Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Aíonna

Urraíocht

Naisc


Aloys Fleischmann (1880-1964): An Immigrant Musician in Ireland
Joseph P. Cunningham agus Ruth Fleischmann


á léirmheas ag Liam Mac Cóil


móide aiste ar an gceol le Séamas de Barra agus aistí eile le Josef Focht, Andreas Pernpeintner, agus Ursala Nauderer
Cork University Press, 2010. 404 lch, grianghraif agus samplaí ceoil. Є49


Tá bliain chomórtha bhreith Aloys Óig Fleischmann ag druidim chun deiridh. Ba mhaith ann é mar chomóradh, mar chuir sé ar ár súile dúinn saibhreas iontach ceoil an oileáin seo agus a mhéid atáimid faoi chomaoin ag teaghlach amháin as an saibhreas sin a chothú agus a fhorbairt. Deirimse ‘Aloys Óg’ mar bhí athair aige, Aloys Georg, a raibh ról nach beag aige i gcúrsaí ceoil in Éirinn agus arb é ábhar na beathaisnéise seo é.

Is iontach mar atá luan an rómáns ag lonrú timpeall ar scéal mhuintir Fleischmann. Ach dála aon rómáns arbh fhiú trácht air, tá an cruatan agus an fhulaingt mar dhlúthchuid de. Shílfeá, in amanta, i gcás Aloys Georg, gur mó go mór an cruatan ná an loinnir ghlégheal, gur mó an díomua ná an ghlóir. Bhí an dá thaobh ann.

Tháinig Aloys Fleischmann go hÉirinn in 1906 in aois a sé bliana is fiche. B’ orgánaí óg é agus máistir cóir i séipéal Sankt Jacob, ina bhaile dúchais, Dachau, tríocha éigin ciliméadar siar ó thuaidh ó München. Bhain Dachau cáil dhomhanda amach tar éis an Dara Cogadh Domhanda mar eiseamláir na barbarachta Naitsíoch, mar ionchollú mhídhaonnacht dochuimsithe an duine. Ach an uair sin ba bhaile beag thart ar 5,000 duine é a chothaigh na ceirdeanna agus na cuallachtaí dúchasacha agus a d’fháiltigh roimh ealaíontóirí agus lucht cruthaitheachta, go háirithe péintéirí. Is sa chomhthéacs sin a bhain Fleischmann clú amach mar cheoltóir agus mar chumadóir ceoldrámaí Nollag.

Rómáns a thug Fleischmann go hÉirinn. Bhí sé tar éis titim i ngrá le Tilly Swertz, iníon le Hans Conrad Swertz, a bhí tráth ina orgánaí in Dachau ach a ghlac post ina dhiaidh sin mar orgánaí san Ardeaglais i gCorcaigh in 1890, faoi scéim na hEaglaise Caitlicí Rómhánaí ceoltóirí a fhostú ó thar lear chun cur leis an gceol eaglasta in Éirinn. Sa bhliain 1906 de bharr deacrachtaí teaghlaigh d’imigh Hans Conrad go Meiriceá, rud a d’fhág a phost i gCorcaigh folamh. Chun cabhrú le teaghlach a mhná a bhí anois fágtha gan ceann gan saothraí, ghlac Aloys Fleischmann le post an athar. Shíl sé gur rud sealadach a bheadh ann. Níorbh ea.

Is breá an chaoi a n-éiríonn leis an leabhar seo, go minic, na drámaí pearsanta, agus go leor eile, a chur i gcomhthéacs níos leithne na linne: deoraithe ceoil na hEorpa in Éirinn, an treoir motu proprio de chuid an Phápa Pius X (Tra le sollecitudini) faoin gcineál ceoil ba cheart a chanadh in eaglaisí, an dearcadh náisiúnach in Éirinn, na cogaí domhanda. Tá an cur síos gearr ar lgh 220-1 ar an nGearmáin aimsir theacht chun cinn na Naitsíoch an-slachtmhar. Is é an trua, mar sin féin, nach gcuirtear comhthéacs na Gaeilge san áireamh, chomh maith, seachas nós coitianta lucht an Bhéarla a leanúint agus an téarma ‘Irish Ireland’ agus ‘Irish Irelanders’ a úsáid, cibé ní atá i gceist leo sin.

