Céard é seo?
An t-eagrán is déanaí
Cartlann
Comórtas
Ordú
Teagmháil
Cóipcheart
Údar-lann
Aíonna
Urraíocht
Naisc
|
Stádas na Gaeilge san Ardteistiméireacht
le Maolsheachlainn Ó Caollaí
Geallann Fine Gael go gcuirfidh siad deireadh le riachtanas na Gaeilge sna cúrsaí léinn dhá bhliain a chríochnaíonn leis an scrúdú don Ard Teistiméireacht. Ba leor sin, dar le Fine Gael, maraon le feabhas a chur ar churaclam agus ar mhúineadh na Gaeilge sna scoileanna, chun formhór mór na ndaltaí a mhealladh chun leanacht ar aghaidh le foghlaim na Gaeilge go dtí an Ardteistiméireacht.1
An bhfuil an ceart acu? Cén bhunús atá leis an maíomh seo acu go n-oibreoidh a mbeartas-san níos fearr ná mar a oibríonn na socruithe atá ann faoi láthair, nó na socruithe eile a d’fhéadfaí a dhéanamh?
Fianaise Eolaíoch
Ar an gcéad dul síos, is féidir linn fianaise na n-eolaíochtaí comhdhaonnacha a mheas. Sa tsocheolaíocht agus sa tsíceolaíocht chomhdhaonnach go háirithe, tá teoiricí, prionsabail agus fianaise, atá bunaithe ar a lán machnaimh agus ar thorthaí tionscnamh taighde, inar tomhaiseadh na bealaí a fheidhmíonn an tsochaí agus teanga sa tsochaí agus, ar ais arís, na bealaí a dtéann an tsochaí i bhfeidhm ar theanga.
Sin bealach bunúsach, riachtanach amháin leis an gceist a mheas. Is féidir, chomh maith, an stair a ghrinnbhreathnú. Céard a tharla san am atá caite? Bhfuil eolas le fáil ar thír ar bith eile atá inchomórtais linne ar bhealaí tábhachtacha, inar trialladh beartas a bhí cosúil le beartas Fhine Gael? Má tá, céard a chuireann sé in iúl dúinn maidir leis na torthaí a bheadh ar fheidhmiú mholtaí Fhine Gael?
An cheist is bunúsaí atá le réiteach i ndáiríre ná céard a chuireann spreagadh i ndaoine an dara nó an tríú teanga a fhoghlaim agus a úsáid? Freagraíonn an tOllamh Mackey:
‘In a bilingual state, who becomes bilingual? That often depends on whose language one has to learn. While low status speakers learn high status languages, high status speakers rarely learn low status languages. In Canada, more than 96% of English speakers know only that language, while 30% of the French speakers also know English, which has the higher status in most of the country.’2
Tuigfidh an té is lú tuisceana ar shocheolaíocht go mbaineann ciall agus reasún leis sin. Nach mar sin atá an saol? ‘An té atá thuas óltar deoch air, agus an tá atá thíos buailtear cos air’. Ach, an féidir linn beagan eolais sa bhreis a fháil faoin bhfocal seo ‘stádas’. Céard is brí leis? Cén chaoi go díreach a oibríonn sé sa tsochaí?
Agus í ag cur síos ar an dá ní is mó a chuireann spreagadh i bpobal an teanga dhúchais a chur ar leataobh, agus teanga eile a fhoghlaim agus a chur ina háit (malartú teanga), mínionn an tOllamh Christina Bratt Paulston gurb iad an dá ní is mó a ghríosann daoine chun an dara theanga a fhoghlaim ná:
‘1) Economic advantage, primarily in the form of source of income, and 2) Social prestige.’
Leanann Bratt Paulston uirthi, á soiléiriú sin:
‘…jobs select language learning strategies, which is to say, wherever there are jobs available that demand knowledge of a certain language, people will learn it. Without rewards, language learning is not salient.’3
Stádas comhdhaonnach teanga a bhí faoi chaibidil ag Bratt Paulson, i ndáiríre. Nochtann an tOllamh Joshua Fishman gné thábhachtach eile den stádas sin:
‘…the repertoires of those who gain most in economic, political and other sociocultural status are the most likely to be adopted or copied by others who see opportunities for desirable change in their own status by so doing.’4
(Is ag cur síos ar na teangacha agus canúintí a bhíonn ag duine atá an focal ‘repertoire’)
Tá cur síos ansin againn ar chuid thábhachtach dá bhfuil i gceist le stádas comhdhaonnach teanga, is é sin, buntáistí na teanga á meas de réir ionad a lucht labhartha sa tsochaí. Má bhíonn lucht labhartha na teanga faoi cháta, i.e. faoi ghradam, beidh an teanga féin faoi cháta. Oibríonn sin droim ar ais freisin. Deirtear go mbíonn teanga faoi cháta, toisc go mbíonn meas mór ag na daoine uirthí i ngeall ar a fhorleithne is atá sí ina n-imshaoil, i ngeall ar a riachtanaí is atá sí mar mhodh cumarsáide, i ngeall ar a stair agus a litríocht, i ngeall ar na daoine is mó a bhfuil meas orthu sa phobal a bheith á labhairt, agus i ngeall ar an iliomad feidhmeanna comhdhaonnacha ar féidir le duine iad a chomhlíonadh tríd an teanga ardstádais.
