Dán
le Simon Ó Faoláin
Ómós do Marcus Aurelius
aprés Canu Llywarch Hen
Sioc briosc ar rúsc, spéir chruach-liath,
Bachlóga dubha ar fhuinseog.
Slí sástachta gannchuid gnímh.
Titeann fearthainn, gáireann cág.
Gealtacht tóraíocht ruda gan fáil,
Fós síorchúram amadáin.
Céad bladhm bhándearg ar chrann úll.
Ná cuir fuíollach saoil amú
Le cogar nimhneach ar cúl.
Ní ghlaonn traonach, glas an fhéir.
Braitheann ár gcruinne go léir
Ar fhir nach dtuigeann iad féin.
Cúr bán, sliocht dubhcharraige.
Feidhmíonn fir áirithe cabhsa
Áirithe: dosheachanta.
Aiteann sléibhe tré thine.
Ní áit olc lár claochlaithe,
Ná olc bheith mar tháirgeadh dhe.
Cliathán sléibhe, mór an t-achar.
A bhí, a bheas: cuimhní neacha
i murascaill na síoraíochta.
Dealán tobann, leathann bláth,
Bothántaíocht intinn na mbeach.
Staon ón aithris; agairt mhaith.
Scamaill bhídeacha ag snámh
Go híseal: tréad ceannabhán.
Bog fir le háiteamh amháin.
Splanc deoir drúchta ar dhroim daoil.
Ní mar rince ealaín saoil,
Is cosúla iomrascáil.
Réabann snag breac uibhe loin.
Tarraing ort féin briseadh croí,
Leanfaidh gach fear mar a bhí.
Eitlíonn cuach ar nós seabhaic,
Corraíonn giolcach taobh le loch.
Gnó súl follán feiscint cách.
Roiceann raisne barra cuain.
An bhfuil píolóta m’anama
Ag tabhairt féna chúram?
Colmcille
Is é Duais Cholmcille an duais is luachmhaire ar domhan do dhán i nGaeilge nó i nGàidhlig. Bronntar Duais Cholmcille ag Féile Idirnáisiúnta Bhéal Átha na mBuillí, Co. Ros Comáin, ag deireadh seachtaine saoire na Bealtaine. Príomhdhuais de 4,000 euro a bhíonn ann, dara duais de 2,000 euro agus triú duais de 1,000 euro ar son dáin atá 70 líne ar fhad, ar a mhéid. Chomh maith leis sin, bíonn táille léitheoireachta agus taistil de 400 euro ar fáil do thriúr eile ar an ngearrliosta. Tá go dtí an 24 Eanáir 2011 ag filí le bheith ag agairt na Bé inspioráid a bhronnadh orthu. / Le taic bho Colmcille, bi an duais is luachmoire th' ann ga thairgsinn airson bàrdachd ann an Gàidhig no Gaeilge aig Féis Bhàrdachd Eadarnaiseanta Bhéal Átha na mBuillí ann an Éirinn.
Eolas ag: www.strokestownpoetry.org
Dán le Simon Ó Faoláin, Ómós do Marcus Aurelius, a ghnóthaigh Príomhdhuais Cholmcille (Euro 4,000) in 2010. Foilsíodh filíocht Simon Ó Faoláin i roinnt mhaith irisí: Feasta, Comhar, An Guth, Cyphers, Irish Pages agus Poetry Ireland Review ina measc go nuige seo. Bhuaigh sé Duais Cholm Cille in 2008 chomh maith, agus ghnóthaigh a chéad chnuasach, Anam Mhadra (Coiscéim) Duais Glen Dimplex agus Duais Eithne agus Rupert Strong 2008.
Feasta, Lunasa 2010
Abhaile
|
barr
|
clár na míosa seo