Céard é seo?
An t-eagrán is déanaí
Cartlann
Comórtas
Ordú
Teagmháil
Cóipcheart
Údar-lann
Aíonna
Urraíocht
Naisc
|
Líon suas arís iad!
le Murchadh Mac an Aighnis
Feasta, Márta 2010
Léirmheas: An Bhréag agus Scéalta eile
le Pádraig Ó Cléirigh (Coiscéim. 2009)!
Cnuasach beag gearrscéalta móide aistí beathaisnéise le Vivian Uíbh Eachach agus Colm Ó Snodaigh atá sa leabhar seo. Cúig ghearrscéal san iomlán, cloch bheag i leacht an fhir bhoicht uasail mar sin féin. Comhartha aitheantais. Comhartha ómóis. Comhartha ceiste — cad chuige nár tháinig níos mó óna pheann?
Mar is eol don saol Gaelach tá Pádraig bocht imithe ar Shlí na Fírinne ó Nollaig na bliana 2005. B’fhéidir nár chóir dom Pádraig ‘bocht’ a ghairm air, agus ní ar bhealach díspeagach ná drochmheastúil a úsáidim an téarma, ach díreach go raibh trua an domhain agam dó. Caithfimid go léir glacadh le pé lámh cártaí a dháiltear orainn sa saol seo, ach ceapaim gur dáileadh fíor-dhrochlámh chártaí ar Phádraig bocht, lámh a chinntigh nach bhféadfadh sé riamh cluiche a bhuachan, cluiche casta, míchothrom an tsaoil ach go háirithe.
Aithne Chlub Chonradh na Gaeilge i mBaile Átha Cliath a bhí agamsa ar Phádraig. Chuireas aithne air ar dtús thart ar scór bliain ó shin nuair a bhíomar go léir níos óige agus níos soineanta. Bhíodh sé mar bhall de Chlub an Luain ar feadh na mblianta. Chun a bheith i do bhall seasta den chlub cáiliúil sin níor mhór duit (a) féasóg a bheith ort (dá mba fhear tú); (b) a bheith dathúil (dá mba bhean tú); (c) gan a bheith i do chráiteachán clamhsánach (fear nó bean). Ní bhíodh fadhb ar bith ag Pádraig rialacha na ballraíochta a chomhlíonadh, agus ba dhuine é a chuirfeadh go mór leis an gClub mar go raibh sé caoin, cneasta agus neamhghnách, cáilíochtaí atá gann go leor ar na saolta seo.
Fear mór leabhar ba ea Pádraig. Ba bheag oíche nach mbíodh leabhar ‘neamhghnách’ éigin ina sheilbh aige, leabhar a thóg sé ‘ar iasacht’ as áit éigin a raibh chuile dhuine beag beann ar an leabhar céanna — tithe tábhairne, bialanna, óstáin (áiteanna ina mbíonn leabhair ar sheilfeanna móra ar leibhéal na síleála agus iad mar chuid de na maisiúcháin.) Ba mhinic mise ar an mbus istoíche agus leabhar breá ‘neamhghnách’ mar seo á léamh agam a fuaireas ‘ar iasacht’ ó Phádraig.
Duine de charachtair shaol na Gaeilge ba ea Pádraig. Is beag díobh atá fágtha faoin am seo. Bhíos an-cheanúil air, caithfidh mé a rá. Fear éirimiúil, macánta, soineanta, suimiúil ba ea é agus an-chomhluadar go deo i dtigh an óil. Ba mhinic é thíos leis agus ‘corthaí crua an tsaoil’ ag teacht aniar-aduaidh air. Ba dhíol trua ceart é ag amanta mar seo, ach bhí a lán cairde maithe aige a thagadh i gcabhair air in am an anaithe. Níos mó ná mar a thuig sé féin, b’fhéidir.
Maidir leis an leabhar beag seo, ’sé a locht a laghad. Cé nach bhfuil ann ach cúig ghearrscéal, is scéalta snasta, fuinte, dea-scríofa gach ceann acu, agus tuiscint agus peirspictíocht an scríbhneora le feiscint iontu. Aigne linbh. Aigne ghlan, neamhtruaillithe. An aigne chéanna a luaigh an Ríordánach sa réamhrá a bhí aige lena chéad chnuasach filíochta, ‘Eireaball Spideoige’. Scéalta iad a bhfuil an óige mar chúlra orthu. Scéalta iad a léiríonn gurb í an díomá an mothúchán is treise sa saol seo i gcás daoine áirithe agus go mbíonn sé éasca an nóta dóchais a bhá i dtranglam gránna an tsaoil. Críochnaíonn an scéal is fearr sa leabhar, ‘An Bhréag’, i nóta éadóchais na míthuisceana:
Ach níor éirigh le Criostaí ach an méid seo a rá — ‘Ní hé sin é! Ní hé sin é!’
Taobh amuigh, bhí an bháisteach tosaithe agus, diaidh ar ndiaidh, ghlan sí na saigheada, na comharthaí agus na teachtaireachtaí lena deora.
Críochnaíonn scéal eile – ‘Taom’ - atá ar chomhchéim leis ‘An Bhréag’ ar an nóta céanna. Sa scéal seo tá an scéalaí suite ag fuinneog chaife ag breathnú ar ógánaigh lasmuigh. Duine é an scéalaí nach bhfuil ar fónamh agus duine é nach bhfuil óg a thuilleadh. Buaileann taom néaróige é agus é suite ansin – Agus ó ucht domhain na farraige chuala ’sé an clog ag clingeadh … the deep sad music of humanity … clingeadh glé braonach ó íochtar na farraige.
Beirt bhuachaill agus cailín amháin atá trasna na sráide uaidh. Déagóirí. Rothar ag duine de na buachaillí. Tá an scéalaí den tuairim gur cailín gleoite í an cailín ar feadh an achair. Ach arís fágtar a bhrionglóid ina smidiríní ag deireadh an scéil:
…chonaic Seán gur beag de dhathúlacht a bhí aici agus nach raibh dath a cuid gruaige ar dhath an arbhair aibí, ach cineál donn neamhlonrach. Bhí sí ag glaoch ar an rothaí agus, nuair a d’oscail custaiméir doras an chaife, d’airigh Seán a glór. Bhí sé garbh comónta.
’Sé an trua é nár scríobh Pádraig níos mó. ’Sé an trua é nár dáileadh cártaí níos fearr air.
Ach cloisim fós é agus é suite ar stól ard i gcúinne Chlub an Chonartha agus gach ‘Ní hé sin é! Ní hé sin é!’ uaidh, agus the deep (fiú the still!) sad music of humanity á thionlacan ar bhóithre uaigneacha na síoraíochta.
Feasta, Márta 2010
Abhaile
|
barr
|
clár na míosa seo
|
ar ais
|