Tuigeann an gnáthdhuine go gcaithfidh an teanga ardstádais a bheith ar a thoil aige chun a shaol a chaitheamh go sásúil. Ní theastaíonn riail nó reachtaíocht, bunreacht nó taca ar bith eile má bhíonn stádas na teanga sách ard. Is teanga éigeantach intí féin í an teanga is airde stádais i sochaí, agus ní féidir le teanga ar bith eile seasamh ina coinne, nó fiú in éineacht léi, gan tacaíocht ar leith, tacaíocht shaorga le fírinne.
Ní sháraíonn spéis, nó grá don teanga is ísle stádais, nó tírghrá, nó mothú ar bith eile an chumhacht a bhaineann le stádas comhdhaonnach teanga, nuair a bhíonn cinneadh le déanamh ag mórphobal maidir le foghlaim agus le húsáid teanga. Bíonn daoine aonair ann arb é grá do theanga a thugann orthu í a fhoghlaim agus a labhairt, ach nuair is é an mórshlua, an daonra ar fad, a bhíonn i gceist is é stádas comhdhaonnach na teanga a shocraíonn a n-iompar teanga. Coinníollacha comhdhaonnacha agus ní mothúcháin daoine aonair nó mhionlaigh a shocraíonn cén teanga a fhoghlamaítear agus a úsáidtear.
‘..but it is invariably to the social conditions one must look to understand the attitudes and values which accompany language shift.’ — Bratt Paulston5
Tá stádas comhdhaonnach áirithe ag an nGaeilge i ngeall ar a stádas bunreachta agus an stádas dlíthiúil a eascraíonn as an stádas bunreachta sin. Tá stádas oideachais aici freisin, toisc go bhfuil sí ina hábhar riachtanach sna scoileanna agus i scrúdú Mháithreánach Ollscoil na hÉireann (a bhfuil sé beartaithe deireadh a chur leis). Tá ardmheas ar lucht labhartha na Gaeilge ag an bpobal, rud a chruthaigh taighde an Athar Mac Gréil arís eile le deireanas. Ach, níl mórán stádais eacnamaíochta aici. Ní reachtáiltear mórán ionaid oibre trí Ghaeilge, agus níl mórán postanna ann a bhfuil an Ghaeilge riachtanach dóibh, cé go bhfuil feabhas air sin le dhá scór bliain anuas.
Bíonn stádas comhdhaonnach teanga comparáideach. Is é sin le rá go gcuirtear stádas teanga amháin i gcomparáid le stádas teanga eile atá ag iomaíocht léi san aon sochaí amháin. Cé go bhfuil stádas comhdhaonnach áirithe ag an nGaeilge mar atá luaite thuas, le hais an stádais eacnamaíochta, oideachais, mhórchumarsáide agus eile atá ag an mBéarla, ní mórán é. Leis sin a thuiscint ní gá ach an cheist a chur, an bhfuil slí bheatha ar bith in Éirinn nach bhfuil cumas sa Bhéarla lánriachtanach di?
Ag cur sin ar fad san áireamh, cén chumhacht agus tionchar atá ag grá do theanga a bhfuil stádas íseal aici le hais an tionchair agus na cumhachta atá ag an ardstádas atá ag an mBéarla? Fíorbheagán, ar ndóigh. Ní bhíonn grá do theanga nó spéis i dteanga nó i dteangacha ach ag mionlaigh, agus ní ag mórphobal. Sin an fáth go ndeireann Bratt Paulston nach bhfuil eisceacht ar bith ann. Is de bharr a hardstádais a fhoghlamaíonn an móramh mór teanga ar bith, agus ní i ngeall ar ghrá di:
‘…it is always for reasons other than appreciation of the language per se.’6
Ní de bharr go bhfuil grá acu di, ach de bharr go bhfuil sé riachtanach de réir na rialacha an Ghaeilge a fhoghlaim go dtí an Ard-Teistiméireacht, a fheictear d’fhormhór na ndaltaí go bhfuil tábhacht áirithe ag an nGaeilge i gcur chun cinn cuid dá gcuspóirí saoil – a gcuspóirí oideachais go cinnte – agus, b’fhéidir a gcuspóirí gairme, agus leanann siad ar aghaidh á foghlaim. Dá bhfágfaí an Ghaeilge gan an stádas a thugann an riachtanas di, agus í ag brath go hiomlán ar ghrá na ndaltaí di, ag cur san áireamh ardstádas na n-ábhar eile atá in iomaíocht léi, ní bheadh ach mionlach in ann leanacht á foghlaim go dtí an Ard-Teistiméireacht.
Tá an córas oideachais ón mbunscoil, go barr na hiarbhunscoile, dírithe ar an Ard-Teistiméireacht, agus níl amhras dá laghad ann ach go mbeadh tionchar diúltach ar an gcóras ar fad ag ísliú stádais na Gaeilge sna blianta roimh an scrúdú atá mar bharrsprioc ag an gcóras uile. Cuirfear síos anseo ar ball beag ar ar tharla ar fud chóras oideachais Shasana nuair a baineadh tacaíocht an riachtanais de theangacha ar nós na Fraincise agus na Gearmáinise sa dá bhliain roimh scrúdú an GCSE.
