Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Aíonna

Urraíocht

Naisc


Duinní agus Spot Lawlor

Gearrscéal le Biddy Jenkinson


Madradh… a dog, a mastiff… m. na bpóirsí, a stray dog; m. uilc, a bloodhound, a dangerous dog… m. crainn, a marten, an animal of the ferret species… m. uchta, a ‘wolf’ or abnormal craving for flesh-meat… nuair a bhíonn do lámh i mbéal an mhadraidh tarraing go réidh í….

——◊——
Chuirtí an-fháilte roimh an Duinníneach i siopa May McGrath ar Bhóthar Sing. Bhíodh tús fáilte sa mhurlán práis snasta ar dhoras an tsiopa, sna pánaí beaga gloine, gan smál, sa doras glas. Dheineadh clog cling bhinn ar oscailt an dorais, agus b’shin, taobh thiar den chuntar, Miss May McGrath — bean mar chách, ach go raibh meangadh gáire ar leith aici, í timpeallaithe ag prócaí lán de mhilseáin den uile dhath.

‘Ó, a Athair, céad fáilte isteach. Fan go gcloisfidh Mam tú bheith anseo!’ D’ísligh sí a glór; bhí doras an tseomra ar oscailt: ‘Tá sí go maith inniu, a Athair!’

Bhí tine istigh, cathaoir uillinn os a comhair, dreoilín de sheanbhean liath suite ann agus í ag cniotáil.

‘Where in the name of God are you going?’ ar sise, nuair a tháinig sé isteach.

‘A lucky lump, a sailor’s chew and a hal’penny worth of bull’s eyes,’ ar seisean, agus rinne an bheirt acu gáire, mar bhí idir dúshlán agus freagra bunaithe ón uair gur tháinig an Duinníneach isteach sa siopa na blianta roimis sin agus í féin taobh thiar den chuntar.

Níorbh fhada go raibh tae ar an mbord agus Mrs. McGrath ag biadán ar a suaimhneas. Ní fhéadfadh go mbeadh toirmeasc na heaglaise ar chlúmhilleadh agus cúlchaint, a chuir teir uirthi de ghnáth, i bhfeidhm agus tú ag caint le sagart. Nárbh ionann ar bhealach é agus bheith ar faoistin?

Chuireadh an Duinníneach an-spéis ar fad san sruth cainte. Ar éigean go gcloiseadh sé na scéalta, b’iad na focail agus na nathanna a mbíodh aird aige orthu. Ba í Bríd Ní Fhlaithearta as Leitir Móir í. Bhí sí ar aimsir i mBaile Átha Cliath nuair a phós sí Ollie McGrath, daichead bliain roimis sin. Ar éigean gur labhair sí Gaeilge ó shin —‘Ollie didn’t like the Irish, Father’ — ach bhí an cúinne beag seo den chathair tiontaithe Gaelach ina ceann aici agus d’insíodh sí scéalta, le sians, i nGaeilge Chonamara.

‘Ar ndóigh, ní inniu ná inné a thosaigh an chonspóid,’ a Athair,’ ar sise. ‘Bhí goimh ag Ger Lawlor agus Michael Breen dá chéile riamh, ach nach gceapfá, ón uair go bhfuil Mr. Breen marbh le breis is bliain, go bhféadfadh Mr. Lawlor éirí as a bheith ag tabhairt a dhúshláin. Ar ndóigh, tá an bhaintreach, Nellie Breen gach pioc chomh ceanndána leis an bhfear céile, go ndéana Dia grásta air. Uaireanta, sílim gurbh ise atá ag adhaint na conspóide.’

‘Tá Mr. Lawlor ag teacht amach as a thigh anois, a Mham,’ arsa May McGrath. (Fágadh scamh ar an doras idir siopa agus seomra i gcónaí.)

‘Rith amach chun na fuinneoige, go bhfeicfidh tú é, a Athair dhil,’ a dúirt Mrs. Bridey McGrath. ‘É féin agus a mhagarlán de mhada beag Gaelach, Spot.’

