Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Aíonna

Urraíocht

Naisc


Smaointe Polaitíochta

Mais Chriticiúil, Moladh agus Comhrialtas Eile?
le Seán Ó Loingsigh


Ansin, le déanaí, go háirithe sa Dréacht-Phlean úd, atá fós ag gabháil thart áit éigin, bhí caint faoin riachtanas a bhain le mais chriticiúil nó ‘critical mass’ ó thaobh líon cainteoirí de, má bhí an Ghaeilge le maireachtáil mar theanga labhartha.

——◊——

Ní dócha gur chuir an easpa fáilte ón saol Gaelach aon ionadh rómhór ar Frank Feighan tar éis a cheaptha mar urlabhraí Fhine Gael ar chúrsaí Gaeltachta agus Gaeilge. Ba bhreá fada é an liosta de mhaithe móra na teanga a chuir a n-ainmneacha leis an litir úd ar an Irish Times chun a míshásamh a chur in iúl, toisc nach raibh oiread Gaeilge aige a chuirfeadh ar a chumas a ghnó a dhéanamh sa teanga sin. Is baolach go ndeachaigh an comhaireamh sa bhfraoch orm sula raibh mé leath slí tríd an liosta, agus d’fhág mé mar sin é.

Ní hé nach raibh cás acu, agus gan amhras is deacair éaló ón tuairim gur le neamhaird ar thábhacht na teanga é nuair a deintear ceapacháin den chinéal sin. D’fhéadfaí a rá, fiú, i gcás Fhine Gael nach é an chéad uair acu a leithéid a dhéanamh, gur mó de nós a leithéid anois acu é ná a mhalairt.

Céard a déarfadh cuid de lucht leanúna an pháirtí sin ach go raibh aire Gaeltachta de chuid Fhianna Fáil, ní i bhfad ó shin, nach raibh mórán níos mó ná an dá fhocal aici. Cá bhfágann san sin? Go deimhin is cuimhin liom féin beirt airí de chuid Fhianna Fáil a bhí ag brath ar an gcúpla focal.

Chun a cheart a thabhairt do Frank Feighan, ghlac sé go deas réidh lena raibh le rá ag lucht an ghearáin agus más aon ní é, chas sé chun a thairbhe é. Tá sé ag foghlaim na Gaeilge, a deir sé linn. Nach maith san? Ansin tháinig sé ar an raidió le déanaí ag rá go raibh sé ag tabhairt turas ar Chliara agus go mbeadh sé ag tathant ar an bpobal ar an oileán an Ghaeilge a chur chun cinn, agus cá bhfios fiú nach mbeadh aitheantas mar Ghaeltacht le fáil ag an oileán ar ball. Cé gheobhadh locht air sin? Nach beart é nár dhein aon pholaiteoir roimhe ná aon duine eile againn ach oiread.

I ndáiríre, pé ní faoin neamhaird a luadh níos luaithe nó aon mhíloighciúlacht a bhaineann leis an argóint, nach bhféadfaí a rá gur ar leithéidí Frank Feighan, iad sin gan Ghaeilge, atá todhchaí na teanga ag brath? Nach bhfuil sé tábhachtach, go deimhin riachtanach, go mbeadh daoine gan Ghaeilge ag cur suime inti, ag léiriú a ndea-thola, agus thar aon ní á foghlaim?

Is minic a luaitear suirbhéanna a léiríonn go bhfuil formhór an phobail ‘báúil’ don teanga, pé ní a chiallaíonn sé sin. Ansin, le déanaí, go háirithe sa Dréacht-Phlean úd, atá fós ag gabháil thart áit éigin, bhí caint faoin riachtanas a bhain le mais chriticiúil nó ‘critical mass’ ó thaobh líon cainteoirí de, má bhí an Ghaeilge le maireachtáil mar theanga labhartha. Ní mhairfidh an teanga mura bhfuil bunuimhir áirithe den phobal á húsáid go rialta. Is cinnte nach bhfuil an bunuimhir sin ann faoi láthair

Sin an tábhacht a bhaineann le Frank Feighan agus a leithéid. I ndeireadh na dála, níl slánú i ndán don teanga gan comhbhá agus comhoibriú ó phobal an Bhéarla. An amhlaidh, mar sin, gur chóir dúinn a bheith ag cur fáilte roimhe mar urlabhraí ar chúrsaí na Gaeilge, agus fiú ag déanamh comhghairdis leis, in ionad a bheith ag diúltú do. Sin an áit a dtagann an easpa loighce i gceist, agus b’fhearr dúinn an cheist a ligean tharainn. Feicfimid conas mar a éiríonn le Frank! Táimid cinnte go mbeidh dea-mhéin gach Gaeilgeora aige agus é ag streachailt le teanga a shinsear.

——◊——
Ní hé an t-aon pholaiteoir é atá sa nuacht faoi láthair. Ní bhfaighidh an Taoiseach aon locht ar an dea-phoiblíocht a fuair sé féin le déanaí, fiú más ó i bhfad í gcéin a tháinig sí chuige, agus fiú má tá lucht an doichill ann i gcónaí a déarfaidh nach bhfuil séasúr na seafóide thart go fóill.