Fianaise Turgnamhach
Faoi mar a bhailíonn brobh beart, bailíonn stádas breise, breis stádais do theanga. Ach oibríonn an prionsabal sin droim ar ais freisin; nuair a cháilltear stádas bíonn sé ar nós mar a bheifí ag titim síos staighre, nó ag dul le fána. Sa bhliain 1973 a cuireadh deireadh leis an riachtanas an Ghaeilge a bheith ag duine le post a fháil sa tseirbhís phoiblí. Baineadh stádas den Ghaeilge. Cé gur gheall Fine Gael, a bhí sa rialtas ag an am, go mbeadh i bhfad níos mó spéise sa Ghaeilge feasta ag státseirbhísígh, thosaigh sleamhnú ón nGaeilge, a bhailigh neart i gcaitheamh na mblianta. I ngach roinn stáit lean sleamhnú i bhfad níos mó ná mar a shíl an rialtas a rinne an beart sin, agus níor thárla an athnuachan a gealladh.
Tá an toradh le feiceáil anois sa Roinn Oideachais agus Scileanna, roinn a admhaíonn, in ainneoin go bhfuil cúram ar leith air maidir leis an nGaeilge, nach bhfuil ach 3% dá foireann in ann an Ghaeilge a labhairt! B’fhíor do Mackey: ‘While low status speakers learn high status languages, high status speakers rarely learn low status languages.’
Ar an drochuair, ní raibh ach aire amháin a bhí sa rialtas a rinne an beart sin a raibh sé de mhachántacht ann a admháil ina dhiaidh sin go raibh botún déanta acu. Conchubhar Crús Ó Briain a dúirt: ‘…d’abróinn gur tugadh, gan amhras, céim síos don Ghaeilge. Mar sin, ag féachaint siar ar ar tharla, ní shílim anois gur dheineamar an rud ceart. Agus cuireann sé seo an-bhrón orm’.7
Sa bhliain 2002 bhí imní ar Rialtas na Breataine faoin líon mór daoine óga sa chóras oideachais i Sasana go raibh ag teip orthu. Bhí go leor acu ag éirí as an oideachas in aois 16. Bhí imní ar an Rialtas chomh maith faoin laghdú mall a bhí ag tarlú ar líon na ndaltaí a bhí ag foghlaim teanga seachas an Béarla le linn na mblianta ó aois 14 go dtí 16. Tugtar ‘Key Stage 4’ (‘KS4’) ar an tréimhse seo. Bhí sé éigeantach teanga ‘nua-aoiseach’ a fhoghlaim ó aois 11 go dtí 16, ach bhí díolúine ó theangacha faighte ag breis is 20% de na daltaí.
D’fhoilsigh an Department of Education and Skills tuarascáil: Languages for All; Languages for Life. A Strategy for England. Mhol an tuarascíl go mbeadh sé de cheart ag gach dalta bunscoile ag Key Stage 2 (Aois 7-11) teangacha a fhoghlaim, go mbunófaí córas nua deonach aitheantais, córas a thabharfadh aitheantas do cháilíochtaí teanga (ar ball tugadh The Languages Ladder air), go gcuirfí le líon na gcoláistí speisialta teangacha, go gcuirfí breis oiliúna ar fáil do mhúinteoirí ag Key Stage 3 (Aois 11-14), agus go gcuirfí le líon na ndaoine a bheadh ag foghlaim teangacha san saol forscoile.
Bhí na moltaí sin ar fad dearfach, ar ndóigh, cé go raibh cuid acu i bhfad ró-uaillmhianach, ag cur san áireamh gur dúradh sa tuarascáil Languages: The Next Generation, a d’fhoilsigh The Nuffield Foundation sa bhliain 2000, gurb é a bhí sa chóras múinte teangacha thall ná ‘a picture of incoherence and disarray’. Ach bhí moladh cinnúnach amháin i dtuarascáil an Department of Education and Skills a bhí chun an phraiseach a chur ar fud na mias: moladh go gcuirfí deireadh le foghlaim éigeantach teangacha ag Key Stage 4 (aois 14-16).
Bhí seacht gcroí ag Rialtas na Breataine. D’fhéadfadh siad go leor féiríní a bhronnadh trí na moltaí dearfacha a fheidhmiú, féiríní a shásódh go leor de na dreamanna ar leith a bhí á gcrá; agus ag an am céanna, ach deireadh a chur le héigeantas ag Key Stage 4, d’fhéadfadh siad cur lena gcáil mar liobrálaigh, rud a bhí níos tábhachtaí dóibh ar ndóigh ná a gcáil mar shóisialaigh.
