Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Aíonna

Urraíocht

Naisc


- - Saibhreas agus Ioncam - -

Tá tuarascáil tagtha chugainn le déanaí ó cheann de na comhlachtaí stocbhróicéirí is mó sa tír a deireann linn nach bhfuilimid i ngar do bheith chomh maith as sa tír seo agus a shíleamar. Beidh go leor, i laethanta seo na gannchoda, a déarfaidh narbh eol dóibh go raibh siad go maith as ar aon chor, ach fágaimis sin mar atá sé go fóill.

Ar an gcéad dul síos, deir an tuarascáil nach raibh an tslat tomhais cheart in úsáid againn. Is cosúil nár chóir dúinn a bheith ag brath ar ioncam per capita amháin chun ár stádas eacnamaíoch nó sóisialta a mheas ar an leibhéal idirnáisiúnta.

Bíodh go bhfuil an méid a thuillimid in aghaidh na seachtaine beagnach ar aon dul le daoine sa Bheilg, nó san Fhionlainn, tá siadsan chomh mór sin chun cinn orainn ar leibhéil eile nach mór ná go bhfuilimid beo bocht. Mar shampla, tá infreastruchtúr i bhfad níos fearr acu, bóithre agus iarnróid go háirithe. Is cosúil leis go bhfuilimid go mór ar gcúl ó thaobh córais teileachumarsáide agus seirbhísí sóisialta i gcoitinne.

San am céanna admhaítear go bhfuil dul chun cinn déanta ó thaobh na mótarbhealaí le roinnt bheag blian. Is aisteach gurb iad na mótarbhealaí céanna is mó a spreagann conspóid. Más dul chun cinn iad i súile roinnt mhaith daoine, is smál ar an tírdhreach iad i súile eile.

Ach is nuair a thagann sé go laithreáin seandálaíochta agus oidhreachta a thosaíonn an raic. Ní gá dúinn ach smaoineamh ar cad a tharla i gcás an M3 taobh le Teamhair; raic atá ag bagairt arís anois i mBaile Shláine taobh le Brú na Bóinne. Déarfaidh daoine réasúnta go bhfuil mótarbhealaí riachtanach, ach nár chóir agus nár ghá go gcuirfí isteach ar na láithreáin seo.

Gan amhras tá an ceart ag na stocbhróicéirí nuair a deir siad gur slat tomhais róchung ar fad é ioncam per capita chun ár leas coiteann a mheas. Is léir gur chóir go gcuirfí ár seirbhísí sláinte agus sóisialta san áireamh freisin, agus tuigeann gach duine an tábhacht a bhaineann lenár gcóras oideachais.

Sea, agus ag tagairt do Theamhair agus do Bhrú na Bóinne, nár chóir ár gcultúr i gcoitinne a chur san áireamh? Cad a chiallaíonn sé sin? Litríocht, ealaín, ceol, drámaíocht, rince, agus gan aon agó ár dteanga féin. Nach sinn atá saibhir go bhfuil dhá theanga againn, ár gceann álainn féin chomh maith le teanga dhomhanda. Nach dtéann ár gceann féin siar go dtí ré na Teamhrach agus Bhrú na Bóinne. Ní baol go mbeimis chomh dúr go ligfimis di sin sleamhnú uainn.

Déarfar, b’fhéidir, nach maith an tráth é chun a bheith ag plé na gcúrsaí seo agus lagtrá eacnamaíoch sa mhullach orainn. Ach raghaidh an saol i bhfeabhas, agus nuair a bheimid ar ais ar ár seanléim beidh breithiúnas agus tuiscint níos fearr againn ar cad a chiallaíonn saibhreas.

Nach bhfuil ábhar machnaimh tugtha ag na stocbhróicéirí dúinn!

Feasta, Márta 2010

Abhaile | barr | clár na míosa seo