Céard é seo?
An t-eagrán is déanaí
Cartlann
Comórtas
Ordú
Teagmháil
Cóipcheart
Údar-lann
Aíonna
Urraíocht
Naisc
|
An Caighdeán - An Séimhiú srl.
le Brian Ó Baoill
Tá an-imní orm faoin gcaoi a bhfuil Coiste Stiúrtha an Aire ag tabhairt faoin gCaighdeán Nua seo. Níor chuala mé aon fhocal faoin mbunchuspóir. ‘Tuige Caighdeán Nua?’
Léiríonn an chéad cheist a chuir Coiste an Aire ar an bpobal, ‘Tuairimí faoin séimhiú’go bhfuil an-bhaol ann gur ag placadh timpeall na n-imeall atá sé, seachas dul isteach go dtí croí na ceiste, ‘Céard é atá ann, cén cuspóir a bhí leis, céard é an ‘cuspóir bunúsach’ atá leis an gCaighdeán Nua seo?’
Im thuairimse, is cur amú ama é comhchaighdeán idir na canúintí a chumadh. Ní bheidh ann ach praiseach eile anuas ar an bpraiseach atá ann cheana féin. Ach óna bhfuil cloiste agam ón gCoiste, sin é go díreach atá i gceist. Comhghéilleadh! Toradh: Na mílte rialacha, forialacha, eisceachtaí, lán de ‘Is gnáth’
Tá na rialacha sa Chaighdeán Oifigiúil deacair le tuiscint de ghnáth agus dothuigthe go minic, gan trácht ar na heisceachtaí agus ar an éiginnteacht atá ag dul leo. Mar shampla, tá na rialacha a bhaineann leis na hábhair seo a leanas breac le habairtí a léiríonn éiginnteacht, neamhrialtacht, agus amhras, agus ní eisceacht amháin a bhíonn ann, ach sraith d’eisceachta faoi gach ceann díobh:
I gcás AIDIACHTAÍ tá ‘Is gnáth,’ ‘Go hiondúil,’ ‘Ach amháin’ 3 huaire; ‘Más ionann,’ ‘Murab ionann,’ ‘De ghnáth;’ ‘Is féidir,’ ‘Comhúdáras,’ móide 18 Sraith d’éisceachtaí.
UIMHREACHA: ‘De ghnáth,’ 3 huaire, ‘Ach,’ ‘Is gnáthaí,’ ‘Is féidir,’ ‘Muna mbíonn.’ (Dar ndóigh tá rialacha na n-uimhreacha áiféiseach gan trácht ar na heisceachtaí).
BRIATHAR: ‘De ghnáth,’ 6 huaire, ‘Ach amháin,’ ‘Go hiondúil,’ ‘I bhformhór,’ ‘Ní minic.’
AINMFHOCAIL, ‘Ach amháin,’ ‘Seachas,’ ‘Mura,’ ‘Is iondúil,’ ‘Ní gnáth,’ móide 25 Shraith d’eisceachtaí.
FOIRM an AINMNigh in ionad an GHINIDIGH. ‘Is iondúil,’ 4 huaire, móide 5 Shraith d’eisceachtaí.
Níl na samplaí seo thuas cuimsitheach ach tugann siad leid. Cén chaoi a fhéadfaí a rá gur ‘Caighdeán’ a leithéid?
Ceann de na buntreoracha a tugadh don choiste a chuir an Caighdeán Oifigiúil 1958 ar fáil ab ea: ‘An rialtacht agus an tsimplíocht a lorg.’
Is dóigh go gcaithfear glacadh leis gur mar thoradh ar an gcomhghéilleadh a rinneadh idir na canúintí, agus ar chomhghéillte eile b’fhéidir, a tharla cuid de na deacrachtaí agus de na heisceachtaí atá ann.
