Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Aíonna

Urraíocht

Naisc


Eachtraí san Oideachas
leis an Dr Neil Buttimer
Roinn na Nua-Ghaeilge, Ollscoil na hÉireann, Corcaigh


Caint na hOscailte ag Daonscoil na Mumhan, 15 Lúnasa 2010

An Ghaeilge agus an Phleanáil Oideachasúil: Ceisteanna don Chóras

Tá an téarma eachtra sa Ghaeilge riamh anall. Séard a chiallaíonn go bunúsach ‘imeacht amach’. Ar éigean má tá mo chuidse chomh lán de dhraíocht ná de shamlaíocht le heachtraíocht na sean-laethanta, le Beatha Naomh Breandán a thaistil i bhfad i gcéin, abair. Bheinn sásta dá n-aithneofaí go raibh lón machnaimh i bpointe nó dhó as mo thaithí ar chúrsaí oideachais dár rith liom is mé i mbun prapála don gcaint.

Ar éigean a bheinn ar an bhfód abhus gan mé ar aistear acadúil le duine áirithe is leis an meitheal cúntóirí aige, turas nár chás trácht a thuilleadh thairis ar feadh scaithimh. An té atá i gceist agam Mícheál Ó Drisleáin, Rúnaí na Daonscoile, a luaigh an Scoil i dtús báire liom, agus mé thar a bheith buíoch de dá chionn. Agus táim faoi chomaoin ag an Ollamh Annraoi de Paor, Cathaoirleach, ónar tháinig an cuireadh foirmeálta go fíorchineálta.

Bhain Mícheál gradam ardchaighdeáin amach sa Dlí agus sa Ghaeilge in Ollscoil Chorcaí tamall gearr de bhlianta ó shin. D’fhéadfadh sé aon treo a ghabháil i ndiaidh a cháilithe ach gur roghnaigh conair an léinn. Fuair deis plé le haghaidh na dochtúireachta le stór luachmhar eolais atá chun coimeádta i gColáiste seo na Rinne. Sid iad na taifid a dhein an sagart Íosánach, an tAthair Piaras de Hindeberg, trócaire air, dá chainteanna le pobal na háite i seachtóidí na haoise seo caite go háirithe. Ó Phort Lách eisean, gaol gairid don chéad Ollamh le Gaeilge i UCC, an tAthair Risteard de Hindeberg. Oileadh Piaras i Rinn Ó gCuanach. Bíodh gur imigh ar a shiúlta i mórán cúinní d’Éirinn, ba gheal leis de shíor filleadh chun tamallacha cuideachtan orthu siúd ar mhór aige a n-oidhreacht chultúir, saíochta is teanga agus ar dhein oiread lena buanú.

Is é tionscnamh taighde Mhichíl clár a dhéanamh de na taifid, agus leas a bhaint as an treoir chun ábhar na gcainteanna a scagadh. Sin tuairisc ghonta ar ghnó casta ar gá foighne is fuinneamh ina chomhair. Dá ndéarfainn go bhfuil míle leathanach clóbhuailte cheana ann den chuntas ar thaifid 1971-77, b’fhéidir go bhfaighfeá tuairim de thoisí na hoibre. Cuirfear cúpla céad leathanach eile leis an gcatalóg ach a sroichfear tús na 1980í nuair a cailleadh Piaras. Ansin, beidh ar Mhícheál díriú ar na hábhair chainte a rangú is a scrúdú, féachaint cad a bhí na faisnéiseoirí a rá leis an Athair de Hindeberg, is cad é léargas atá le fáil sna hagallaimh a tharla eatarthu.

Tá’s agam go bhfuil sé dulta ceangailte san eilimint úd den saothar cheana, cuid an tráchtais per se le ceart. Nílim ag sceitheadh ar aon rún nuair a deirim gur féidir le muintir na dúiche seo agus leis an saol Fódlach bheith ag súil le hiontas mór: léiriú ar phréamhacha doimhne bhur sinsir, ar éagsúlacht na beatha a chaitheadar, ar na seoda breátha cainte a d’fhágadar le huacht againn is ar ghaisce an chléirigh sin Piaras é féin.

