Céard é seo?
An t-eagrán is déanaí
Cartlann
Comórtas
Ordú
Teagmháil
Cóipcheart
Údar-lann
Aíonna
Urraíocht
Naisc
|
Tírphictiúr Samhailteach
Gearrscéal le Pádraig G. Ó Laighin
Thug Síofra súilfhéachaint thart ar an ngailearaí. Bheadh tús leis an taispeántas um thráthnóna, agus theastaigh uaithi go n-éireodh thar cionn leis an ócáid. Bhí sí siúráltha gur seoladh cuireadh amach ag gach uile dhuine tábhachtach, agus go raibh nua gacha bia agus togha gacha dí ullamh. Agus í ag breathnú thart don uair dheiridh, chuaigh an t-iomlán i gcionn uirthi: bhí leagan amach na bpictiúr ar na fallaí thar barr.
Agus glas á chur aici ar Ghailearaí na hAille, bhraith sí sásta: bhí an oiread sin curtha i gcrích aici go n-uige sin. I ndiaidh na mblianta ag tnúth le dánlann dá cuid féin, na blianta i gcéin i bhfad ó Inse na Rón, d’éirigh léi an teach bijou gleoite seo a cheannach ar Bhóthar na hAille, mheall sí rogha na n-ealaíontóirí óga chuici, agus mar dhlaoi mhullaigh ar an ócáid, d’éirigh léi a thabhairt ar an duine ba mhó cáil ar an mbaile an taispeántas a sheoladh.
‘Is iontach deas mar atá sin déanta agat, a Shíofra. Comhghairdeas leat, a chailín’, arsa an seanchornal agus é ag gabháil thart ar an neomat sin.
‘Is galánta ar fad an gailearaí nua sin agat’, arsa Bean Uí Fhlannchadha léi agus í ag teacht an treo.
Rinne Billí, an seachadóir, fead íseal óna rothar, agus mhol sé dathanna an dorais agus na bhfuinneog go hard.
Ghabh Síofra buíochas leo uilig. Sea, go deimhin. Ba phictiúr ann féin é an dath gorm a bhí ar an adhmad, agus é i gcontrárthacht le haoldath an fhoirgnimh. Suite idir gairdín rósanna na reachtaireachta agus oifigí na Comhairle Contae, bhí an dánlann san áit cheart le haird an phobail a tharraingt.
Bheadh am le spáráil ar éigean aici le béile a chaitheamh agus í féin a ullmhú don taispeántas. Ag gabháil isteach doras Óstán Inis na Rón di, mar a raibh lóistín sealadach aici go mbeadh na seomraí os cionn an ghailearaí réidh, d’imigh fírinne iomlán an fhiontair i bhfeidhm uirthi agus thosaigh sean-éiginnteacht á crá athuair.
‘Is dócha go mbeidh na toicí móra ag freastal ar an oscailt sin agat tráthnóna,’ arsa Máirtín, seanchoimeádaí an óstáin léi agus Pims á chur chuici sa chúinne i dtús báire.
Cúig bliana déag a chaith sí thall i Londain tar éis an bhriseadh croí tosaigh sin. A fhios aici anois go mb’fhéidir go raibh sé pas beag ceanndána uaithi scaradh le Ruairí Ó Cinnéide, ó tharla go mb’eisean a theastaigh uaithi an uair úd. Ach theastaigh uaithi a fhios a bheith aici an bhféadfadh sí tairbhe a bhaint as an gcumas ealaíne ba léir do gach duine sa choláiste ealaíne a bheith inti.
‘Bíodh an béile breá sin agat anois, a chailín’, arsa Máirtín, ar ball beag, á dúiseacht as a haislingí. ‘Déanfaidh sé maitheas duit’.
Ba bhreá léi go raibh sean-Mháirtín fós in Inis na Rón. Í ag cuimhneamh ar na blianta úd a ndéanadh sí féin agus Ruairí Ó Cinnéide coinne caidriúil dí anseo.