Dúirt Niall Ó Domhnaill ina leabhar ‘Forbairt na Gaeilge’: ‘Is cosúil teanga le habhaill (crann úll). Is é an bás di scaradh lena préamhacha, ach is troimide a toradh na géaga a bharradh aici.’ ‘Caithfidh an Ghaeilge a heirí a chur di.’ I measc na n-eirí luanann sé tá ‘cúigeachas, canúnachas.’ Seo a dúirt sé faoi Ghaeilge Bhaile Átha Cliath:–
‘Tá céad locht uirthi mar oidhre ar an teanga dhúchais, ach tá buaidh mhillteanach amháin aici thar Ghaeilg na Gaeltachta; tá sí á beathú féin ó mhaidin go hoíche. Alpaire craosach focal atá inti. Tá sí óg, agus tá sí ocrach, agus is cuma sa donas léi ach slugadh inti agus fás...ach...Má threigeann sí a gaol le teanga na Gaeltachta is dual di imeacht as cineál.’
Dúirt sé:
‘Tá an Ghaeilg i gcónaí ag fáil bháis againn. Níl sí inleighis ach caithfear tarrtháil a thabhairt uirthi. Fuair sí bás leis an Aistriúchán. Fuair sí bás leis an Chló Rómhánach. Fuair sí bás leis an litriú nua. Gheobhaidh sí anbhás le leasú gramadaí. B’fhéidir go dtabharfadh sin chuici féin í.’
B’in sa bhliain 1951. Rinne an leasú gramadaí sa Chaighdeán Oifigiúil maitheas. Ach ní raibh ann ach an chéad chéim. Faoi Choiste an Aire Carey atá sé an chéad chéim eile a ghlacadh.
Rud beo is ea teanga. Is ón chaint a thagann an gramadach i dtosach. Ach brúitear gramadach ar theangacha chomh maith ar ball. Taitníodh nó ná taitníodh sin linn, athraíonn teangacha. Ní cóir dúinn a bheith buartha faoi ‘dhroch-Ghaeilge’. As ‘droch-Ghaeilge’ tiocfaidh ‘dea-Ghaeilge’. Céard as a dtáinig an Iodáláis, an Fhraincis, an Spáinnis?
Níl aon amhras ach gur ar Ghaeilge mar a labhartar í sa Ghaeltacht a bhunófar cibé caighdeán a chumfar. Is í Gaeilge na Gaeltachta an dúshraith ar a dtógfar an Caighdeán. Ach, chun é sin a dhéanamh, beidh gá le cinntí, cinntí a thabharfaidh córas loighciúil, leanúnach, cuimsitheach, gan eisceachtaí, gan aon ‘de ghnáth’, gan aon ‘go hiondúil’, nó aon amaidí dá leithéid, ann. Rialacha gur rialacha iad atá de dhíth. Ní cóir a bheith ag caint faoi ‘chomhghéilleadh’. Ní ‘comhghéilleadh’ atá de dhíth, ach caighdeán atá bunaithe ar an dúshraith Ghaeltachta. Cead ag chuile dhuine sa tír, sa domhan, a leabhar a scríobh ina bhealach féin. Cead ag chuile dhuine labhairt mar ba mhian leis. Mar a dúirt Niall Ó Domhnaill, ‘tiocfaidh an inspioráid aniar’ ach ‘tiocfaidh athfhás na Gaeilge as na cathracha móra, agus ó dhaoine díograiseacha aonaracha ar fud na tíre...’
Tá teipithe ar an iarracht labhairt na Gaeilge a leathnú ar fud na tíre. Tuige? Tá cúiseanna éagsúla. Aineolas agus, dá thoradh sin, neamhspéis daoine, agus dá thoradh sin neamhspéis an Rialtais, mar cheann amháin. Múintear í i scoileanna, ach gan toradh fiúntach. Baineann cuid mhór daoine triail as í a fhoghlaim, ach éiríonn cuid mhór díobh as. Ró-dheacair. Ró-chasta.
Freagra? Foghlaim na Gaeilge a dhéanamh níos éasca. Cén chaoi? (1) An gramadach a shimpliú go mór. (2) Gan eisceachtaí nó éiginnteacht a bheith ag baint leis an ngramadach simplithe sin.
Ní mór teacht ar aon tuairim faoin bhfadhb, nó na fadhbanna, mar thús.