Ach os a choinne sin is breá liom an chaoi nach ndéanann an leabhar anailís ar phearsantacht Fleischmann ach ligean di sin teacht chun solais as na litreacha – litreacha Fleischmann féin agus litreacha daoine eile chuige, nó litreacha a scríobhadh mar gheall air. Tá sleachta go leor astu sin, cuid acu cuimsitheach go maith, cuid acu dlúthchaidreamhach mothálach, ar fud an leabhair: is orthu atá an bheathaisnéis bunaithe, geall leis.

Mar is léir ón gcaoi a tháinig sé go hÉirinn, rómánsaí le croí mór ba ea Fleischman. B’ealaíontóir oscailte íogair freisin é i dtraidisiún Schumann agus Brahms. File, déarfá, ag breathnú duit ar na grianghraif a tógadh nuair a bhí sé óg. Dar le Cunningham ‘the study of the arts is for Fleischmann a spiritual experience: this is the key to understanding his dedication to music and his commitment in the work with his choirs.’ Is éard a dúirt Fritz Brase faoi: ‘A truly German artistic soul.’

Sampla den íogaireacht fhileata aige, agus dá ­stádas, seans, mar pháiste aonair, an chaoi a raibh sé báite chomh domhain sin i scéal agus in atmaisféar na Nollag. Die Nacht der Wunder, is é sin, Oíche na Míorúiltí nó Oíche na nIontas, an teideal a bhí ar an gceol­dráma is mó rinne a cháil. Mhair an bhá sin ar feadh a shaoil is cosúil.

Ach fuair an íogaireacht bataráil nuair a tháinig sé go Corcaigh agus go ceantar bocht na hArdeaglaise, Saint Mary and Saint Anne. Ceann de bhuanna eile an leabh­air seo na scéalta beaga a insítear dúinn agus na cuimhní le daoine iomadúla a roinntear linn. Seo ceann ar lch 74 arbh í máthair a mhná, Walburga Swertz a d’inis an chéad uair:

That area was pretty tough when he first came to Cork, and apparently the local children used to catcall and shout names at him in the beginning as he made his way to his choir practicesl But he completely disarmed them by rolling pennies down the road, which they would pounce on, fight over, forgetting all about him in the excitement.

Cuir leis sin a scáinte a bhí traidisiún an cheoil chlas­aicigh in Éirinn, a laghad tacaíochta institiúidiúil a bhí ann dó sin agus do na healaíona i gcoitinne, san Eaglais Chaitliceach nó in aon áit eile, agus go raibh air dul i ngleic le teanga nua. Anuas air sin, ní raibh sé éasca cónaí le máthair Tilly, an Walburga chéanna úd, a raibh sé tar éis teacht i gcabhair uirthi. Bhíodh cúrsaí chomh dona sin uaireanta go n-airíodh sé ‘panic and fear of life’ ag breith greama air i lár na hoíche. ‘How often have I wished I was made of a harder wood’ ar seisean i litir chuig Tilly (sa Ghearmáinis is dócha ach ní deirtear) le linn di a bheith ar ais in München ag iarr­aidh seasamh a bhaint amach di féin mar phianadóir ceolchoirme. D’fhág sé an teach.

Dá fheabhas mar cheoltóirí iad an lánúin Fleischmann, níor éirigh le ceachtar acu obair a fháil sa Ghearmáin, rud a d’fhág, faoin mbliain 1911 go raibh orthu triúr socrú síos i gCorcaigh – bhí Aloys Óg tar éis teacht ar an saol i München. Ach ní beag a raibh bainte amach ag na ceoltóirí óga in Éirinn: Béarla foghlamtha ag Aloys, abair, cór na hArdeaglaise ag canadh repertoire nua de réir mhianta an Phápa — cantaireacht Ghréagóireach, ilfhónacht an Renaissance, Palestrina, agus aon cheol eile a bhí sa traidisiún sin — cór buachaillí bunaithe, oideachas ceoil curtha orthu, agus an caighdeán is airde bainte amach, agus rang­anna agus ceolchoirmeacha den ardchaighdeán céanna á dtabhairt ag Tilly.