Chuir siad cuma an-mhealltach ar an gcinneadh a rinneadar. Ach an t-éigeantas a chur ar ceal, chuirfí spreagadh i bhformhór mór na ndaltaí, teanga nó teangacha eile seachas an Béarla a fhoghlaim agus leanacht ar aghaidh á bhfoghlaim. Tír dheas na meala a bheadh ann, dar leo. D’fhéadfaí, a dúirt siad, le cúnamh athruithe a chur ar churaclam agus ar mhodhanna múinte, daltaí Key Stage 4 a mhealladh chun teanga eile chomh maith le Béarla a fhoghlaim de thoil dheona. Fraincis, Gearmáinis, Spáinnis agus Iodáilis is mó a bhí i gceist.
Sarar deineadh an cinneadh, cuireadh ina choinne go láidir. Bhuail taidhleoirí na Fraince, na Gearmáine agus na Spáinne leis an Aire Oideachais thall chun a n-imní a chur in iúl. Dúirt siad leis go mbeadh torthaí tubaisteacha ar an mbeartas. Níor tugadh aird ar a n-achainí, ná ar achainíocha iomadúla eile, ach dhírigh an Rialtas aird ar na moltaí dearfacha a bhí anois á nglacadh acu mar bheartas oifigiúl. D’fhógair an Rialtas go mbeadh sé de cheart ag paistí ó aois 7 mbliana ar aghaidh sna bunscoileanna teanga a fhoghlaim. Ach ní bheadh sé éigeantach.
Bhí fhios ag chuile dhuine nach raibh na hacmhainní ann chun an deis a bhí geallta a thabhairt do na páistí ar fad. Ní raibh ach cuid bheag de na múinteoirí bunscoile oilte chun teangacha a mhúineadh, agus ní raibh mórán acu ann a raibh na teangacha a bheadh á múineadh acu ar a dtoil acu. Cáilíocht teanga GCSE amháin a bhí ag go leor acu.
Ach chuaigh Rialtas na Breataine ar aghaidh lena mbeartas, agus sa bhliain 2002 d’fhógair siad nach mbeadh sé riachtanach ó 2004 ar aghaidh teanga a fhoghlaim don scrúdú GCSE ó aois 14 go 16.
A luaithe is a fógraíodh go mbeadh deireadh le héigeantas i gceann dhá bhliain, thosaigh na céatadáin a bhí ag foghlaim teangacha ag laghdú. Lean an titim ar aghaidh gan stad: bhí 78% ag foghlaim teangacha sa bhliain 2001, ní raibh ach 44% in 2009.
Is í an Fhraincis an teanga is mó a fhoghlaimítear thall. Le linn na mblianta atá faoi chaibidil, laghdaigh na céatadáin ó 53% in 2001 go 26% in 2009. Laghdaigh an céatadán de dhaltaí a bhí ag foghlaim na Gearmáinise ó 22 % go dtí 11% sa tréimhse chéanna, agus tharla méadú an-bheag ó 8% go dtí 9% ar an Spáinnis. Meastar gur de bharr gur chaith siad saoire sa Spáinn a shocraigh cuid de na daltaí an Spáinnis a roghnú. Tá na céatadáin le feiceáil sa tábla thall.
|
Céatadáin
de na Daltaí ag KS4 a thóg Teanga ag GCSE
General Cert. of Secondary Education, Sasana
1997-2002
|
|
Gach
|
1997
|
1998
|
1999
|
2000
|
2001
|
2002
|
|
Teanga
|
71%
|
75%
|
78%
|
76%
|
78%
|
76%
|
|
Céatadán de na Daltaí a cuireadh isteach ar Scrúdú
Teanga an GCSE, Sasana, Teangacha Éagsúla
|
|
|
1997
|
1998
|
1999
|
2000
|
2001
|
2002
|
|
Fraincís
|
52%
|
53%
|
54%
|
54%
|
53%
|
51%
|
|
Gearmáinis
|
22%
|
22%
|
22%
|
22%
|
22%
|
21%
|
|
Spáinnis
|
6%
|
7%
|
7%
|
7%
|
8%
|
8%
|
|
Teangacha Eile
|
3%
|
3%
|
3%
|
3%
|
3%
|
3%
|
Céatadáin de na
Daltaí ag KS4 a thóg Teanga ag GCSE
General Cert. of Secondary
Education, Sasana 2002-2009
|
|
Gach
|
2002
|
2003
|
2004
|
2005
|
2006
|
2007
|
2008
|
2009
|
|
Teanga
|
76%
|
73%
|
68%
|
59%
|
50%
|
46%
|
44%
|
44%
|
|
Céatadán de na Daltaí a cuireadh isteach ar Scrúdú
Teanga an GCSE, Sasana, Teangacha Éagsúla
|
|
|
2002
|
2003
|
2004
|
2005
|
2006
|
2007
|
2008
|
2009
|
|
Fraincís
|
51%
|
49%
|
45%
|
38%
|
32%
|
29%
|
27%
|
26%
|
|
Gearmáinis
|
21%
|
19%
|
18%
|
16%
|
13%
|
12%
|
11%
|
11%
|
|
Spáinnis
|
8%
|
8%
|
8%
|
8%
|
8%
|
8%
|
9%
|
9%
|
|
Teangacha Eile
|
3%
|
3%
|
3%
|
3%
|
3%
|
3%
|
3%
|
3%
|
GCSE Languages by Key Stage 4 Pupils—All Schools in England 1994-2009. Updated 13 January 2010. CILT – The National Centre for Languages. Bailíodh an t-eolas as tuarascálacha an Department for Children, Schools and Families. Tá na scoileanna stáit agus scoileanna neamhspleácha ar fad san áireamh. (Ar ndóigh, rinne cuid de na daltaí níos mó ná teanga eachtrannach amháin).◊
Tugtar faoi deara thuas gur sna blianta 2003 agus 2004 a thosaigh an táinrith. Ón mbliain 2002 ar aghaidh bhí fhios ag chuile dhuine go mbeadh deireadh le héigeantas sa bhliain 2004, agus bheartaigh daoine dá réir.
