Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Aíonna

Urraíocht

Naisc


An Cuiditheoir

Gearrscéal le Deirdre Brennan


‘Bhí sí le bheith ina cuiditheoir pearsanta ag Liam ag cur eagair ar an oifig, ag cur slachta ar cháipéisí is ag freagairt an ghutháin.’

Bhí an seomra te. I bhfad ró-the. Mhothaigh Siún brat allais ar a cláréadan. Bhí dúil mhór ag an mbas, Liam, sa teocht, go háirithe san oifig. B’fhuath leis siorradh dá laghad isteach sa seomra.

‘Borrann na smaointe is fearr ag teocht faoi leith, a Shiún,’ a deireadh sé, ‘tagann siad chun foirfeachta ag teocht ghoir. Smaoinigh ar an súp cianaoiseach. É te go leor chun anáil na beatha féin a ghiniúint.’

Sea, a smaoiníodh sí, te go leor le creidiúint go bhfuilir ag dul trí shos míostraithe roimh an am!

Ach, dada ní dúirt sí. Bhí an jab ag teastáil uaithi. Leis na blianta fada bhíodh sí i mbun a gnó deartha agus grafaice. Ní raibh sí freagrach d’éinne ach di féin. Ach le teacht an chúlú eacnamaíochta, thosnaigh a gnó ag dul amú uirthi, agus i ndeireadh na dála bhí an t-ádh uirthi teacht go slán sócmhainneach as.

Bhí sí buíoch glacadh le hobair pháirtaimseartha ó Liam, fear nach raibh aithne aici air cheana, cé gur cara leo beirt, Seán, a d’inis do Liam faoina cás; fuair sé an jab di sular imigh sé féin ar shos bliana go dtí an Astráil. Bhí sí le bheith ina cuiditheoir pearsanta ag Liam ag cur eagair ar an oifig, ag cur slachta ar cháipéisí is ag freagairt an ghutháin.

D’fhéach sí faoina fabhraí ar Liam ag coisíocht go mall leis anonn is anall. Thomhais sí go raibh sé ar chomhaois léi nó b’fhéidir cúpla bliain níos sine. Daichead a cúig ar a mhéid. Bhí a bholg ag titim chun feola beagáinín, is a léine ghorm stríocach ró-fháiscthe trasna air. Léirigh an ghrainc ina éadan go mbíodh sé ag dianmhachnamh.

——◊——

Am lóin. Lean Liam leis an choisíocht anonn is anall. Bhí goin ocrais ar Shiún. Bhí sé de nós aici a cuid béilí a ithe go rialta, agus anois bhraith sí siúcra a cuid fola ag ísliú. Bhí céad-duilleoga na gcrann mailpe lasmuigh ag eitilt ar chuma féileacán i ngaoth rua Mheán Fómhair.

D’éirigh sí óna deasc, dhoirt amach uisce ón bhfuaraitheoir, shlog siar an deoch amhail is go mbeadh sí ag fáil bháis den tart is chuir a seaicéad uirthi.

Go tobann, labhair Liam. ‘Tuige nach n-oibrímid thar am lóin agus beidh cead scoir agat go luath ansin?’

Thosnaigh cloigín beag ag bualadh ina ceann ag fógairt contúirte di. Bhí goic smachtúil air, é ag teannadh isteach léi. Bhí fhios aige go rí-mhaith nach raibh sí ag fáil ach bunphá; cheana féin bhí uirthi beagnach uair a chloig a chaitheamh ag míniú dó — in ionad di a bheith ag obair dhá lá sa tseachtain, mar a bhí ar dtús — go raibh sí anois ag obair tríocha uair a’ chloig agus go raibh euro sa bhreis an uair ag teastáil uaithi.

