Céard é seo?
An t-eagrán is déanaí
Cartlann
Comórtas
Ordú
Teagmháil
Cóipcheart
Údar-lann
Aíonna
Urraíocht
Naisc
|
Fairland
le Micheál Ó Dubhshláine
(Anseo thíos, dhá scéal a bhí i measc an ábhair dheiridh a chuir Micheál Ó Dubhshláine, múinteoir agus staraí, 1942–2006, i láthair a chomhghleacaithe ag an Óstán Meadowlands, Trá Lí, tamall gearr roimh a bhás. Ceardlann é seo a eagraíonn Scríbhneoirí Gaeilge Chiarraí go rialta ó 1992 i leith. Tá Neil Ní Chinnéide, Ospidéal Thrá Lí, Eanáir 2001, luaite mar fhoinse le ‘Fairland’. Níl ainm luaite ar mo leathanach ceardlainne de ‘Hata an tSagairt’ ó Aibreán 2006 ámh. Beannacht Dé le hanam ár gcomhscríbhneora. Eag.)
——◊——
Do bhí sé de nós riamh ag Dónal Ó Catháin ón mBuailtín dul ag siúl tamaillín dó féin chomh fada siar le bun an bhaile gach aon oíche tar éis dó an pub a dhúnadh, ba chuma cén t-am é. Fear farraige dob ea é agus gach a bhain leis, agus ba bhreá leis sracfhéachaint a thabhairt ar an bhfarraige gach aon oíche, agus a bholg a líonadh leis an aer úr sara dtéadh sé a chodladh. Bhraitheadh sé an ghaoth, gheibheadh sé boladh na farraige, bhreathnaíodh sé ar an spéir agus na réiltíní agus d’fhéachadh ar an gealach, dá mbeadh sí ann agus théadh abhaile go sásta.
Mar sin, chuaigh sé siar an oíche áirithe seo, é féin agus duine des na comharsain a bhí ar an mbóthar abhaile. Stadadar tamall ag féachaint ó thuaidh ar an bhfarraige timpeall míle uathu trasna na ngort. B’shin an uair a thugadar an-chuid soilse geala fé ndeara ar an dtráigh. Thuigeadar ar an bpointe go raibh long dulta ceangailte sa ghaineamh. Bhrostaíodar leo an Tóchar anuas go dtánadar ar Thráigh Bhéil Bháin. Bhí long mhaith mhór ceangailte sa ghaineamh. B’amhlaidh a tháinig sí róghairid don dtráigh isteach san uisce íseal. Fairland a bhí clóite ar a bogha, a hainm. Dob é sin earrach na bliana 1928.
Cúig nó sé seachtainí a dh’fhan an Fairland. Tugadh lóistín dos na mairnéalaigh ins na tithe timpeall, agus tugadh lóistín don gcaptaen féin, an Captaen Farrell, i dtigh mhuintir Lúing ar an mBuailtín. Fé mar a dúirt bean amháin, ‘Ní mór atá againn, ach an méid atá, roinnfimid oraibh é.’
Iontas mór an long. Bhíodh na sluaite, idir óg is chríonna, ar an mBéal Bán ag féachaint uirthi gach aon lá, agus go háirithe tráthnóna an Domhnaigh. Bhí na mairnéalaigh an-dheas muinteartha, agus ligtí isteach gach éinne ar an long chun í d’fheiscint. Chuaigh Neil Ní Chinnéide ón nGráig agus cailín des na hÓraigh ó Chloichear ag féachaint uirthi aon tráthnóna amháin. Ins na déaga a bhíodar beirt. Fáiltíodh rompu ar bord agus taispéanadh timpeall an árthaigh iad. Tugadh tae agus brioscaí dóibh agus thugadar tamall ag caint sara fhágadar.
Ach bhí duine des na comharsain, spiairín, ag féachaint orthu ag teacht ón long. Bíonn a leithéid ann i gcónaí. Cuireadh scéal go dtí an sagart paróiste.