Ar ndóigh folaíonn staisticí go leor scéalta. (Is cuimhneach liom, fadó nuair a bhí Matamaitic Staitistiúil á foghlaim agam do chéim, gur mhol léachtóir dúinn How to Lie With Statistics a léamh. Níor léigh mé fós é!) Rud amháin nach léiríonn na céatadáin seo ná go bhfuil córas oideachais Shasana bunaithe ar aicmí. Mar a dúirt Guardian Unlimited ar an 5 Samhain 2002, agus beartas an Rialtais a phlé acu: ‘We’ve made learning languages a part of the British class system. If you’ve gone to a state school the chances are you won’t learn a foreign language until you get to secondary school at the age of 11, but if you go to a private fee-charging prep school you probably will start learning French at seven’.
Tá sé an-tábhachtach an méid sin a thuiscint. Toisc go raibh teangacha á bhfoghlaim ag a gcuid daltaí ó aois a seacht mbliana ar aghaidh, agus ar fháthanna eile, nuair a chuir an rialtas deireadh le héigeantas ó aois 14 ar aghaidh, níor chuir údaráis na scoileanna príobháideacha sin deireadh leis an éigeantas ina gcuid institiúidí féin. Ar ndóigh, laghdaigh sin an titim sna céatadáin iomlána náisiúnta, agus thartháil sé an Rialtas ó thubaist ollmhór.
Toradh tábhachtach amháin eile a bhí ar thionchar na scoileanna príobháideacha ná gur ardaigh caighdeán na dteangacha sna scrúduithe, nuair a cuireadh deireadh le héigeantas. D’éirigh a lán daltaí, nach raibh an-chumasach, as teangacha sna scoileanna stáit agus i ngeall air sin, mhéadaigh an céatadán den iomlán a bhí ina ndaltaí cumasacha agus a lean ar aghaidh ag foghlaim teangacha.
√ timpeall £2.5 milliún a chaitheamh thar ceithre bliana ar dhá thogra chun teacht ar na modhanna is fearr chun dul i gcomhar le scoileanna d’fhonn éileamh daltaí ar theangacha a mhéadú
√ cabhair a fháil ó eagrais fostóirí nach raibh a ndóthain á dhéanamh acu, agus tábhacht teangacha i bhfostaíocht a chur ina luí ar dhaltaí
√ dul i gcomhairle le hambasáidí agus le comhlachtaí trasnáisiúnta chun breis tacaíochta a fháil do theangacha, agus chun tréimhsí taithí oibre thar lear a eagrú do dhaltaí
√ feachtas gníomhach cumarsáide rialtais chun tábhacht teangacha a chur in a luí ar dhaltaí
√ nascanna idir scoileanna i Sasana agus scoileanna thar lear a chothú
√ fáiltiú bliantúil ag an Aire do phríomhoidí scoileanna a mbeadh torthaí níos fearr ná an gnáth acu
√ imeachtaí a eagrú i scoileanna ar Lá na dTeangacha Eorpacha, chun deis a thabhairt do dhaoine a bhfuil baint ag teangacha lena ngairmeacha labhairt leis na daltaí
√ polaiteoirí sinsearacha ag cur tábhacht teangacha ar a súile don phobal
√ go mbeadh foghlaim teangacha ina chuid éigeantach den churraclam do Key Stage 2 (7—11 bliain d’aois) faoin mbliain 2010 ar a dhéanaí
√ go mbeadh leanúnachas curaclaim ó bhunscoileanna go meánscoileanna
√ foghlaim teangacha a bheith nasctha leis an imshaol forscoile.
Bhí moltaí eile aige a raibh cuid acu cosúil leis na gríosaithe atá á ngeallúint ag Fine Gael in áit an éigeantais. Mhol sé go mbeadh na cúrsaí níos solúbtha, go meallfaí na scoileanna le hiarracht níos mó a dhéanamh, go gcuirfí feabhas ar an gcuraclam, go mbeadh níos mó aitheantais ar fáil agus é sin i gcéimeanna beaga, agus go mbeadh deiseanna ag múinteoirí bheith ag foghlaim óna chéile.
