Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Aíonna

Urraíocht

Naisc

BRÍ IS BEOCHT

Le Liam Prút

ar ócáid sheolta dhá leabhar nua Sheáin Uí Shé An Daingean, 21 Lúnasa 2010


De bhrí ná fuil na laetha thart
a gheal do chroí lá margaidh
de bhrí go bhfuilir fós sa tsráid
de bhrí go mbailímid sa tsráid
go rabhais ann
de bhrí go mbuaileann fós
do chroí id chlann
seacht sacraimint do ghrá
do Bheatrice
de bhrí do shonais mhóir
de bhrí go bhfuil athshraith an ghrá
féd shraith ar lár
de bhrí do chuid dearthár deirféar,
Séamas, Tomás, Cáit, Máire, Joe,
de bhrí an tsonais inár gcroí
go dtáinís chugainn
i gcogar tréan do leabhar
de bhrí do phinn
de bhrí an tsrutha Ghaelainne id pheann
de bhrí do dhá lámh ar an gcaid sa pháirc
de bhrí go mbuailteá poc báire Chiarraí
chomh hard le fearaibh Thiobraid Árann
de bhrí do ghrinn, do ghrásta,
do ghearáin chiúin
ná rabhamar de réir caighdeáin
de bhrí do bhinn-chomhrá
lán d’fhocail ón tsruthán
de bhrí na beochta id bhéal,
id ráite geala glé—
seandaoine ins an bhfómhar
stánáilthe ón ngrinn-léamh;
duine thú nárbh fhear beag súghaidh
gan aon ní cóir aige le rá
chuiris ar aghaidh ód chroí
do ghreann, do ghrá, do Ghaelainn bhinn
trí ghaineamhlach Bhleá Cliath
de bhrí go dtáinís uair
tháinís arís
sa chlann thógais ó Dhia
de bhrí do theachtaireacht dár gcroí
gan nithe d’fhágaint ann
ach tabhairt arís faoi shráideanna an tsaoil
lá margaidh
an cluiche a imirt go séidfear an fheadóg
go n-éistfidh gabhairín reo
’s an oíche chugainn
tar éis an ghleo
de bhrí a dtáinig romhat
ní chaillfear seoid
do chlann ad choinneáil beo
Beatrice is Seán,
Eoghan, Aoife, Úna, Síle is Breandán,
Tiarnán, Fionnuala
taisce do sheod
idir clúdaigh leabhar
idir clúdaigh bhoga an tsaoil
coinneoimid t’aisling beo, a Sheáin,
a bhuachaill ghroí,
de bhrí go rabhais ann
beir ann go deo…

Feasta, Meán Fómhair 2010

Abhaile | barr | clár na míosa seo