Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Aíonna

Urraíocht

Naisc


Smaointe Polaitíochta

An Comhrialtas úd thall
le Seán Ó Loingsigh


Dála an scéil is duine suimiúil é Campbell. Ba chainteoir dúchais Gáidhlig a athair, Dómhnall Lachlainn Caimbeul ó Oileán Thiriodh in Albain, agus tá suim mhór sa teanga i gcónaí ag a mhac Alasdair.

——◊——

Ní minic dúinn anseo ag tagairt do chúrsaí polaitiúla ár gcomharsan béal dorais, ach bhí olltoghchán acu sa Bhreatain le déanaí a bhí fíorspéisiúil, agus a bhfuil comhrialtas neamhghnách ar fad mar thoradh air. Ní mór cuimhneamh gur nimh sa bhfeoil ag an Sasanach riamh anall aon chineál comhrialtais.

Má b’fhíor go raibh a leithéid maith go leor in Éirinn, nó i dtíortha na Mór-Roinne, níorbh ionann sin agus go raibh sé inghlactha i máthair na bparlaimintí i Westminster. Is fíor go raibh a leithéid acu le linn an chogaidh dheireanaigh, ach ba eisceacht ar fad a bhí ansin. Tráth éigeandála a bhí i gceist. Níl a leithéid ann faoi láthair — nó an bhfuil?

Ach ar aon chuma ní gá dúinn a bheith ar aon bhealach leithscéalach ag plé pholaitíocht na Ríochta Aontaithe anseo. Nach raibh an toghchán céanna ar siúl sa chúinne thoir thuaidh dár n-oileáinín féin. Féach gur tharla nithe aisteacha sa toghchán ansin freisin. Fillfimid air sin arís.

Pé ní faoi dhoicheall na Sasanach maidir le comhrialtais, is ceann díobh atá acu agus is ceann é nach mbeifí ag súil leis ach oiread. Is iad na Caomhaigh agus na Liobrálaigh Daonlathacha, na Lib-Dems, mar a thugtar orthu, atá sa chomhrialtas agus David Cameron ina phríomhaire agus Nick Clegg mar leas-phríomhaire. Ina bhealach féin is mionréabhlóid atá tar éis tarlú.

Tharla dom a bheith i Sasana nuair a bhí na vótaí á gcomhaireamh agus an t-idirghabháil idir na páirtithe ar siúl. Ba dheacair an teilifís a thréigean ar feadh trí lá. Ócáid fíorshuimiúil a bhí ann a rachadh i bhfeidhm ar aon duine a mbeadh spéis sa pholaitíocht aige. Fiú nach bhfaca beirt riamh chomh cóngarach do bhabhta dórnála a bheith eatarthu ar an teilifís le claonbholscaire cáiliúil — ‘spin doctor’ ag focal.ie! — an Lucht Oibre, Alastair Campbell agus tráchtaire cáiliúil Sky News, Adam Boulton. ‘Your’e a pompous little arse’ arsa Campbell leis. Is baolach go raibh an ceann caillte ag Boulton um an dtaca seo.

Dála an scéil is duine suimiúil é Campbell. Ba chainteoir dúchais Gáidhlig a athair, Dómhnall Lachlainn Caimbeul ó Oileán Thiriodh in Albain, agus tá suim mhór sa teanga i gcónaí ag a mhac Alasdair. Nuair a bhí sé ar an Late Late Show anseo le déanaí beag an baol gur cuireadh aon cheist air faoin ngné sin dá shaol. Ba bheag ba shuim leo é, b’fhéidir.

Ach ba mhór an spórt a bhí ag lucht na gcartún polaitíochta ar na nuachtáin tar éis gur fógraíodh an socrú neamhghnách. Bhí pictiúirí acu de Cameron agus Clegg in aon leaba agus go leor le rá faoi phóstaí comhghnéis — arís féach ar focal.ie — same-sex marriage — agus faoin gcolscaradh a bhí i ndán dóibh go luath.

