Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Aíonna

Urraíocht

Naisc


Smaointe Polaitíochta

Seachmall an Éilíteachais agus araile
le Seán Ó Loingsigh


Nach air sin a mhaireann siad. Inniu féin tá eagarfhocal ar an Irish Times ag cásamh easpa tola an rialtais dul i ngleic leis an mhí-iompar seo, nó leis an éilliú leanúnach sa saol polaitíochta.

——◊——

Seo an tráth den bhliain a dtéann an saol polaitíochta chun suaimhnis, agus más fíor iad lucht na meán cumarsáide, éalaíonn ár bpolaiteoirí leo pé háit a dtéann siad, ag déanamh bolg le gréin sna hOileáin Chanáracha nó go hiargúltacht iarthar Chorcaí, b’fhéidir. Beag bolg le gréin a bheadh á dhéanamh ansin acu an samhradh seo, ach nach mbeadh deis acu a bheith ag déanamh a marana ar a gcostais taistil!

Mar is eol dúinn, níl teora le drochaigne lucht na meán ag tagairt dóibh do mhí-iompar ár bpolaiteoirí. Nach air sin a mhaireann siad. Inniu féin tá eagarfhocal ar an Irish Times ag cásamh easpa tola an rialtais dul i ngleic leis an mí-iompar seo, nó leis an éilliú leanúnach sa tsaol polaitíochta.

Mar bharr air sin, tá alt fada eile sa nuachtán céanna faoi mhí-éifeacht agus easpa treorach agus ceannaireachta na bpolaiteoirí, ach ní hamháin gur anseo in Éirinn, a deirtear linn, atá seo ar siúl ach ar fud na hEorpa ar fad. Nach faoiseamh éigin é nach sinn amháin atá faoi scamall!

Ar ndóigh, is fios dúinn go dtéitear thar fóir leis an bport seo, nó chun seafóide, fiú. San alt úd ar an Irish Times bhí tagairt leis don drámadóir Brian Friel agus a ndúirt sé siar i 1980, nár léir dó aon chúis mhaith nach mbeadh an tír á rialú ag filí agus drámadóirí. Nár dhóigh leat gur dhuine stuama go maith é Brian Friel! An íoróin a bhí i gceist, b’fhéidir.

Gach aon duine agus a phort féin aige, gan amhras. Nach gné eile é den cheann a bhí á chasadh ní fada ó shin ag iar-uachtarán Ollscoil Luimnigh, fear nach gceilleann a thuairimí orainn, ar aon ábhar. Is dócha gurb é ba mhó a bhí i gceist aige ná gurbh fhearrde an Dáil dá mbeadh níos mó daoine dá leithéid féin ann, daoine acadúla, ardéirimiúla – ach ní hionann agus Brian Friel leis na filí agus drámadóirí – iadsan a raibh cúlra acu san eolaíocht agus i gcúrsaí gnó agus riaracháin.

Mar is maith is eol dúinn, ní inniu ná inné a chualathas an port sin a chéaduair. Cé hiad na daoine maithe seo? Nach bhfuil dóthain múinteoirí agus dlíodoirí agus dochtúirí, lucht gnó agus lucht ollscoile sa Dáil cheana fein. I ndáiríre, is cineál seachmaill atá i gceist anseo, go bhfuil foinse éigin tallainne amuigh ansin, daoine le saineolas agus le hardchumas, a dhéanfadh cúram níos fearr de rialú na tíre seo ná na hainniseoirí atá ina bhun faoi láthair.

Is fíor go raibh saoi Ollscoil Luimnigh ag caint, chomh maith, ar ár gcóras lochtach vótála. Is minic a luadh anseo an cliantachas, conas mar bhíonn teachtaí an aonpháirtí i bpíopáin a chéile san aon dáilcheantar, nó mar a bhíonn cumhacht as cuimse ag páirtí nach bhfuil tacaíocht acu ach ó chéatadán an-bheag ar fad den phobal, mar atá ag na Glasaigh faoi láthair.

Is é an leigheas a bhí ag an mBreathnach ná an córas liosta, mar atá acu sa Ghearmáin, in ionad an vóta singil mar atá againne. Mar atá leis an gcóras sin, is féidir leis na vótóirí a vóta a chaitheamh mar ba mhian leo, ach ansin bheadh de chead ag na páirtithe daoine breise a ainmniú de réir an chéatadán tacaíochta a thug na vótóirí dóibh.

Is maith is eol dúinn gur gné eile den éilíteachas a luadh níos luaithe atá go mór i gceist leis an seiftiúlacht seo, agus ní hé an Dr. Walsh amháin atá á chur chun cinn faoi láthair. Séard is bonn leis ná nach féidir brath ar an daoscarshlua vótáil do na hiarrthóirí ‘cearta’. Is fada fada an cheist seo á phlé sa tír seo. Rinne Fianna Fáil faoi Éamonn De Valera dhá iarracht fáil réidh leis an gcóras atá i bhfeidhm faoi láthair, agus theip ar na hiarrachtaí i dhá reifreann. Tá fógartha ag Éanna Ó Cionnaith go mbeidh ‘liosta’ d’fhiche Teachta Dála i gceist aige féin nuair a bheidh sé ina Thaoiseach, tar éis an chéad toghcháin eile, ar ndóigh.

Is minic an cheist pléite ag coistí éagsúla, agus go deimhin tá coiste Dála tar éis é a phlé le déanaí. Mar ba dhual dóibh chiceáil siadsan an cheist achrannach seo thar an taobhlíne chomh fada agus a thiocfadh leo. Chun é sin a chur ar bhealach eile, is é mhol siad ná go bpléifeadh ‘tionól pobail’ é.

