Céard é seo?
An t-eagrán is déanaí
Cartlann
Comórtas
Ordú
Teagmháil
Cóipcheart
Údar-lann
Aíonna
Urraíocht
Naisc
|
Cuíchóiriú’ na n-eagras bunmhaoinithe
nó Tréas ar an Oidhreacht Dúchais
leis an Seandraoi
‘Tá tírdhreach na gníomhaíochta ar son na Gaeilge á scrios gan cuid mhór againn a bheith á aithint go fóill.’
——◊——
Is duine mé a choinníonn súil ar chúrsaí na Gaeilge – ón taobhlíne de ghnáth. Ba shuim liom a raibh san alt ar an nGaeilge san Ardteistiméireacht a bhí i bhFeasta le déanaí. Tharla cúpla alt ar ábhar eile le tamall anuas sna meáin Ghaeilge a mhuscail mo spéis chomh maith. Chun na fírinne a rá, b’ábhar machnaimh agus tochailt eolais dom na hailt chéanna. Seans gur spéis le léitheoirí Feasta freisin an t-ábhar iontu. Bhaineadar le heagrais áirithe agus le Foras na Gaeilge agus le hathruithe sa mhodh maoinithe.
Ní mór tosú ag an tús chun an scéal casta seo a thuiscint. Is cosúil go bhfuil naoi gcinn déag d’eagrais Ghaeilge ann atá á maoiniú ag Foras na Gaeilge le tamall maith de bhlianta. Feidhmíonn siad thuaidh nó theas, nó ar bhonn thuaidhtheas agus cuimsíonn siad réimse leathan gníomhaíochtaí. Maoinítear iad ar dhá bhealach, bunmhaoiniú d’fheidhmiú eagraíochta, agus ansin maoiniú ar thograí éagsúla. Clúdaíonn an bunmhaoiniú cúrsaí tuarastail, oifige, is mar sin de. Gan an maoiniú feidhmiúcháin seo, dar leis na heagraíochtaí, níorbh fhéidir tabhairt faoin saothar leanúnach forbarthach ná faoi thograí substaintiúla a mbeadh leanúnachas leo ar son na Gaeilge. Tá cruthú áirithe air seo sna scéimeanna pobail ócáidiúla a reáchtálann an Foras féin, sa mhéid is go mbíonn foireann fostaithe de dhíth i gcomhair thréimhse na scéime. Ar ndóigh, b’fhéidir a rá gur gort oibre pas plódaithe é gort na Gaeilge, má tá eagrais agus a maoinitheoir ag saothrú ann ar an ngnó céanna. Tar éis an tsaoil, is féidir leis an maoinitheoir a chuid rialacha féin a chumadh dó féin agus smacht docht a chur ar an gcuid eile.
Ag dul níos doimhne isteach sa scéal dom, nochtadh fíricí eile. I measc na naoi n-eagras déag, tá ocht gcinn atá luaite sa reachtaíocht a bhunaigh Foras na Gaeilge. Is eagrais iad seo a bhíodh á maoiniú tríd an Stát (thuaidh nó theas). Cuireadh cúram a maoinithe ar aghaidh chuig an bhForas nuachruthaithe. I measc na coda eile d’aon eagraíocht déag, tá cinn nach bhfuil sa reachtaíocht, ach a mbíodh maoiniú acu ón sean-Bhord a ndearnadh Foras de. Anuas air seo go léir, tá eagrais sa bhreis ar na naoi n-eagras déag a fhaigheann a gcuid maoinithe ó Ranna Stáit (Gaeltacht nó Oideachas, mar shampla) — níl aon athrú beartaithe dóibh seo. Tá siad slán ó bhagairt an Fhorais. Laistigh den ghrúpa naoi gcinn déag féin, tá eagrais a fhaigheann maoiniú do ghnóthaí áirithe ó fhoinsí eile státbhunaithe. Tá dornán beag eagras ann nach bhfaigheann aon deontas stáit.