Ach chun filleadh ar an mionréabhlóid úd, ní hiad lucht na gcartún amháin a bheadh go mór in amhras faoin fhad a leanfadh an comhrialtas seo. Féach leis ar an mbearna ollmhór a bhí idir an dá pháirtí, ó thaobh fealsúnachta polaitíochta, pé acu an é an tAontas Eorpach, nó an córas vótála, nó polasaithe frithnuícléacha agus córais chosanta i gcoitinne a bhí i gceist.

Beidh sé thar a bheith suimiúil cad a tharlóidh maidir leis an gcóras vótála, go háirithe. Is bunéileamh é ag na Lib-Dems go n-athrófaí ó chóras an vóta díreach, mar atá sé faoi láthair, go leagan éigin den ionadaíocht chionmhar. Tá na Caomhaigh sásta go mbeadh reifreann ann maidir le córas vóta eile (alternative vote), córas atá a bheag nó a mhór leathbealaigh idir an vóta díreach agus an córas atá againne anseo in Éirinn.

Is le doicheall atá siad ag géilleadh an méid sin féin, agus beidh go leor díobh ag súil go ndiúltóidh an pobal d’aon athrú. Ach ní mór smaoineamh i gcónaí, maidir le ceisteanna casta mar seo agus fadhbanna a chothódh easaontas, go raibh traidisiún láidir liobrálach riamh anall sa Pháirtí Caomhach. Tá an traidisiún sin go mór in ísle brí ó tháinig Margaret Thathcher i gcumhacht i 1979.

Ní raibh polaiteoir in aon pháirtí i Sasana ní ba dhílse don Aontas Eorpach ná Edward Heath, agus bhí go leor eile sa pháirtí a raibh an dearcadh liobrálach céanna acu. Tá cosúlacht ann gur leis an dearcadh liobrálach sin is mó a bheadh luí ag an bpríomhaire nua, David Cameron, agus nach mbeidh bearna rómhór, i ndáiríre, idir é féin agus na Lib Dems.

Ní mór smaoineamh leis go bhfuil ábhair conspóide i bhfad níos práinní sa Bhreatainn faoi láthair ná an córas vótála nó an tAontas Eorpach. Tá an eacnamaíocht i gcruachás ann gach pioc chomh mór, b’fhéidir, agus atá sé anseo in Éirinn, nó in aon cheann eile de na tíortha sin a gcloistear oiread sin fúthu le roinnt míosa, an Ghréig nó an Phortaingéil nó an Spáinn.

Níor oir sé do na polaiteoirí, go háirithe do pholaiteoirí an rialtais, aon bhéim rómhór a leagadh ar an easnamh ollmhór san eacnamaíocht go dtí go mbeadh an toghchán thart. Anois tá an ‘deficit’ i mbéal gach aon duine, fiú i mbéalaibh na dtráchtairí úd ar mhinic a mbíodh bás anabaí an tíogair Cheiltigh mar ábhar fonóide acu.

Ciorraithe agus tuilleadh ciorraithe atá i gceist díreach mar atá in ár gcás féin. I gcúrsaí eacnamaíochta agus airgeadais, ar ndóigh, is tír an-láidir í an Bhreatain. Is lárionad tábhachtach ó thaobh mhargaí airgid agus airgeadra i gcoitinne í cathair Londain, ar aon dul le Nua Eabhrac. Seans nach luífidh an bhróg chomh dian orthu agus atá sé ag luí orainne, ach sin ráite, tá na fadhbanna follasach agus is gnó práinneach do rialtas nua dul i ngleic leo. Tá go leor ama curtha amú.

Cuimhnigh leis go mbeidh an scéal chomh dona céanna sa Tuaisceart. Go deimhin, is mór a chuireann sé lenár ndeacrachtaí anseo go mbeadh cúrsaí go holc sa Tuaisceart agus sa Bhreatain. Bí cinnte nach aon ábhar fonóide atá ann dúinn.