Más é an Drisleánach captaen an árthaigh, tá criú a dhionghála fairis sa ród. Ní bád go foireann. Tá le háireamh orthu an Dr Diarmaid Ó hAirt, ar tháinig cnuasach de Hindeberg ina sheilbh is a sholáthraigh go fial don Choláiste lena cheadú. Is faoi choimirce Liam Suipéal atá bainistiú sealbhachais is trealamh na leabharlainne mar pháirt dá dhualgais stiúrthóra i gColáiste na Rinne. Moltar Liam go hard as an gcaoi chun oibre a thug do Mhícheál ó chuireadar aithne ar a chéile, nuair a tháinig an scoláire óg sin go dtí an Rinn dá thréimhse intéirneachta i rith Tríú Bliain na bunchéime aige.

Bíonn tarraingt ar chomhairle le fáil ag an nDrisleánach. Níor casadh riamh roimhe seo orm Nioclás Mac Craith. Feictear lorg a stóir fhaisnéise ar an Rinn is ar a mbaineann léi ar gach leathanach dá síneann Mícheál chugam isteach. Beirt eile á thionlacan ar shlí an eolais an tOllamh Aoibheann Nic Dhonnchadha, Scoil an Léinn Cheiltigh, Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath, agus a comhghleacaí ansin, an tOllamh Pádraig Ó Macháin, Déiseach dílis in éineacht. Is lena gcabhair siúd atá cuid de chéad-toradh shaothar Mhichíl le feiceáil sa chiclipéid áitiúil, An Linn Bhuí. Thugas seal im’ eagarthóir. Munarb ainnis an cheird í, i bhfoclaibh Dhonncha Rua, is achrannach éilitheach. Dá bhrí dhuit, murab éacht cruthanta a bhfuil curtha díobh ag an Donnchadhach mná is ag an Machánach ina gcúram eagarthóireachta, ní lá fós é. Gabhaim pardún éinne eile a thug lámh chúnta do Mhícheál ach nár ainmníos. Béarfaidh gach duine agaibh abhaile leis i bhfad nó i ngiorracht na haimsire an earra a shantaigh Iasón is lucht na hArgonautica fadó, lomra an dea-eolais órga.

Tá ceacht le foghlaim as an gcomhoibriú comhpháirteach a bhfuil an Port Láirgeach seo an Drisleánach ina cheann feadhna air. Bheadh na heilimintí a leanas i gceist lena thogra ach féachaint a thuilleadh air: blúire taighde ar siúl i bhforas seanbhunaithe, Coláiste na Rinne (‘Ollscoil na Mumhan’); teacht ar shaineolas logánta; treoir ó institiúidí acadúla ón taobh amuigh. Is taighde é le cuspóirí léannta, ach atá pobalbhunaithe sa mhéid go ndéanfaidh a dtraidisiúin féin a mheabhrú athuair do mhuintir an cheantair is do dhreamanna lasmuigh.

Sin múnla oibre a b’fhéidir a leanúint i mbaill eile. Féach an tigh breá ollscoile úd thiar i gCorca Dhuibhne, Dún Chíomháin. Cuairteoirí ag triall air is scoláirí ina thimpeall. Trealamh ríomhaireachta den gcéad scoth in situ ann, ach gan aon tionscnamh taighde puinn ar siúl faoi láthair sa Dún. Scéal eile Coláiste Íosagáin. É suite mar Choláiste na Rinne agus mar Dhún Chíomháin i limistéar Gaeltachta, ach gan siúl daoine go fóill air is é ar uireasa gléasanna is uirlisí. Níl an oiread cur amach agam ar an suíomh in Uíbh Ráthach ná ar Chléire, ach ní déarfainn go bhfuil ceal foirgintí ná foirne orthu. Cad chuige mar sin nach féidir cur le chéile ar son saíocht Ghaelach is Ghaeltachta na Mumhan fad a ghabhann a scrúdú is a nochtadh don phobal, le comhnascadh idir Coláiste na Rinne, Coláiste Íosagáin, Dún Chíomháin nó a leithéidí eile in éineacht lena gcuid comhairleoirí réigiúnda is náisiúnta?