Bhí fuinneog an tsiopa lán seilfeanna a bhí lán prócaí milseán, ach bhí spásanna fágtha le go mbeadh radharc amach discréideach ar an saol ag máthair agus iníon. Chuir an Duinníneach a smig ar sheilf idir carnation drops agus asses drops. Tigh beag néata bricí a bhí trasna uatha, ceann de shraith, dhá chéim eibhir go doras, an doras féin niamhrach dubh. Bhí oirnéis phráis an dorais faoi smúid áfach.

‘Cailleadh a bhean deich mbliana ó shin,’ arsa May. ‘Ní dócha gur chuir sé snas ar an bprás ó shin.’

Sheas an fear chun a hata a réiteach agus iall a chur ar a mhadra.

‘Sin Spot Lawlor,’ arsa May, a raibh a smig idir aniseed balls agus honeybees.

‘Madra beag deas agus fear breá scafánta,’ arsa an Duinníneach go dúshlánach. Bhí an bhearna fuinneoige ró-íseal dó agus bhí air cúlú go cúramach sular sheas sé i gceart.

‘Is dócha gur gá do na créatúirí scéalta a chumadh i dtaobh gach éinne, iad teanntaithe sa spás beag seo lá i ndiaidh lae agus gan acu ach fuinneog phrócaí milseán acu ar an saol,’ ar seisean leis féin.

‘Rachaidh Ger Lawlor síos Sr. Shaw anois. Déanfaidh Spot a chúram os comhair dhoras tigh Breen, mar a dhein agus Michael bocht beo,’ arsa Bridey.

‘Tá cúpla troigh de ghairdín os comhair na dtithe ar Shráid Leonaird agus ráille idir iad agus cosán. Crochann Spot a chos le comhla an gheata agus fágann sé a fhéirín ar an taobh eile de, áit a luífeadh cos.’

‘Bhuel, bíonn rithim áirithe i gceist sna cúrsaí seo,’ arsa Ó Duinnín. ‘Bíonn ar mhadra fad áirithe a shiúl sula dtagann fonn air agus ansin ní bhíonn de rogha aige ach… ‘

‘Má thosaíonn sé ag bolú thart róluath, tarraingítear chun sprice é.’

‘Gach aon uair?’

‘Go laethúil. Beireann Mr. Lawlor Spot ag siúl gach lá ag a haondéag.’

‘Agus an ndéanann an bhaintreach, Mrs. Breen, gearán leis?’

‘Bíonn sí ag faire amach dóibh. Cnagann sí ar an bhfuinneog.

Ní túisce imithe iad ná go mbeireann sí báisín uisce amach agus go steallann sí anuas ar bhrontannas an lae é.’

‘Agus ní bhíonn náire ar Lawlor?’

‘Ar ndóigh ní bhíonn, a Athair, a chroí. Nach bhfuil fhios aige go mbeidh a chothrom d’fhéirín ar leac an dorais aige féin ar fhilleadh dó agus é níos deacra le bogadh freisin. Bíonn an dara agus uaireanta an tríú buicéad de dhíth.

‘Tá madra ag Nellie Breen mar sin?’

‘Gadhairseach bheag bhán a bhíonn ag tafann de shíor, Queenie.’

‘Queenie?’

‘Bhí Mr. Breen i gcoinne Parnell.’
——◊——
Mar sin a fágadh an scéal. Bhí go leor eile le hinsint ag Mrs. McGrath i dtaobh imeachtaí na comharsanachta agus bhí cluas in airde ag Ó Duinnín d’aon corrchainte nach raibh breactha aige cheana. Ó am go chéile labhair clog an dorais agus d’fhéadfaí glór custaiméara a chlos.

‘Conversationlozengesplease.’

Tháinig May isteach uair amháin ag lorg próca nua coughsweets ón stóras beag taobh thiar den seomra. Bhí an Duinníneach ar tí imeachta nuair a ghlaoigh May chuig poll na fuinneoige é.

‘A Athair, tá Nellie Breen agus Queenie ag druidim le doras Mr. Lawlor.’

