Céard é seo? An t-eagrán is déanaí Cartlann Comórtas Ordú Teagmháil Cóipcheart Údar-lann Aíonna Urraíocht Naisc |
Uaireanta ní mar a shílimid atá ar aon chor. I ngan fhios dúinn táimid ar mhíthreoir, agus ár gcur chuige ar strae. Pobal meallta na Gaeilge atá i gceist againn. Go deimhin nach sinne na hamadáin, ag ceapadh go raibh ár dteanga i mbaol agus sinn gafa le coimisiúin agus tuarascálacha agus straitéisí chun í a thabhairt slán ó ghábh nárbh ann di ar aon chor.
I dtuarascáil a d’fhoilsigh an Economic and Social Review le déanaí dár teideal Language and Occupational Status: Linguistic Elitism in the Irish Labour Market, deirtear linn gur pobal sinn atá go mór faoi bhuntáiste i margadh saothair agus fostaíochta na tíre seo. Sa suirbhé tugtar figiúirí agus céatadáin a léiriónn go soiléir an buntáiste sin atá ag lucht labhartha na Gaeilge maidir le postanna sa chatagóir ar a dtugtar PMT, ’sé sin postanna a bhaineann leis an réimse gairmiúil, bainistíoch agus teicniúil.
Is staidéar cuimsitheach atá i gceist, agus gan amhras d’éileodh lucht a dhréachta an ghairmiúlacht agus an neamhchlaontacht ba dhual dá leithéid. Sa chomhthéacs sin tá fadhb againn laithreach bonn leis an gcineál téarmaíochta a mbaintear úsáid as síos tríd an staidéar go huile, ón téarma elitism sa teideal go dtí occupational discrimination agus structural discrimination, ’sé sin idirdhealú nach bhfuil bunaithe ar thuillteanais cosúil le cáilíochtaí nó taithí. Go háirithe féach an méid seo leanas - ‘... ceteris paribus there is a bias in Ireland’s labour market which favours Irish speakers over non-speakers.
Tá fhios againn gur téarma díobhálach agus dímheastúil é elitism gan trácht ar bias agus discrimination. D’fhéadfaí a bheith ag súil go dtabharfaí tuiscint éigin dúinn ar conas a eagraítear nó conas a cuirtear i bhfeidhm an chlaontacht agus an t-idirdhealú a luaitear sa tuarascáil. Níl a leithéid ar fáil.
Is fíor go luaitear líonrú sóisialta nó ‘social networking’, agus deintear tagairtí fánacha sa chomhthéacs sin do chaidreamh i measc pobail a bhfuil baint acu le scoileanna lánGhaeilge nó le Cumann Lúthchleas Gael agus le peil agus iománaíocht. ’Sé a laghad is féidir a rá ná gur deacair glacadh leis gur cóir go mbeadh a leithéid de thuairimíocht curtha inár láthair i suirbhé den chineál seo. Baintear úsáid as an nath - ‘dúirt bean liom go ndúirt bean léi’ go leathmhagúil i gcúpla áit sa suirbhé. Nath é nach mbeadh as ord maidir lena bhuil le rá faoin líonrú sóisialta.
Nuair a deirtear go bhfuil buntáiste ar aon dul ag lucht labhartha na Gaeilge taobh thuaidh den teorainn agus atá sa Phoblacht, ní mór ná go bhfuilimid inár dtost. Más doiligh a thuiscint conas a chuirtear fábhar i bhfeidhm anseo ó dheas is deacra fós a thuiscint conas a eagraítear é sa Tuaisceart.
Nach minic dúinn ag clamhsán faoin drochstaid ina bhfuil an teanga – sa státseirbhís, mar shampla. Is léir nach bhfuil éilíteachas i gceist sa Roinn Oideachais, nuair nach bhfuil ach, dar leo féin, 3% díobh in ann gnó a dhéanamh trí Ghaeilge. Is léir leis gur éalaigh a leithéidí ón suirbhé seo.
|