Déarfá go mba easpa acmhainní agus airgid chun costais is fiacha a ghlanadh faoi deara gan socrú forleathan den tsaghas sin a chur ar bun, ach ní féidir gurb ea le tamall de bhlianta. Tharla réabhlóid i maoiniú treas is ceathrú leibhéal na tíre ní fada ó shin. D’aithin Meiriceánach de bhunadh na hÉireann, Chuck Feeney (Atlantic Philanthropies), go bhféadfaí an saol acadúil abhus a neartú, agus ár leas trí chéile a dhéanamh le suimeanna áirithe a chur i leataoibh i gcomhair na n-ollscoileanna. I ndiaidh a chéile, chomh fada lem thuiscint, mhéadaigh an Stát leis an gciste, agus is as a tháinig na cláir ar a nglaotar anois ‘Programmes for Research in Third-Level Institutions’ (PRTLI). Scéimeanna ilbhliantúla iad a fhógraítear ag am ar leith i gcomhair tréimhse aimsire atá le teacht. Éist le roinnt de na suimeanna airgid atá iontu. Tugadh le fios i mBabhta 1 i 1999 le haghaidh 2000-03 go gcuirfí breis is Euro 206 milliún ar fáil. I mBabhta 4 in 2007 i gcomhair 2007-10, Euro 260 milliún a leithdháileadh. Fógaíodh le gairid gurb é Euro 359 milliún an soláthar sna blianta 2011-16 faoi PRTLI 5. Seo, i mBéarla, na réimsí a chothaítear: ‘Biosciences and Biomedical, ‘Physicial Sciences and Technology’, ‘Environment and Natural Resources’ agus ‘Social Sciences and Humanities’.

Is follas go dtugann PRTLI tacaíocht do na Daonnachtaí. Faoin gceannteideal úd tá cúnamh faighte cheana ag na tograí a leanas (agus an tsuim airgid á tabhairt go hachomair ina ndiaidh): ‘Humanities Serving Irish Society’ (os cionn Euro 28 milliún), ‘Irish Social Sciences Platform’ (breis is Euro 22 milliún), ‘Irish Social Science Data Archive’ (Euro 750,000), ‘Urban Institute’ (thar Euro 6 milliún), ‘Institute for International Integration Studies’ (Euro 8.5 milliún, nach mór), ‘Centre for Transportation Research and Innovation for People’ (thar Euro 2 mhilliún), ‘Humanities Research’ (os cionn Euro 3.5 milliún), ‘Geary Institute’ (nach mór Euro 8 milliún), ‘Humanities Institute of Ireland’ (breis is Euro 7 milliún), ‘National Institute for Regional and Spatial Analysis’ (go maith os cionn Euro 2.5 milliún), ‘The Moore Institue’ (thar Euro 3.5 milliún), ‘Centre for Innovational and Structural Change’ (beagnach Euro 3 mhilliún), ‘History and Society’ (thar Euro 1 mhilliún).

Is cinnte gur féidir le lucht na Gaeilge dornán de na beartais thuasluaite a chur ag fónamh dóibh féin agus déanamh amhlaidh le fiontair eile, ar nós feabhas a theacht ar fhoirgneamh na leabharlainne i UCC, a cothaíodh le cabhair airgid ó PRTLI. Cad tá le sonrú go speisialta ar an liosta, ámh? Tá, ná fuil oiread is ceann díobh tiomnaithe don Ghaeilge féin amháin ná d’aon ghné thaibhseach fhairsing de shibhialtacht na hurlabhra sin. Is follasach agus is suntasach an bhearna sin gan aon agó.

Ní sa réimse seo ina haonar atáimid chun deiridh, mo thuairim. Tóg bealach eile chun tacú leis an taighde daonnachtúil in Éirinn. Is é sin ‘The Irish Research Council for the Humanities and Social Sciences’ (IRCHSS). Tosnaíodh so sna 1990í déanacha. Oibrítear go leor scéimeanna faoina coimirce. Tugtar amach scoláireachtaí iarchéime, comhaltachtaí iardhochtúireachta, sparánachtaí don bhfoireann acadúil nó cistí taighde féidearthachta le bonn a leagadh faoi thionscnaimh scoláiriúla. Glactar anois leis an IRCHSS mar pháirt lárnach den ghréasán tacaíochta sna goirt ina bhfuil mo leithéidse.