Tá an iris Mheiriceánach Newsweek tar éis Brian Cowen a ainmniú mar dhuine den deichniúr ceannairí polaitiúla ar domhan is fearr atá tar éis dul i ngleic leis an gcúlú eacnamaíoch. Tá sé luaite i measc daoine mar Sarkozy na Fraince, príomhaire nua na Breataine, David Cameron, agus príomhaire na Síne. Cad a déarfadh Angela Merkel leis sin? Dála an scéil tá an Brian eile, an tAire Airgeadais, molta ag an iris freisin.

Gan amhras, glacann tú le pé cnámh a thagann i do threo na laethanta gortacha seo, ach is maith a thuigeann an dá Bhrian gur beag a mheánn moladh ó Newsweek nuair a thagann sé go holltoghchán anseo in Éirinn. Is baolach go bhfuil an iomad daoine thíos rómhór leis an gcúlú a tharla, chun go mbeadh siad sásta aird a thabhairt anois ar thuairimí ar irisí a thagann chugainn thar lear.

Is ag an duine féin is fearr a fhios cá luíonn an bhróig air. I gcás an scríbhneora ar Newsweek, ní dócha go raibh an bhróg ag luí in aon chor air nó uirthi, agus mar sin bíodh do rogha agat an breithiúnas cothrom, neamhchlaonta é, nó breithiúnas a bhí bunaithe ar easpa eolais.

——◊——
Tá rialtas Fhianna Fáil/Na Glasaigh i gceannas anois le trí bliana. Ba dheacair trí bliana ní ba mhí-ámharaí i saol aon rialtais a shamhlú, fiú dá nglactaí leis gurbh é an príomhpháirtí sa rialtas sin ba chúis le sciar maith den mhí-ádh. Caithfidh olltoghchán a bheith ann laistigh de dhá bhliain ar a mhéid. Is deacair a shamhlú go mairfidh an rialtas an fhaid sin. Cén fhaid eile is féidir éalú ó na fothoghcháin úd?

Pé uair a tharlaíonn sé is fánach ar fad an té a bheadh ag súil go mbeidh Fianna Fáil ar ais i gcumhacht tar éis an chéad olltoghcháin eile. Ach an bhfuil sé lánsoiléir cén páirtí a bheidh i gceannas, nó cé a bheidh ina thaoiseach? Gan amhras tá tuairim coitianta ann go nglacfaidh Fine Gael ionad Fhianna Fáil i gcomhrialtas leis an Lucht Oibre, agus go mbeidh Éanna Ó Cionnaith ina thaoiseach. Ach an bhfuil sé sin cinnte ar fad?

Is ábhar iontais go háirithe an dul chun cinn atá déanta ag an Lucht Oibre i mBaile Átha Cliath. Baineadh geit as daoine le déanaí nuair a léiríodh i bpobalbhreitheanna méadú mór ar thacaíocht an pháirtí sin, fiú go raibh siad chun tosaigh ar Fhine Gael. Tá tráchtairí a deir go ndéanfar díothú ar Fhianna Fáil san Ardchathair. Is féidir go mbeidh tionchar níos mó ag an méiseáil a tharla le George Lee ar vóta Fhine Gael ansin ná mar a shíltear, agus ní mór cuimhneamh leis gur ann is mó a bhí an cur in aghaidh cheannaireacht Éanna Uí Chionnaith.

Ceann de na nithe is aistí a tharla sa saol polaitíochta le fada ba ea an cuireadh a fuair an tAire Airgeadais, Brian Ó Luineacháin, an óráid mhór a thabhairt ag comóradh bliantúil Mhichíl Uí Choileáin ag scrín bheannaithe Fhine Gael i mBéal na mBláth. Conas a tharlódh a leithéid! Níor bhréag a rá gur baineadh geit as go leor, iadsan go háirithe a bhfuil suim agus eolas acu ar chúrsaí polaitíochta na tíre seo, agus ní lú sin i bhFine Gael, mar a léirigh an seanadóir Liam Ó Tuama. Ní heol dúinn aigne an Taoisigh maidir leis an gcuireadh, nó ar chuathas i gcomhairle leis faoi.

Cad eile a d’fhéadfadh tarlú? Is cosúil nach bhfuil Eamon Gilmore agus Éanna Ó Cionnaith chomh báúil agus a bhí Ó Cionnaith agus Pat Rabbitte. Is mó de bhearna leis atá idir polasaithe an dá pháirtí anois ná mar a bhíodh. Is í an cheist atá agam, mar sin, ná an bhféadfadh sé gur comhrialtas idir Fhine Gael agus Fhianna Fáil a bheadh againn tar éis an chéad olltoghcháin eile agus Fianna Fáil san ionad sóisearach, gan dabht!

Séard is dóichí a déarfaí lena leithéid sin de chasadh i scéal polaitíochta na tíre ná gur rámhaillí na seanaoise atá i gceist, agus b’féidir gur fearr gan dul níos sia leis mar scéal an mhí seo.

Feasta, Meán Fómhair 2010

Abhaile | barr | clár na míosa seo | ar ais