Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Aíonna

Urraíocht

Naisc


Ainm an Athar is a Mhic


Scáil-scéal le Muiris Ó Meára



Bhí scéal fada orthu

Bhí na bastúin chríochnaithe sin Mac an tSagairt, Mac an Easpaig agus Mac an Chánónaigh Bháin i bhfolach i mbaile an Bhiocáire roimh bhreacadh an bháirín laethúil an mhaidin mhodartha seo. Bhí comhluadar sa tigh acu, leis, mar bhí an tré náirithe sin Cíos, Cás, Cathú agus Gan i bhfolach faoi bhun an in media res a bhí ceannaithe go daor ag an mBiocáire ceartcreidmheach blianta fada roimhe sin i lár an aonaigh a bhíodh lasmuigh den Lobharlann náisiúnta sular thit sí as a chéile ag deireadh chogadh Kalalau - nó Cill Dá Lú mar is fearr aithne anois air.

Éirí in airde agus péacadh an tsinsir a bhí ag déanamh scime do gach Mac Athar des na tréanna folaithe réamhluaite. B’in a thug orthu dul i bhfolach ón dtréad liath ainmhíoch gan gaideach gan smálls gan pheaca a bhí ag bailiú brobhanna de chogar ceilge agus mogair lasmuigh d’fhuinneog an tséipéil sa mhagnum opel us a dhíol Mac a’ Cheannaí le Gealbhánach na ngiolcaí sular phós sé Maudín gonne tásc ná ceadúnas tiomána.

Pé acusan é, bhailíodar Lumpar is Lampar lasmuigh den sceallóglann agus chaitheadar a chip is a mheanaí le mustar agus citseap sular thugadar bóithrín na smaointe orthu féin sa chairt an oíche úd i mBeitheal. Ghabhadar trén gcró snáthaide siar ó thuaidh nó gur ráiníodar an Fearann Breac Dhorcha agus Mhuire Mháire! Muna bhfuil meas ar an dtortha a thuismigh an mharcaíocht neamhurchóideach sin ní deo na Díle ná cleithireacht Philib fós é. Trácht thairis, áfach, fé mar a déarfadh na damhsóirí ag an gcrosbhóthar nuair a théaltaigh an Rolls ríoga ZL 5000 ar an láthair.

‘Trácht thairis, cúrbhóithre agus a leithead... Ní bhead ann arís’ arsa Dev le hAisling ansan.

Deirtear go dtarraigníonn scéal scáil agus deirtear go dtarraingníonn scéalta scólta scoilteacha agus deirtear go dtarraigníonn tindeálaí piúnt agus deirtear go dtógann ainm eile Mhic Ghearailt snagceol. Deirtí Sláinte mhaith ar chúl na Dála fadó ach tá an tsúimínteacht sin faoi their anois agus ní chaitear seilí fiú ná tóin ná clocha ná sáiteáin ná feaigs a thuilleadh i ndeireadh na Dála.

An tAoire sláinte a thuismigh na ríleanna is na jigeanna nua. Ach d’imigh an uair sin agus tháinig an uair seo agus — idir an dá linn — nuair a d’fhéachadar na tréanna réamhluaite fuinneog an Bhiocáire amach, d’aithníodar ar fháinní dubha na ré go mbeadh na gréinleacha ag bualadh leis an ngaothrán gan ró-mhoill. Bheadh an ghrian chucu de phlimp pleainc agus ní bheadh aon asdul nó ceileatram acu a thuilleadh d’éis na láchana vácarnaí sin ar chúl an tí. That was no country for older men seeking friendship or fondling of tattered sticks arsa an tOllamhín sin Aesop leo ansin.

Ná baintear an t-ainm den bhairín óir ní féidir an fhírinne a cheilt.

Rugadh i sáinn orthu. Ní raibh aon oidhre ar a n-aithreacha Triontacha anois ach chré. Bheadh na hiar-Triontaigh seo náirithe iar dain ar Chomhairle na n-iar-Choilíneach-iar-nua-aoiseach agus scaipfeadh an náire sin ar fuaid na bhfuad agus na mionéan leis gan dabht. Chraobhscaoilfí an phailin pheannaideach sin ar fuaid an tsíl mhóir chomh siúráltha is atá Peadar na gcros ar mhuin asail i gCill Áirne.

‘Táimid damnaithe a fheara,’ arsa Pól mac an tSagairt agus thit sé chun talún.

D’imigh an galar titimeach ar Mhac an Chanónaigh Bháin ansin. Théaltaigh an tinneas beannaithe ar Mhac an Easpaig agus bhí an tinneas mór ar an gcuid eile dá raibh i láthair ansin. Thosaigh Gay ag cacadh go ciúin sa chúinne ansan agus ó tharla go raibh bean a’ leanna ag an ndoras d’fhógair sí nach raibh sé ina lá fós. Mar seo a bhíodar uile go sítheach, siocánta, síocóiseach go dtí gur chualadar giolc an Ghealbhánaigh lasmuigh den bhfuinneog. Chacadar uile ansin....

Seó bóthair
Cuma nó circín mná
Geáitsíocht na Gé nó na Bó.
Anocht táid na réalta uile
ar bhealach na gaybó finne.
Éist leo ag géimnigh
Éist lena Liútar
is
aireoidh tú
late léataráil na n-aingeal
go hard.

Sin rann a bhíodh ages na Géanna fiáine agus na Lianna Fála i mBeann Éadair na gcraobh fadó. Is de shuimiúlacht go leagann na scoláirí Cleiteacha agus cúpla prick preac eile an rann sin ar Naomh Agaistín de Staic. Is leor an nodaireacht seo thíos don eolchaireach, áfach.

Da Capo Al Fine

(Fuileann an fholaíocht ar an bhFeallaire).

Feasta, Meán Fómhair 2010

Abhaile | barr | clár na míosa seo | ar ais