Céard é seo?
An t-eagrán is déanaí
Cartlann
Comórtas
Ordú
Teagmháil
Cóipcheart
Údar-lann
Aíonna
Urraíocht
Naisc
|
Smaointe Polaitíochta
Cora Crua an tSaoil Pholaitiúil
le Seán Ó Loingsigh
Anois, pé acu an bhfuil sé ceart nó mícheart, is argóint thábhachtach í seo. Ní hé Lee an t-aon eacnamaí a chreideann ann. Tá sé ina argóint mhór sa Bhreatain faoi láthair idir dhá dhream eacnamaithe.
——◊——
Mar is minic ráite, níl aon ní buan ar an saol seo. Cé is fearr a thuigeann é sin ná ár bpolaiteoirí soirbhíocha, a chuireann a muinín i gclaonta agus i dtuairimíocht lucht vótála agus i saol guagach an pholaiteora.
Ní hionann ar aon chor mar pholaiteoirí iad Willie O’Dea, George Lee agus Déirdre De Búrca, ach is iad is déanaí a bhfuil neamhbhuaine an tsaoil sin curtha ina luí orthu. Is léir gur don Deághach is lú a bheidh trua. Bhí sé siúd ró-bhéalscaoilte i gcónaí, agus an iomad den nimh ann mar bharr ar sin. Mura bhfuil deireadh an róid sroichte aige sa pholaitíocht is léir go bhfuil sé sroichte aige mar aire rialtais.
Aisteach go leor b’fhéidir go gcuireann a dhul as oifig le tréimhse an chomhrialtais, bíodh nach é sin atá á thuar ag go leor de na tráchtairí. Tá na Glasaigh tar éis iad féin a chur in iúl, agus is mó a bheidh siad ar a suaimhneas tar éis a raibh de dhrochíde faighte acu ó Dhéirdre de Búrca, agus í ag cur meatacht i leith an pháirtí agus a gceannaire. Ní hé go bhfuil aon mholadh mór tuillte aici siúd.
Gan amhras b’fhaoiseamh d’Fine Gael eachtraí Willie O’Dea agus míthreoir an rialtais dá mbarr. Ba ghearr go raibh dearmad déanta go raibh an mhíthreoir chéanna i gceist i gcás Fhine Gael roinnt laethanta roimhe sin, nuair a thréig George Lee an páirtí agus an pholaitíocht.
Nach minic tagairt déanta againn do shean-nath Harold Wilson, nuair a bhí sé na phríomhaire sa Bhreatain, faoin bhfad a bhí i seachtain sa saol polaitíochta! Harold eile agus príomhaire eile, Macmillan, a dúirt, nuair a fhiafraigh tuairisceoir óg de cad ba mhó a chuir eagla air sa saol polaitíochta: ‘Cúrsaí, a bhuachaill, cúrsaí’, ‘events, dear boy, events’. Tuigfidh Brian Cowen, agus Éanna Ó Cionnaith chomh maith leis, cad a bhí i gceist leis na ‘events’.
I ndeireadh na dála, ó thaobh na polaitíochta, agus go háirithe na heacnamaíochta, ba é eachtra George Lee an ‘event’ ba thábhachtaí ar fad. Gan amhras, chloígh na meáin chumarsáide leis an ngné pholaitiúil agus leis an ngáifeachas a bhain leis sin. Ba mhór an chic sa tóin a bhí ann d’Éanna Ó Cionnaith agus mar sin de.
Ba eacnamaí tábhachtach é Lee agus bhí misean aige. Chreid sé go raibh dul amú ceart ar chur chuige an rialtais maidir leis an ngéarchéim eacnamaíoch. Ní raibh aon mhuinín i NAMA aige. Chreid sé leis gur mhó de dhochar ná de mhaitheas a dhéanfadh na ciorraithe ar fad, agus go mb’fhearr go mór borradh a dhéanamh ar an eacnamaíocht le linn an lagtrá, fiú go mbeadh sé riachtanach dul níos mó i bhfiacha chun é sin a dhéanamh. Go háirithe, b’fhearr nach mbeadh oiread sin daoine as obair de bharr na ngearrtha a bhí a ndéanamh i ngach treo.
Anois, pé acu an bhfuil sé ceart nó mícheart, is argóint thábhachtach í seo. Ní hé Lee an t-aon eacnamaí a chreideann ann. Tá sé ina argóint mhór sa Bhreatain faoi láthair idir dhá dhream eacnamaithe. Tá an argóint chéanna ar siúl i mbeagnach gach uile thír ar a bhfuil an ghéarchéim ag luí, na Stáit Aontaithe san áireamh. Tá na heacnamaithe deighilte go hiomlán maidir leis an gceist.
Is beag amhras ná gur shíl George Lee go raibh neamhaird á dhéanamh ar a dhearcadh eacnamaíoch ag a pháirtí féin. Rith sé leis, b’fhéidir, gur ‘stróc’ polaitiúil a bhí ann nuair a roghnaíodh é mar iarrthóir an chéad lá, seachas aon tábhacht ar leith a bhain lena chumas mar eacnamaí. Ní mór ná go ndéanfadh peileadóir mór le rá an gnó chomh maith céanna!
Pé ní, ba léir nach raibh fonn air fanacht thart ag cur isteach an ‘tréimhse phríntíseachta’, mar a bhí á lua ag go leor tráchtairí. Sa deireadh, ba é an t-ábhar díomá ba mhó a bhain leis an eachtra seo ná an neamhshuim a rinne na meáin chumarsáide den ghné thábhachtach eacnamaíoch a bhain leis.
