Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Aíonna

Urraíocht

Naisc


- - Faoiseamh éigin eacnamaíoch? - -

An amhlaidh gur in olcas atá an ghéarchéim eacnamaíoch ag dul in ionad a bheith ag maolú, mar a bhí daoine ag súil leis, agus mar a bhí á thuar ag na saineolaithe? Is fíor go bhfuil malairt poirt arís le déanaí acu. Tá an t-amhras agus an éiginnteacht forleathan, agus cuma ar an scéal go bhfuilimid ar fiarlaoid ó chruachás amháin go ceann eile.

Ar a laghad is faoiseamh nach í an tír seo is mó is ábhar imní faoi láthair, lasmuigh dár muintir féin ar aon nós. Is í an Ghréig a spreag an éigeandáil is déanaí agus is léir go bhfuil an ghéarchéim is déanaí ansin ag cur buanseasmhacht an Aontais Eorpaigh féin in amhras.

Is é is cúis leis an amhras, ar ndóigh, ná an mhoill agus fiú an doicheall a léiríodh sular tháinig an tAontas i gcabhair ar an nGréig. Cad is fiú, nó cad chuige ar aon chor, a leithéid d’institiúid mhórthaibhseach, murar féidir brath ar fhóirithint ar bhallthír in am an ghátair?

Is maith is eol dúinn gurb í an Ghearmáin agus go háirithe an seansailéir ansin, Angela Merkel, is mó is cúis leis an moill agus an doicheall. Cén fáth go mbeadh Gearmánaigh tíosacha ag teacht i gcabhair ar Ghréagaigh, nach fonn leo aon stró rómhór a chur orthu féin lena gcuid a thuilleamh, nó ar Éireannaigh ach oiread leo, nó ar dhream ar bith eile san Aontas a mbeadh a lámha amuigh acu?

Más féidir tuiscint do dhearcadh seo na Gearmáine, tá sé de thoradh air go gcaitheann sé amhras ar inmharthanacht an euro agus an Aontais féin. Deirtear linn nach bhfuil aon éileamh ar an euro ar na margaí airgeadais. Deirtear linn ina theannta nach féidir go mbeadh a leithéid de chóras airgid buan in éagmais aonad ceart polaitiúil a bheith i gceist, Stát Feidearálach na hEorpa gan amhras. Ní haon chur amach mór ar an stair a bhíonn ag go leor de na daoine seo.

Toradh eile ar an allagar, agus is dócha gurb é an Coimisiún sa Bhruiséal is cúis leis, ná go gcaithfidh tíortha an euro faomhadh na Bruiséile a fháil ar dtús dá mbuiséid sula gcuirtear faoi bhráid na bparlaimintí sa bhaile iad. Tá go leor ag cur na gcosa uatha faoi sin i dtíortha an euro. I bhfírinne, is cosúil go bhfuil cur chuige dá leithéid ar siúl cheana féin maidir linne anseo in Éirinn. Cuimhnigh go bhfuil lánchead againn a bheith mar bhallthír den Aontas gan a bheith páirteach i gcóras airgeadra an euro féin.

Gan amhras, nuair a bhíonn géarchéim i gceist bíonn ráflaí agus luaidreáin go mór san aer, gach saineolaí agus tráchtaire agus a phort féin aige nó aici. Ní hé go bhfuil gach ní ina cheart anseo in Éirinn ná baol air. Tá go leor ag fulaingt. Mar sin féin, níl na tráchtairí agus na saineolaithe úd ag díriú oiread sin airde orainn le tamall. Nach mór an faoiseamh é sin?

Feasta, Meitheamh 2010

Abhaile | barr | clár na míosa seo