Seo chugaibh radharc achomair ar chuid d’fhigiúirí an IRCHSS ó chuadar i mbun airgead a dháileadh i 1999. Chomh fada le sparánachtaí iarchéime, bronnadh thart ar 1,290 díobh go dtí i mbliana. Fuair acadúlaigh na Gaeilge (idir mhuintir na Luath- is lucht na Nua-Ghaeilge) beagán le cois 50 astu. As breis is 270 deontas iardhochtúireachta, 15 a bronnadh ar scoláirí Gaeilge. 4 as 36 scoláireacht shinsearach a shroich chugainn idir 2001-04, le 7 as 82 ‘Research Fellowships’ don bhfoireanna teagaisc idir 2001-08 agus 11 as 90 ‘Senior Research Fellowships’ sna blianta céanna. Deinim amach go garbh ná raibh againn as na tograí eile ar fad a maoiníodh mar mhaithe le síolchur scéimeanna taighde ach timpeall 10 as beagán os cionn 170. Is é sin le rá gur ar éigean in aon chor, mar a mheasaim, atáimid ag na rásaí sna cúrsaí seo.

D’fhéadfá a áiteamh go mbímid ag tarraingt ar chistí in áiteanna difriúla eile. Is fíor sin go pointe. Tóg mar shampla ‘Spriocthionscnaimh’ (‘Targeted Initiatives’) an Fhoras um Ard-Oideachas (HEA). Táid ar fáil sa Ghaeilge ó thart ar thús na mílaoise. Is scéimeanna iad a chuidíonn le beartais ar nós leabhair nua a fhoilsiú nó saothair as cló a ath-eisiúint, nó le curaclaim is céimeanna a chur sa tsiúl. Táimse agus go leor eile i ndiaidh tairbhe a bhaint astu. Dá fheabhas iad na ‘Spriocthionscnaimh’, ní bheadh breith ag na suimeanna airgid iontu ar a bhfuil le fáil faoi PRTLI, abair. Is ó bhliain go chéile a caitear dul sa tóir orthu seachas a thuiscint go mbeidh bulc airgid id phóca agat go ceann scaithimh aimsire níos sia ná an dá mhí dhéag romhat amach.

Cad fáth ná fuil taobh na Gaeilge chun cinn, fiú pro rata, sna scéimeanna seo? D’fhéadfá a cheapadh gurb é an córas moltóireachta is measúnaithe an réasún. Tóg tograí an IRCHSS, mar shampla. Má fhéachann tú ar na scoláireachtaí iarchéime, os cionn 190 de bhaill na gcoistí monatóireachta as ballraíocht de thar 220 sna blianta 2002-10, ba as an Ríocht Aontaithe dóibh. Ón ndlínse chéanna do 100, beagnach, den bhreis is 130 moltóir ar dheontais iardhochtúireachta. Cé chomh tuisceanach is a bheidís siúd ar ár gcultúrna, a d’fhiafrófá díot féin?

Níor chás bheith san airdeall ach cuimhneamh ar phróiséas léirmheastóireachta a raibh ionadaithe ón tír sin páirteach ann le gairid. Deineadh ollscrúdú ar thaighde is ar thairgiúlacht acadúil m’ollscoilese le déanaí. Chomh fada leis an mbreith a tugadh ar Roinn na Seandálaíochta inti, abraimis, séard a dúirt an coiste léirmheasa ná bronnfaí marcanna arda ach ar fhoilseacháin a eisíodh nó a eiseofaí faoi scáth Oxford University Press, Cambridge University Press nó a gcothrom. Comhairlíodh go láidir don bhfoireann gan altanna acadúla a chló in irisí áitiúla nó le foilsitheoirí logánta. Níor dheacair puinn blaiseadh den impiriúlachas cultúrtha a fháil ar mholtaí den saghas sin. Chomh fada lem chuimhne, an grúpa a d’iniúch Roinn an Bhéaloidis againn, ní raibh mórán orthu, má bhí éinne, a d’fhéadfadh an Ghaeilge a léamh. Sin ainneoin gur sa teanga úd a bhíonn go leor de bhaill na Roinne ag saothrú is gurb iad foinsí béaloideasa na tíre seo a gcúram go sonrach.