Ba dhóigh leat go raibh an bealach a caitheadh le George Lee amscaí go maith, agus is beag amhras ná go raibh an t-ádh dearg le ceannaire Fhine Gael gur oscail Willie O’Dea a chlab go díreach in am an ghátair.
Sula bhfágfaimid slán ag Lee, áfach, b’fhéidir nár mhiste sracfhéachaint a thabhairt siar ar phearsana móra eile teilifíse a chuaigh leis an bpolaitíocht. Nach fada an lá ó shin anois ó chuaigh Conchúr Crús Ó Briain, Justin Keating agus David Thornley le Páirtí an Lucht Oibre, ‘celebrity candidates’ — ‘ceiliúráin’, sílim, de réir focal.ie, ach gur shíleas nach dtuigfeadh aon duine é! — má bhí a leithéidí riamh ann. Nár ceapadh an Brianach agus Keating ina n-airí láithreach bonn baill?
Agus an cuimhin le duine beo Máirtín Ó Donnchú, a bhí ina ollamh le heacnamaíocht i gColáiste na hOllscoile i mBaile Átha Cliath, a chuaigh le Fianna Fáil, agus gur deineadh aire de a luaithe a chuir sé a chos thar tairseach i dTeach Laighean. Bhí géarchéim eacnamaíoch ann an uair sin leis, agus más buan mo chuimhne, bhí polasaí aige nach raibh éagsúil ar fad lena bhfuil i gceist ag George Lee anois. Ba ghairid a théarma mar aire agus mar Theachta Dála.
Ba dhaoine fíorábalta iadsan uile atá luaite, ach ar bhealach éigin níor sheas siad an cúrsa mar pholaiteoirí. B’fhéidir gurb é ba mhó ba chúis leis sin gan iad a bheith sásta cur suas leis an nguagacht agus an éiginnteacht a bhaineann le gairm agus saol an pholaiteora. Is trua é gur mar sin atá. Mar a dúradh go minic anseo, tá sé fíorthábhachtach go mbeadh daoine den scoth ag glacadh páirt sa pholaitíocht.
Ag cíoradh an scéil seo, is é a rithfeadh leat arís agus arís eile ná uileláithreacht agus fiú uilechumhacht na meán cumarsáide. Ní mór ná go mbeadh trua agat don ainniseoir sin Willie O‘Dea agus é ag iarraidh leorghníomh a dhéanamh faoina bhéalscaoilteacht ar chlár raidió Sheáin Uí Ruairc. Mar is eol dúinn, ba mheasa ná riamh a chás faoin am go raibh deireadh déanta ag Ó Ruairc. Ag cur do cheann i mbéal an leoin a déarfaí i mBéarla leis an gcur chuige sin.
Má ba léiriú ar chumhacht na meán cumarsáide é Willie O’Dea ag déanamh leorghnímh ar chlár raidió, chomh maith le bheith ina ábhar fonóide ag daoine neamhthrócaireacha, cad déarfá le Tiger Woods ag déanamh aithrí phoiblí ar an teilifís le déanaí toisc caidreamh éigin míchuí a bheith aige le níl fhios agamsa cé mhéid ban. Deirtear linn go raibh na milliúin daoine ag breathnú ar an gclár áirithe seo.
Ar a laghad i gcás an Aire Cosanta, d’fhéadfaí a rá gur gnó don phobal a bhí i gceist, ach cén bhaint a bhí ag na milliúin úd le geáitsí gnéis an Tíogair? Nach linne a bhí an t-ádh go bhféadfaimis cúpla cogar a chur i gcluais an tsagairt i ndorchadas bhosca na faoistine fadó. Ní bhíodh ar chuid dár gcomharsain an méid sin féin a dhéanamh.
Chun éirí as an tseafóid sula mbogfaimid bóthar, beidh sé suimiúil cé a cheapfar mar Aire Cosanta. D’ainneoin a dhonacht atá an phrognóis don rialtas seo, agus nach dócha gur téarma an-fhada a bheidh i ndán do pé duine a cheapfar, beidh go leor Teachtaí Dála ag súil le hardú céime. Tá ár nuachtáin mheasúla ag comhairliú don Taoiseach atheagrú iomlán a dhéanamh ar an mbinse tosaigh, nó ar an gcuid sin de ar a bhfuil smacht aige. An bhfuil an Tánaiste i mbaol?
Níl aon deireadh leis na ‘(h)events’ an mhí seo. Sula raibh na cosa tugtha linn againn, thainig scéala go raibh Trevor Sargent tar éis éirí as oifig. Fear maith eile ar lár. Ní dócha go gcuireann sé aon athrú mór ar an scéal seachas go méadaíonn sé ar an míshocracht coiteann.
Fainic, mar sin féin. Nach deacair a bheith cinnte d’aon ní sa saol polaitíochta na laethanta seo. Cé a chuir an pionna ann, mar a deireadh Breandán Ó hEithir fadó? Fine Gael? Fianna Fáil? Tá lucht an fhreasúra ag déanamh líomhaintí faoi dhrochobair Fhianna Fáil a bheith i gceist áit éigin. Feicfimid.
Feasta, Márta 2010
Abhaile
|
barr
|
clár na míosa seo
|
ar ais
|