Chrom an Duinníneach arís. Trasna an bhóthair uaidh bhí bean a bhí gléasta le slacht. Seachas cóta bréidín a raibh cruth an úinéara curtha air le himeacht ama, agus hata feidhmiúil neamhuaillmhianach a bheith á gcaitheamh aici, bhí bairéad geal gorm uirthi agus cóta bán.

‘Bhí sí riamh péacach,’ arsa May agus iarracht de léirmheastóireacht ina guth. ‘Ní foláir nó go bhfuil an seasca aici.’

Bhí sí ag siúl go tapaidh, an madra beag bán ag deifriú roimpi, ag rince, gur shroiseadar doras Mr. Lawlor. Stop Queenie ansin agus chuir sí tóin le talamh faoí thrí os comhair an dorais, amhail is dá mbeadh sí á pógadh.’

‘Sílim go dtugann Nellie Breen rud éigin di chun í a choinneáil scaoilte,’ arsa May. ‘Ní chuirfinn thairsti é.’

‘Nach iontach, ildaite, ildánach an dream iad pobal Dé, mar sin féin,’ arsa an Duinníneach go subhach.
——◊——
Ní dheachaigh an Duinníneach an bealach sin arís go ceann dhá ráithe. Ansin, nuair a bhuail sé isteach fuair sé May McGrath agus a máthair mar ar fhág sé iad. Cuireadh an fháilte chéanna roimis. Ba léir go raibh an-fhonn cainte ar Mrs. Bridey McGrath. Ar éigean suite cois tine i gcúl an tsiopa é ná gur luigh sí isteach ar scéal Spot.

‘Maidir le Ger Lawlor agus Nellie Breen, tá cúrsaí imithe chun donais ar fad, a Athair. Ní mé nach bhféadfá rud éigin a dhéanamh ina dtaobh? Tá an chomharsanacht ar fad trí chéile acu. Is baolach go dtarraingeofar an dlí isteach sa scéal mura ndéantar réiteach.’

‘Dá gcuirfinnse ladhar sa scéal,’ arsa an Duinníneach, ‘thiocfaidís araon im’ dhiaidh, agus an cheart acu. Cén chasadh nua atá sa scéal?’

‘Bhí Nellie Breen amuigh sa phrochóigín de ghairdín atá aici chun tosaigh. Níl ag fás ann ach tom pribhéide amháin a líonann an spás ar fad. Bhí an deimheas aici agus í ag gearradh léi, nuair a tháinig Billy an búistéir ar a thimpeall. Níor stad sí den bhearradh. D’iarr sí air an lorga uaineola, a bhí ar ordú aici, a chur ar an seastán sa halla. ‘

‘Bhí an doras tosaigh ar oscailt?’

‘Ar an gclipe; ar ndóigh, bhí sí i ngiorracht cúpla troigh de, ach í sáite sa tom. Nuair a chuaigh sí isteach sa tigh, deich neomat níos deireanaí, ní raibh aon rian den phaicéad feola sa halla, ach bhí rian lapaí ar an urlár.’

‘Leag sí milleán ar Spot Lawlor?’

‘Chonaic Mrs. Fitz Spot ag dul abhaile agus paicéad bán ina bhéal aige, agus thug sí an scéal do Mrs. Breen, a chuir a hata uirthi féin agus a thug Mrs. Fitz léi mar fhinné gur ionsaigh sí an tigh trasna uainn. Bíonn Nellie Breen agus Ger Lawlor béalbhéasach le chéile fiú agus iad ag sciolladh a chéile, tá’s agat. Agus rinne siad sciolladh. Chonaiceamar ar tharla, ach níorbh fhéidir linn iad a chloisint. Mrs. Fitz a thug an scéal ar ball dúinn.

‘De réir Mrs. Fitz, dhein Nellie Breen comhbháigh le Ger Lawlor as a bheith chomh bocht san go raibh air Spot a sheoladh amach ag goid feola thar a cheann. Shéan seisean go raibh Spot i ndiaidh a bheith amuigh in aon chor, agus thug sé isteach iad go bhfeicfidís Spot ina shámhchodladh os comhair na tine.

