Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Aíonna

Urraíocht

Naisc


Bua mór Chonradh na Gaeilge 100 bliain ó shin


Donncha Ó hÉallaithe


Bunaithe ar léacht faoi fheachtas Chonradh na Gaeilge i dtaobh stádas na Gaeilge in Ollscoil Náisiúnta na hÉireann, a thug Donncha Ó hÉallaithe ag an gComhdháil ar Litríocht agus ar Chultúr na Gaeilge in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, 15 Deireadh Fómhair 2010.
—◊—

Réamhrá

Ar an 23 Meitheamh 1910 ag cruinn­iú de Sheanad Ollscoil Náisiúnta na hÉireann (NUI) vótáileadh i bhfabhar rúin a mhol Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Dubhghlas de hÍde, go nglacfaí leis go mbeadh an Ghaeilge mar ‘essential subject for matriculation’ ón ­bhliain 1913 ar aghaidh i gcoláistí na hollscoile nua-bhunaithe. Bhí bua mór bainte ag Conradh na Gaeilge tar éis fheachtais fhuinniúil agus conspóide teasaí a lean ar feadh dhá bhliain. Bhí éileamh an Chonartha simplí: in Ollscoil Náisiúnta na hÉireann, a bunaíodh faoin Irish Universities Act 1908, ba chóir go mbeadh an stádas céanna ag an teanga náisiúnta is a bheadh ag an Laidin nó ag an mBéarla. Bhí na heaspaig Chaitliceacha go láidir in aghaidh stádas ‘riachtanach’ a thabhairt don Ghaeilge mar ábhar máithreánach. San alt seo déanfar cur síos ar an bhfeachtas buacach agus tráchtfar ar an gcaoi ar éirigh le Conradh na Gaeilge an ceann is fearr a fháil ar Mhaigh Nuad céad bliain ó shin.

An Comhthéacs

Faoi dheireadh an 19ú haois bhí mianta oideachais na meánaicme Caitlicí in Éirinn forbartha go mór ó aimsir an Ghorta. Ba chnámh spairne dóibh go raibh mí-chothromaíocht sa soláthar ollscolaíochta. Bhí na heaspaig ag iarraidh ar Rialtas na Breataine Ollscoil Chaitliceach a chur ar bun i mBaile Átha Cliath, a bheadh ar chomhchéim le Coláiste na Tríonóide (TCD). Cuireadh coláiste tríú leibhéal ar bun faoi cheannas na nÍosánach, ar ar tugadh an Catholic University College agus John Henry Newman mar chéad Rector air, ach níor shásaigh sin mianta na gCaitliceach ach a mhalairt. Chuir an éagothromaíocht shuntasach idir an Coláiste Caitliceach agus TCD mórán oilc ar Chaitlicigh.

Má bhí na heaspaig ag iarraidh go mbunófaí Ollscoil Chaitliceach, bhí smaoineamh eile ag an bProtastúnach, Dubhghlas de hÍde, bunaitheoir Chonradh na Gaeilge. Sa bhliain 1902 i bhfianaise a thug de hÍde os comhair Coimisiúin Ríoga, a bunaíodh le breathnú ar scéal na hollscolaíochta, leag Uachtarán Chonradh na Gaeilge síos an marc seo: ‘We want a ­university whose aim shall be to give an Irish education to suit Irish needs—. We want an intellectual headquarters for Irish Ireland — that shall be Irish in the same sense that Oxford and Cambridge are English.’

Ón tús thuig Conradh na Gaeilge an tábhacht a bhain le áit a chinntiú don Ghaeilge mar ábhar staidéir sa gcóras oideachais, agus in achar gearr bhí éirithe leis an eagraíocht go leor a bhaint amach trí bhrú a chur ar Rialtas na Breataine.