Féachann na heagrais seo go léir orthu féin mar eagraíochtaí deonacha sa mhéid is gur deonaigh a bhunaigh agus a d’fhorbair iad, go dtí gur tháinig cabhair Stáit nó leathstáit chucu; go bhfuil boird nó coistí stiúrtha de dhaoine lándeonacha á stiúrú; agus, thar aon ní eile, gur ar sheirbhísí don phobal trí chéile atá siad dírithe. Is beag duine nár theagmhaigh le ceann éigin díobh i rith a shaoil nó nár tháinig faoina dtionchar ag pointe éigin.
Is é scéal Fhoras na Gaeilge scéal gach Roinne faoi láthair. Ag leanúint treoracha an Choiste ar leith faoi cheannas Colm McCarthy (an Bord ‘Snip’), tá gá le gearradh siar, le luach ar airgead, le breis éifeachta ar níos lú airgid, nó le breis torthaí ar an airgead céanna. Níl de chuma ar an scéal go mbaineann na treoracha seo leis an bhForas féin, ach is róléir go mbaineann siad le pé ciste de chuid an Fhorais as a maoinítear eagrais dheonacha. Ar ndóigh, bíonn bríonna éagsúla ag gach duine leis an téarmaíocht a chleachtann lucht eacnamaíochta. Ach is é bun agus barr an scéil faoi láthair go bhfuil córas maoinithe atá iomlán nua agus éagsúil fógartha ag Foras na Gaeilge do na naoi n-eagras déag. Beidh deireadh le bunmhaoiniú, agus is ar bhonn scéimeanna amháin a bheifear ag feidhmiú. Beidh na scéimeanna seo faoi chatagóirí éagsúla agus oscailte do chách. Níl aon deimhniú ann go roghnófar na heagrais sean-bhunaithe chucu. Ba mhian leis an bhForas chomh maith leasú ar an reachtaíocht thuaidh/theas a ainmníonn ocht gcinn de na heagrais go sonrach. Ní léir anois cá luíonn todhchaí na n-eagras ná a bhfoirne.
Ní as an spéir anuas a tháinig an socrú seo. Mar cheann de na forais thuaidh/theas, tá Foras na Gaeilge faoi threoir ag an gComhairle Aireachta Thuaidh/ Theas, rud is ionann agus an tAire Carey agus an tAire Nelson McCausland faoi láthair. Tuigtear dom go bhfuil an Foras Teanga lena mbaineann Foras na Gaeilge á mhaoiniú ag an dá Rialtas thuaidh/theas agus guth in imeachtaí na Gaeilge dá bharr ag an dá Rialtas, nó ag dhá Roinn. Is scéal fíorchasta dáiríre é. Mar chuid de phróiseas leanúnach, is cosúil gur tagraíodh níos mó ná uair amháin don earnáil dheonach bhunmhaoinithe i ráitis na Comhairle seo le dhá bhliain anuas. Rinne comhlacht a bhí coimisiúnaithe ag an bhForas athbhreithniú ar na heagrais dá réir. Ina dhiaidh sin d’eisigh an Chomhairle dhá ráiteas. Mí na Nollag 2009, lorgaíodh ‘cuíchóiriú’ ar an earnáil bhunmhaoinithe i dtreo eagraíocht amháin nó cnuasach eagraíochtaí. Mí Bhealtaine 2010, ghlac an Chomhairle ‘i bprionsabal’ le córas scéimeanna an Fhorais. Tá an t-eolas seo go léir ar fáil ar shuíomh idirlín Thionól Thuaisceart Éireann agus i bpreasráitis an Fhorais. Ar ndóigh, is é Foras na Gaeilge a sholáthraíonn na smaointe agus na cáipéisí don gComhairle Aireachta, mar is gnách in aon socrú mar seo.
I rith an ama sin, deir na heagraíochtaí go raibh go leor cruinnithe acu féin, gur deineadh taighde agus gur sholáthraigh siad cáipéisí agus moltaí éagsúla don bhForas. Dar leo níor tugadh aird chuí ar aon chuid de seo, agus gur obair inmheánach amháin a rinne an Foras a chríochnaigh leis an moladh gur chóras scéimeanna a bheadh ann, gan aon bhunmhaoiniú d’aon eagras – seachas don bhForas ar ndóigh.