Ar deireadh ghéill sé go doicheallach. Chuir sí an milleán uirthi féin. Mór an trua go raibh sí chomh díocasach, nach raibh sí ar nós cuma liom agus in ann cúrsaí a réiteach go réchúiseach agus gan bheith á céasadh féin i dtaobh conas nó cathain ba chóir di rudaí ar leith a phlé. Bhí chuile rud níos deacra toisc gur cara le Seán é, agus go raibh uirthi í féin a chruthú ar bhealach nár thuig sí go cruinn. Ach, cá bhfaigheadh sí post eile? Chaithfeadh sí bheith cúramach. Dhein Siún miongháire agus chroch a seaicéad.

‘Tá’s agat gur seoid thú,’ arsa Liam, ‘is mór is fiú do chuid scileanna deartha, do chuid ealaíne i gcoitinne. Ba mhaith liom go mór go n-oibreofá i gcomhlacht nua foilsitheoireachta atáim tar éis a bhunú.’

‘An mbeidh lámh agam fós san obair mar chuiditheoir pearsanta duit?’ a cheistigh sí.

‘Ó, gan amhras. Iarrfaidh mé ar Nollaig pacáiste a chur le chéile duit.’

B’shin rud eile. Nollaig. Iar-bhuime Liam, de réir mar a thuig Siún. Chuala sí é sin ó dhuine de na bainisteoirí. Níor inis Seán dada di mar gheall ar Liam, rud a chuir go mór leis an mistéir a bhí ag gabháil leis. Ar aon nós, thagadh Nollaig go dtí an oifig pé uair ba mhian léi. Bhí sí in ainm a bheith i gceannas na gcuntas. Níor labhair sí mórán ach bhí sí dea-bhéasach lách le Siún.

‘Ba mhaith liom conradh a fheiceáil chomh maith,’ arsa Siún ‘táim ag obair anseo anois le breis is ocht mí, agus ba bhreá liom rud éigin a bheith sínithe eadrainn.’

‘Caithfidh mé bheith cúramach,’ ar sé, ‘níl fonn orm tuarastal níos mó ná mar a fhaigheann Nollaig a thairiscint duit.’

‘Ní féidir go bhfuilir dáiríre,’ ar sí ag dearmad srian a choimeád ar a teanga, ‘féach an taithí atá agam. Táim dhá uair níos sine ná Nollaig is mé cáilithe agus cleachtach ar an obair don chomhlacht nua.’

D’fhair sí an bealach inar fhuaraigh a shúile gur chaolaigh siad ina dhá scoilt oighreata Artacha. Chaithfeadh sí tarraingt siar nó bheadh deireadh leis an jab go hiomlán.

‘Bhuel, tosaímis más ea,’ ar sí.

Go tobann bhí sé tarraingteach, taitneamhach, a lámha ag cuimilt a chuid gruaige rua catach is fonn millteanach air gabháil i mbun gnó. Leag sé amach na pleananna, ag iarraidh a barúil ar ’chuile rud. Dhein sé dearmad iomlán ligint di imeacht go luath de réir mar a gheall sé.

‘A dhé agus a dhaoine, tá mo dhíocas tar éis an bhua a fháil orm,’ ar sé ag breathnú ar a uaireadóir, ‘lig dom síob abhaile a thabhairt duit agus is féidir linn leanúint orainn ag plé cúrsaí.’

Ba mhiondeachtóir é cinnte, ag baint úsáid aisti de dheasca ganntanas oibre. Bhí sí dóthaineach de. Chaithfeadh sí bheith dearfach.

‘Gura maith agat ach táim críochnaithe anois,’ d’fhreagair sí go diongbháilte, ‘ tá orm dul ag siopadóireacht. Níl blúire le n-ithe sa teach. An cuisneoir folamh ar fad!’

‘Tá an méid sin socair, más ea,’ ar sé, ‘tiomáinfimid go dtí pé siopaí is mian leat. Ní luafaimid obair in aon chor, is ní bheidh ortsa do mhálaí troma a tharraingt abhaile.’