Ní hamháin sin ach bhí an lánúin tar éis cairdeas a bhunú agus a bhuanú le grúpa leathan de ghráthóirí ceoil, d’intleachtóirí, agus de lucht ealaíne na cathrach, lucht na Gaeilge ina measc, agus sin trasna an speict­rim pholaitiúil ar fad — daoine mar Thraolach Mac Suibhne agus a mhuintir, Dónal Ó Corcara (sheinneadh sé an dordveidhil), muintir Stockley, John J. Horgan, muintir Kirkpatrick i Mala agus an Tiarna Monteagle.

Ba cheart go mba thús le saol nua cruthaitheach é agus ba ea go pointe. Ach bhris an Chéad Chogadh Domhanda amach, agus toisc gur Ghearmánach é cuireadh Aloys i gcampa géibhinn sa Seanchaisleán, sa Mhí, agus uaidh sin go hOileán Mhanainn. Ansin díbríodh ar ais go Dachau é. Ainneoin a chuid iarrachtaí cur leis an gceol sna campaí bhí an saol iontu crua, na húdaráis iontu, go minic, cruálach. D’fhág na blianta sin a rian; mhéadaigh ar an gclaonadh lionn­dubhach ann, agus cá bhfios cén bac a cuireadh le féith na cruthaitheachta.

D’fhill Fleischmann ar Éirinn i 1920 agus thosaigh ar ais ar an saol teaghlaigh a bearnaíodh, agus dhírigh ar an obair chórúil agus ar na ranganna a bhí coinnithe ag imeacht ag Tilly. Thosaigh arís ag cur go mór le saol ceoil agus ealaíne Chorcaí. De réir a chéile rinneadh institiúid cheoil de sa chathair a ghlac lena hucht é. Níor chaill sé riamh a bhlas Gearmáinise agus ba chuid í sin freisin den Fleischmann aitheanta a raibh oiread sin ceana air. Thosaigh an cór ag craoladh ar Raidió Éireann agus bhain clú agus cáil amach go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta. Ní raibh Arnold Bax ina aonar á moladh go hard na spéire agus chuir T.C. Murray tagairt dóibh isteach i ndráma leis. Ach má bhain siad buaic na cantaireachta spioradálta amach, níor cuireadh ar cheirnín riamh iad, is cosúil.

Ag cur san áireamh daíocht agus dalbhacht Éire an Bhéarla, i gcúrsaí ealaíon agus intleachta, ní haon ionadh gur airigh Fleischmann é féin ina dheoraí i gcónaí. Bhí cultúr ceoil agus filíochta na Gearmáine níos láidre ná aon rud a bhí ar fáil dó in Éirinn insitiúideach, ainn­eoin a dhíchill féin agus dícheall a chairde, mar shampla sa Munster Society of Arts. Tá an leabhar seo lán de léirithe ar an gcruachás sin. Ach b’fhéidir nach bhfaighfí léiriú níos fearr air ná scéal an orgáin.

D’éirigh le Fleischmann ceann den scoth leis an gcomhlacht Walcker a fháil don Ardeaglais i 1923 (d’íoc an Canónach O’Sullivan as lena chuid airgid féin). Ach ainneoin an dua a bhain lena thabhairt go hÉirinn, agus ainneoin síorthathant cráite Fleischmann ar feadh na mblianta ina dhiaidh sin, ní dearnadh aon chothabháil ar an orgán. Sa deireadh ba ar éigean a d’fhéadfai é a sheinm. Is tar éis a bháis, i 1964, a tugadh faoina dheisiú.

Ní hiontas go mbeadh an diomá agus an diomua á ­léiriú aige anois is arís. Cuireadh leis na mothúcháin sin i dtús na dtríochaidí agus é os cionn leathchéad ­bliain d’aois, nuair a chuaigh Aloys Óg ag staidéar an cheoil ina limistéar dúchais féin i München. ‘I have become old and have buried so many hopes in the course of my uprooted life...,’ a scríobh sé i litir chuig a mhac ag an am: ‘I was forced to look too deeply into the cruelty of human existence....’