De thoradh mholtaí Dearing chuaigh an Rialtas i muinín an éigeantais arís, ach ar bhealach cliste agus ní do lucht Key Stage 4 (go fóill). Gheall an Rialtas go mbeadh foghlaim teangacha éigeantach sna bunscoileanna, ó aois a seacht ar aghaidh. Chuirfí sin i bhfeidhm ón mbliain 2010 ar aghaidh. Dúirt an Rialtas go raibh siad chun £53 milliún breise a chur ar fáil chun an báire a chasadh. Bheadh an chuid is mó de á chaitheamh ar oiliúint mhúinteoirí. Bheadh £2m á chaitheamh ar fheachtas eolais/cumarsáide agus £3m ar shuíomh idirlín do na meánscoileanna.
Ach ní go ró-mhaith a bhí ag éirí leis na bunscoileanna ina n-ullmhúchán do 2010. Ag tús na bliana 2008 bhí an Daily Telegraph ag tuairisciú go raibh na bunscoileanna faoi scaoll (‘schools are in a panic’). Ní raibh dóthain fóirne cáilithe ar fáil, agus ní raibh na cúrsaí oiliúna trí seachtaine a cuireadh ar fáil sách maith. Bhí socruithe eile trína chéile.
Níor shásaigh beartas bunscoileanna an Rialtais daoine agus lean an díospóireacht ar aghaidh. Bhí cuid de na moltaí a deineadh seafóideach go leor. Mhol an Institute of Directors go mbeadh ábhar nua san GCSE a bheadh comhdhéanta as roinnt teangacha. Mhúinfí smeadar Fraincise, Gearmáinise, Spáinnise agus araile do dhalta agus d’aithneofaí an t-iomlán mar ábhar amháin don scrúdú!
Ag deireadh 2007 chuir urlabhraí freasúra i leith an rialtais go raibh siad ag scrios múineadh teangacha sna scoileanna. D’impigh an Rialtas arís ar na scoileanna, daltaí 14 go 16 bliana d’aois a ghríosadh chun an pointe cóimheasa a bhaint amach, ach i mí na Nollag tuairiscíodh nach raibh ach 17% de na meánscoileanna ag déanamh aon iarracht an sprioc sin a shroisint.
Chuir an British Academy in iúl go raibh imní orthu faoin ‘apartheid’ a bhí ag fás i bhfoghlaim teangacha sna scoileanna. Bhí na teangacha ag dul i léig go tapaidh sna scoileanna stáit, ach fós ag seasamh an fhóid sna scoileanna príobháideacha. (De réir suirbhé a rinne CILT–The National Centre for Languages, beagán níos deireanaí, sa bhliain 2009, faoi rialacha inmheánacha na scoileanna, bhí teangacha éigeantach fós i 24% de na scoileanna stáit agus 82% de na scoileanna príobháideacha.) D’fhoilsigh an British Academy moltaí a tháinig ó chruinniú de 30 acadúlach a thug an Academy le chéile. Mhol siad do na hollscoileanna, teanga amháin a bheith ina hábhar riachtanach do dhaltaí a bheadh ag iarraidh cúrsaí céime a dhéanamh.
Rinne University College, London amhlaidh, ach ba ghairid go raibh casadh eile i scéal na gcoláistí tríú leibhéal. Measadh go raibh an coinníoll iontrála go mbeadh cáilíocht i dteanga amháin ag ábhar mac léinn, éagórach. Ó tharla go raibh daltaí na scoileanna stáit ag éirí as teangacha, agus go raibh teangacha fós riachtanach sna scoileanna príobháideacha, measadh go raibh an coinníoll seo ag cur buntáiste ar fáil do dhaltaí ó scoileanna príobháideacha! Bhí an lá le Political Correctness! B’éigean deireadh a chur le coinníoll teanga na gcoláistí.
Ba ghairid go raibh Ollscoil Bradford ag fógairt go raibh siad ag éirí as cúrsaí céime agus bunchéime i dteangacha. Ar an 2 Márta 2008 thuairiscigh TimesOnline go raibh teangacha á ndéanamh i bhfad níos éasca ag na A-levels, ag deireadh an dara leibhéal. Ag A-level, ní bheadh deis feasta ag micléinn teanga staidéar a dhéanamh ar théacsanna móra na litríochta. Ní bheadh le déanamh acu anois ach aiste an-ghairid a scríobh ar ábhar litríochta a roghnódh na daltaí féin.
Dúradh go raibh údaráis oideachais Shasana ag scaradh Sasana óna oidhreacht chultúrtha Eorpach. I ráiteas a chuireann i gcuimhne dúinn ar tharla abhus le déanaí maidir leis an nGaeilge san Ard Teistiméireacht dúradh:— ’Language teaching has a double nature — oral fluency and sophistication. The sophistication is now being dumbed down’. Josep-Luis Gonzalez, ceann na dteangacha in Eton a dúirt. D’éirigh Eton agus cúig cheann déag de na scoileanna ba mhó cáil ó thaobh na hacadúlachta de, d’éirigh siad as daltaí teanga a chur faoi chóras na A-levels.
Ar an 31 Márta 2008, d’fhógair Ollscoil Cambridge, ceann de na hollscoileanna is cáiliúla ar domhan, go raibh siad ag beartú deireadh a chur leis an gcoinníoll iontrála a bhí acu gur gá cáilíocht GCSE, A go C, i dteanga iasachta amháin a bheith ag ábhar mac léinn. Bhí an coinníoll éagothrom ar dhaltaí ó scoileanna stáit! Bhí torthaí chinneadh an Rialtais i dtaobh éigeantacht ag aois 14 go 16 ag leathadh tríd an gcóras ar fad. Ina ráiteas dúirt Cambridge go raibh gach ollscoil eile éirithe as an gcoinníoll cheana féin.