——◊——

Ghéill sí. D’fhan seisean sa charr fad is a dhein sí a cuid siopadóireachta agus chabhraigh sé léi a raibh aici a bhreith ar an ardaitheoir go dtí a hárasán ar an dara hurlár. Ní raibh bealach ar bith go raibh sí chun bia nó deoch a thairiscint air sin. B’eol di gach lúb dá raibh ina cheann.

D’oscail sí an doras. Leag sé na málaí ar an urlár is chuir sé a lámh os cionn a shúl, mar chur i gcéill fonóideach, nuair a thug sé faoi ndeara feistiú an tseomra suite.

‘Wow! D’fhéadfainn ligint orm go bhfuilim ar an Meánmhuir,’ ar seisean. ‘Taitníonn na dathanna go mór liom! Ó, go han-mhór,’ ar seisean.

Tháinig cnag ar an doras. Póilín a bhí ann agus rud cuachach, clúdaithe le scragall stáin, ina lámha aici.

‘Ó, gabh mo leithscéal,’ ar sí, ‘Ní raibh fhios agam, a Shiún, go raibh cuairteoir agat.’

‘Tar isteach, ‘Phóilín. Seo mo bhas, Liam Ó Baoill. Tá cónaí ar Phóilín ar an triú hurlár.’

‘Haigh, Liam!’ ar sise.

Bhí Póilín ar an aois chéanna léi féin. Banaltra bheithíoch ab ea í. Bhí an dóigh inar labhair sí séimh, mealltach. Dóigh chun ainmhithe a chur ar a suaimhneas. Bhí sí beagnach ag crónán anois.

‘Táimse tar éis an iomarca curaí glas a ullmhú. Tá go leor anseo do bheirt.’

‘Boladh breá blasta,’ arsa Liam, ‘ach caithfidh mé imeacht. Uair éigin eile b’fhéidir!’

‘Má thaitníonn curaí leat, Liam,’ arsa Póilín, ‘Is mise do bhean!’

D’airigh Siún dath uaine ag teacht ar a aghaidh. Thomhais sí gurb é boladh an churaí a chuir an ruaig air.

‘Baileoidh mé ar maidin thú,’ ar seisean le Siún.

Ró-thuirseach agus ró-ocrach chun argóint leis a thuilleadh, scaoil sí leis. Sa chaoi sin bunaíodh cleachtas a lean ar aghaidh, eisean ag teacht ’chuile maidin chun síob a thabhairt di agus é ag filleadh léi tráthnóna. An fhadhb a bhí ann ná nach raibh tuiscint don am ina chloigeann. Ní raibh fhios aici ar choimeád sé am na gréine nó am na réaltaí, ach bhí sé soiléir di nach raibh ina uaireadóir ach ornáid ar chaol a láimhe. Amanna, bhíodh sé ag an doras ag leathuair tar éis a seacht ar maidin, amanna eile ag a haon déag. Mar an gcéanna i ndiaidh obair an lae. Thagaidís ar ais ag a antráthanna aisteacha. Níor oir an saol di. Céasadh Síneach a bhí ann. Bhí meon difriúil aici. Theastaigh ord agus eagar ina saol uaithi. ‘Mo mhallacht ar an gcúlú eacnamaíochta a d’fhág mé chomh soghonta, chomh neamhchumhachtach,’ a deireadh sí mar mhantra gach lá.

‘An bhfuilir cinnte nach bhfuil sé i ngrá leat?’ arsa Póilín léi tráthnóna amháin.

‘Bhuel, más rud é go bhfuil, níl aon ghrá ann ó mo thaobhsa de, geallaimse dhuit.’

‘Caithfidh tú a admháil go bhfuil gaol de shórt éigin eadraibh. Ní gnách go leanann ceannasaí agus a chúntóir pearsanta ar aghaidh mar seo, muna mbíonn splanc éigin eatarthu.’

‘Is smachtaitheoir é,’ arsa Siún i nglór íseal. ‘Tá eagla orm go bhfuilim curtha i ndaoirse aige.’

