Céard é seo? An t-eagrán is déanaí Cartlann Comórtas Ordú Teagmháil Cóipcheart Údar-lann Aíonna Urraíocht Naisc |
Tá sé dhá bhliain go díreach ó fógraíodh go raibh an banc infheistíochta agus seirbhísí airgeadais Lehman Bros. i Meiriceá bancbhriste. Láithreach bonn bhí éigeandáil, a bhí ag bagairt le bliain roimhe sin, tagtha i gcrích. Bhí córais airgeadais agus bancaeireachta ar fud an domhain i mbaol a scriosta. Is beag is fiú dúinn anois a bheith ag tuairimíocht maidir le cinneadh an rialtais sna Stáit Aontaithe ag an am gan teacht i gcabhair ar Lehman Bros. chun an bancbhriseadh a sheachaint. Tharla mar a tharla.
Ach conas go raibh toradh chomh tubaisteach agus chomh forleathan sin ag an mbancbhriseadh áirithe seo, fiú anseo in Éirinn? Is eol dúinn anois gur thug sé chun solais cleachtais a bhí mírialta agus as ord ar fad. Ní hamháin go raibh iasachtaí á dtabhairt a bhí thar fóir, ach níorbh aon bhréag a rá gur cearrbhachas a bhí ar bun acu, mar a léirítear go maith sa téarmaíocht ‘casino banking' a mbaintear úsáid as sa Bhéarla.
Má thosaigh an míchleachtas sna Stáit Aontaithe, is aisteach go ndeachaigh sé i bhfeidhm chomh mór sa tír bheag seo, gan chúlra ná taithí inti ar shaol mórthaibhseach an airgeadais idirnáisiúnta. Ach bhí banc Lehman dár gcuid féin againn, agus ár lucht cearrbhachais féin sa bhanc Angla-Éireannach. Mar bharr air sin ar fad, bhí bolgán tithíochta againn anseo nach raibh a leithéid in aon tír eile.
Is é donas an scéil seo nach bhfuil aon tuairim againn cén fhad eile a leanfaidh an ghéarchéim, nó cathain a bheidh ar ár gcumas a rá go bhfuil an geilleagar ar bhonn slán arís. Braitheann sé ar an saineolaí ar a gcuirtear an cheist, ach luíonn an tuairimíocht áit eígin idir cúpla bliain agus deich mbliana. Ní hé amháin go mbraitheann sé ar conas mar a éiríonn leis na céimeanna atá tógtha go dtí seo chun cúrsaí a chur ina gceart, ach táthar ag brath freisin ar conas mar a oibríonn an geilleagar go hidirnáisiúnta — an sráidbhaile domhanda úd, gan amhras!
Is baolach nach crot rómhaith atá ar na cúrsaí céanna sa sráidbhaile sin. Tá téarma nua eile tagtha in úsáid, cúlú déthumtha nó ‘double dip recession’. Murach nár leor ceann amháin, d’fhéadfadh an dara cúlú a bheith ann agus faoiseamh éigin istigh eatarthu. Is cosúil gur a leithéid sin go díreach atá ag bagairt sna Stáit Aontaithe, san Eoraip agus taobh linn sa Bhreatain.
Ní fhéadfaí a rá gurb é tráth an dóchais é. San am céanna, go díreach faoi mar a bhí againn nuair a bhí an chonspóid faoi mhí-úsáid gnéis ina hábhar mór díospóireachta, is féidir dul thar fóir leis an olagón agus leis an bhféinsciúirseáil. Is cóir go bhfiosrófaí cad ba chúis lenar tharla, agus go dtabhafaí daoine chun cuntais, pé acu an polaiteoirí, státseirbhísigh, baincéirí nó lucht forbartha iad, ach is é is práinní ar fad ná go gcuirfí geilleagar na tíre ar ais ar a chosa.
|