Níor mhiste focal a rá faoi Gordon Brown a chaill a phost mar phríomhaire, agus a d’éirigh as freisin mar cheannaire ar Pháirtí an Lucht Oibre tar éis an olltoghcháin. Ní mór a rá ar a shon gur imigh sé le dínit agus go grástúil sa deireadh, tar éis do a bheith faoi bhrú le tamall fada roimhe sin. Gar do thrí bliana a chaith sé mar phríomhaire. Ceapadh ár bhfear féin, Brian Cowen anseo mar thaoiseach níos lú ná bliain ina dhiaidh san.

Bhíomar ag tuairimíocht anseo ag an am faoi conas mar a d’éireodh leo, agus ag tagairt don nath a bhíodh ag Napoleon tráth, nár leor d’oifigeach a bheith ábalta agus éirimiúil. ‘Sea’, a deireadh sé,’ ach an mbíonn an t-ádh leis’? Gan amhras, ba mhinic a chomhairleoirí i bponc. Is dóigh liom go mbeadh sé cothrom a rá gur bheag den ádh a bhí le ceachtar den bheirt a luadh. Tháinig siad chun cinn i ndroch-am.

Go rí-mhaith a thuigtear gur mór an lear daoine sa Bhreatain agus anseo in Éirinn nach nglacfaidh le haon bhaothchaint faoina mbíodh le rá ag Napoleon maidir leis an ádh, agus conas mar a chruthaigh Brown agus Cowen agus iad i gceannas. Gan amhras, is é a déarfar gur mí-éifeacht agus faillí ba mhó a bhí i gceist, agus gur bheag an bhaint a bhí ag an ádh leis an ngnó.

Tá comhthreomhaireacht áirithe i gceist maidir le gairmréim na beirte. Bhí Brown ina Sheansailéir ar an Státchiste sa Bhreatain nuair a bhí Cowen ina Aire Airgeadais anseo, sular ceapadh iad araon sna príomhphoist. Bhí tráth ann a ndeirtí fúthu go raibh siad éifeachtach, chomh maith le bheith éirimiúil. Tá Brown imithe anois, agus ba dhána an té a déarfadh go mbeidh Brian Cowen i bhfad ina dhiaidh. Tá fiosraithe ar siúl anseo in Éirinn faoi láthair faoi cad ba chúis leis an ngéarchéim eacnamaíoch, agus ar ndóigh, cé hiad ba chúis leis. Tá liosta mór fada díobh san ann ar a bhfuil áirithe baincéirí agus lucht forbartha, státseirbhísigh, eacnamaithe agus, ar ndóigh, na polaiteoirí.

Maidir leis na pearsana, is féidir fáil réidh leis na polaiteoirí, ach ní bhíonn sé i gcónaí éasca déanamh amhlaidh leis na daoine eile. Tá na heacnamaithe fós féin i bpíobáin a chéile. Agus seo á scríobh, tá ollamh ollscoile a bhfuil ardcháil air mar eacnamaí ag rá linn gur droch-chríoch atá i ndán do chur chuige an rialtais. NAMA atá i gceist, gan amhras. Tá ollúna ar chomhchéim leis ar malairt poirt. Dia linn, céard atá le déanamh?

Tá cead cainte ag gach duine. B’fhéidir gur dualgas é i gcás an ollaimh. Is trua go bhfuil an chonspóid agus an tsáraíocht ag cothú mímhuiníne agus éiginnteachta, nuair is a mhalairt go díreach atá riachtanach.
——◊——
Drochscéala ar fad againn faoi ollamh eile. Tá Breandán Ó Buachalla imithe go hobann ar shlí na fírinne. Tréanfhear léinn agus litríochta a bhí ann, a chuir comaoin thar áireamh ar shaol agus ar shaíocht na Gaeilge. I measc na saothar litríochta is leor a lua anseo Aisling Ghéar, mórshaothar in aon teanga, ach seod ar leith i gcás na Gaeilge. Is mór an chaill é dá mhuintir agus don teanga dhúchais.
Feasta, Meitheamh 2010

Abhaile | barr | clár na míosa seo | ar ais