Céard é seo?
An t-eagrán is déanaí
Cartlann
Comórtas
Ordú
Teagmháil
Cóipcheart
Údar-lann
Aíonna
Urraíocht
Naisc
|
Dán le Bernadette Nic an tSaoir
FEAR AN TAMBÓIRÍN
In ómós do Bob Dylan
Lean ort a Thrúbadóir
A Bhob an Tambóirín
Is cuir ar snámh cuimhní
Mí Bhuí Bealtaine fadó
Is sinn go léir faoi thalamh
In íoslach Sráid Líosáin
Idir dhá uisce ar maos
Ag éisteacht le monabhar
Ón long faoi dhraíocht
Ag teacht i dtír i seasca cúig
Ar thuairt is rabharta
Ag dul ar bord tonn reatha
D’fhág sinn go léir slán beo.
Bhí sí ann Ramona bhí go deimhin
Is an stuaire breá do luigh le hais
Tine adhmaid a phléasc ina caor
On a Night like This
Is bhí sí sínte le do thaobh
Louise nó Visions of Johanna
Go dtí nach raibh ar dhroim an tsaoil
Ach billiúin ghráinní den ghaineamh geal
Ag séideadh leo gan fál gan bhac
Go dtí Claí Mór na Réaltaí thall
Fear grinn an saol ar strae gan dabht
Ní fiú an rith i ndiaidh an scátha
Luigh siar is lig don lá más maith….
Tá seanchloigíneacht maidin mhoch
Dár ndúiseacht ón dtámhnéal
A luíonn ar long gan chóir
Nach bhfuil ag dul in áit ar bith
Ach síos go doimhin san anam beo
In uachais croí go tóin poill
Ag feitheamh gan suan
Le brúchtadh mór a d’fhás
Le pléascadh i seasca hocht….
Seo chugainn an Trúbadóir gan cháim
Do riar ár gcás Mí Bhuí
Is Dia leat go deo na ndeor
A Fhear an Tambóirín.
Feasta, Iúil 2010
Abhaile
|
barr
|
clár na míosa seo
|