Céard é seo?
An t-eagrán is déanaí
Cartlann
Comórtas
Ordú
Teagmháil
Cóipcheart
Údar-lann
Aíonna
Urraíocht
Naisc
|
Smaointe Polaitíochta
Saol guagach go cúilín seamhrach le Seán Ó Loingsigh
Tá dóthain den fhreagracht maidir leis an ngéarchéim eacnamaíoch leagtha go díreach ar an rialtas sna tuarascálacha seo …
——◊——
Is minic tagairt déanta anseo do shaol guagach na polaitíochta, ach is beag má mhíníonn guagacht an t-ionsaí gan choinne a rinne a bhinse tosaigh féin ar Éanna Ó Cionnaith mar cheannaire ar Fhine Gael. Tá oiread ráite agus scríofa faoi chomh hobann is a tharla an t-ionsaí, agus an mhíthráthúlacht agus amscaíocht ar leith a bhain leis, gur deacair a thuiscint cén spreang a bhuail oiread sin de bhaill shinsearacha an pháirtí.
I ndeireadh na dála féachann sé gur scaoll ba mhó a bhí i gceist, agus gur pobalbhreith amháin a spreag an scaoll sin. Má chuaigh an Lucht Oibre cúpla céim chun cinn ar Fhine Gael sa phobalbhreith ba dhéanaí, is ar éigean a rithfeadh le duine réasúnta gur leor é sin chun an bóthar a thabhairt chomh grod sin don cheannaire.
B’fhéidir go bhfuil gné eile den scéal seo atá níos tábhachtaí fós. Tá teachtaí dála de chuid Fhine Gael ag rá go hoscailte — iadsan a bhí ag tacú le Richard Bruton, go háirithe — gurb é an locht ba mhó a bhí ar Ó Cionnaith, agus an chúis go raibh sé riachtanach fáil réidh leis mar cheannaire, nach raibh sé ag cruthú go sásúil ar an teilifís. San am céanna deir siad linn, go neamhnáireach, gur sárcheannaire a bhí ann agus go raibh éacht déanta aige ó tháinig sé i gceannas ar an bpáirtí.
Nach bhfuil sé seo ar fad ag dul thar fóir, nó seafóideach, fiú. Ba chuma faoi shubstaint nó éifeachtacht. Dar lena chomhbhádóirí ar an mbinse tosaigh, ní raibh an ‘íomhá’ cheart riamh ag Éanna Ó Cionnaith mar cheannaire ar Fhine Gael, agus mar sin bhí sé riachtanach go n-imeodh sé. Ach mar is eol dúinn, is nós dóibh tabhairt faoina gceannairí ó am go ham, pé an Éanna Ó Cionnaith nó ceannaire éigin eile a bhíonn i gceist.
I ndáiríre ba dheacair sampla níos fearr a fháil ar an mbealach a bhfuil an pholaitíocht curtha chun neafaise agus chun páistiúlachta ag an teilifís.
Ar ndóigh oireann an chipeadraíl seo ar fad do na páirtithe eile dá n-admhódh siad é sin, ach i gcás Fhianna Fáil is manna ó na flaithis acu é. Ní bréag a rá nach raibh an páirtí sin riamh in ísle brí chomh mór agus atá sé faoi láthair. Is ar éigean anois go dtabharfaidh an manna féin slán é.
Tá an dá thuarascáil faoin ngéarchéim baincéireachta, ceann Regling/Watson agus an dara ceann ó ghobharnóir an Bhainc Cheannais, tar éis teacht amach. Tá dóthain den fhreagracht maidir leis an ngéarchéim eacnamaíoch leagtha go díreach ar an rialtas sna tuarascálacha seo go bhfuil an bonn bainte go huile ó argóint an Taoisigh gurb í an ghéarchéim dhomhanda ba mó ba chúis leis an tubaist.