Bíodh is go gcuirfeadh fianaise mar seo imní ort faoi mheon aigne coistí léirmheasa, ní dóigh liom gur chóir a cheapadh gur orthu ar fad an locht toisc laghad ár ratha i scéimeanna cothabhála taighde. I gcás an IRCHSS go speisialta, is nós cathaoirleacht na moltóirí a bheith ag duine nach ón mBreatain dó nó di, ach ón bPólainn, cuirim i gcás, nó ó líomatáiste eile. Nuair a deirim gur ón Ríocht Aontaithe dá lán den lucht scrúdaithe, clúdaíonn sin Tuaisceart Éireann nó acadúlaigh ó Phoblacht na hÉireann ag obair i Sasana. Is scoláirí san Léann Ceilteach roinnt de na breithiúna. Bíonn an oiread sin measúnóirí ann in aon bhliain amháin, agus b’fhéidir i gan fhios dá chéile gur ainmíodh ar na coistí iad, gur ar éigean a b’fhéidir glacadh leis go rabhadar sáite i gcomhcheilg inár gcoinne.

An rath seo a mhaím ná fuil ar lucht na Gaeilge i scéimeanna maoinithe den sórt a luaim, loirgeoinn a chúis in áiteanna eile go léir. Is iad sin san easpa ceannasaíochta nó san easpa pleanála. Bíonn a fhios go maith roimh ré go bhfuil na tograí ilbhliantúla le teacht. Chomh fada agus — mar is eol dom, níor tugadh acadúlaigh Ghaeilge na tíre le chéile aon uair riamh le tionscnamh comhaontaithe dá gcuid féin amháin a leagadh faoi bhráid PRTLI. Ní beart dodhéanta é gairm scoile a sheoladh amach agus clár oibre a dhréachtadh. Dá gcomhaireofaí a bhfuil ar fad in éineacht dínn ann, shamhlóinn gur thart ar 100 an t-iomlán ar fhoireann ranna Gaeilge choláistí na hÉireann. Bíonn ár n-ainmneacha i liostaí ríomhphoist den uile shórt. Tarlaíonn teagmháil rialta eadrainn ar chomhdhálacha nó ar choistí scoláiriúla.

Leanann impleachtaí gan taithí a fháil ar chomhoibriú chun cur isteach ar thograí mar PRTLI. Is ann do scéimeanna, go háirithe cinn idirnáisiúnta, ar toirtiúla i bhfad a scóip is a maoiniú ná cinn an Stáit seo féin. Thabharfá tosaíocht san Eoraip do na tionscnaimh a nglaotar coitianta ‘Framework Programmes’ (FP) orthu. Is chuige na creatchláir sin taighde agus forbairt a chur chun cinn i ngoirt a meastar a bheith tábhachtach don Aontas Eorpach. Cuimsíonn siad an cultúr chomh maith leis an eolaíocht. Chuaigh fás mór orthu ó thús cadhnaíochta de réir mar a aithnítear a riachtanaí atá an feiniméan úd ‘an eacnamaíocht eagnaí’ a thabhairt i gcrích. Seo cuid de na suimeanna airgid a bhí is atá gceist leo. FP 1, i gcomhair 1984-88: nach mór Euro 4 bhilliún; FP 3, do 1990-94: os cionn Euro 6.5 billiún; FP 5, le haghaidh 1998-2002: beagnach Euro 15 billiún; FP 7, an ceann reatha, 2007-13: Euro 51 billiún.

Tá éachtaint sa bhfigiúr deiridh go speisialta ar argóint chliathánach. N’fheadar cad a chosnóidh ‘Gorta an Airgid’ atá orainn faoi láthair mar thír, is é sin an teip sna bainc agus an cúlú eacnamúil a ghabhann léi. Más é Euro 50 billiún a luach, dhíolfadh ár bhfiacha as taighde na 27 dtír san Aontas Eorpach go ceann sé nó seacht de bhlianta. Ach ní chuige sin mo scéal. Ainneoin go bhfuil suimeanna breátha le haghaidh cuspóirí oidhreachta go leathan mar pháirt de FP 7, mar shampla, níor airíos go raibh aon bhuíon scoláirí Gaeilge ag plé ar bhonn leathan le pairtnéirí Eorpacha chun oiread is cianóg a bhaint as an airgeadú sin. Cén rogha eile a bheadh againn, áfach, dá mb’áil linn tograí eagruithe ar nós ‘Taighde ar Ghaeltacht na Mumhan’ a chothú ach dul chuig na hollchistí náisiúnta nó idirnáisiúnta seo, más ar an mbealach úd atá mórthionscnaimh scoláiriúla le cothú feasta? Muna bhfuilimid ag imeacht ina dtreo, cá háit in aon chor a déarfá a fheictear ceannaireacht acadúil fhíseach ghníomhach á léiriú i ngort na Gaeilge, fad atá tionscnaimh fhónta sa ghort seo á bhfágaint i ngéarghátar fóirithinte?

