Feasta - alt 5



Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Aíonna

Urraíocht

Naisc


Plean Straitéiseach Ghníomhaireacht Forbartha Ghráinseach Ghormáin

Aighneacht le Maolsheachlainn Ó Caollaí


Tá Plean Straitéiseach Ghníomhaireacht Forbartha Ghráinseach Ghormáin (GDA) ar fheabhas ar a lán bealaí. Is eiseamláir phleanála é arbh fhiú ­d’údaráis agus d’fhorais eile stáit, cuid acu nach bhfuil aon dúil acu i bpleanáil straitéiseach, aird a thabhairt air. Is féidir ‘cuimsitheach’ agus ‘uileghabhálach’ a thabh­airt air. Is fíor é sin ach go háirithe maidir leis an aird agus an aire a thugtar don oidhreacht ailtireachta agus dúlra san áit. Tugtar aird freisin ar acmhainní bunúsacha ar nós soláthar aeir úir, agus fiú foinsí uisce aiceanta na háite.

Suíomh an-mhór cathrach is ea é: tá 73 acra ann. Tá soláthar sa togra do riachtanais Institiúid Teicneolaíochta Átha Cliath a mbeidh a cuid coláistí uile ag aistriú isteach ann ón daichead foirgneamh atá acu ar fud na cathrach. Beidh áiseanna sláinte ann, chomh maith, a bheidh faoi stiúr Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte.

Cuirfear saoráidí caomhantais ar fáil do na pobail áitiúla a bheidh in ann taitneamh a thabhairt do ghairdíní agus páirceanna poiblí. Beidh deiseanna spóirt ann, chomh maith, agus beidh soláthar ann do na healaíona. Táthar ag súil freisin go mbeidh leabharlann poibli suite ann. Anuas air sin tá bunscoil do 400 dalta curtha ar fáil cheana féin ar an suíomh ag An Roinn Oideachais agus Eolaíochta agus beidh áiseanna siopadóireachta ann.

Beidh ardchaighdeán ag baint leis na foirgintí agus áiseanna éagsúla, rud nach bhféadfadh a bheith amhlaidh mura mbeadh an tiachóg mhór, beagnach 486 milliún euro atá á chur ar fáil ag an Rialtas. Tá an togra chomh tábhachtach sin gur reachtaigh an Rialtas acht ar leith chun bonn slán a chur faoin ngnó ar fad.

Ní ábhar iontais é go luaitear go minic sa phlean gur togra fíorthábhachtach é seo, an togra athnuachana cathrach is mó a deineadh le tamall de bhlianta. Sa Phlean Straitéiseach luaitear abairtí mar ‘prime state asset’ agus cuirtear béim ar a thábhacht náisiúnta agus logánta nuair a deirtear gur ‘flagship development’ a bheidh ann. Tá tábhacht chomharthach ag baint leis mar sin, agus dá bhrí sin is ábhar spéise é do mhuintir na tíre ar fad agus ní do na daoine áitiúla amháin.

Ach ina dhiaidh sin agus uile, tá easpa agus uireasa ar an bplean a bheadh do-chreidte in aon tír eile ar domhan a bhfuil meas aici uirthí féin, agus ar a hoidhreacht agus ar a hacmhainní cultúir. An té a léifeadh an cur síos a deineadh sa Phlean ar stair na háite, shílfeadh sé gur sa bhliain 1773 (Grangegorman, a Brief History), nó ar a luaithe gur le linn tús ré na Normanach in Éirinn a thosaigh stair an cheantair. (Project Vision and Context).

Ach, ar ndóigh, bhí daoine in Éirinn, agus sa cheantar áirithe seo ar feadh na mílte bliain roimhe sin. Bhí cultúr ar leith ag na daoine sin agus litríocht á cumadh agus á scríobh ina dteanga, an Ghaeilge, roimh aon teanga eile in iar-thuaisceart na hEorpa.

I dtús ré na Críostaíochta in Éirinn, sa chúigiú haois agus ina dhiaidh, bhí pobal Gaelach sa cheantar agus foirgneamh eaglasta acu ar a dtugtaí Cill Dúiligh. Míle bliain ina dhiaidh sin a chéad-tugadh an logainm Grangegorman ar an áit.

Bhí pobal Gaeltachta fós sa cheantar san naoú aois déag, am nach raibh ach pobal amháin eile Gaeilge fágtha i gcathair Bhaile Átha Cliath.

Tá sé le tuiscint ón bPlean Straitéiseach narbh ann riamh don stair sin agus níos measa ná sin, nach ann ar na saolta seo do theanga bhunaidh an cheantair — an nasc beo idir sinne atá ar an saol faoi láthair agus na daoine a mhair míle go leith bliain ó shin.

Aithnítear i mBunreacht na hÉireann gurb í an Ghaeilge an teanga náisiúnta agus an chéad teanga oifigiúil. I ngeall ar ar éirigh di le linn ré an choilín­eachais tá an Ghaeilge lag agus i mbaol. Is chun í a shlánú agus a athréimiú a bunaíodh stát neamhspleách Éireannach. Thuig smaointeoirí na réabhlóide nach mairfeadh sí gan stát a d’ardódh i réim í, a chuirfeadh ar a laghad ar aon chéim í leis an mBéarla, ó thaobh stádais comhdhaonnaigh agus ó thaobh úsáide de. Bhí sé i gceist go mbeadh áit shuntasach ag an nGaeilge agus a bhaineann léi i bhforbairtí fíorthábhachtacha ar nós togra Ghráinseach Ghormáin.