Bhí Ruairí tar éis post a fháil mar cheantálaí cúnta i gcomhlacht Bugler & Prasswell an uair úd. Bhí sé tarraingteach. B’fhurasta a thuigbheáil go n-éireodh go hiontach leis sa ghnó. Pé rud a bhí le díol, acra talún, objet d’art, foireann troscáin, ba chuma: i gceann tamaill bhig, bhí post buan aige sa chomhlacht.
Níorbh ionadh gur éirigh thar cionn leis, na cailíní go léir splanctha ina dhiaidh ag na damhsaí, agus éileamh air a thúisce a thagadh sé isteach i mbeár Óstán Inis na Rón.
——◊——
‘Síofra Ní Bhroin nach ea? Tá cuid ded shaothar ealaíne feicthe agam cheana. Thaitnigh sé liom, deirim’: b’shin mar a chuir sé é féin in iúl di an chéad lá riamh. Bhí cóisir bheag san Óstán, ceiliúradh ar an gcéim ón gColáiste Ealaíne a bheith faighte aici, agus ar chúis nó ar chúis eile, tarraingíodh isteach sa scléip é.
‘Thaitin an tírphictiúr sin agat liom ach go háirithe — pictiúr den taobh sin tíre thart ar Inis na Rón’.
Idir a mholadh uirthi agus a dheisbhéalaí, bhí sí faoi dhraíocht.
‘Caithfidh gur aimsigh mé tréigean an tsolais sa ghleann sa phictiúr sin’, a d’admhaigh sí. ‘Is maith liom sin a chlos uait’.
Thug mé fancy duit, gan amhras,
mar bhí mise gan chéill.
Taobh de féin léirithe seachas an duine teanntásach.
‘Féach’, ar sé ansin, ‘tá neart ábhar as Caisleán na mBúrcach thuas le díol againn arú amárach, agus tá neart pictiúr san áireamh. Bheinn buíoch duit dá ndéanfá súilfhéachaint a thabhairt orthu á meas’.
Ba chliste an bealach é le bualadh léi athuair. Ach cad ab áil di é? Ní raibh ann ach spallaíocht. Mar sin féin, bhí sé ina fhinnscéal eatarthu go ceann i bhfad ina dhiaidh sin, é á breith chun an damhsa seo, an tionól spóirt úd, deochlann an óstán ina láthair choinne riamh is choíche.
——◊——
B’ann, freisin, a d’inis sí dó go raibh sí ag imeacht go Londain. Ar an leithscéal, a dúirt sise leis, gur theastaigh uaithi cloí leis an ealaín, ach i ndáiríre, theastaigh uaithi céim siar a thógáil ón gcairdeas eatarthu:
Cé go dtug mé mo chion go léir duit.
‘Bainfidh mé na gréithre sin den bhord, a chailín’. Sean-Mháirtín a bhí ann. D’fhéach sí ar an gclog os cionn an bheáir. ‘A Thiarcais! Mé ag cur am amú agus dearmad glan déanta agam ar an taispeántas’, arsa Síofra. ‘Beidh an diabhal de ruathar orm anois a bheith ullamh’.
Ruathar, b’fhéidir, ach an tráth a bhuail sí an deochlann amach in athuair ag triall ar an ngailearaí, b’éigean do Mháirtín a admháil go raibh cosúlacht na banríona uirthi.
——◊——
Bhí an aimsir go maith. Bheadh freastal maith ar an taispeántas. Bhí an scríbhneoir Diarmuid Mac Alastair sna sála uirthi agus í ag oscailt an ghailearaí. Eisean a bhí roghnaithe aici leis an oscailt oifigiúil a dhéanamh, agus theastaigh uaidh deis a bheith aige breathnú ar shaothar na n-ealaíontóirí ar dtús. Thug sí ar thuras na bpictiúr é: luí ag an ealaíontóir seo leis an ábhar neamhbheo, an t-ealaíontóir eile ag cloí leis an teibíocht; taithí Londan ag dul chun tairbhe di.