Ardaíodh stádas na Gaeilge sa gcóras meánscoile faoin Acht Oideachais 1900, in ainneoin iarr­acht a rinne Dr. Mahaffy ó TCD, a chur ina luí ar Choimisiún Ríoga go mba cheart an Ghaeilge nó Celtic, mar a tugadh uirthi ag an am, a bhaint den chlár ar fad mar ábhar staidéir. Chuaigh de hÍde i ngleic le Mahaffy os comhair an Choimisiúin agus fuair sé an ceann is fearr air. In áit an Ghaeilge a bhaint den chlár scoile, is amhlaidh gur tugadh ­stádas níos fearr don teanga sa gcóras meánscolaíochta. Sa bhliain 1904 bhí bua eile ag an gConradh nuair a ceadaíodh clár teagaisc dátheangach a chur ar bun i mbunscoileanna sna ceantair Ghaeltachta. Lena gceart a thabairt do Mhaigh Nuad, thug na heaspaig tacaíocht shuntasach don Chonradh sa bhfeachtas sin. Faoin mbliain 1908, bhí beagnach leath de dhaltaí meánscoile na tíre ag déanamh Ghaeilge mar ábhar scrúdaithe don mheánteist.

Éileamh an Chonartha maidir leis an nGaeilge san Ollscoil nua

Faoin Irish Universities Act 1908 socraíodh dhá ollscoil a bhunú: Ollscoil na Banríona i mBéal Feirste agus an National University of Ireland. Bhí Coláiste na Tríonóide le fágáil mar a bhí. Go teicniúil agus go teoiriciúil, ní raibh an dá Ollscoil nua le bheith sainchreid­mheach nó ‘denominational’, ach bhí cuma fíor-Chaitliceach ar Sheanad an NUI, agus Ardeaspag Bhaile Átha Cliath, Dr. Walshe, ina chathaoirleach air. D’éirigh leis an gConradh beirt sheiftiúla a fháil ar Sheanad an NUI, Dubhghlas de hÍde agus Eoin Mac Néill. Fágadh faoi na Seanadóirí, 39 acu ar fad, stádas na Gaeilge san Ollscoil nua a shocrú. Má bhí de hÍde agus Mac Néill ag iarraidh go mbeadh stádas ‘riachtanach’ ag an nGaeilge le fáil isteach ar aon chúrsa san Ollscoil Náisiúnta, bhí na hEaspaig Chaitliceacha ag cur ina aghaidh seo go láidir.

Mar urlabhraí ar son na Gaeilge, bhí de hÍde éifeachtach, múinte agus cúirtéiseach i gcónaí. Bhí caidreamh maith cothaithe aige le lucht rialtais, le polaiteoirí ó gach taobh agus le lucht eaglaise. Bhí bua ag Mac Néill chun a chuid argóintí a bhreacadh ar pháipéar. Chuir sé a chás ar son na Gaeilge i láthair an phobail sa phaimfléad ‘Irish in the National University’. Úsáideadh gréasán na gcraobhacha a bhí ag an gConradh leis an paimfléad a scaipeadh ar fud na tíre.

Eagraíocht ollmhór a bhí sa Chonradh faoin tráth seo. Faoin mbliain 1906 bhí 964 craobh cláraithe leis an eagraíocht de réir na tuairisce a tugadh ag an Ardfheis. Bhí ciste mór airgid curtha le chéile de bharr chomh maith is a d’éirigh le de hÍde i mbun feachtas bailithe airgid don Chonradh sna Stáit Aontaithe le linn na bliana 1906. An t-airgead a thug de hÍde abhaile ó Mheiriceá, chuir sé ar chumas na heagraíochta gréasán na dtimirí is na múinteoirí taistil a fhorbairt: faoi 1908 bhí 11 timire lánaimseartha fostaithe ag an gConradh, agus bhí os cionn 100 múinteoir taistil i mbun rang­anna ar fud na tíre. Fad is a bhí de hÍde agus Mac Néill ag brú chás na Gaeilge ag an leibhéal a b’airde i measc na Seanadóirí Ollscoile, bhí na timirí i mbun stocair­eachta ag an leibhéal áitiúil.

D’fhéadfaí a rá gur cuireadh tús leis an bhfeachtas nuair a tionóladh Ard-Fheis speisialta den Chonradh ar an 8 Meitheamh 1908, le ceist na Gaeilge san ard­oideachas a phlé. Glacadh le rún ag an Ard-Fheis inar iarradh go mbeadh Gaeilge labhartha agus scríofa ina hábhar riachtanach i Máithreánach an NUI agus ina hábhar riachtanach do gach mac léinn go dtí go dtosóidís ag plé le cúrsa gairmiúil. Ag an Ardfheis deineadh gearán nach raibh aon Ghaeilge á múineadh i roinnt de na meánscoileanna deoise a bhí á reachtáil ag na heaspaig. Iarradh go poiblí ar na heaspaig na céimeanna caoi a thógáil le go mbeadh ‘Irish universally taught in the Colleges under their control.’