An Domhnach ina dhiaidh sin léadh amach ón altóir iad, agus iad féin i láthair: beirt chailín ón bparóiste a chuaigh ar bord an Fairland i ndiaidh na mairnéalach, agus gur mhór an chúis náire dóibh féin agus dá muintir agus don bparóste iad.
Bhí an Captaen ag fanacht i dtigh mhuintir Lúing, siopa. D’éirigh sé féin agus cailín an tí an-mhór lena chéile. Thiteadar i ngrá lena chéile, agus dob é mian chroí an Chaptaein í a phósadh. Bhí sé féin go maith as agus cailín álainn dob ea í féin. Ach ní ligfeadh athair is máthair an chailín di an Captaen a phósadh. Protastúnach ab ea é, agus Sasanach anuas air sin. Cumadh amhrán mar gheall air. N’fheadar an bhfuil sé ag éinne fós?
Cúig nó sé seachtaine a dh’fhan sí ceangailte. Cúigear nó seisear d’fhearaibh na háite fostaithe le sluaistí agus barraí rotha ag baint na gainimhe di. Ach an méid gainimh a baintí amach, líonadh sé isteach arís ag an taoide thar nais. Bád mór tarraic ó Thrá Lí a tháinig sa deireadh a d’éirigh leis í a tharraingt saor. Bhí mórán agus croí briste acu nuair a chualadar go raibh an Fairland saor. D’fhan cuimhne ag gach éinne ar an lá a d’imigh an Fairland. Chuaigh gach éinne ag féachaint uirthi ag imeacht. Ba chuimhin le Neil Ní Chinnéide Peats Bodhlaeir ag féachaint ina diaidh agus í ag gabháilt béal an chuain amach.
‘Tá sí fé scáth na Carraige Duibhe,’ ar seisean.
D’fhág an Captaen model de long bheag a bhí déanta aige féin ina dhiaidh sa tseomra mar chuimhneachán agus mar chomhartha buíochais. Riamh ina dhiaidh sin, tugtaí ‘Seomra an Chaptaein’ ar an seomra sin.
Blianta móra fada ina dhiaidh sin, tháinig stróinséar go dtí an siopa. Treasa Bodhlaeir a bhí ag freastal. Cheannaigh an stróinséar cúpla rud beag agus bhí sé ag cur tuairisc na seandaoine, a leithéid seo is a leithéid siúd. D’inis Treasa dó conas a bhí, cuid acu ar shlí na mbréag agus cuid acu ar shlí na fírinne. D’fhiafraigh sé ansan di an raibh an model beag den long ann i gcónaí. Ansan a thuig Treasa cé bhí aici, cé ná raibh sí ar an saol in ao’chor nuair a bhí an Fairland ann. Ba mhinic cloiste aici mar gheall air.
‘Is tusa an Captaen,’ ar sise.
Agus dob é a bhí ann. Thug sí suas an staighre é agus thaispeáin an long bheag dó agus dúirt leis gurbh é an t-ainm a bhí riamh acu ar an seomra ná ‘Seomra an Chaptaein.’
Bhí sé an-thógtha leis an ainm.
Chuaigh sé ar thuairisc an chailín go raibh sé mór léi. Bhí sí pósta thiar i nDún Chaoin is a cúram féin uirthi. Chuaigh sé siar go dtí an tigh chuici. Thugadar tamall ag caint le chéile agus ag cuimhneamh siar ar laethanta an Fairland.
Thug sé póg sa leiceann di, d’fhág slán aici agus d’imigh leis timpeall Chinn Sléibhe.
B’shin a’ deireadh.
— Neil Ní Chinnéide, Ospidéal Thrá Lí, Eanáir 2001.
Hata an tSagairt
An Sagart paróiste, Fr. Jones, a thug an hata anso timpeall go dtugtaí an Caroline air. Cheannaigh sé i gCléaraí’s i mBaile Átha Cliath é, turas go raibh sé ann, agus chosain sé pingin mhaith. Bhí sé an-mhórálach as. Ba mhór an radharc é maidin Domhnaigh ag dul siar go Dún Chaoin ar a chapall bán chun an t-aifreann a léamh. Agus b’é a bhí ábalta ar é a chaitheamh, é glan sé troithe ar airde, glanbhearrtha agus cuma an-ghalánta air go gcaithfeá stad sa sneachta ag féachaint air. Bhí stand speisialta sa halla aige i dtigh an tsagairt, a scáth báistí ann agus an cóta crochta ann, agus an hata ar an mbord agus brush beag in aice leis. Gach aon mhaidin sara dtéadh sé amach i measc an phobail, bhí ar an gcailín aimsire teacht agus an cóta a scuabadh leis an mbrush ar eagla aon rian de smúit nó cac a’ tsnige a bheith air, agus an rud céanna a dhéanamh leis an hata.
