Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Aíonna

Urraíocht

Naisc


- - Seachnaímis na déithe bréige! - -

An cuimhin le haon duine beo an Dréacht-Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge? Glactar leis go bhfuil sé ar bord fós ag an gCoiste Comhairleach ar ar cuireadh mar chúram é, agus go bhfillfidh sé ar ball faoi bhráid an chomhchoiste Dála a bhíonn ag plé leis an nGaeilge agus leis an nGaeltacht. Is fíor gur dhein an comhchoiste sin plé éifeachtach uirthi an chéaduair a tháinig sí os a gcomhair.

Bhíothas go mór i ndóchas go ndéanfadh an Straitéis leas na Gaeilge nuair a foilsíodh í i mí na Samhna seo caite. Ba dheacair a shamhlú go bhfuil an dóchas céanna ann inniu, ag féachaint dúinn ar an gcíor thuathail ina bhfuil cúrsaí polaitíochta faoi láthair, gan trácht ar an drochstaid ina bhfuil ár gcúrsaí eacnamaíocha.

Is é a thagann chun cuimhne anois maidir leis an Straitéis ná an bhéim a leagadh ar mhúineadh na Gaeilge sa chóras oideachais, agus go háirithe ar an deimhniú a tugadh go leanfadh sí mar ábhar riachtanach sa chóras sin go dtí leibhéal na hArdteistiméireachta.

Más fíor go bhfuil tábhacht leis an deimhniú sin, is maith atá a fhios againn go bhfuil sé go mór in amhras go mbeidh an rialtas a rinne cúram den Straitéis i gcumhacht chun í a chur i ngníomh. Is eol dúinn, chomh maith, an dearcadh a léirigh Éanna Ó Cionnaith, atá ar ais go teann ina cheannaire ar Fhine Gael, maidir le riachtanas na Gaeilge i scrúdú na hArdteistiméireachta.

Mar bharr air sin is cosúil go bhfuil sé beartaithe deireadh a chur le hOllscoil Náisiúnta na hÉireann, agus má tharlaíonn sé sin bheadh sé go mór in amhras go leanfaí leis an riachtanas a bhí ann go dtí seo go mbeadh an Ghaeilge ina hábhar iontrála sna coláistí a tháinig faoi scáth na hOllscoile Náisiúnta.

Go giorraisc, tá an teanga dúchais go mór faoi bhrú sa chóras oideachais i gcoitinne, agus in ainneoin na Straitéise a raibh oiread dóchais aisti, is deacair gan a bheith imníoch faoi conas mar rithfidh léi, má bhaintear ó pé stádas atá aici faoi láthair sa chóras sin.

Bhí alt le déanaí ar an Sunday Business Post faoina raibh le rá ag stiúrthóir bainistíochta na comhlachta ilnáisiúnta Hewlett Packard faoi chúrsaí gnó anseo in Éirinn, agus conas mar a fheileann ár gcóras oideachais do na cúrsaí sin. Gan amhras bhí barraíocht ama á chaitheamh leis an nGaeilge: nárbh fhearr breis ama a chaitheamh le Sínis!

Níl aon ní chomh tábhachtach i súilibh na gcomhlachtaí seo ná go mbeadh gach gné de shaol na tíre curtha in oiriúint dóibh, pé acu an cúrsaí pá a bhíonn i gceist nó cúrsaí teanga. Mura mbíonn tuarastail íseal go leor nó róbhéim ar Ghaeilge, cá bhfios nach mbaileodh siad leo go dtí an tSín! Nach mbeadh sé le foghlaim ón staid ina bhfuil an eacnamaíocht ar fud an domhain nach miste a bheith in amhras faoi na comhlachtaí seo agus a gcur chuige? Seachnaímis na déithe bréige.

Feasta, Iúil 2010

Abhaile | barr | clár na míosa seo