Bhí rudaí ciúin go maith go dtí deireadh Samhna 1908, nuair a labhair Uachtarán Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, Fr. William Delaney S.J., in aghaidh an Ghaeilge a bheith riachtanach san Ollscoil nua. Bhí Fr. Delaney i láthair ag cruinniú a eagraíodh leis an ábhar ‘The Relation of Irish to the New University’ a phlé. Eoin Mac Néill a bhí mar aoichainteoir ag an gcruinniú. Os rud é go raibh Fr. Delaney i láthair iarradh air a thuairim faoin gceist a nochtadh. Dúirt sé go raibh amhras air an raibh an Ghaeilge réidh ag an bpointe sin ar an ábhar nach raibh dóthain múinteoirí oilte ar fáil a d’fhéadfadh Gaeilge cheart a mhúineadh – ‘not the Irish of the fair or the market, but the Irish of scholars.’

Chomh maith leis sin, bhí sé den tuairim, a dúirt sé, dá ngéillfí d’éileamh an Chonartha maidir le Gaeilge a bheith éigeantach le fáil isteach san Ollscoil nua, go mbeadh ar mhic léinn Chaitliceacha gan Ghaeilge dul ag Coláiste na Tríonóide le haghaidh a gcuid oideachais tríú leibhéal! Ball den Chonradh ab ea William Delaney. Mar Uachtarán ar Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, bhí sé ar dhuine de na Seanadóirí Ollscoile a mbeadh vóta acu ar an gceist. Bhain a raibh le rá aige cuid den ghaoth as seolta uaillmhianacha an Chonartha ar feadh scaithimh bhig ach dhúisigh sé duine eile den chléir chun é a fhreag­airt.

An tAthair Ó hIceadha ar an bhfód comhraic

Bhí an lasair curtha sa bharrach ag Delaney. Is gearr gur tugadh freagra air. Ag cruinniú poiblí, tús mhí na Nollag 1908, rinne an tAthair Micheál Ó hIceadha, a bhí ina Ollamh le Gaeilge i Maigh Nuad ag an am, cáineadh géar pearsanta ar William Delaney a bhí ag iarraidh ‘West Briton University’ a bhunú ar mhaithe leis na ‘few colleges which specialise in the secondary education of the Catholic Snobocracy’.

Bhíodh an tAthair Micheál Ó hIceadha in a Leas-Uachtarán ar an gConradh, ach d’éirigh sé as sa bhliain 1903, de bharr aighnis san eagraíocht agus ina ­dhiaidh sin dhiúltaigh sé seasamh ar aon ardán leis an gConradh. Mar sin féin ghlac sé páirt ghníomhach sa bhfeachtas ar feadh cúpla mí ar an mbealach seo: scríobhadh sé litreacha ag lucht eagraithe cruinnithe poiblí le léamh amach ón ardán.

Ar an 13 Nollaig 1908, thug an tAthair Ó hIceadha léacht do na mic léinn i Maigh Nuad faoin teideal ‘The University Question’. Mura mbeadh an Ollscoil nua Gaelach, a dúirt sé, ní bheadh an locht le cur ar Pharlaimint na Breataine ach ar ‘the University Senate, most of whose members are Catholics and professing Nationalists, — five of whom are distinguished Catholic Ecclesiastics, two of the five being Archbishops.’ Chríochnaigh sé an léacht leis an mbagairt go gcaithfí ‘blacklist’ a chur le chéile de na Seanadóirí Ollscoile a bhí ‘false and vile, in a supreme crisis of Ireland’s fortune’.

D’iarr na hEaspaig ar Mhichéal Ó hIceadha éirí as a Ollúnacht i Maigh Nuad. Dhiúltaigh sé agus sa deireadh briseadh é as a phost. Chomh fada is a bhain sé le feachtas an Chonartha, seans gur mó dochair ná maitheasa a bhí á dhéanamh ag peann nimhneach Uí Iceadha. Thug Cathaoirleach Sheanad na hOllscoile nua, an tArdeaspag Walsh, le fios go raibh sé á iompú in aghaidh éileamh an Chonartha ag ‘the shocking ­vulgar abuse’ a bhí á úsáid sa bhfeachtas.