Léigh mé an chuid is mó de na cáipéisí a foilsíodh ar an idirlíon, ach ní fhaca mé tagairt ar bith don Ghaeilge — focal amháin ní fhaca mé, agus ní fhaca mé tagairt ar bith d’aitheantas ar bith don Ghaeilge ná ­stádas ar bith a thabhairt di. San acht bunaithe, Grangegorman Development Agency Act 2005, tá ceithre fhocal i nGaeilge, mar atá, ‘Gníomhaireacht Forbartha Ghráinseach Ghormáin’, ach thairis sin níl tada ann.

B’fhéidir go ndéarfar go mbeidh scéimeanna Gaeilge ag Institiúid Teicneolaíochta Átha Cliath. Ó tharla gur eagras oideachais é ITAC, bheifí ag súil go mbeadh. Bheadh dóchas agamsa go mbeidh. Ach ní hé sin atá i gceist anseo. Táthar ag trácht anseo ar Phlean Straitéiseach Ghníomhaireacht Forbartha Ghráinseach Ghormáin, agus ní ar aon ní a bheadh beartaithe ag aon cheann de na tionóntaí a bheidh san áit.

Tá ceist le freagairt ag na heagrais stáit úd a bhfuil dualgas ar leith orthu leas na Gaeilge a dhéanamh. Cén fáth gur lig siad don acht agus don togra ardghradaim seo dul ar aghaidh gan féachaint lena chinntiú go mbeadh leas na Gaeilge san áireamh? Ach, ó tharla gur eagras stáit é Gníomhaireacht Forbartha Ghráinseach Ghormáin tá dualgas uirthi siúd, mar chuid dá gnó, an Ghaeilge a chur chun cinn.

Céard atá beartaithe ag Gníomhaireacht Forbartha Ghráinseach Ghormáin chun an Ghaeilge a ardú i réim? Freagra: Tada. Níos measa ná sin, i staid ina bhfuil dhá theanga in iomaíocht, is ísliú stádais do theanga amháin nuair nach dtugtar aitheantas ach don teanga eile. Sin go díreach atá á dhéanamh.

Bhí deis ag Gníomhaireacht Forbartha Ghráinseach Ghormáin an Ghaeilge agus an tumoideachas Gaeilge (atá ag fás agus ag forbairt i measc ghnáthmhuintir na hÉireann) a nascadh leis an ‘flagship development’ seo trí bheartú do naíonraí agus gaelscoil ar an suíomh. D’fheidhmeodh siadsan mar stáisiúin ghinte na Gaeilge sa cheantar ar fad. Ina ionad san, bunaíodh bunscoil Bhéarla san áit a mbeidh scoth na n-áiseanna aici. Tuigim, ar ndóigh gur cuid de dhúnghaois na Roinne Oideachais agus Eolaíochta tús áite a thabhairt do scoileanna Bearla agus gurb é an Roinn sin a ­bhunaigh an scoil.

Moltaí

Molaim go leasófar an Plean Straitéiseach chun tograí mar seo leanas a fhorbairt agus go gcuirfear na hardchaighdeáin chéanna i bhfeidhm maidir lena bpleanáil is a cuireadh i bhfeidhm don phleanáil atá léirithe sna cáipéisí a foilsíodh.

Chun aitheantas a thabhairt don bhfíric go raibh stair, cultúr agus teanga ag an gceantar ar feadh míle bliain roimh theacht na Normanach, agus gur nasc beo í an Ghaeilge idir an ré sin agus an ré seo againne — idir na daoine a bhí ann an uair sin agus na daoine atá ann faoi láthair — molaim go n-athrófar ainm an tsuímh ó Ghrangegorman go Cill Dúiligh, an t-ainm a bhí sa cheantar, ní ar feadh cúig chéad bliain, ach ar feadh míle bliain ar a laghad. Bheadh de bhuntáiste breise aige sin go nascfadh sé an suíomh le tuaisceart Átha Cliath agus a stair.

Anuas ar sin, molaim go ndéanfaí taighde ar an bpobal Gaeltachta a bhí sa cheantar sa naoú haois déag, agus go dtabharfaí aitheantas don phobal sin trí áiseanna pobail don Ghaeilge a chur ar fáil, agus an pobal ­deireanach Gaeltachta a mhair i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath a cheiliúradh tríd a ainm a nascadh leis na háiseanna sin.

Chun deis phraiticiúil a thabhairt don Ghaeilge sa cheantar agus ar an suíomh féin, molaim go gcuirfear áiseanna den scoth ar fáil do dhá naíonra (ar eagla na míthuisceana, Gaeilge amháin a bhíonn mar theanga cumarsáide i naíonraí). Ó tharla go reachtáileann Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath cúrsaí céime sa chúram leanaí ina dtugtar aird ar chúram leanaí trí Ghaeilge, d’fhéadfadh na naíonraí agus Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath cabhrú lena chéile ar bhealaí éagsúla, agus maidir le deiseanna cleachtaidh do na fochéimithe san áireamh.

Molaim go gcuirfear áiseanna ar fáil do ghael-bhunscoil, a mbeidh áiseanna aici a bheidh ar aon chaighdeán agus ar aon suntas leis na háiseanna atá bronnta ar an mbunscoil Bhéarla; agus ar an gcaoi chéanna ar tógadh an bhunscoil Bhéarla isteach ar an suíomh, molaim go dtabharfar cuireadh do na heagrais ghaelscolaíochta agus Ghaeilge an ghaelscoil seo a reachtáil.

Agus molaim gur sa dá theanga a bheidh na comharthaí eolais poiblí ar fad a bheidh ar an suíomh.
Maolsheachlainn Ó Caollaí, 5 Samhain 2010


Feasta, Nollaig 2010

Abhaile | barr | clár na míosa seo | ar ais