Céard é seo?
An t-eagrán is déanaí
Cartlann
Comórtas
Ordú
Teagmháil
Cóipcheart
Údar-lann
Aíonna
Urraíocht
Naisc
|
Smaointe Polaitíochta
Comhchoiste Dála sin na Gaeilge le Seán Ó Loingsigh
Tá sé soiléir nach leor dea-thoil agus tacaíocht an rialtais atá ann faoi láthair don Straitéis 20 Bliain. Tá dea-thoil agus tacaíocht an fhreasúra riachtanach freisin.
****************
Tar éis a raibh le rá mí ó shin faoin Straitéis 20 Bliain níl deireadh déanta fós againn. Pé ní a shíl na daoine ó na heagrais dheonacha a bhí ag plé na Straitéise leis an gComhchoiste Dála a bhfuil an Ghaeilge mar chúram air, caithfidh mé a rá go raibh mé féin tógtha go maith leis an teacht le chéile a bhí acu le déanaí, de réir mar a léiríodh é ar TG4. Déarfar gur furasta sinn a mhealladh, ach nach minic é sin ráite againn féin!
Ar ndóigh, ní heol dúinn céard atá i ndán don Straitéis chéanna. Sa phlé ar fad atá déanta go dtí seo is beag a bhí le rá faoin gcostas a bhainfeadh leis, dá mhéid é an tábhacht atá leis sin faoi láthair agus an éiginnteacht atá ag roinnt lenár staid eacnamaíoch. Sa phlé ar fad b’fhurasta a dhearmad go bhfuil an staid sin chomh dona agus a bhí ó bunaíodh an Stát. An mbeidh an t-airgead ar fáil nó cé mhéad nó cathain?
Ní hé an t-airgead amháin atá i gceist ach oiread. Má tá éiginnteacht ag baint lenár staid eacnamaíoch faoi láthair, tá an oiread céanna de ag baint leis an staid pholaitiúil. Is fada ó bhi rialtas againn a bhfuil a laghad de ghnaoi an phobail air. Ní haon ábhar ionadh go bhfuil Fianna Fáil, an páirtí ceannasach sa tír seo le cuimhne na ndaoine, sa tríú háit laistiar d’Fhine Gael agus an Lucht Oibre san Ardchathair i bpobalbhreitheanna leanúnacha. Ba dhána an té a déarfadh go dtiocfaidh aon athrú air sin sa chúpla bliain atá romhainn, nó sula mbíonn an chéad olltoghchán eile againn.
Tá sé soiléir nach leor dea-thoil agus tacaíocht an rialtais atá ann faoi láthair don Straitéis 20 Bliain. Tá dea-thoil agus tacaíocht an fhreasúra riachtanach freisin. Sin an fáth a raibh tábhacht ar leith ag baint leis an teacht le chéile i dTeach Laighean. Is furasta a rá go dtagann briathra breátha go héasca ó pholaiteoirí, ach dar liomsa b’ábhar misnigh ar leith an tsuim agus tacaíocht a léirigh cúlbhinseoirí ó gach uile pháirtí don teanga i gcoitinne, agus don Straitéis go háirithe. Sa mhéid sin d’fhéadfaí a rá go bhfuil leas na Gaeilge déanta cheana féin.
Cé déarfadh nach bhfuil ardmholadh tuillte ag Teachtaí Dála agus Seanadóiri atá ar bheagán Gaeilge a labhair le linn an teacht le chéile seo, agus a bhain oiread úsáide agus a b’fhéidir leo as an teanga. Fiú Michael Ring féin, a bhíonn i gcónaí sásta leadhb dá theanga a thabhairt do na ‘díograiseoirí’ (lucht an Chonartha, gan amhras!), chuir sé a thacaíocht in iúl go líofa nuair a labhair sé.
B’fhéidir nár mhiste a lua an turas amháin seo gur ábhar sásaimh don cholún seo ba ea an ócáid. Nár mhinic go mba ábhar cáisimh againn a laghad teagmhála a bhíodh ag lucht na Gaeilge, ag an gConradh go háirithe, leis na polaiteoirí i dTeach Laighean. Sin gearán nach mbeidh ar ár gcumas a dhéanamh feasta.
Deineadh tagairt don cheist seo an mhí seo caite nuair a luadh go mba thrua nach raibh níos mó le rá sa Straitéis faoina bhféadfaí a dhéanamh sa Dáil agus sa Seanad agus sa chóras riaracháin i gcoitinne chun an teanga a chur chun cinn. Ba shampla maith an cruinniú leis an gComhchoiste Dála den chineál treorach agus dea-shampla a d’fhéadfadh teacht as Teach Laighean.
Tá buíochas tuillte leis ag TG4 as an teacht le chéile seo a chraoladh. Ba ghearán coitianta ag Teachtaí agus Seanadóirí roimhe seo go ndeineadh na meáin chumarsáide neamhaird iomlán d’aon ní a bheadh le rá acu trí Ghaeilge. B’fhéidir go bhfuil athrú ar an scéal sin anois. Is cinnte go ndeachaigh an ócáid i bhfeidhm ar an lucht féachana.
I ndeireadh na dála, mar a dúradh an mhí seo caite, is í an tagairt bheag fhánach don Ghaeilge sa tSeirbhís Phoiblí an lúb ar lár is mó ar fad sa Straitéis. Nuair a deirtear go: …’(g) Ceapfaidh an Roinn Oideachais agus Eolaíochta agus an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí comhshocruithe chun cur leis an gcóhort seirbhíseach poiblí atá in ann feidhmiú go dátheangach.’ Cad a chiallaíonn sé sin?