An Claidheamh Solais

Chruthaigh an Piarsach, a bhí mar eagarthóir ar an gClaidheamh Solais le linn an ama, go mba bholscaire cumasach é. Is iomaí uair a raibh cúis ag an bPiarsach leis an chléir a cháineadh i leathanaigh an Chlaidheamh Solais. Cháin sé Uachtarán Mhaigh Nuad, Dr. Mannix, i Samhain na bliana 1907 toisc gur scaoil sé go leor ábhar sagairt ó fhreastal ar rang­anna Gaeilge i Maigh Nuad. Ba mhinic é ina chúis ghearáin ag an bPiarsach sa nuachtán, chomh maith, nach raibh an Ghaeilge ar fáil mar ábhar scrúdaithe i go leor de na scoileanna deoise a bhí go díreach faoi cheannas na nEaspag, na scoil­eanna a bheadh thíos leis dá n-éireodh le feachtas an Chonartha maidir le Gaeilge a dhéanamh riachtanach san ollscoil nua.

Duine de na heaspaig ba nimhní in aghaidh fheachtas an Chonartha ab ea Ardeaspag Thuama, John Healy, cé go mba chainteoirí dúchais Gaeilge formhór mór an phobail a bhí faoina chúram i Maigheo agus i nGaillimh. Nuair a dúradh leis ag cruinniú go raibh cosmhuintir na hÉireann báúil le héileamh an Chonartha faoi Ghaeilge a dhéanamh riachtanach san Ollscoil nua, d’fhreagair sé go tarcaisniúil agus dúirt: ‘what do they know about it… I would not give a pinch of snuff for their opinion.’ Thug an Piarsach faoi Healy:–

‘We can assure his grace that the people of Ireland, and especially the people of his own archdiocese of Tuam, know a vast deal about this question and have a paramount right to express themselves on it. They know, for instance, of priests sent to minister to them at the altar, in the confessional, and at the bedsides of their dying who do not know a word of their language…, they know of school teachers who do not understand a single syllable uttered by their pupils during the day… And when this long-outraged, long-silent people see at last an opportunity of remedying their terrible wrongs and determine to avail of it, their archbishop, instead of ­proclaiming himself their leader, plants himself across their path, declares that he will thwart them if he can, and meets their demands for redress with flouts and scoffs and jeers. The people will remember.’ [An Claidheamh Solais, 6 Márta 1909]

Na Comhairlí Contae

Má bhí an Conradh ag cailliúnt tacaíochta i measc na nEaspag, bhí tacaíocht á bhailiú don bhfeachtas i measc na gComhairlí Contae, an chuid is mó acu faoi smacht an United Irish League, páirtí John Redmond. Pléadh rún ag Coinbhinsiún an United Ireland League, Feabhra 1909, ag tacú le héileamh an Chonartha maidir leis an nGaeilge san NUI. Labhair Leasuachtarán an UIL, John Dillon M.P., go láidir in aghaidh an rúin. Bhí a chuid argóintí curtha le chéile go maith aige, mar go mba sháróráidí é. Ar chuireadh ó cheannaire an pháirtí, John Redmond, iarradh ar Dhubhghlas de hÍde freagra a thabhairt ar Dillon. Chuaigh a raibh le rá ag de hÍde i bhfeidhm ar a lucht éisteachta. Chríochnaigh sé a óráid le scéal grinn a chuir an slua mór sa seomra ag gáirí. Chuir Redmond an rún agus glacadh leis, le móramh 3 in aghaidh a 1. Bhí an United Irish League ag tacú leis an gConradh sa chonspóid, cé go raibh na heaspaig th’éis ráiteas a eisiúint ag deimhniú go raibh Cliarlathas Easpag na hÉireann in aghaidh stádas riachtanach a thabhairt don Ghaeilge le fáil isteach ar chúrsaí léinn i gcoláistí an NUI.

Bhí an ghaoth ar ais i seolta an Chonartha in ainneoinn ráiteas an n-easpag, a bhuíochas sin do John Redmond. Thosaigh an stocaireacht leis na húdaráis áitiúla, an chuid is mó acu faoi cheannas an United Irish League. Faoi Mheitheamh na bliana 1909 bhí an Conradh in ann a rá go raibh 19 gcomhairle contae agus 130 Comhairle Ceantair (UDCs agus RDCs) ag tacú leis an éileamh Gaeilge a dhéanamh ‘essential’ le fáil isteach san NUI. Ní hamháin sin, ach bhí rún glactha ag roinnt mhaith acu ag diúltú airgead a sholáthar le haghaidh scoláireachtaí a chur ar fáil do mhicléinn a bheadh ag freastal ar choláistí na hollscoile nua, mura mbeadh an Ghaeilge riachtanach mar ábhar máith­reánach san ollscoil.

