Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Aíonna

Urraíocht

Naisc

Dánta

le Liam Prút


Táthán Fola

Bhí rí i mBreifne fadó…
mar sin a d’inis an leabhar scoile
faoin gcaisleán
a bhí rí Bhreifne a thógáil
agus gurbh éigean
a raibh d’eallach ina ríocht
a bhúistéireacht
d’fhonn dóthain tátháin
fola
dá chuid ballaí…
sa tslí gur tháinig búistéirí an rí
chomh fada le bó na baintrí...

Robert Fisk
tarraingt bhacaideach1 sáibh
thar oinniún-chnámh;
fírinne fiacail-chruach do phinn
ní ghearrfaidh cnámh dhúr
an tseanghadhair poncán.

dá ghéire do thoireasc
ní thig leis teacht
cruinn timpeall
ná tríd
an chnámh-choirt.

1 Tabhair faoi deara an focal Gaeilge ‘bacaideach’
(= aimhréidh amhail bóthar clochach bacaideach nó feithicil a bheadh bacaideach de dheasca drochrotha nó drochbhóthair etc. nó marcaíocht bhacaideach i bhfeithicil), focal atá go tréan sa chaint ach atá curtha faoi chosc trí chomhshamhlú bréige le ‘bocóideach’ i bhfoclóir Uí Dhónaill.

Do Mháire Mac Aodha, Caiseal Mumhan

Ríon na mBéilí ar Rothaí

Dhá mhéar an chloig
Tá dhá mhéar ar a’ chruinne-chlog:
méar ghairid is méar fhada;
méar ghairid mhall
do ghrá gan teip;
méar fhada

muis, méar fhada!
Más mall más tapa
rith an chloig
’sé an bóthar mór
an t-aicearra;
inneall an ghrá é
fada gearr
ar rotha mhór na cruinne.

casann an grá
ar roth dhá shlí:
slí bhuan na loinge ar ancaire;
slí bhog an tseoil sa ghaoith.

mo ghrá go daingean thú sa ghaoith
a loingis mhóir mórmhara;
mo ghrá go daingean an naomhóg,
i measc na dtonn
bád ceangail.

oíche stoirme an bháis
nach fada uainn a ampla
an tsnáthaid bheag
faoi cheo an ghrá,
an tsnáthaid mhór an sampla.

Feasta, Márta 2010

Abhaile | barr | clár na míosa seo