de na dánta seo.
Margadh Aligre, a ndeirtear gurb é an ceann is saoire i bPáras é, ina bhfuil leabhar le James Joyce ‘i mbosca ar an dtalamh’ (lch. 2), é sínithe ag an údar; caife Le Saint Placide (lch. 24), in aice leis an Ollscoil Chaitliceach, i gceantar Montparnasse na bhfilí agus na n-ealaíontóirí sna blianta 1920, ina mbriseann splanc den aimsir chaite isteach ar ‘réalachas’ an lae; ambasáid athchóirithe na hÉireann, avenue Foch/rue Rude, a nglactar leis gur bijou [nó seoid bheag] de theach cathrach nó hôtel particulier é, a bhuíochas ar de Valera, agus a scaoileann rún nach rabhthas ag súil leis (lch. 33); cathair Amiens (lch. 69) na hardeaglaise álainn agus bochtanas lucht sráide le brath i mála plaisteach Monoprix, i.e. Dunnes Stores na Fraince.
Tógtar ceisteanna meitifisiciúla ag an fhile seo, a bhfuil an fhoirm cheisteach den chopail ‘is’ sa teideal aige i dtrí chinn de na cnuasaigh Ghaeilge thuas. Is fiú machnamh ar leith a dhéanamh ar ‘Passage de la Bonne Graine’ (lgh. 42-43), dán faoi cheann de phasáistí clúiteacha Phárais, áit á dtéann na turasóirí atá ag cuartú rud éigin as an ghnáth. Ach claochlaítear an pasáiste ina íomhá ar an ionathar, ar phasáiste na beatha rúndiamhaire, an fhaighean leoga, íomhá nár mhiste le Rabelais féin í a chumadh i nGargantua. Cinnte tuigeann an páiste sa léitheoir gnéithe áirithe den dán céanna ar leibhéal ar leith, mar níor chuir an gné scateolaíoch as riamh do dhínit an duine agus baineann míorúilt na beatha go smior leis an salachar as a bhfuil muid déanta fosta.
Ní féidir leis an léitheoir éalú ó charachtair an chlúdaigh tosaigh, ach oiread nach féidir leo san éalú ón phictiúr féin (lgh. 48-50). Is féinphortráid atá sa chnuasach, an file faoi ghlas laistigh, ag iarraidh cead nach dtabharfaidh sé dó féin éalú uaidh féin ná óna shaothar, ina bhfuil sé lonnaithe. Is freagra é ar an bhuncheist, ‘Cé fáth gur rugadh muid?’, nár iarradh orainn ár mbarúil faoi ag an am agus a chaithfidh muid glacadh leis an toradh atá air. Ceist uilíoch cúis na beatha, a chuireann Homer Simpson air féin fiú agus teipeann airsean filleadh ar bhroinn a máthar, tríd an phasáiste as ar tháinig sé, ‘Pasáiste an tSíl Mhaith’. Ómós d’fhíor-bhuntuiscint na Críostaíochta den chorp atá anseo, an mhíorúilt go bhfuil idir anam, spiorad/intinn agus croí/toil ‘lonnaithe’ sa chorp, lárionad céannachta an duine daonna.
Tá Derry O’Sullivan ar an scríbhneoir Gaeilge is faide a bhfuil cónaí air thar lear agus sa Fhrainc ó aimsir na bPéindlithe ar aghaidh agus is é an scríbhneoir Éireannach is faide a bhfuil cónaí air i bPáras ó cailleadh Samuel Beckett. Maraon le scríbhneoirí eile Gaeilge thar lear – Pádraig Ó Siadhail i gCeanada mar shampla - baineann a shaothar leis an saol taobh amuigh d’Éirinn, i bhfad ón ‘chúis’ agus ón inbhreithniú náisiúnta. Tá éifeacht ag an chomhthéacs ar an teanga, atá foclach, saibhir sna dánta fada, prósacha, coincréiteacha, feidhmeacha seo. Taitneoidh an cnuasach seo le héinne gur breá leo dearcadh intinneach, scléipeach, fileatúil ar an domhan mór; agus taitneoidh siad go háirithe leo siúd a bhfuil an páiste istigh beo bríomhar iontu fós.
Is Ollamh le Fraincis agus Ceann Roinne é Pádraig Ó Gormaile in Ollscoil na Gaillimhe. D’fhoilsigh Les Éditions du Septentrion na haistriúchháin go Fraincis agus Béarla a rinne sé in éineacht le Bernard Escarbelt ar dhánta le Pearse Hutchinson, Poèmes, 2008.
Feasta, Feabhra 2010
Abhaile
|
barr
|
clár na míosa seo
|
ar ais
|