Seo mar a tharla i gcás Chomhairle Contae na Gaillimhe. Ag an gcruinniú a tionóladh ar an 27 Eanáir 1909, d’éist an Chomhairle Contae le toscaireacht ón gConradh agus glacadh le rún a dúirt go gcoinneofaí siar airgead na scoláireachtaí, ‘unless the Irish language be made an essential subject of the curriculum of studies and due facilities offered for the pursuit of Gaelic studies.’

Ag cruinniú eile den Chomhairle ar an 19 Bealtaine 1909, daingníodh an seasamh sin le rún a dúirt go n-airgeadófaí scoláireachtaí i UCG ‘as soon as Irish is made an essential subject in the National University…’

Bhí Ard-Timire an Chonartha, Tomás Bán Ó Coincheanainn, in ann a thuairisciú ag an Ardfheis sa bhliain 1909, go raibh an chuid is mó de na Comhairlí Contae ‘curtha faoi gheasa gan aon airgead a thabhairt mura bhfaigheann an Ghaeilge cothrom na Féinne san Ollscoil.’

An Ollpharáid i mBaile Átha Cliath

Aontaítear go mba í an ollpharáid a eagraíodh i mBaile Átha Cliath ar an Domhnach, 19 Meán Fómhair 1909, buaicphointe an fheachtais ar son na Gaeilge éigeantaí san ollscoil. Ba é bun agus barr na dteachtaireachtaí ó na flótanna a bhí sa bparáid, nach mbeadh aon mhic léinn i gcoláistí an NUI, mura mbeadh an Ghaeilge riachtanach le fáil isteach ann, mar nach mbeadh aon scoláireachtaí á n-airgeadú ag na comhairlí contae. Theastaigh trí ardán in áiteacha éagsúla le go mbeadh deis ag gach duine cainteoirí a chloisint.

Seo thíos cuid den chuntas faoin bparáid a tugadh san Irish Times:

‘The occasion which brought them together in a ­swaying mass, that extended close-packed from Pillar to Rotunda, and overflowed into the thoroughfares beyond, was something more than the ordinary annual­ Language Procession of recent years. The ­present demonstration, organised on a much larger scale than ever before, gained its special importance this year from the prominence of the question as to the place to be given to Irish in the syllabus of the new National University.’

D’iarr Ardmhéara Bhleá Cliath ón bpríomhardán go léireofaí ‘fair play and toleration’ dóibh siúd a bhí ar mhalairt tuairim le Conradh na Gaeilge agus d’impigh sé ‘that, while the controversy proceeded, no hard words would again be uttered on either side’. Faoin am seo bhí Ó hIcheadha curtha de pháirc na himeartha ag na ­heaspaig ón Meitheamh roimhe sin, agus é gafa lena chás a throid sa Róimh. Bhí ar an bhfeachtas dul ar aghaidh dá uireasa, rud a thug deis níos fearr do de hÍde agus Mac Néill tabhairt faoi dhóthain seanadóirí a mhealladh, le taidhleoireacht stuama seachas focla tarcais­niúla. Is cosúil go raibh Mac Néill agus an tArdeaspag Walsh i mbun comhráití i gcaitheamh an ama, féachaint an bhféadfaí tíocht ar chomhréiteach faoin gceist agus tháinig. Géilleadh ar an gceist faoin nGaeilge a bheith in a ábhar riachtanach staidéir do na mic léinn, mar a bhí á éileamh i dtosach an fheachtais ag an gConradh.

Nuair a tháinig an t-am chun cinneadh a dhéanamh, faoi earrach na bliana 1910, bhí an teocht íslithe go mór. Socraíodh an cheist ag cruinniú den Seanad iomlán ar an 23 Meitheamh 1910: glacadh le rún a mhol de hÍde go mbeadh an Ghaeilge ina ábhar riachtanach don mháithreánach ón mbliain 1913 ar aghaidh, ach amháin do mhic léinn nach raibh cónaí orthu in Éirinn le trí bliana roimhe.