‘D’éirigh Mrs. Fitz amhrasach ansin as a raibh feicthe aici: b’fhéidir nach raibh ann ach go bhfaca sí madra cosúil le Spot. Níor dhein Nellie Breen ach a srón a chur san aer agus siúl abhaile. An lá dar gcionn thit an lug ar an lag. Bhí Nellie ag teacht abhaile ó Aifreann a deich agus rug sí ar Spot Lawlor ina gairdín tosaigh agus cnámh á chur aige faoin gcrann pribhéide, cnámh lorga caorach.’

‘Braithim comhbháigh áirithe le Lawlor. Is féidir liom a shamhlú gur bhain sí adhmad as an gcnámh sin.’

‘Rug sí ar Spot agus thug sí isteach sa tigh é. Ní bheadh fhios ag éinne é ach go bhfaca Mrs. Delemere, a comharsa béal dorais, í.

Bhí Spot á chuardach i ngach áit an tráthnóna sin. Tháinig Ger Lawlor isteach anseo agus é trí chéile. Ní raibh aon tuairim ag éinne cad d’imigh ar Spot gur spreag coinsias Mrs. Delemere í agus gur inis sí do Lawlor go m’fhéidir go mb’fhiú dó labhairt le Nellie Breen.’

Chnag Lawlor ar a doras. Freagra ní bhfuair sé. Chnag sé in aghaidh na huaire gan freagra a fháil ach madraí a bheith ag tafann istigh, agus é deimhin de gur aithin sé glór Spot. D’inis Mrs. Delemere dó go bhfaca sí Spot i ngairdín cúil Mrs. Breen.

An oíche sin dhreap Ger Breen isteach i ngairdín cúil Mrs. Breen ag súil go mbeadh Spot sa tseid. Ní raibh. Mar bharr ar an donas ní raibh ar a chumas dreapadh amach arís agus bhí air dreapadh isteach i ngairdín mhuintir Delemere chun éalaithe, agus Nellie Breen, a ceann lán catóirí, ag féachaint trína fuinneog air go buach.

‘An fear bocht. Sáraíonn bean an diabhal!’

‘Ach fan go gcloisfidh tú, a Athair! An lá dar gcionn tháinig Queenie, agus í ar iall ag Nellie Breen, suas anseo, mar is gnáth chun cúram a dhéanamh ar leac dorais Lawlor.’

‘Nach mór an coráiste a bhí aici.’

‘An toice! Ach an uair seo bhí an doras tosaigh ar oscailt. Ar ndóigh, mar a dhéanfadh madra ar bith, chuir sí srón isteach. I bpreabadh na súl bhí an doras druidthe agus gan fágtha i lámh Mrs. Breen ach a ceann féin den iall. Shíleas féin agus May nach mbeadh deireadh riamh leis an ionsaí a dhein Nellie ar an doras. Ní raibh aon mhaith ann. Níor osclaíodh é. Bhí uirthi dul abhaile.’

‘Agus an mar sin atá cúrsaí anois?’

‘Chuaigh Mrs. Delemere agus Mrs. Fitz, in éineacht, chun cainte leis an Athair de Filde, thíos in Eaglais Chaoimhín. Thug seisean cuaird ar Mrs. Breen agus ní bhfuair sé uaithi ach bladar milseánta.

Bhí madra beag ait aici a bhí bearrtha go craiceann, geall leis, agus spotaí donna air in áiteacha nach raibh spota riamh ar Spot, ‘Spats’ a thug sí air.

Ansin thug an tAthair de Filde cuaird ar Ger Lawlor agus bhí madra beag rua baineann aige ar thug sé ‘Queequeeg’ uirthi. ‘

‘An dtéidís ag siúl leis na madraí ‘nua’ seo?’

‘Is cinnte nár tugadh amach i rith an lae iad. Síleann May go bhfaca sí Lawlor agus an madra rua ag dul amach istoíche cúpla uair.