Bhí na haíonna ag teacht an doras isteach. Ghabh sí leithscéal le Mac Alastair agus d’imigh ag fáiltiú rompu. ‘Táim buíoch daoibh as teacht’, ar sí leis an Dr. Ó Baoill agus a bhean. ‘Féach bíodh gloine fíona agaibh. Téigh ag breathnú ar shaothar na n-ealaíontóirí.
‘Fíon dearg nó geal, a Iníon Ní Thuairisc. Sea, go deimhin, tá cuma bhreá ar an dánlann, cé go ndeirim féin é’.
‘Fáilte agus fiche romhatsa, a dhuine. Feicim go bhfuil dúil agat sna colláisí sin’.
Bhí cúrsaí ag dul go binn. Bhí díol ar na pictiúirí, agus bheadh scéal na Dánlainne i mbéal an phobail; bhí tuairisceoir agus grianghrafadóir ón nuachtán contae in áirithe aici ar aon chuma.
——◊——
Ní fhaca sí Ruairí Ó Cinnéide ag teacht an doras isteach chun an taispeántais. Ar chúis nó ar chúis eile, tharla nár bhuaileadar ar a chéile ó tháinig sí ar ais ó Londain:
‘Is fada inniu, is is faide amárach’.
Bhí sé imithe chun na maitheasa, ruainne liath ar an uisinn aige, agus an toirt a bhí ag dul lena stádas mar chomhpháirtí sa chomhlacht. É gléasta go néata mar a bhí riamh, ba léir nach raibh an mhuinín sin ann féin caillte aige.
Ní raibh cúis ar bith nach bhfáilteofaí roimhe. Nár fhágadar slán ag a chéile gan bhinb.
‘Is breá liom tú a fheiceáil anseo, a Ruairí’.
‘Agus mise tusa a fheiceáil, a Shíofra, ar sé. ‘Caithfear comhghairdeas a dhéanamh leat as an dánlann seo a chur ar fáil. Déanfaidh mé camchuairt na bpictiúr. Cá bhfios nach bhfeicfidh mé saothar a thaitneoidh liom?’
‘Ar aghaidh leat. Tá neart saothar den scoth ann. Ní liom iad, ar ndóigh, ach féach go ndúirt tú féin riamh go raibh súil aibidh agam.’
Agus é ag gabháil uaithi tríd an slua, bhraith sí arraing aiféala: ar bhuail sé le cailín ar bith eile ó scaradar?
D’imigh an tráthnóna, fad a labhair sí faoi phictiúr éigin leis an duine seo, agus a rinne sí gáire leis an duine úd, agus bhí sí lánsásta faoin am a chuir sí an glas ar an ngailearaí. Chuir sí níochán na ngloiní agus bailiú na bplátaí páipéir ar athló, fiú, go dtí an mhaidin dar gcionn.
Ag gabháil thar ghairdín cumhra na reachtaireachta in athuair di, bhuail arraing aiféala arís í nach mbeadh sí in ann a sásamh a roinnt le duine speisialta amháin.
——◊——
B’ionadh léi nuair a ghlaoigh Sean-Mháirtín uirthi agus í ag dul isteach i ndeochlann an Óstáin: bhí beart fágtha lena haghaidh. Cé uaidh an beart? Cad a bhí ann?
Nuair a bhain sí an páipéar donn, fágadh gan focal í: an radharc sin ar ghleann mistéireach sin Inis na Rón. Tar éis an achar sin ama, ní fhéadfadh sí a chreidmheáil go raibh an úire fós i dtréigean an tsolais.
Ach tharla gurbh é an nóta a bhí leis an bpictiúr a bhain dá bonnaibh ar fad í — an pheannaireacht néata sin: Tírphictiúr Samhailteach. Ruairí.
Is ar an bpointe boise a gheall sí go ndeanfadh sí coinne, gan dabht, leis i ndeochlann Óstán na hInse:
‘Ar an ndúil is go mbéinnse is mo chéadsearc liom ag ól,/ Is gur tú an chéad duine ar léig mé mo chumann leis go fóill.’
Feasta, Márta 2010
Abhaile
|
barr
|
clár na míosa seo
|
ar ais
|