Bua eile de chuid an leabhair seo aistí na n-aoiscríbhneoirí­ faoina thréimhse in Dachau agus cuid de na gaiscí a rinne sé ann: na ceol­drámaí, an scoil cheoil a bhunaigh sé, agus mar sin de. Ina measc sin tá anailís mháistriúil ar a chuid ceoil le Séamas de Barra i ndeireadh an leabhair, ‘The Music of Aloys Georg Fleischmann’. Úsáideann sé an anailís theicniúil ar an gcaoi is fearr: leis an toise mhothúchánach agus ealaíne sna hamhráin agus sa cheol a thabhairt amach agus a mhíniú. Sa chéad sampla a phléann sé, cuiream i gcás, an t-amhrán, ‘Schliesse mir die Augen beide’, éiríonn leis an chodarsnacht ghléineach idir an chéad ocht mbarr diatonacha agus an dara hocht mbarr crómatacha a mhíniú go soiléir agus go sásúil. Ní taise do na samplaí eile a phléann sé.

Mar a thuigfí is píosaí a bhfuil glór an duine i gceist leo is mó a chum Fleischmann, agus sin ar scála réasúnta mór i gcás na bpíosaí do chór agus cheol­fhoireann a bhfuil samplaí díobh tugtha anseo, Darthula, mar shampla, agus Festive Ode ar scríobh Traolach Mac Suibhne na focail dó. Tá oscailteacht bhreá ghliondrach ag baint leis an Ode agus, os a choinne sin, cumhacht dhorcha dhiamhair i gceist le Darthula (ainm Dheirdre i leagan Mhic Phearsain) a chuir Wagner i gcuimhne dom. Ba bhreá liom iad a chloisteáil. Ní cosúil gur chualathas leagan iomlán de cheachtar acu riamh.

Tugann sin muid chuig gné bhunúsach de shaol Fleischmann mar chumadóir ceoil. Níl aon amhras ar de Barra ach gur chuir an t-aistriú go hÉirinn as go mór dá chruthaitheacht, a bhí lonnaithe go láidir sa traidisiún Gearmánach a raibh sé tar éis scil as a ngnáth a ­léiriú ann. Maidir le hÉirinn, bhí sí easnamhach ar fad, mar a deir de Barra ‘in the opportunities it afforded ­composers for the performance and public­ation of their work or in the sophistication of its audiences.’ Cuir leis sin cruálachas an champa ghéibhinn, dúire na hEaglaise Caitlicí, agus easpa cúltúr ealaíne shaol anglafónach na tíre i gcoitinne. Mar sin féin, níor bhreathnaigh sé air féin mar ‘pessimist’ agus i litir bhreithlae chuig a bhean in 1956 léirigh sé sonas agus sástacht i ndeireadh a saoil; bhí siad saibhir sna rudaí ba thábhachtaí. Ar an gcaoi chéanna, sa chatalóg le Séamas de Barra ag deireadh an ­leabhair tá thart ar ­cheithre chéad píosa ceoil luaite, idir chóirithe agus chumadóireacht as an nua. Ní ábhar díomua é sin. An díomua mór nach bhfuil eolas orthu.

Leabhar breá é seo agus cloch choirnéil eile i staidéar an cheoil in Éirinn. Tá Cork University Press le moladh as a fhoilsiú. Ó mo thaobhsa de, bhí rudaí áirithe sa bhreis a theastaigh uaim: innéacs níos cuimsithí, treoir níos cinnte faoi cé acu a raibh an litir seo nó an litir siúd scríofa i mBéarla nó sa Ghearmáinis, níos lú lúibíní cearnacha, agus níos mó eolais faoi pháipéir Fleischmann sa Chartlann in Ollscoil Chorcaí ar astu a tógadh an-chuid d’ábhar an leabhair, is cosúil. Ach caidé’n mhaith a bheith ag cámas i bhfianaise phortráid chomh hiomlán de shár­ealaíontóir, i láthair leabhair a athraíonn do dhearcadh ar shaol cultúrtha na tíre.

Feasta, Nollaig 2010

Abhaile | barr | clár na míosa seo | ar ais