Luaigh mé leis an Athair de Filde go dtagann tusa, a Athair, ar cuaird chugainn ó am go chéile. D’iarr sé go racfá isteach chuige. Shíl sé go mbeadh gá le scileanna bleachtaireachta….’

‘Níor tháinig fear eadrána slán riamh,’ arsa an Duinníneach go dubhach.

‘Tabharfaidh tú faoi, mar sin féin, a Athair? ‘
——◊——
Ar an Satharn dar gcionn d’iarr an tAthair de Filde ar Penny Mulvehill, bean tí Teach na Sagart, tae ardthráthnóna do cheathrar a chur ar fáil sa pharlús; soláistí beaga deasa agus — go heisceachtúil — dhá chnámh smeara ón mbúistéir. Níorbh annamh an cupán tae mar uirlis ag an Athair de Filde nuair a bheadh air duine éigin a mhealladh chun dul ar choiste, nó, níos minicí fós, duine a bhréagadh de choiste.

‘Scónaí agus ceapairí.’

D’aontaigh de Filde. Níor iarr sé go mbeidís beag néata mar cheapairí agus mar scónaí, ná níor iarr sé go mbeadh an tae te. Cad ab áil dó san? Bheidís mar a bheidís.

Threoraigh Mrs. Mulvehill Mrs. Nellie Breen isteach i bparlús an tsagairt, a madra beag ‘Spats’ lena sála. Chuir an tAthair de Filde an Duinníneach in aithne di.

‘Bhfuil a fhios agat, a Athair Uí Dhuinnín,’ ar seisean ‘gur dhein Mrs. Breen an-ghaisce le deireanas. Ná habair tada, Nellie, lig dom a insint don Athair Pádraig conas mar ar chuir tú deireadh le seanfhalltanas.

‘An dtugeann tú, a Athair Pádraig, go raibh beirt fhear mhaithe ar an bparóiste seo a bhíodh de shíor in adharca a chéile. Ger Lawlor agus Michael Breen, go ndéana Dia grásta air. Fiú nuair a cailleadh Michael, lean Ger ag cur isteach go neamhchomharsanúil, neamhcharthanach ar Nellie. Tá sé agam ó na comharsain go ligeadh sé dá mhadra, Spot,’ — tafann ó Spats — ‘céimeanna Mrs. Breen a shalú, gadaíocht a dhéanamh ar a cuid bia, tochailt ina gairdín… ‘liosta le lua’ — mar a deir siad sa rang Gaeilge — de rudaí míthaithneamhacha. Mar bharr ar a chuid bligeardaíochta … agus bíodh a fhios agat, a Athair Pádraig, nach ó Nellie a chuala mé an scéal seo ach ó May McGrath, d’fhuadaigh Ger Lawlor an madra beag bán a bhí ag Nellie, ‘Queenie’.’

‘An scaibhtéir!’ arsa an Duinníneach agus uafás air. ‘Dhein tú é a thuairisciú dos na póilíní, a bhean chóir?

‘Bheadh sí i dteideal san a dhéanamh. Gan amhras, bheadh sí i dteideal san a dhéanamh,’ arsa de Filde, go tomhaiste. ‘Ach seachas sin — mar a dhéanfadh fíor-Chríostaí a d’fhaigheadh leiceadar ó námhaid, níor dhein sí ach an leiceann eile a thabhairt air. ‘

‘A bhean chroí!’ arsa Ó Duinnín, ag cimilt meala. Bhí cuma an-mhíchompórdach ar fad ar Nellie. Ba léir go raibh fonn cainte, fonn faoistine, fonn mínithe uirthi, ach níorbh shin a bhí ón mbeirt a bhí á bréagadh.

‘Níor dhein Nellie gearán ná achasán. Lig sí Queenie leis. Thug sí baile don mhadra beag mísciamhach seo. Cad is ainm dó?’

‘Spats, a Athair. Ach…’

‘Ní haon Queenie é, ach éireoidh tú ceanúil air in imeacht ama, a Nellie, agus beidh sé de shólás agat gur dhein tú an rud ceart.’