An deacracht is mó, de réir dealraimh, gur dhá phróiseas a bhí iomlán comhthreormhar a tharla, an dá thaobh ag saothrú leo gan fíortheagmháil le chéile. Lorg na heagrais próiseas go n-oibreodh an dá thaobh le chéile chun straitéis chuimsitheach a aontú. Níor tharla sin. Dar leis an bhForas, bhí comhairliúchán ar bun ar feadh an ama agus tuairimí na n-eagras á lorg. Ar ndóigh, ní comhairliúchán sa ghnáthchiall a leithéid ach próiseas aontaobhach. Comh maith leis sin, bhí an Chomhairle Aireachta mar a bheadh sciath chosanta ag an bhForas go dtí an pointe go raibh ar roinnt eagras fógra iomarcaíochta a eisiúint, mar gur fhógair an Foras dóibh go mbeadh deireadh gan mhoill leis an mbunmhaoiniú. Tar éis idirbheartaíochta áirithe, tá síneadh ama go Meitheamh 2011 tugtha anois dóibh, is cosúil, ach titfidh an tua ansin.
Mar sin, níl leigheas deimhnitheach ar an scéal go fóill. Murar léir anois cá luíonn todhchaí na n-eagras ná a bhfoirne, is léir cá luíonn todhchaí na Gaeilge sa phobal agus ní áit iontach dhaingean í. Ní féidir an Straitéis 20 Bliain a fheidhmiú ó dheas ná tógaint ar fhorbairtí sa Tuaisceart gan earnáil láidir dheonach ar an talamh i measc an phobail, ag soláthar dóibh, ar bhonn leanúnach, ag síorthreisiú ar iarrachtaí. Is deacair do Roinn Stáit nó do Fhoras leathstáit an gnó sin a dhéanamh. Ní hé a ngnó é dáiríre. Le scéimeanna, bítear ag síorthosú ón bpointe céanna gan an bhuaine atá riachtanach. Táim cinnte nach deacair d’eagrais dheonacha tabhairt faoi ghearradh siar ar chostais, nó faoi oibriú ar bhonn níos comhtháite, ar son leas na Gaeilge. Is é scéal a mbeatha é, d’fhéadfaí a rá. Thíos seal thuas seal ach ann i gcónaí. Ba dhóigh liom gurb é a bpolasaí na seirbhísí túslíne a choinneáil ag imeacht ar ais nó ar éigean, mar atá i gceist le mórán de na seirbhísí pobail faoi láthair. Ach, ar ndóigh, bealaí níos ciallmhaire ná liombó dóibh féin chuige seo a oibriú amach leis an Stát agus le hionadaí an Stáit, Foras na Gaeilge! Rud amháin atá cinnte. Ní mór is féidir a chur i gcrích gan bunacmhainní feidhmiúcháin a bheith deimhnithe ón tús. Ní crannchur a oireann do chur chun cinn na Gaeilge. Tá tírdhreach na gníomhaíochta ar son na Gaeilge á scrios gan cuid mhór againn a bheith á aithint go fóill.
Fuarthas an-locht ar an mBord ‘Snip’ maidir le moltaí i dtaobh struchtúir thacaíochta na Gaeilge a thógaint as a chéile. Is cuimhin liom go leor tagairtí i bhFeasta faoi seo. Anois tá an teachtaireacht chéanna ag teacht ón gComhairle Aireachta Thuaidh/ Theas trí chuid amháin de na struchtúir sin, trí Fhoras na Gaeilge. Cé cheap go bhfeicfí an lá sin? Scrios na hearnála deonaí Gaeilge ag foras leathstáit. Ní ceist airgid ná maoinithe í seo ach ceist pholasaí. Caithfear réiteach a aimsiú. An dtuigeann pobail na Gaeilge a bhfuil ag tarlú? Ní thuigimse féin conas a shroicheamar an lá seo. Níor cheap mé go bhfeicfinn é nó go bhféadfadh sé tarlú. Ní cúlú go dtí é. Tréas ar ár n-oidhreacht dúchais.
Feasta, Lunasa 2010
Abhaile
|
barr
|
clár na míosa seo
|
ar ais
|