An mbeidh dhá chineál státseirbhíseach i gceist, mar shampla, cuid díobh a mbeadh ar a gcumas a gcuid oibre a dhéanamh trí Ghaeilge, cuid eile díobh nach mbeadh? An nglacfaí leis sin? An nglacfadh ceardchumainn na státseirbhíseach leis, ag cur san áireamh go bhféadfadh dhá scála tuarastail a bheith i gceist?
Ar a laghad ar fad féachann sé deighilteach agus achrannach. Tá lán ár ndóthain de bhaothchaint cloiste agus á chlos againn faoi láthair faoi eilíteachas lucht na Gaeilge gan a bheith ag cruthú deiseanna a chuirfeadh leis.
Tá sé ag éirí níos soiléire in aghaidh an lae chomh míshásúil a bhí sé go bhfuarthas réidh le riachtanas na Gaeilge sa státseirbhís siar sna seachtóidí. Tá sé de nós againn sa cholún seo a bheith ag cur dínn ad nauseam faoin gceist sin, agus b’fhéidir go bhfuil sé thar am dúinn sos a thabhairt dó. D’fhéadfadh leis nach gcreidtear gur féidir filleadh ar ghnásanna a bhí i bhfeidhm breis agus tríocha bliain ó shin, nó fiú nach bhfuil oiread tábhachta ag baint leis an gceist agus atá le fadhbanna go leor eile — comharthaí bóthair, b’fhéidir!
Ach táimid ag cloí lenár dtuairim féin gurb í an drochstaid ina bhfuil an teanga sa státseirbhís, agus an neamhaird a thugtar uirthi, an fhadhb is mó atá le réiteach anois againn maidir le cur chun cinn na Gaeilge.
Is fior leis go ndúirt an Coimisinéir Teanga, a mbeadh suim agus eolas ar leith aige maidir leis an gceist seo, nach raibh sé féin ag éileamh go mbeadh Gaeilge riachtanach chun dul isteach sa státseirbhís. Dála an scéil, an ndeachthas i gcomhairle leis an gCoimisinéir nuair a bhí an Straitéis seo á dréachtadh? Nár dhóigh leat go mbeadh sé sin inmholta nó fiú riachtanach? Nó an féidir go bhfuil bac éigin reachtúil i gceist?
——◊——
Is deacair imeacht an mhí seo gan tagairt a dhéanamh don gheáitsíocht atá ar siúl arís ag polaiteoirí sa Tuaisceart. Níl aon deireadh leo. Tugann sé chun cuimhne a raibh le rá ag Winston Churchill tar éis an Chéad Chogadh Domhanda faoi na ‘dreary steeples’ i dTír Eoghain agus i bhFear Manach ag teacht chun solais arís tar éis thromluí an Chogaidh Mhóir san Eoraip.
Níor thagair sé, ar ndóigh, dá raibh le rá ag a athair Randolph blianta roimhe sin, nuair a bhí toghchán i gceist sa Bhreatain agus go ndúirt seisean gurb é an ‘cárta Óráisteach’ an cárta le himirt.
Céard a athraíonn! Sin go díreach a bhí ar bun arís ag na Caomhaigh sa Bhreatain agus ag Aontachtaithe de chuile chineál ag na cruinnithe a bhí acu le déanaí. Is gearr go mbeidh olltoghchán ar siúl sa Bhreatain agus sa Tuaisceart. Táthar ag tuar gur parlaimint ‘crochta’ a bheidh i gceist, agus mar thoradh ar sin go bhféadfadh roinnt na cumhachta a bheith ag teachtaí Aontachtacha, dosaen díobh, b’fhéidir.
Tráth é seo, mar sin, a bh’féadfaí fáil réidh le coimisiúin a chuireann cosc ar pharáideanna, agus fáil réidh le Gaeilge, agus cá bhfios fiú le poblachtánaigh do chuile ghné. Go deimhin nach bhféadfadh go mbeadh na hÓraistigh go buacach ag máirseáil síos Bóthar Gharbh Achaidh go Droim Crí teacht mhí Iúil.
Tá an dainséar a bhaineann leis an gcur chuige seo follasach. Le tamall anuas tá antoiscigh phoblachtánacha ar a ndícheall ag iarraidh filleadh ar na seanlaethanta — ar na drochlaethanta. Ní bhfaighidh siadsan aon locht ar a bhfuil ar siúl ag Aontachtaithe. Thar aon ní tá an tsoiniciúlacht a bhaineann leis na Caomhaigh i Sasana thar fóir ar fad.
Tá an Taoiseach Cowen agus an Príomhaire Brown i sáinn, dá mba nach raibh go leor ar a bplátaí acu gan an útamáil seo. Agus an méid seo á scríobh tá siad imithe leo abhaile tar éis dóibh foláireamh de chineál éigin a thabhairt go ndéanfaidh siad a socraithe féin mura dtagann an dá thaobh ar réiteach. Céard a tharlós? Beidh fhios ag ár léitheoirí sula mbíonn an t-eagrán seo ar fáil.
Feasta, Feabhra 2010
Abhaile
|
barr
|
clár na míosa seo
|
ar ais
|