Céard iad na riachtanais? Céard é atá uainn? Go mbeidh pobal na tíre in ann an Ghaeilge a fhoghlaim, a labhairt agus a léamh? An gcabhródh caighdeán intuigthe leis na riachtanais sin? Cén cineál caighdeáin atá ag teastáil chuige sin? An bhfuil riachtanais eile ann? Mar shampla, caighdeán intuigthe loighciúil gramadaí dóibh siúd a bhfuil Gaeilge líofa acu agus ar mhian leo feidhm a bhaint as an nGaeilge mar theanga chumarsáide, litríochta, ghnó, agus eile? An féidir an dá chuspóir sin a chuimsiú in aon chaighdeán amháin?
B’fhéidir gur féidir, ach an gramadach a bhaineann le gach cuid den teanga a shimpliú, a lomadh, agus glacadh leis an riail lomtha sin amháin, gan eisceacht, gan éiginnteacht, i ngach cás, agus trí gach ní nach bhfuil riachtanach do thuiscint na teanga a ruaigeadh.
Ní hionann (de réir Uí Dhomhnaill; ní ionann, de réir An Chaighdeáin Oifigiúil) sin agus lagú nó tanú na Gaeilge, labharfaidh daoine agus scríobhfaidh siad mar is mian leo, mar a rinne riamh, ach beidh caighdeán ann d’fhoghlaimeoirí, do scríbhneoirí a scríobhann d’fhoghlaimeoirí, do gach cáipeis ón tSeirbhís Phoiblí, agus ar fáil d’irisí agus nuachtáin, agus d’aon duine eile gur mian leo go dtuigfeadh an foghlaimeoir é nó í.
D’fhéadaí ‘An Litriú Caighdeánach’ a thabhairt ar a leithéid.
An gcoscfadh An Litriú Caighdeánach daoine ó leabhair a scríobhadh sa Litriú Réamhchaighdeánach a léamh? Ní choscfadh. Ní bheadh ann ach dul in oiriúint don chló sin, mar is féidir le léitheoir an lae inniu dul in oiriúint don litriú roimh an gCaighdeán Oifigiúil nó in oiriúint don scríbhneoireacht siar go dtí leithéid Seathrún Céitinn san 17ú haois. San aois roimhe sin, b’fhéidir go mbeadh gá le cúnamh, b’fhéidir nach mbeadh.
Ach go leor daoine a bheith in ann An Litriú Caighdeánach a léamh, bheadh éileamh ar leaganacha de sheanleabhair, agus ar leabhair nua san litriú sin.
Maidir leis an gceist seo faoin séimhiú: b’fhéidir gur maith linn é, mar go séimhíonn sé, agus go bhfuil sé sean, agus go bhfuil cleachtadh againn air, ach ní riachtanas é.
Mar is eol dúinn, gnás é an séimhiú a bhí, agus atá, ag na Ceiltigh. Agus iad ag caint, shéimhigh siad consan ar bith a raibh guta ar an dá thaobh de. Agus séimhíonn muide consain nach mbíonn guta ar an dá thaobh de, nó nach bhfuil guta in aice leis ar chor ar bith, de bhrí go mbíodh, nó go mbeadh. Níor séimhíodh na consain sa scríbhneoireacht sa tseanGhaeilge ag an tús, ach d’fhás an nós. Is dóigh go bhféadfaí a rá gur nós nach riachtanach é. D’fhéadfaí é a fhágáil as an scríbhneoireacht gan aon dochar a dhéanamh. Cead ag daoine é a úsáid sa chaint agus i scríbneoireacht nach scribhneoireacht sa Litriú Caighdeánach í.
Tá rudaí eile nach mór a fhágáil ar lár, mar atá déanta ag cainteoirí áirithe Gaeltachta agus daoine nach iad, más mian linn go bhfoghlaimeoidh, agus go n-úsáidfidh daoine, an teanga. B’fhearr a bheith réabhlóideach, dána agus buach, ná cúramach, coimeádach agus cloíte.
Feasta, Iúil 2010
Abhaile
|
barr
|
clár na míosa seo
|
ar ais
|