Déarfar ná fuil ionam ach píobaire aon phoirt ag trácht ar an ollscolaíocht an t-am go léir. An ceart ansin gan dabht. Ach meabhraíonn clár cuimsitheach na Daonscoile go bhfuil breis mhaith i gceist leis an oideachas seachas an earnáil sin amháin. Is cóir an tiomsú fairsing de léachtaí, de chainteanna ar an stair, de ranganna foghlama teanga (seisiúin Bhreatnaise san áireamh) ag gach leibhéal a thréaslú leis an gcoiste eagruithe. Tá tugtha agaibh le chéile, dá réir, na brainsí difriúla den gcóras ón mbonn aníos. Is tairbheach an ceacht an méid úd leis dúinn, go háirithe don phobal acadúil. Ráinig go bhfuil siad sin ar deighilt anois ón meánscolaíocht go speisialta tar éis Scrúdú an Mháithreánaigh san Ollscoil Náisiúnta a chur de dhroim seoil. Bhíodh lucht na hOllscoile á cheartú siúd tráth, saothar as a bhfaighdís spléachadh éigin ar chumas na n-ógánach a bhí chucu. Is cás liomsa scéal an mheánoideachais faoi láthair ar cúiseanna a déarfad gan mhoill. B’fhéidir nár mhiste libh, mar sin, cur suas ar feadh meandair le roinnt dem smaointe pearsanta ina leith is mé ag iarraidh mo chúpla focal a bhrostú chun clabhsúir.

An uair a chromas ag machnamh ar chúrsaí meánscoile arís ná timpeall naoi mbliana ó shin agus an chéad duine clainne againn ar tí tosnú amach inti. D’fhreastalaíos ar sheisiún comhairle do thuismitheoirí roimh ré. Tugadh le fios dúinn go mbeadh thart ar 11 ábhar ar an gcuraclam. Dúirt an príomhoide go mba dhícheall dó féin déileáil leis an líon úd brainsí staidéir. Thógas ceann dá ráite de bharr mo mheasa air, Frank McCarthy, Déiseach agus iarscoláire eile fós de chuid UCC. Agus ní i laghad ó shin atá an t-éileamh go gcuirfí breis fós ar shiollabas na scoileanna seo. Tuigtear dom gur thug bainisteoir le Hewlett Packard in Éirinn le fios le déanaí gur chóir go mbeadh Sínis á múineadh iontu. Ní fada ó shin leis ó bhí an tOllamh Michael Cronin as DCU á áiteamh an fhealsúnacht a thabhairt isteach.

B’shin 13 ábhar dá nglacfaí leo. I gcás teangacha breise, is cuid de phatrún leanúnach é an lorg. Bhíothas ag santú na Seapáinise sna 1980í agus sna 1990í luatha agus an tír úd i mbarr a maitheasa. Cuimhneoidh roinnt agaibh ar an gcaitheamh i ndiaidh na Rúisise, tráth dá raibh Aontas na Sóivéide láidir sa tsaol. Bhí an-dúil i nua-theangacha na hEorpa is sinn ar tí dul isteach sa Chomhphobal sna 1960í. Bítear á rá go tráthrialta linn mar sin athstruchtúrú a dhéanamh ar sholáthar is ar theagasc teangacha. É á thabhairt le fios ná fuilimid suas chun dáta, nó maith go leor chuige, nó b’fhéidir ag mí-úsáid an ama atá i leataoibh don teagasc teanga-dhírithe.

Bhraithfeá ábhairín goilliúnach méar á síneadh i dtreo lucht múinte teanga mar seo. Is fuirist easpa cothromaíochta a bhrath ina leithéid de cheistiú nó de cháineadh, nó sna héilimh a théann lena gcois. Ráineodh, mar shampla, ná fuil an oiliúnt i gcúrsaí eolaíochta nó an comhthéacs ina dtarlaíonn sin gan cháim. Bhí clár léinn leathan a dhóthain sna heolaíochtaí ann don Mheánteistiméireacht a dheineas na blianta fada ó shin ar a raibh an Fhisic, an Cheimic agus an Bhitheolaíocht. Ábhar amháin eolaíochta ba leor a roghnú don Ardteistiméireacht, an Fhisic i mo chás-sa. Is dócha go mba chuige é sin chun pé riachtanas iontrála chuig institiúidí treas leibhéal a shásamh ba ghá a chomhlíonadh san am, is b’fhéidir go bhfuil a mhacasamhail de riachtanas ann i gcónaí. Cén tairbhe é, áfach, gan ach ceann de na príomhbhrainsí eolaíochta a bheith ag duine i gceann a chúrsa? Nach radharc an-teoranta é ar an réimse sin trí chéile gan an chothabháil ba chóir a theacht ó na hearnálacha gaolmhara eile a bheith le fáil in éineacht i riocht éigin?

