Céard é seo? An t-eagrán is déanaí Cartlann Comórtas Ordú Teagmháil Cóipcheart Údar-lann Aíonna Urraíocht Naisc |
Bliain ó shin is é an port a bhí anseo againn nár rug a leithéid de dhrochbhliain riamh orainn. B’fhíor dúinn gan amhras, ach cad a bheadh le rá againn faoi láthair agus Nollaig eile buailte linn? Nach beag tuiscint a bhí againn ar cad a bhí romhainn. Mar a tharla, dá olcas ár gcúrsaí anuraidh is seacht measa atá acu i mbliana.
Is beo dúinn gan amhras i dtréimhse ard-drámatúil inár saol polaitiúil, ach ón tráth sin maidin Luan, an 23 Samhain, nuair a d’fhógair John Gormley go raibh an Comhaontas Glas chun éirí as an rialtas i mí Eanáir, bhí géarchéim pholaitiúil ag bagairt orainn mar bharr ar gach géarchéim eile.
Is féidir gur taom scaoill ba chúis leis an bhfógra ó Gormley, mar thoradh, b’fhéidir, ar an gcosúlacht go raibh na neamhspleáigh Healy-Rae agus Lowry ag diúltú a dtacaíochta don rialtas feasta. Is róchuma cad ba chúis leis. Is léir gur chruthaigh sé fadhb d’Fhine Gael agus don Lucht Oibre, maidir le haon intinn a bheadh acu éascaíocht a dhéanamh d’Fhianna Fáil chun an buiséad a chur tríd an Dáil, mar a bhí ár slánaitheoirí san Aontas Eorpach agus sa Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta ag súil leis.
Le tamall anuas ba ghearán coitianta in aghaidh an rialtais é nach raibh fhios ag aon duine cad a bhí á bheartú acu. Ar a laghad anois tá aon chinnteacht amháin ann, go mbeidh rialtas nua againn teacht na Márta seo chugainn. Cé déarfadh nach bhfuil an dara cinnteacht ann agus nach mbeidh Fianna Fáil páirteach sa rialtas sin.
Is trua, nuair a tháinig an drochscéala go raibh Banc Ceannais na hEorpa agus an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta i gcomhráití leis an rialtas faoin ngéarchéim baincéireachta agus an easnamh sa bhuiséad, go raibh an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge le plé sa Dáil ar an lá céanna.
Is cinnte nárbh é rogha aon duine ar shuim léi nó leis leas na Gaeilge go mbeadh an Straitéis á plé ar an lá mí-ámharach sin, nó go gcuirfí aon srian ná bac le díospóireacht a dhéanamh ar an ngéarchéim gheilleagrach chun freastal uirthi. Is cás chomh práinneach ag pobal na Gaeilge an ghéarchéim sin agus atá ag an bpobal i gcoitinne. Go deimhin, ní bréag a rá go raibh osréalachas ag baint leis an ócáid a chuireann aon tairbhe a bheadh le baint as an díospóireacht go mór in amhras.
Ní miste a rá, mar bhuille scoir, nach féidir gan a bheith in amhras freisin faoin mbaothchaint atá ar bun faoi láthair maidir le cailliúint flaithiúnais nó ardcheannais an stáit. Níl sé soiléir conas a bhaineann sé ón bhflaithiúnas sin a bheith ag glacadh iasachtaí ó pé foinse is féidir, chun dul i ngleic lenár bhfadhbanna eacnamaíocha. Nach ballstát den Aontas Eorpach sinn?
An mó de ghéilleadh flaithiúnais é ár dteanga a thréigean ná iasachtaí a ghlacadh?
|