Bhí go maith, agus ní raibh go holc, go dtí aon tráthnóna tubaisteach amháin nuair a bhí sé ag filleadh abhaile ó Bhaile na nGall tar éis glaoch ola. An cóngar trasna Tráigh na Muirí a ghaibh sé ar an gcapall. Bhí sé ina ard-tráthnóna agus an ghrian ag dul fé. Nár éirigh cóch mór gaoithe a d’ardaigh an hata glan amach sa bhfarraige mhór. Baineadh geit cheart as. D’fhan sé tamall ag féachaint an dtiocfadh sé isteach ar an dtonn, ach bhí air filleadh abhaile gan hata. Bhí a chroí briste, agus níor fhéad sé aon néal codlata a dhéanamh ar feadh na hóiche ag cuimhneamh air.
An chéad lá eile, an Domhnach a bhí ann, ná raibh plean aige. Sé a dhein sé ná ag an tseanmóin gairmscoile a chur amach ar fuaid an phároiste a rá le gach éinne a bheith ar Thráigh na Muirí ar a trí a chlog chun dul ag cuardach a hata.
An tráthnóna sin bhí an tráigh dubh le daoine. Bhíos féin ann, mar ná raibh mórán eile le déanamh agam. Thugamar cúpla uair a’ chloig á chuardach, gach ardán agus ísleán, gach cuas agus cumar, ach bhí fuar againn. Is dócha fén am san go raibh an hata ag déanamh ar Thalamh an Éisc. Bhí orainn éirí as. Chuamar go léir abhaile chomh folamh is a thánamar agus an sagart chomh maith le duine.
Ach idir sin agus an chéad Domhnach eile nár scaipeadh ráfla go raibh an hata fachta ag fear go raibh tigh aige in aice na trágha agus gur séideadh an hata isteach ann. Tháinig an ráfla chomh fada leis an sagart.
Ag an Aifreann ar an Domhnach ina dhiaidh sin, nuair a tháinig sé go dtí an tseanmóin, labhair an sagart go dána neamhbhalbh.
‘Is clos dom go bhfuil mo hata fachta ag bithiúnach éigin ó Bhaile an Reannaigh agus ná tabharfaidh sé thar nais dom é. Ach tugaim ordú dó anois an hata a chur abhaile chugamsa chomh tapaidh in Éirinn agus is féidir leis, nó is dó féin is measa.’
Gan dabht, ní raibh an hata fachta ag éinne, agus ní raibh ann ach spórt, …….
—◊—
Ach ar feadh na mblianta móra fada ina dhiaidh sin, dá raghadh éinne ’on Daingean lá aonaigh, agus dá mbeadh cúpla púnt aige tar éis cúpla caoire a dhíol, agus dá gceannódh sé hata ag an stál, nó ag Tigh Mageanna, agus é ag teacht abhaile, b’fhéidir go mbuailfeadh sé le duine des na comharsain ar an mbóthar agus b’fhéidir go stopaidís ag caint tamall.
‘Conas a bhí na praghasanna, a Mhuiris?’
‘Ní rabhadar ró-olc ar fad. Dhíolas ceithre cinn d’fhóisce.’
Ansan, thógfadh an comharsa an hata fé ndeara, dhúnadh sé a leathshúil, shiúlaíodh sé timpeall air, ag déanamh scrúdú géar ar an hata, mar dhea.
‘Há…’ a deireadh sé, ‘…hata an tsagairt.’
Feasta, Meitheamh 2010
Abhaile
|
barr
|
clár na míosa seo
|
ar ais
|