Níorbh é sin iomlán an ‘dumbing down’. Coicís roimhe sin, d’fhógair an Rialtas, i bhfianaise an laghdú a bhí tarlaithe i líon na ndaltaí GCSE a raibh foghlaim teangacha ar siúl acu, go raibh deireadh á chur le scrúduithe cainte. Bhí na scrúduithe sin ag cur an iomarca brú ar dhaltaí! Na múinteoirí a chuirfeadh an scrúdú cainte ar a gcuid daltaí féin feasta. ‘The collapse of modern foreign languages is a catastrophe’, a dúirt David Hart, Rúnaí Ginearálta National Association of Head Teachers mar fhreagra.10
Ainneoin gríosaithe an Rialtais sna bunscoileanna, bhí an bainne doirte, lean an laghdú ar aghaidh san GCSE; agus san Education Guardian ar an 23 Lúnasa 2008 tuairiscíodh go ndúirt David Mansfield, Cathaoirleach, Specialist Schools and Academies: ‘…making languages optional at Key Stage 4 has been the decimation of languages at GCSE. ….the horse has already bolted… …The Government isn’t trying to destroy languages, they are very apolegetic about it. But making languages optional was one of the most irresponsible and unforeseen acts. Languages are withering on the vine. Until it goes back as a compulsory part of the curriculum we will still face the problem.’
Bhí cuma ar fhigiúirí 2008 agus 2009 go mb’fhéidir go raibh an táinrith maolaithe nó stoptha, ach thuairiscigh an Yorkshire Post ar an 14 Feabhra 2010 go raibh na céatadáin a bhí ag leanacht ar aghaidh le teangacha ag aois 14 fós ag titim. Chuir Times Online, 8 Feabhra 2010 in iúl nach raibh ag éirí le hiarrachtaí na scoileanna, daltaí 14 go 16 bliana d’aois a ghríosadh chun go mbeadh an pointe cóimheasa de 50% go dtí 90% ag leanacht go toildeonach le teangacha. Déanta na fírinne, bhí scoileanna ag éirí as an iarracht fiú an sprioc teoranta a bhaint amach.
Ar an 15 Bealtaine 2010 thuairiscigh TimesOnline: ‘Labour’s efforts to entice children into choosing to study languages by switching from compulsory GCSEs to primary school classes have failed, say experts.’
Tátal agus Tuairimí
Státseirbhísigh an Department of Education and Skills a chéadmhol go gcuirfí deireadh le foghlaim éigeantach teangacha ag Key Stage 4. Bhí fáthanna éagsúla leis an moladh sin. Ní go maith a bhí ag éirí le formhór na ndaltaí nár thosaigh ar an dara teanga roimh aois aon bhliain déag. Ba iad san an tromlach mór. Bhí ábhair ghearáin eile ann, ach ceann de na nithe ba mhó a chuaigh i bhfeidhm ar mheon na státsheirbhíseach ná an líon mór díolúintí ó fhoghlaim teangacha a bhí á bhfáil — suas is anuas le 20% ag an am.
Ainneoin gur dúradh leo roimh ré go mbeadh toradh tubaisteach ar an ngníomh, bhí geallúint pholaitiúil tugtha ag Rialtas na Breataine in 2002 go gcuirfí deireadh le héigeantas i bhfoghlaim teangacha. Cé gur léir dóibh faoin mbliain 2004 go dtitfeadh an tóin as foghlaim teangacha, ní raibh siad in ann dul siar ar an ngeallúint. Anuas air sin, ba mhór ag Rialtas Pháirtí Lucht Oibre go mbeadh siad luaite le liobrálachas agus b’fhacthas dóibh nach mbeadh éigeantas i bhfoglaim teangacha iasachta ag teacht leis sin.
An toradh a bhí ar an ngníomh ná gur thit céatadán na ndaltaí a bhí ag déanamh teangacha ag Key Stage 4 ó 78 faoin gcéad go dtí 44 faoin gcéad in imeacht seacht mbliana, agus bhí tionchar diúltach aige sin ar ranna eile den chóras. D’éirigh meánscoileanna stáit as múineadh teangacha scun scan, agus fágadh múinteoirí díomhaoin. Cuireadh an t-aicmeachas comhdhaonnach níos mó fós in uachtar i bhfoghlaim teangacha iasachta. Ba ghairid go raibh an dornán ollscoileanna a bhí fós á éileamh, ag cur deireadh le riachtanas teangacha mar choinníoll iontrála. Anuas air sin, tosaíodh ar bhochtú agus ar shimpliú na dteangacha sna cúrsaí agus sna scrúduithe.
