Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Aíonna

Urraíocht

Naisc

Dánta le
le Seán Mac Mathúna

Gaigí na nGort

Nó conas déileáil le fear bréige nuair a thagann sé ar cuairt chugat istoíche
Níl aon rud chomh héadrom le fear bréige,
mar tar éis an tsaoil
níl ann ach tuí,
is is éadroime tuí ná an drúcht,
agus mar a chéile hata Mhaimeo
agus léine Dinny,
scairf Cháitín,
agus ruidín buí ná feadair éinne cér leis é:
iad go léir caite acu go raibh siad
chomh tanaí le cluasa an chait,
sara ndéanfaidís iad a thabhairt suas
don bhfear bréige i ngort an Lisín.

Is nuair a thógann solas na gealaí
trasna ghort na heornan é
is síos an iothlainn,
is nuair a stadann sé ag an bhfuinneoig,
ná lig isteach é.
Bí glic, lig ort nach bhfeiceann tú é,
is nuair a dheineann sé teapáil ar an bpána
seachain a shúile,
dhá thairne mheirgeacha
a chuirfeadh poill i bhfalla duit,
agus iad ag cuardach an domhain
don rud a dhein fear bréige de
i mbraighdeanas seo na ngort.

Ach bhí sé ró-thapaidh dom aréir:
‘Carbhat galánta atá uaim,’ ar seisean,
‘ceann dearg le spotaí,
mar is duine de ghaigí na ngort mé,
is cé ná fuil ionainn ach tuí,
taobh thiar den tuí
tá mórgacht níos sine ná na goirt.’
Is do shleamhnaigh a lámh
síos chomh fada leis an lúb
is d’oscail an fhuinneog.
Níl aon ionadh ach fear bréige
ag éaló fuinneog isteach,
gan glór ar bith ach glór íseal tuí
agus bhróg Danny;
is go hobann siúd romhat é ag glinniúint ort,
is sin é an uair a thuigeann tú do na préacháin.

D’fháisc mé air an carbhat,
an deirge ag teacht le meirg na súl,
is siúd suas is anuas é
ag déanamh gaisce.

‘A dhuine chóir,’ ar seisean,
‘Tabhair tamall sa leabaidh dom,’
agus boladh coirce fliuch uaidh.
‘Uaireanta istoíche bím ag rabhláil sa chruithneacht,
ach níl aon chomórtas idir é
agus cúpla neomat sa súsa.’

Trí neomat a thugas dó,
agus gach cnead aoibhnis as,
agus ansan amach leis arís ar an urlár
is é ag stánadh orm,
ach sheachnaíos na tairní
mar tá sé mímhúinte.

‘Nuair a thagann an t-éirí amach féachfad id dhiaidh.’
‘Canathaobh go bhfuil sibh ag éirí amach?’
‘Mar tráth dá raibh, ríthe ab ea sinn,
agus féach anois orainn’;
Agus nuair a las an ré
an aghaidh stufálta folamh san,
labhair an tuí piachánach:
‘Sibhse is sinne, fir bhréige sinn go léir,
is is gearr uainn turas an bhóthair úd,
a ghabhann gach fear bréige.’

Feasta, Meitheamh 2010

Abhaile | barr | clár na míosa seo