Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Aíonna

Urraíocht

Naisc


- - Creat Mí-oiriúnach Maoinithe! - -

Is deacair gan a bheith míshuaimhneach faoi cad atá i gceist ag an rialtas faoi láthair maidir leis an nGaeilge. Níl sé ach mí ó shin ó bhíomar ag fiafraí anseo cad a bhí ag tarlú leis an Dréacht-Straitéis 20 Bliain. D’fhéadfaí an cheist chéanna a chur an mhí seo agus bheadh níos mó práinne fós leis.

Tá ráiteas tagtha ó Fhoras na Gaeilge le déanaí a fhógraíonn dúinn go bhfuil Samhail nua Mhaoinithe beartaithe acu maidir le maoiniú a chur ar fáil d’earnáil na Gaeilge. Níltear chun plé go mion leis an gcóras nua anseo; beifear á dhéanamh san in alt eile ar an iris, mar a bhreathnófar ar na hathruithe atá beartaithe agus ar na himpleachtaí a ghabhann leo d’eagraíochtaí deonacha na Gaeilge, agus do thodhchaí na teanga i gcoitinne.

Is leor a rá anseo go mbeidh maoiniú bunaithe ó lár na bliana seo chugainn ar líon scéimeanna, seacht gcinn díobh atá luaite ag an bpointe seo, faoi na ceannteidil Raidió Áitiúil, Ealaín, Oideachas, Tacaíocht Teaghlaigh, Cumasú Pobail, an Óige, Abhcóideacht agus Taighde. Beidh deireadh le bunmhaoiniú feasta.

Gan amhras is athrú réabhlóideach ar fad atá anseo, agus b’fhéidir nár mhiste go mbeadh fhios againn cad a spreag é, nó cé uaidh a tháinig sé. Deir an Foras go bhfuair siad treoir ón gComhairle Aireachta Thuaidh/ Theas athstructúrú a dhéanamh ar an modh ina gcuirtear bunmhaoiniú ar fáil don earnáil Ghaeilge. Ní dócha gurb é Nelson McCausland a thug an treoir, agus mar sin glactar leis gurb é an tAire Ó Cuív ba chúis leis.

Is cuimhin linn ráitis an Aire sular aistríodh é, inar cheistigh sé an líon mór eagraíochtaí deonacha a bhí ag plé leis an nGaeilge agus an costas a bhain leo. Agus cúrsaí eacnamaíocha mar atá, thuigeamar dó. Aontaíodh anseo nár chóir go mbeadh dúbláil gan riachtanas i gceist idir eagraíochtaí, ná go mbeifí ag maoiniú dhá eagraíocht chun obair den aonchineál a dhéanamh.

Séard atá i gceist anseo ná go bhfuil múnla nó creat mí-oiriúnach á leagadh ar an earnáil dheonach phobail atá ag plé leis an nGaeilge. Go deimhin, má shíl aon duine go raibh cur chuige an mhargaidh faoi scamall nó faoi dhímheas na laethanta seo, ní hamhlaidh atá. Tá sé le cur i bhfeidhm anseo i réimse dár saol is lú a oireann do cur chuige dá leithéid.

I gcás Chonradh na Gaeilge, mar shampla, agus níl ann ach sampla toisc gur air is mó ár dtaithí, is eagraíocht leathan é a fheidhmíonn go daonlathach agus a bhraitheann ar pháirtíocht dheonach an phobail. Ar ndóigh, tá tábhacht leis na feachtais éagsúla a nglacann an Conradh páirt iontu, ach ní hiad go huile atá i gceist. Is fóram agus ardán atá ann ina bpléitear gach a mbaineann leis an teanga, pé acu a buntábhacht, a stádas, conas dul i bhfeidhm ar an saol polaitíochta nó ar an bpobal féin, nó tuairimíocht agus fealsúnacht na gluaiseachta i gcoitinne.

Ar ndóigh tá idirphlé riachtanach, rud nár tharla, pé ní a deir briathra bána an Fhorais. Is mór idir idirphlé agus dictat.

Feasta, Lunasa 2010

Abhaile | barr | clár na míosa seo