Is chuige mé mar sin, má táimid chun cuimhneamh ar an mheánscolaíocht mar a bítear a iarraidh orainn, go bhféachfaí ar an iomlán le chéile seachas ar aon chúinne ar leithligh di go neamhspleách ar an gcuid eile. Ba chóir go mbeadh mar chuspóir ag an machnamh sin cuidiú leis an dalta a shlí a dhéanamh go tuisceanach tríd, agus páirteanna an chórais agus a ngaol le chéile a bheith i dtuiscint don lucht teagaisc ar an gcuma chéanna. Is nós buan é i saol an oideachais crot a mholadh don gcóras agus na míreanna ann a aicmiú. Ní fearr a éireoidh liomsa sna cuspóirí sin ná mar a fhéadfadh Plato nó Aristotle an tseanreachta an beart a dhéanamh. Seo isteach i bpáirc na himeartha linn má tá, in áit suí ar an gclaí an t-am go léir, agus ceartaítear mé de réir mar a thuillim.

Séard a mholfainn, mar sin, do shiollabas na meánscoile trí treana móra a dhéanamh de. Na coda a bheadh agam ann (1) An Léann Daonna, (2) Na hEolaíochtaí agus (3) An Fhorbairt Phearsanta agus Shóisialta. Ar mhaithe le soiléire do na scoláirí is don bhfoireann é seo chun go bhfaighfí léargas simplí tapaidh ar an iomlán. Faoi )1), d’áireoinn Teangacha is Litríochtaí, an Stair agus an Ceol. Faoi (2) bheadh an Fhisic, an Cheimic, an Bhitheolaíocht, an Tíreolaíocht agus an Mhatamaitic. Faoi (3) chuimseofaí Corpoideachas, Ríomhaireacht, na hÁbhair Ghnó agus Teagasc an Chreidimh is an Reiligiúin. D’fhágfainn ann an Teastas Sóisearach i lár an téarma scoile mar gur cleachtadh maith ar scrúduithe é. Bheadh trí chineál Ardteistiméireachta agam, an Ardteistiméireacht Acadúil, an Ardteistiméireacht Theicniúil agus an Ardteistiméireacht Fheidhmeach. É sin de réir mar ab ansa le dalta a leithéidí a thoghadh ag freagairt dá chumas nó dá mhian. Leanfainn leis na trí mhór-ranna, 1) An Léann Daonna, 2) na hEolaíochtaí agus 3) An Fhorbairt Phearsanta agus Shóisialta tríd amach.

De cheal tuisceana, ní féidir liom labhairt ar na hEolaíochtaí a theagasc. Bheadh moltaí agam i dtaobh na hoiliúna teanga i mbrainse An Léinn Daonna mar léiriú ar an gcur chuige. Dhíreoinn ar phrionsabail is ar bhuntreoracha a thabhairt d’ógánaigh. Níor mhiste liom go dtagrófaí d’aibitirí is d’fhorás córais scríbhneoireachta, do thréimhsiúlacht teanga, do chanúintí, do chaighdeáin, do réimeanna úsáide, don teanga sa phobal. Tá pointí teicniúla eile i gceist le sealbhú teanga: fuaimeanna nó an fhóineolaíocht, crot na bhfocal nó an deilbhíocht, struchtúr abairtí nó an chomhréir, agus brí na bhfocal nó an tséimeantaic. Nuair a bhí na teangacha Clasaiceacha sna scoileanna, ar éigean ba ghá a mhíniú cad is uimhir nó tuiseal ann, cad is modh nó aimsir ann, cad is ainmní nó faisnéis ann. Is iondúil go mbíonn lucht meánscoile dall ar fad ar an téarmaíocht sin anois ar a dteacht isteach chugainne ar an tríú leibhéal. Ní hé cúram na n-ollscoileanna dul siar thar n-ais arís go bun. Is é gnó na gcoláistí seo mic léinn mhaithe a ullmhú do chineál an taighde a bhí ar intinn agam sa chéad pháirt den gcaint anocht a oireann don earnáil sin go speisalta, maraon le comhthéacs a chruthú inar féidir le scoláirí na tograí a thabhairt chun foirfeachta le pé cabhair, airgid nó eile, is gá a chnuasach chuige sin.

