Céard é seo?
An t-eagrán is déanaí
Cartlann
Comórtas
Ordú
Teagmháil
Cóipcheart
Údar-lann
Aíonna
Urraíocht
Naisc
|
Dánta le Dave Lordan
Leaganacha Gaeilge le Ciarán Ó Ceallaigh
Kilburn Bridewell, Iúil 1967
Dhúisíos de phreab ar leac éibhir
i dtóin na beairice
Boladh an tí seamlas,
is mo bhríste greamaithe de mo chosa,
Scornach a d’alp tarra, clárfhiacla briste
is béal na múisce triomaithe
Casúr maol i m’éadan
ag iarraidh briseadh amach.
Ní chuimhin liom faic seachas gur chuas
chun mo bhéal a fhliuchadh théis bheith ag obair,
Bhí fidleacha ag liúireach,
mná áille is pláta putóige báine,
Ansin slogadh i ndúnpholl an dorchadais mé,
dubhéadóchas anall tharam i mbolg an mhíl mhóir,
I mo luí sa bhroinn gan solas, gan bhreith, gan bhás
is eagla na hoíche idir réaltaí orm.
Tugann an Sáirsint mo bhróga is m’eochracha
ar ais chugam,
Is bileog an chúisimh – scríofa i nGréigis,
Sínigh anseo, a Pheaidí, déanfaidh X an chúis,
a Pheaidí,
Ó bhí droch-chaoi ort aréir, a Pheaidí,
Caithfidh go bhfuil tú bródúil asat féin, a Pheaidí,
Feicfidh mé sa chúirt tú, a Pheaidí,
Ná dean dearmad ar do dheamhan scuab fiacla,
a Pheaidí,
má tá scuaba fiacla agaibh in Éirinn, a Pheaidí.
Dorn aoil na gréine im’ shúile,
adharca, innill is druilirí dom’ chéasadh,
Gan pingin rua chun allas a chur ar mo bhois,
is mé dall ar fad cá bhfuilimse, nó cá bhfuil mo thriall,
Gan péire de smaointe ag rith lena chéile i m’aigne,
An gaineamh ag guairneáin
in inneall measctha m’inchinne.
Táim íslithe go hifreann le rámhaille póite is creathanna,
cúis náire do mo shinsir
is mé ar bhóthar mo bhasctha.
An Fáinne Fí
Cá bhfuil an buachaill?
Tá an buachaill sa bhfáinne.
Cá bhfuil an fáinne?
Tá an fáinne i gclós na scoile.
Cén saghas fáinne é seo?
Tá sé lán de bhuachaillí.
Cén saghas fáinne é seo?
Fáinne tuathalach, maslach,
fáinne siosarnach, ranntach,
fáinne na seile is na gciceanna,
fáinne na bhfiacal is na dteangacha,
fáinne na gruaige is na súl,
fáinne smugach is na bpoll sróine,
fáinne na nglún is na n-alt,
fáinne na mbuataisí is na ndorn,
fáinne na n-uilleann is na gcluas.
Cé atá i gceannas ar an bhfáinne seo?
Níl fhios ag éinne cé hé Rí an fháinne,
Séan na Gealaí, b’fhéidir?
Nó an fear bréige leis an dá thua,
nó sí gaoithe ag meán oíche,
nó mála lán de ghloine bhriste?
Cad tá á dhéanamh ag an mbuachaill sa bhfáinne?
Tá sé á fhéinmheas sa bhfáinne.
Tá sé ina shuí
ag gol,
á fhéinmheas
sa bhfáinne.
Cén fáth go ndeachaigh sé isteach sa bhfáinne?
Ní dheachaigh sé riamh isteach sa bhfáinne.
Cathain a éalóidh sé ón bhfáinne?
— — ◊ — —
Nóta: Ní fios ar chuala leitheoirí FEASTA trácht ar an bhfile nua ar an bhfód i saol an Bhéarla, Dave Lordan ó Chloch na Coillte. An chéad Seamus Heaney eile a deirtear in áiteanna. Tá sé tar éis sparánachtaí a ghnóthú ón gComhairle Ealaíon, mar shampla, mar aon le roinnt duaiseanna mór le rá a bhuachan, duais Patrick Kavanagh agus duais Strong.
Tá leabhar filíochta leis curtha i gcló ag Salmon Poetry ‘The Boy in the Ring’, leabhar a bhuaigh Duais Eithne Strong in 2008 don chéad chnuasach is fearr agus tá leabhar filíochta eile ar na bioráin aige. Tá sé ag cur faoi i dTuaisceart na hIodáile faoi láthair agus é i mbun úrscéal a scríobh.
Tá Dave an-mhacánta ina chuid dánta agus téann sé i ngleic le téamaí tromchúiseacha, ina measc an bhulaíocht, féinmharú, mí-úsáid leanaí, dúnmharú, foréigean, alcólachas agus cogaíocht. Cinnte, is é an taobh dorcha, foréigneach den saol a nochtann sé gan fiacail a chur ann.
Amach ón dorchadas cloisimid guth láidir, misniúil Dave ag labhairt linn tríd na carachtair agus na suíomhanna a chruthaíonn sé, agus téann sé i bhfeidhm orainn. Níl aon deighilt idir an greann agus an t-uafás. Bíonn bolg láidir ag teastáil uaireanta agus ní oireann sé do gach éinne.
Tá filíocht Dave réabhlóideach, corraitheach agus tá an-tóir air mar fhile a léann go poiblí in Éirinn agus ar fud na hEorpa. Anseo chugaibh roinnt dá dhánta, tugtha faoi chló na Gaeilge.
(Oibríonn Ciarán Ó Ceallaigh mar aistritheoir
leis an gComhairle sa Bhruiséil).
Feasta, Feabhra 2010
Abhaile
|
barr
|
clár na míosa seo
|