‘ Nuair a bhíonn tú ag déileáil le hainmhithe, Siún, foghlaimíonn tú i dtaobh bheith i gceannas agus smacht a choimeád ar an treibh, go háirithe sa saol allta.’

‘Ach, tá muidne tugtha chun sibhialtacha,’ arsa Siún ag gáire.

‘Tá síceolaíocht ainmhíoch thar a bheith spéisiúil agus tá feidhm leis i gcás Liam. Tá eisean ag iarraidh dílseacht a chothú sa phaca gadhar, nó san fhoireann más mian leat. Cuireann sé ceangal na gcúig chaol orthu le snaidhmeanna mothúchán, agus ní fhaigheann siad faic go deo i ndíol ar a gcuid dílseachta.’

D’ardaigh croí Shiúin. Ní raibh cúrsaí chomh dona san. Nach raibh a hárasán breá aici cois Bearú agus morgáiste cuíosach beag fágtha? Na laethanta seo d’éirigh dromchla na habhann bán le healaí agus faoileáin aníos ón gcósta. Maidineacha Domhnaigh, d’fhaireadh sí na báid rásaíochta amuigh. Chíodh sí ardú agus tarraingt na maidí fada ag gearradh an uisce, agus chloiseadh sí guthanna na dtraenálaithe ag snámh aníos chuici ar a balcóin. Bhí an fhaiche nua phoiblí trasna na habhann fada go leor uaithi chun gártha na bpáistí ón áit súgartha a mhúchadh beagáinín.

Tráth dá raibh, bhí sé beartaithe aici a páistí féin a bheith aici. Nuair a smaoiníodh sí air, bhíodh pictiúr ina haigne ar theach ar imeall an bhaile, úllghort ann agus luascán do pháistí i measc na gcraobhacha. Níor rith sé léi riamh go mbeadh sí ina haonar. Ba mhinic a bhí sí i ngrá agus í cinnte — go háirithe an tráth deireanach — go raibh fear a cuid brionglóidí faighte aici, ach faoi dheireadh ní raibh fonn air glacadh le ceangal an phósta. Baitsiléir cruthanta a bhí ann. Dhein sí caoineadh air amhail is dá mba bhaintreach í.

Ní fhaca sí Liam mar chuid dá brionglóidí riamh. Bhí sé do-mhúinte i ndáiríre. Cúpla seachtain i ndiaidh bhunú an chomhlachta nua, ní raibh mórán faighte amach aici faoi imeacht cúrsaí, cé gur chuaigh a taithí ar an ghnó go mór i bhfeidhm ar an mbas. Bhí sí lán leis an scéim ar fad, agus lá i ndiaidh lae bhí fhios aici go raibh sí á sú isteach níos mó is níos mó. Ach fós bhí sí aineolach ar bhaill an chomhlachta nua. Bhí fhios aici ceart go leor go raibh sé tar éis cúig scair déag a cheannach dó féin, agus go raibh sise ainmnithe mar shínitheoir seiceanna gan é sin a phlé léi sa chéad áit. Chuir a rúndacht, a sheachantacht is a chuid leithleachais lagsprid uirthi. Bhí sí traochta amach.

Chuaigh sí go dtí an dochtúir don tríú huair ó thosnaigh sí ag obair le Liam. Bhí sé soiléir dó go raibh sí faoi strus, mí-shuaimhneach inti féin, is go raibh meath ag teacht ar a sláinte.

‘Caithfidh tú bheith airdeallach, a Shiún,’ arsa an dochtúir. ‘Mar a mhíníos duit cheana, tá d’fhostóir ag teacht i dtír ort. Ná lig dó é sin a dhéanamh. Druid siar, a chailín, agus smaoinigh ar an obair mar chois i dtaca ar bhealach do leasa. Tosnaigh ag cuardach post eile láithreach agus éirigh as an jab seo chomh tapa agus is féidir leat.’