‘Ní…’

‘Beidh orm imeacht, Nellie. Tá Ger Lawlor, an fear bocht a bhí faoi chaibidil againn, a Pádraig, im’ oifig. Tá a shuailcí féin aige, a Phádraig. Togha chisteora. Tá na cúntaisí le tabhairt dom don uair dheiridh aige, an créatúr. Tá súil agam go mbeidh duine éigin le moladh aige mar chomharba air féin.’

‘Bhfuil sé ag éirí as?’a d’fhiafraigh an Duinníneach agus de Filde i mbéal an dorais.

‘Och, Ger bocht! Á bhuel, ní buan d’éinne againn.’

‘ Bhfuil sé breoite?’

‘Bhuel, cuirimis mar seo é, a Phádraig. B’fhéidir nach rófhada go bhaighidh Nellie a madra beag féin ar ais.’

D’imigh sé amach an doras.
——◊——

Níor thug an Duinníneach faoi deara, déarfá, go raibh Nellie Breen trí chéile. Labhair sé go béasach i dtaobh na haimsire, áilleacht an cheantair, bruach na canála mar bhua don té bheadh siúlach. Agus bhí sé de shólás aige nár chuala sí focal.

‘Beidh orm labhairt leis an Athair de Filde,’ ar sise ar deireadh agus deora léi.’

‘Ní anois, ní anois, a bhean chóir,’ arsa an Duinníneach.

‘Fuaireas leid beag éigin ón Athair de Filde gur le gean duit a sciob Lawlor do mhadra, go bhfuil grá faoi rún aige duit le fada. Ní hé seo an t-am chun… chun a bhfuil caillte aige a mheabhrú dó.’

‘Ó,’ arsa Nellie agus tháinig cuma eile ar fad ar a haghaidh.

B’fhéidir gur loinir gréine trín bhfuinneog ard a luigh uirthi. Lean an Duinníneach ag caint. D’aithris sé dán de chuid Eoghain Rua. An chéad uair riamh, b’fhéidir, nár tugadh éisteacht d’Eoghain an bhéil bhinn….

‘Deich neomat,’ a gheall de Filde dó an mhaidin sin. ‘Tabhair dom deich neomat chun an cleas céanna a imirt ar Ger.’

‘An mbeidh tú in ann a thabhairt le fios dó go bhfuil sise ag éirí as coiste éigin ar bhonn sláinte?’

‘Rúnaí an aonach saothair í le cianta.’
——◊——
Bhí ceathrú uair a chloig istigh faoin am gur thionlaic de Filde Ger Lawlor agus madra beag rua isteach sa pharlús.

‘Ólaimis tae le chéile mar a dhéanfadh daoine macánta,’ arsa de Filde.

‘Deoch an dorais,’ arsa an Duinníneach go dubhach.

Mhúch sceitimíní na madraí a ghlór. Rith an madra beag rua chuig Nellie. Rith an bearrachán breac chuig Ger. Thug an dá mhadra srón dá chéile. Ansin d’fhill siad araon ar na daoine ar tháinig siad isteach leo.

Sheachain de Filde agus Ó Duinnín súile a chéile. Tháinig Mrs. Mulvehill isteach leis an tae.

‘Mrs. Breen, a théagair, an scaoilfeá amach an tae dúinn,’ arsa de Filde. ‘Tá cúpla rud le réiteach agam — faoi dhiscréid, tá’s agat — leis an Athair Pádraig.’

Cé go raibh an bheirt shagart gafa, a ndroimeanna leis an gcomhluadar, ag an gceann eile den seomra, ba léir dóibh ón siosarnach cainte go raibh comhrá ar siúl taobh thiar díobh.

‘Leathneomat eile!’ arsa an Duinníneach a bhí i mbun stáitsithe.

‘Mura bhfuil an beart déanta anois, a Phádraig, tá teipthe air,’ arsa de Filde agus iad ag filleadh ar an mbord.

Níor thug ceachtar acu faoi deara, mar Dhia, go raibh greim láimhe ag an mbeirt namhad ar a chéile.