Ní miste go mbeadh iniúchadh agus plé á dhéanamh ar an gcóras mar atá ar siúl faoi láthair. Mar a dúradh níos luaithe is mó locht atá ar chóras an aonvóta inaistrithe mar atá sé againne. Ach b’fhéidir leis nach mbeadh sé ciallmhar dúinn a bheith ag samhlú go bhfuil córas éigin vótála atá foirfe amuigh ansin, a réiteodh ár bhfadhbanna polaitiúla dá gcuirtí i bhfeidhm é.

Bíonn go leor seachas an Dr. Walsh amháin ag tuairimíocht na laethanta seo maidir leis na fadhbanna a bhaineann lenár gcóras vótála, agus ár gcóras polaitiúil i gcoitinne. Bhí sé i láthair le déanaí ag Scoil Shamhraidh Phádraig Mhac a’ Ghoill sna Gleannta i dTír Chonaill, an tríochadú tionól dá leithéid ar an mbaile sin.

Cá háit eile in Éirinn a dtiocfadh leis bualadh le comhghleacaithe ón saol acadúil a phléfeadh an pholaitíocht leis go léannta agus go stuama ar feadh seachtaine? Is é bhí mar théama ag an scoil i mbliana ná Athnuachan na Poblachta: buncheisteanna polaitíochta, eacnamaíocha agus freagrachta.

Bíonn raidhse scoileanna samhraidh thart ar an tír an dtaca seo den bhliain, ach is ar éigean go mbíonn oiread airde orthu agus a bhíonn ar an gceann seo sna Gleannta. Pé duine ar an mbaile sin a smaoinigh ar an pholaitíocht agus an saol poiblí mar théama ar a bhféadfaí Scoil Shamhraidh a bhunú, ní raibh aon dul amú air nó uirthi. B’fhéidir gur léiriú maith atá ann ar an tsuim neamhghnách a chuirtear i gcúrsaí polaitiúla sa tír seo. An í an córas neamhghnách vótála atá againn is cúis leis sin?

Ach b’ábhar ionadh agus iontais a raibh de mhaithe móra i láthair, ní ón saol acadúil amháin mar a luamar, mar bhí na polaiteoirí féin ann, airí rialtais agus iar-airí, ceannairí agus iarcheannairí an fhreasúra, agus Teachtaí Dála atá ag brath nach fada go mbeidh siad ina n-airí.

Bhí na tráchtairí ann gan amhras. Agus cé b’fhearr a dhéanfadh an oscailt oifigiúil ach an t-iarThaoiseach Gearóid Mac Gearailt. Tá oiread fuinnimh agus grinnis sa bhfear céanna nár mhór d’Éanna Ó Cionnaith faire amach dó féin.

Gan amhras tá athnuachan agus athleasaithe sa chóras polaitíochta go mór i gceist faoi láthair, toradh is dócha ar an ngéarchéim eacnamaíoch agus an drochbhail a leanfaidh é, is baolach, isteach sna blianta atá romhainn. Tá an Seanad faoi ionsaí, agus arís Éanna Ó Cionnaith ag caint ar dheireadh a chur leis ar fad. Beidh go leor a aontóidh leis sa mhéid sin. Cad chuige é? Cén chumhacht atá ag an Seanad? Féach an costas a bhaineann leis!

Is cinnte gur fadhb an easpa cumhachta, ach ina theannta sin ní dócha gur oibrigh an Seanad riamh mar a bhíothas ag súil leis, go háirithe go mbeadh daoine le taithí agus cáilíochtaí ar leith ag freastal ann. Is minic gurb iadsan a bhíonn ag súil le suíochán sa Dáil ar ball, nó a bhfuil suíocháin caillte acu, a bhíonn ina seanadóirí. Cén fáth nach bhféadfadh sé feidhmiú mar a bhí i gceist leis an liosta úd a rabhthas á phlé níos luaithe?

Pé ní faoi dheireadh a chur ar fad leis an Seanad, is cinnte go bhfuil athbhreithniú ceart riachtanach ar conas mar a fheidhmíonn sé. Fiú mar atá faoi láthair, is fíor go bhfuil daoine maithe ann gur fiú éisteacht a thabhairt dóibh maidir le cúrsaí rialaithe agus riaracháin na tíre seo.

B’fhéidir nach é ár gcóras vótála nó an Seanad an cheist is tábhachtaí. Cén fáth nach bhfuil níos mó ban gafa leis an saol poiblí nó mar bhaill den Dáil? Is maith is eol dúinn gur easnamh ar an saol sin a laghad díobh atá páirteach ann, agus gur mó d’fhadhb é sin ná na ceisteanna faoin Seanad agus an córas vótála.

Deirtear linn gur mná iad 52% den daonra. Tá fhios againn nach col atá i gceist vótáil do mhná, pé acu ó thaobh na bhfear é nó ó thaobh na mban. Gach uile sheans go mbíonn siad ró-ghafa le cúraimí eile nó gur tábhachtaí leo iad, go háirithe más cúraimí teaghlaigh agus clainne a bhíonn i gceist. Pé ceart nó mícheart é, is eol conas gur ar mhná is mó a thiteann na cúraimí sin. De bharr an bhrú neamhchoitianta a bhaineann le saol an Teachta Dála, ba dheacair freastal ar an dá thrá.

Nach féidir go bhfuil réiteach ar an bhfadhb sin. B’fhéidir, fiú, nár mhiste é a phlé ag scoil samhraidh, nó ag ceann de na tionóil phobail sin a mbíonn oiread cainte fúthu faoi láthair.

Feasta, Lunasa 2010

Abhaile | barr | clár na míosa seo | ar ais