Bhí an ceart aige. Nach raibh sí ag foghlaim an-chuid, idir scileanna méarchláir, Power Point, Outlook agus Excel, agus i láthair na huaire bhí sí ar tí dul ar dhianchúrsa bogearraí don chomhlacht nua. Thuig sí freisin go raibh gaol casta idir í féin agus Liam. Ba chosúil gur chuir sí a croí go hiomlán ina cuid oibre, nó níos cruinne ná sin, an obair a thug Liam di le déanamh. D’fhéadfadh sin a léiriú go raibh lé aici leis chomh maith. Seasamh na dtréan a bhí i gceist agus thiocfadh sí slán as. Bheadh sé deacair, ach luath nó mall gheobhadh sí post eile.

——◊——

Shiúil sí abhaile an tráthnóna sin. Ait go leor ní raibh Liam ann chun síob a thabhairt di. Ar bhealach amháin, bhí sí buíoch, ach ag an am céanna bhí díomá uirthi. Bheartaigh sí dul i dtreo an Lotus, take-away Síneach a fháil, agus cuairt a thabhairt ar Phóilín.

D’oscail Póilín an doras. Bhí sí gléasta i bhfallaing folctha d’éadach bán tuáille, tuáille dearg mar thurban ar a ceann.

‘Siún,’ ar sise, ‘ tá brón orm, a chroí, nach féidir liom stopadh chun caint leat. Táim ag dul chun na hÍoslainne d’fhonn na Saighneáin a fheiceáil. Beidh mé ag fanacht in óstán oighir.’

‘Na Saighneáin!’ arsa Siún agus ionadh uirthi. ‘Ní raibh fhios agam go raibh spéis agat ina leithéid.’

‘Táim tar éis coimisiún a fháil chun leabhar a scríobh ar ainmnithe is éanlaithe an limistéir,’ ar sí, ‘go háirithe an ghealóg sneachta is an tarmachan a gheimhríonn ann.’

Ghlaoigh guth laistiar de Phóilín. ‘Cár fhágais na lipéid bhagáiste?’

Liam é féin a bhí ann. Cuireadh mearbhall ar Shiún. Bhraith sí broidearnach ina ceann, laige ag teacht uirthi. Bhí boladh cúig spíosra Síneacha á múchadh, spring rolls ollmhóra ag rolladh anuas uirthi.

Tháinig sí chuici féin san ospidéal. Bhí banaltra lena hais.

‘Ná dein iarracht aon rud a rá. Beidh tú ócé anois is tá Nollaig chun fanacht leat.’

Ní raibh sí ag taibhreamh. Bhí Nollaig ann, a cúl leis an bhfuinneog, táth mór bláthanna ina lámha aici.

‘Ó, Liam na bláthanna,’ ar sí.

‘D’fhág sé an iar-bhuime liom,’ arsa Siún i gcogar.

Gháir Nollaig. ‘Mise a neacht. Tá cónaí orm leis fad is a bhím ag gabháil don chuntasóireacht. Tugaim aire dó.’

Dhún Siún a súile. Bhí sí ar snámh ar ghrianghaoth, í tarraingthe isteach i bhfad thar tír a bhí go hiomlán faoi shneachta. Scaoileadh cuirtíní glasa solais anuas uirthi a dhein filltíní ina gclupaidí boga thairsti. Ansin, d’imigh siad ag damhsa i bhfad uaithi i sraoillíní dallraitheacha ag sníomh tríd na spéartha is páirceanna laibhe. Go tobann theimhligh an tír is fágadh sa dorchadas í, adhlachta faoi charn mór spallaí amhail is dá mbeadh crith talún tar éis tarlú. Bhí a scornach chomh tirim le deannach agus smionagar, agus is ar éigean go raibh sí in ann glaoch ar chabhair. D’fhéadfadh sí fuaimeanna tochailte maille le guthanna a chloisint, á spreagadh. Ansin chonaic sí léine gorm stríochach agus lámh ag síneadh amach chuici. Bhí Liam tagtha chun í a shábháil.

Feasta, Lunasa 2010

Abhaile | barr | clár na míosa seo | ar ais