‘Och!’ arsa de Filde agus é ag breathnú ar cheapairí suibhe a raibh orlach ar thiús iontu.

Ghlan Ger Lawlor a scórnach.

‘Beidh deireadh le gach aighneas i dtaobh madraí,’ ar seisean le de Filde.’Feasta beidh Mrs. Breen agus mé féin síochánta comharsanúil.’

‘Pósfaidh sibh,’ arsa an Duinníneach.

‘Pósadh!’ arsa Nellie. ‘Táim róshean! Bheadh daoine ag magadh!’

‘Ní féidir le seanchancarán mar mé féin bheith ag dréim go bpósfadh spéirbhean é,’ arsa Lawlor.

‘Beidh oraibh bheith in aon tíos más mian libh go bhfanfadh bhúr madrai lena n-úinéirí féin,’ arsa an Duinníneach,’agus ba mhór an scannal sibh a bheith in aon tíos gan a bheith pósta.’

Roghnaigh Spot an neomat seo chun a shearc a chur in iúil do Queenie.

‘Bí sásta liom, is pós mé,’ arsa Jer le Nellie.

Do phóg sí is do phrásáil sí é agus ansin do rug sí barróg ar na sagairt.

‘Níorbh fhearra rud a dhéanfadh sibh ná iarraidh ar an Athair de Filde na bannaí a léamh amárach.’

Bhí na leannáin óga-aosta ag breathnú ar a chéile agus fáinne an lae thart orthu.

‘Fáinne anseo sa tarraiceán agam a dhéanfadh cúis mar fháinne gealltanais, go bhfaighidh sibh ceann ceart,’ arsa de Filde agus fáinne a thit anuas den chuirtín á aimsiú aige.

‘Déanaimis é!’ arsa Lawlor.

‘Ó Ger!’ arsa Nellie agus shín sí méar an fháinne chuige.

Shiúil siad amach in uillinn a chéile agus an dá mhadra ina ndiaidh agus rinne na sagairt iad a chomóradh chomh fada le tigh Nellie.

Lean an Duinníneach agus an tAthair de Filde ar aghaidh go siopa McGrath.

‘Ní foláir an scéal a scaipeadh,’ arsa an Duinníneach. ‘Ar eagla go dtiocfadh sceimhle orthu agus go gcúlóidís roimh mhagadh na muintire.’

‘Á, tá croí sa phobal i gcónaí. Déanfar comóradh agus ceiliúradh.’

‘N’fheadar, a Phádraig, an raibh sé de cheart againn in aon chor cleas mar sin a imirt orthu?’

‘Ar ndóigh, ní raibh. Ach mura ndéanfadh duine éigin é, bheidís mar Beatrice agus Benedik go deireadh ré.’

‘Céard a déarfas siad nuair a thuigfidh siad nach bhfuil bagairt bháis ar cheachtar acu ach mar a bhíonn ar gach éinne?’

‘Ní dúramar tada.’

‘Tabhairt le fios; an bréag é?’

Mrs. McGrath, rud ab annamh anois, a bhí i mbun na milseán.

‘Where in the name of God are you going?’ ar sise de scairt, leis an Athair Pádraig.

‘Cá bhfios dom a bhean chóir… ach beidh fizz bags agus cúpla lucky dip ag an mbeirt scéiméirí seo. Inseoimid críoch scéal mhadra an dá eireaball duit féin agus do May.’

‘Dea-chríoch a bheidh le tuairisciú agat gan amhras, a Athair. Ar ndóigh bhí an bheirt sin i ngrá le chéile le fada. Níor ghá ach beagáinín bleachtaireachta chun an scéal a chur ina cheart,’ arsa Mrs. Bridey.

‘Ach an íde a thugadar dá chéile!’ arsa de Filde.

‘Is fearr an t-imreas ná an t-uaigneas,’ arsa an Duinníneach,

‘Bullseye!’ ar sise.

Feasta, Iúil 2010

Abhaile | barr | clár na míosa seo | ar ais