Conclúid

Dhá lá tar éis an cinneadh cinniúnach a bheith déanta scríobh Tomás Bán Ó Coincheanainn, litir ag cara ina ndúirt sé go raibh an cath ar son na Gaeilge san Ollscoil nua buaite, agus lean sé air lena rá: ‘Hyde says it is the biggest and most momentous event in the history of the country of the past 200 years.’

Mhair an feachtas ar feadh dhá bhliain agus ag a dheireadh bhí an Conradh spíonta mar eagraíocht: cairde caillte, timirí éirithe as, naimhde déanta, craobh­acha titithe as a chéile, go leor de na sagairt iompaithe ina n-aghaidh agus tíocht isteach ón bpobal laghdaithe go mór.

Ba é 1910 buaicphointe an Chonartha ó thaobh tionchar a imirt ar pholasaí oideachais na tíre, agus imríodh an tionchar sin ag am a raibh Éire mar chuid den Ríocht Aontaithe.

Céard a chiallaigh an bua maidir leis an nGaeilge? Is ag an dara leibhéal oideachais agus ní ag leibhéal na hollscolaíochta, is mó a bhí tionchar ag an mbua, mar gur mhéadaigh sé an líon mac léinn a thóg Gaeilge mar ábhar meánscoile. Bhí ar na scoil­eanna Caitliceacha sin a bhíodh ag freastal ar pháistí na ‘classy Catholics’, mar a thug de hÍde orthu, an Ghaeilge a aithint mar ábhar staidéir agus múinteoirí Gaeilge a cheapadh ar an bhfoireann. Maidir leis an tríú leibhéal, ní fhéadfaí a rá go raibh aon tionchar go praiticiúil ag an mbua ar úsáid na Gaeilge mar gnáth­theanga chumarsáide i measc na mac léinn, cé go raibh an Conradh ag súil go mbeadh.

Bhí toradh tánaisteach ag an bhfeachtas, agus ag an socrú a baineadh amach, a bhí diúltach, i mo thuairimse. Toisc nár éilíodh go mba cheart go mbeadh an Ghaeilge riachtanach do chúrsaí in Ollscoil na Banríona nó Coláiste na Tríonóide, ceanglaíodh Gaeilge le náisiúnachas na gCaitliceach. B’fhéidir go raibh sin praiticiúil, ach níor luigh sé rómhaith leis an meon poblachtánach a shéanfadh gur bhain Gaelachas le Caitlicigh amháin. Má bhí Protastúnaigh, a bhí ag freastal ar Choláiste na Tríonóide, ina gcuid den náisiún chomh maith le Caitlicigh Ollscoil Náisiúnta na hÉireann, cén fáth nach mbeadh an riachtanas ­céanna á chur i bhfeidhm orthu?

Thuig de hÍde nach bhféadfaí é sin a bhaint amach. Ní raibh seans ar bith go n-éireodh le feachtas an Chonartha, dá mbeifí ag iarraidh an stádas céanna a bhaint amach in Ollscoil na Banríona agus i gColáiste na Tríonóide, mar nach raibh baol ar bith go bhféadfaí iallach a chur ar Aontachtaithe ó thuaidh nó ó dheas, Gaeilge a fhoghlaim.

Mar sin féin, san aighneas maidir le Home Rule in 1912, úsáideadh bua an Chonartha maidir le Gaeilge éigeantach mar argóint sa dioscúrsa i measc Phrotastúnaigh Uladh faoi Home Rule. Nuair a bhí an Bille Rialtais Dhúchais á phlé i bParlaimint Westminister, mí Dheireadh Fómhair 1912, mhol Sir Edward Carson leasú a chuirfeadh cosc ar chumas Ghaeilge a úsáid mar cháilíocht ‘for holding public office’ faoi Home Rule. An Ghaeilge a bheith éigeantach le fáil isteach san Ollscoil Náisiúnta, ba chuid é sin den armlón a d’úsáid na dílseoirí Protastúnacha lena chur ina luí ar a lucht leanúna go mbeadh a gcuid ‘civil liberties’ i mbaol dá mbeidís curtha faoi Pharlaimint Home Rule i mBaile Átha Cliath.

Feasta, Nollaig 2010

Abhaile | barr | clár na míosa seo | ar ais