Dhiúltaigh formhór na scoileanna príobháideacha, agus cuid de na scoileanna stáit, deireadh a chur le héigeantas ina scoileanna féin. I ngeall air sin ach go háirithe, tá dóchas ann nach dtitfidh na céatadáin mórán níos mó ag deireadh na bliana 2010. Fágann sin go bhfuil an córas ag leibhéal Key Stage 4 fós i dtuilleamaí an éigeantais, ach is éigeantas é a chuireann scoileanna iad féin i bhfeidhm.
Ainneoin na leisce go mbeadh cuma mí-liobrálach orthu, d’fhill Rialtas na Breataine ar éigeantas taobh istigh de thrí bhliana, ach é le bheith i bhfeidhm sna bunscoileanna ó 2010 ar aghaidh. Níor cuireadh deireadh le héigeantas ag Key Stage 3 (aois 11 go 14). Ar ndóigh, níor chuir siad an t-éigeantas in athréim ag Key Stage 4. Bhí an iomarca dochair déanta don chóras, agus ní fhéadfaí éigeantas a athréimiú ag aois 14-16 go fóill. Chuir siad an t-éigeantas i bhfeidhm an uair seo sna bunscoileanna, agus d’fhágadar an bealach réidh chun é a chur i réim arís go deireadh blianta na meánscoile, de réir a chéile, nuair a bheadh na páistí bunscoile a d’fhoghlaim teangacha sa bhunscoil ag dul tríd na meánscoileanna. Agus an staid mar a bhí, bhí ciall leis sin.
Tá obair an-mhór le déanamh anois, má theastaíonn ó na húdaráis thall córas éifeachtúil múineadh teangacha a chur ar fáil sna bunscoileanna. Beidh orthu, i measc fadhbanna eile, an dochar atá déanta ag an tríú leibhéal a leigheas, agus a chinntiú go mbeidh ábhair múinteoirí á gcur ar fáil ag an leibhéal sin. Caithfidh siad córas maith oiliúna múinteoirí teanga a chur ar bun. Caithfidh siad smacht a fháil ar chóras na ndíolúintí agus iad a theorannú go mór. Faoin am ar socraíodh deireadh a chur le héigeantas ag Key Stage 4, bhí díolúintí ó theangacha ag 20% de na daltaí. Ba iad na díolúintí a chuir foghlaim teangacha dá boinn thall, mar atá á dhéanamh acu abhus. Is féidir bheith cinnte go gcuirfear an t-éigeantas i réim arís in am tráth ag Key Stage 4 (aois 14 go 16), ach ní tharlóidh sé go dtí go mbeidh an dream a bheidh 7 mbliana d’aois sa bhliain 2010 ag tosú ar Key Stage 4.
Cuireann socheolaithe in iúl dúinn, pé rud faoi mhionlaigh, nach le grá do theanga a fhoghlamaíonn an mórshlua teanga, ach de bharr go bhfeictear dóibh go bhfuil sé riachtanach chun gnáthchuspóirí saoil a bhaint amach. An tuiscint sin is mó a thugann stádas ard comhdhaonnach do theanga. Chruthaigh na Sasanaigh nach féidir teangacha a chur chun cinn, ach a mhalairt, trína stádas comhdhaonnach a laghdú. Ní raibh Rialtas na Breataine tugtha d’idé-eolaíocht a bhí in aghaidh na dteangacha, agus i ngeall air sin bhí siad sách oilte chun an botún uafásach a bhí déanta acu a aithint, agus chun tabhairt faoina leigheas gan mhoill.
Is eagal liom gur seasamh idé-eolaíoch frith-Ghaeilge is bun le beartas Fhine Gael. Má ligtear dóibh é chur i bhfeidhm, ní shílim go ligfidh an idé-eolaíocht sin dóibh a n-aigne a athrú agus an dochar a leigheas.
Tagairtí
1 Tá beartas Fhine Gael don Ghaeilge san oideachas le léamh i ‘Speech by Leader Enda Kenny, TD, at Fine Gael’s Irish in the 21st Century Athbeoigh agus Athnuaigh, Reform, Renew, Revive Conference’.
2 Mackey, Professor William F., Language Policy in Ireland and Canada, Bord na Gaeilge, 1982. (Ba dhuine de na bunaitheoirí agus ba stiúrthóir é an tOllamh Mackey ar an International Centre for Research on Bilingualism, University of Laval, Quebec).
3 Paulston, Christina Bratt, Education and Cultural and Linguistic Pluralism, OECD, Paris, 1985. (Bhí an tOllamh Paulston ina ‘Chairman and Professor of Linguistic, Department of General Linguistic, University of Pittsburg’ nuair a thug sí an léacht sin).
4 Fishman, Joshua A. The Sociology of Language, Newbury house Publishers, Rowley, Mass., 1972.
5 Paulston, Christina Bratt, ibid
6 Paulston, Christina Bratt, ibid
7 Agallamh a rinne Conchúr Crús Ó Briain le Tomás Mac Síomóin, The Irish Press, 11.09.1984.
8 BBC News, 24.08.2006
9 Preas Ráiteas, 12 Deireadh Fómhair 2006, Department for Education and Skills, London.
10 The Edinburgh Journal, 16 Márta 2008.
Feasta, Meitheamh 2010
Abhaile
|
barr
|
clár na míosa seo
|
ar ais
|