Ní thuigim ar fad cad ina thaobh ná fuil na buntuiscintí teanga ag mic léinn na meánscoileanna, toisc nach n-oibrím nó nár oibríos riamh sa mheánscolaíocht. Thuairimeoinn, áfach, nár mhiste féachaint athuair ar oiliúint oidí meánscoile N’fheadar an gcothaíonn an traenáil a cuirtear ar fáil i gcónaí, chomh fada lem eolas, is é sin an tArd-Dioplóma i ndiaidh na céime, leis an gcineál comhoibrithe a bheadh ag teastáil i mbrainse na dteangacha den Léann Daonna a theagasc sa tsistéim a luaimse. Dar liom gur chóir smaoineamh ar choláistí oiliúna d’ábhair mhuinteoirí meánscoile a bhunú laistigh de na hollscoileanna leis an oideachas ann féin fite fuaite mar pháirt den mbunchéim, mar atá sna Coláistí Oiliúna bunscolaíochta. É sin chun forás orgánach an mhúinteora ag an leibhéal fíorchasta seo den oideachas a thabhairt chun foirfeachta go tomhaiste.

An t-athchóiriú nua samhlach trí-rannach meánoideachais dá dtagraím, ní féidir liom labhairt i gcónaí ach ar chuid na dteangacha dá Dhaonnachtaí sa bheagán ama atá le dul. Bheadh an Ghaeilge agus an Béarla de shíor agam mar an ardán ar a dtógfaí bunphrionsabail na foghlama teanga. An Ghaeilge go háirithe toisc go bhfuil an-léargas inti ar eisint is ar shochtheangeolaíocht teanga. Is foinse bhunaidh chomh maith í dár n-aitheantas cultúrtha. Muna ndéanfaimidne cúram dár bhféiniúlacht, ní thógfaidh aon chine eile an gnó úd ar bord dúinn. Is beag a tuigtear a úsáidí atá an Ghaeilge mar acmhainn teagaisc theangeolaíoch ar féidir léi leas foghlama teanga go ginearálta a dhéanamh. Ní leagfainn síos ansin aon riail ná riachtanas eile faoin rogha teanga iasachta ba mhaith leis an gcóras a ofráil. Chuir sé iontas orm comhaosaigh mo chlann mhac tabhairt suas sna teangacha Clasaiceacha a bhraith de dhíth orthu, teangacha ná múintear a thuilleadh dóibh. Is oth liom an titim san éileamh ar an nGearmáinis faoi deara do UCC a bheith ag cuimhneamh ar fáil réidh le déanaí leis an gcúrsa sa Dlí is sa Ghearmáinis a bhí acu. Déarfainn má tá an ceart agam gur fearr is gur iomláine ar go leor bealaí an soláthar a deineadh don tSínis san ollscoil chéanna sna blianta i ndeichniúir an tús aoise seo ná mar a soláthraíodh inti do theanga dhúchais na hÉireann féin is go háirithe don Nua-Ghaeilge.

——◊——
Is mithid stop. Baineadh siar asam nuair a chonac clár na Daonscoile ar dtús, áit ar tugadh suas le huair an chloig dom chaint. Ní thógfadh searmanas oscailte ach nóiméad. Chuimhníos gurb é an Domhnach seo lá na seanmóireachta. Is baolach go bhfuilim dulta chun fadála mar is gnáth go minic leis an gcineál úd tráchtaireachta. Imimis mar sin le faoiseamh a lorg, gan ach an rá a leanas mar fhocal scoir: gurb é mo mhór-phríbhléid é Daonscoil na Mumhan 2010 a oscailt go hoifigiúil, agus an scléip is an sult a chaithfidh dul in éineacht leis an scoláireacht a fhógairt i réim feasta.

Feasta, Meán Fómhair 2010

Abhaile | barr | clár na míosa seo | ar ais