Ní fios, ar ndóigh, cén toradh fadtéarmach a bheidh ar an eachtra seo. Más féidir a bheith go mór in amhras gur casadh taoide a bheidh ann d’Fhianna Fáil, is é is dóichí ar fad ná gurb é an Lucht Oibre is mó a bhainfidh tairbhe as. Beifear ag tnúth go mór le conas mar bheidh sa chéad phobalbhreith eile. Má leanann an Lucht Oibre chun cinn ar Fhine Gael gan trácht ar an mbearna a mhéadú, céard a bheidh le déanamh acu ansin?
Is fíor go mbeadh iarracht de leisce ort an scéal seo a thréigean. Nárbh fhaoiseamh a bhí ann sna laethanta gruama seo. Agus b’iontach an radharc ar an teilifís fear taca Uí Cionnaith ag teacht amach as ionad na coimhlinte ag fógairt ‘Up Maigh Eo’ — bhí an lá lena laoch agus scaipeadh na mionéan imithe ar na naimhde. Is fada arís go n-osclóidh siad a mbéal, agus má dheineann is le deonú Enda é.
Go deimhin, bhí sé thar a bheith suimiúil conas mar léirigh go leor eile i measc a lucht tacaíochta óna chontae féin a ndrochghnaoi do Átha Cliath 4, nó don mheon a luaitear go minic le háitritheoirí an cheantair cháiliúil sin. Is furasta a dhearmad ar ócáidí mar seo nach beag an líon vótaí a fhaigheann Fine Gael ina measc siúd agus, ar aon nós, ba bheag an bhaint a bhí acu leis an suaitheadh inmheánach ar fad. Húbras iontuigthe na hócáide, gan amhras, a bhí i gceist.
Ach maireann na seanchuimhní, cé nach cian é ó thagair Jim Mitchell do Chnoc Mhuire mar ‘foggy boggy place’, nuair a bhí an Moinsíneoir Ó hÓráin ar a dhícheall ag iarraidh go mbeadh aerfort san áit bheannaithe sin. Ní go héasca a deintear dearmad ar mhaslaí mar sin!
Ar aon chuma tá Éanna Ó Cionnaith ar a chúilín seamhrach. Más Fine Gael féin atá i gceist, tá an argóint thart anois maidir leis an gceannaireacht, agus tá an stáitse faoi féin. Gheobhadh sé siúl ar uisce faoi láthair. Tar éis an rírá agus an suaitheadh is í an cheist mhór ná cathain a bheidh olltoghchán againn, nó an gciallaíonn ar tharla go mbeidh ceann againn níos túisce ná mar a shíleamar fiú cúpla seachtain ó shin?
Tá sé suimiúil, go háirithe, go bhfuil an Lucht Oibre ag brú go mbeadh na trí fothoghcháin ann a bhfuiltear ag feitheamh chomh fada sin leo. Anois féin tá Éamon Gilmore tar éis dúshlán an Taoisigh a thabhairt na fothoghcháin seo a reachtáil gan a thuilleadh moille. Beag an baol go mbeidh aon dithneas air siúd ag freagairt don éileamh sin, ach is scéal eile é cén fhaid a bheidh ar a chumas na cosa a thabhairt leis gan géilleadh don bhrú.
Tá sé le tuiscint agus a bhfuil ar siúl sa saol polaitiúil, agus cúrsaí toghcháin go mór san aer, go mbeadh lucht na Gaeilge ar a n-airdeall agus ag brath treo na gaoithe. Tá go leor a bhféadfaí a bheith imníoch faoi, go háirithe, b’fhéidir, ó thaobh cúrsaí oideachais, mar atá luaite cheana ar eagarfhocal san iris seo.
Mar a luadh, bhíothas ag brath go mór ar an Straitéis 20 bliain chun leas na teanga a dhéanamh sna blianta atá romhainn. Bhí tábhacht ar leith leis na céimeanna a bhí beartaithe sa réimse oideachais, agus go mór mór leis an deimhniú a bhí tugtha go leanfaí le riachtanas na Gaeilge go dtí leibhéal na hardteistiméireachta.
Cén fáth go mbaintear úsáid as an bhfocal ‘éigeantach’ ag tagairt do riachtanas na Gaeilge sna scrúduithe stáit? Tá sí riachtanach mar atá an Béarla agus an mhatamaitic riachtanach, nó go deimhin mar atá an t-oideachas féin riachtanach de réir an dlí. Is dócha go bhfuil sí riachtanach i gcóras oideachais na tíre seo toisc gurb í an teanga náisiúnta í de réir an bhunreachta, ach thar aon ní tá sí riachtanach de bharr an ghradaim agus an stádais atá dlite di ó thaobh saíochta agus staire.
B’fhéidir fiú gur grá is mó atá i gceist, an grá sin a luaigh an Taoiseach tráth a raibh sé á cheapadh mar cheannaire ar Fhianna Fáil. Tá cuid mhór den alt seo gafa le cúrsaí Fhine Gael agus a gceannaire Éanna Ó Cionnaith. D’ainneoin an dearcadh a luaigh sé maidir le riachtanas na Gaeilge sna scrúduithe poiblí, b’ionadh mura mbeadh an gean céanna don teanga aige a luaigh an Taoiseach. Is dóigh liom gur cheart dúinn a bheith ag caint leis, mar ba chóir a bheith ag caint le ceannaire gach páirtí eile.
Ní hé go mbíonn gach duine ar aon fhocal faoin gceist seo, fiú i measc lucht tacaíochta na teanga, agus an ceart sin acu. Bhí alt ag Donncha Ó hÉallaithe ar an idirlíon le déanaí inar cheistigh sé an riachtanas. Níor oibrigh sé, dar leis, agus b’fhearr córas ina mbeadh dúbailt pointí don nGaeilge, Béarla agus Matamaitic san Ardteist, agus 50% de na postanna sa tseirbhís phoiblí in áirithe dóibh sin a bhí ar ardchaighdeán Gaeilge.
Féach ansin a raibh le rá ag Maolsheachlainn Ó Caollaí in alt cuimsitheach a bhí aige san iris seo mí ó shin, agus conas mar a tréigeadh teangacha Eorpacha sna scrúduithe poiblí i Sasana nuair a deineadh ábhair dheonacha díobh in áit iad a bheith riachtanach mar a bhí roimhe sin.
Nach raibh sé suimiúil leis a léamh ar an iris seo cúpla mí ó shin a raibh le rá ag an Ollamh Seán Ó Coileáin, agus é ag seoladh cnuasach nua de dhánta Mháirtín Uí Dhireáin. Luaigh sé an tagairt do ‘chléirigh an tréis a d’fheall’, líne as ceann de dhánta cáiliúla an fhile. Cérbh iad na cléirigh seo? An tagairt a bhí ann do chonspóid intleactúil a tharla sa Fhrainc i bhfichidí an chéid seo caite, agus do leabhar a scríobh fealsamh darbh ainm Julien Benda ar a raibh an teideal La Trahison des Clercs? Bhain an leabhar sin le ról an intleachtóra sa dioscúrsa poiblí sa bhFrainc agus sa Ghearmáin ag an am.
D’fhéadfaí a rá gur intleachtóirí agus scríbhneoirí agus lucht litríochta i gcoitinne na cléirigh a bhí i gceist ag Ó Díreáin, nó ar a laghad iad sin a bhí ag scríobh i mBéarla, ach bheadh go leor de na staraithe le háireamh freisin. Ba é an cur chuige a bhí acu ná neamhaird ar fad a dhéanamh den Ghaeilge faoi mar nárbh ann di ar aon chor. Má ba ann riamh di, bhí sí marbh anois. Go deimhin d’áireoinn féin ina measc na státseirbhísigh a thréig an teanga i 1973, gníomh a rinne dochar thar cuimse don teanga, go háirithe i gcúrsaí oideachais.
Ba é an tréas ná an neamhaird iomlán seo ar theanga ársa shuaithinseach a raibh litríocht shaibhir ag gabháil léi, agus ceangal ar leith aici leis an bpobal agus leis an náisíún.
Feasta, Iúil 2010
Abhaile
|
barr
|
clár na míosa seo
|
ar ais
|