Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Aíonna

Urraíocht

Naisc


Smaointe Polaitíochta

Tréimhse chorraithe
le Seán Ó Loingsigh


Tá sé ceart ar fad go gceisteofaí ról an Aontais Eorpaigh i dtubaist airgeadais na tíre.
Nár tháinig gile i ndreach an Taoisigh féin tar éis dó a fhógairt go scoirfí an Dáil nuair a bheadh deireadh déanta leis an mbuiséad?


****************

Is sean-nath nó cliché, mar a chuirfeadh na Francaigh é, go bhfuilimid faoi láthair i dtréimhse chomh corraithe inár gcúrsaí polaitíochta agus a bhí againn ó bunaíodh an stát seo. Cinnte go bhfanfaidh mí na Samhna 2010 i gcuimhne lucht scríofa na staire agus iad i mbun pinn san am atá rómhainn.

Gan amhras ghéaraigh go mór ar ár ngéarchéim nuair a léirigh na ­margaí airgeadais idirnáisiúnta, agus margadh na mbannaí go háirithe, nach raibh muinín acu feasta go mbeadh ar chumas an ­rialtais dul i ngleic leis an ualach fiacha bhí ar ár mbainc, ná leis an easnamh atá sa bhuiséad. Ní léir go raibh mórán rogha ann ach dul i muinín an Aontais Eorpaigh agus an Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta chun teacht i dtír ar an gcor ba dhéanaí seo.

Ar ndóigh bhí sé ina chíréib. Nár mhór an náire agus ábhar uirísle é go mbeadh orainn dul i muinín na déirce go dtí an gCiste Airgead­aíochta, pé ní faoin AE. Mar ba ghnáth agus mar ba dhual, bhí sé ina rírá ar nuachtáin agus ar raidió agus teilifís. Fiú an nuachtán oirirc sin, an Irish Times, chaill siad an ceann. Bhí, mar a chuir siad é le teann gáifeachta, ardcheannas agus flaithiúnas an náisiúin géillte againn.

Bhí buaic éigin áibhéile agus fiú seafóide sroichte nuair a luadh ­forógra na Cásca i 1916 agus scáthanna na marbh. Tar éis an tsaoil ní raibh dearcadh an nuachtáin maidir le ceannairí an Éirí Amach, agus cad ba chóir a dhéanamh leo, imithe as cuimhne ar fad. Pé ní, ba é deireadh an scéil sin gur gheit na Glasaigh. D’fhógair John Gormley go raibh i gceist acu éirí as an gcomhrialtas nuair a bheadh an buiséad rite i mí Eanáir. Gan amhras, ní raibh aon bhuaicphointe ceiliúrtha i ndán dóibh tar éis a dtéarma i rialtas.

Is dócha i ndáiríre go raibh deireadh an róid bainte amach ag an rialtas seo, nó, mar a deirtear na laethanta seo, an sprioc­dháta díola sroiste. Bhí an iomad ceisteanna gan freagairt agus daoine ar leath­eolas, gan trácht ar an gciseach ina raibh an eacnamaíocht. Nár tháinig gile i ndreach an Taoisigh féin tar éis dó a fhógairt go scoirfí an Dáil nuair a bheadh deireadh déanta leis an mbuiséad?

Níl fhios againne céard atá i ndán do Bhrian Cowen mar pholaiteoir. Ní bheidh sé ina thaoiseach sa chéad rialtas eile, ná ní móide go mbeidh sé ina cheannaire ar Fhianna Fáil. Is deacair a shamhlú go mbeidh sé ina thaoiseach am éigin níos faide anonn. Ní chomh fada ó shin, tráth ar ceapadh é mar Thaoiseach, a bhíomar ag tuairimíocht anseo faoi cheannairí agus an riachtanas go mbeadh an t-ádh leo — i dtuairim Napoleon Bonaparte, pe ní.

Dá mhéid dóchais a bhí i gceist nuair a ceapadh é, níl aon duine anois a déarfadh gur éirigh go maith le Brian Cowen mar Thaoiseach. Níl a lán a déarfadh gur mí-ádh a bhí i gceist agus nár mhí-éifeacht é. Saol eile a bhí ann, ar ndóigh, agus b’fhearr linn féin é fhágáil faoi pheirspictíocht na staire.

Seachas an rírá úd ar na meáin chumar­sáide agus an clampar ar fad le mí anuas, tá ceist­eanna eile ar féidir go bhfuil níos mó tábhachta leo. Is cosúil go raibh an teachta dála Mícheál Ó Núnáin ar an teilifís le déanaí agus é ag plé an díomá a bhí air faoin ról a bhí ag an Aontas Eorpach sa ghnó seo ar fad. De bhrí nach bhfaca an clár, nílim cinnte ar fad an é an AE a bhí i gceist nó Banc Ceannais na hEorpa nó iad araon. D’fhéachfainnse orthu mar aon dream amháin. Bhí sé ag rá gur chuir sé ionadh air chomh docht agus neamhbháúil a bhí siad. Fiú go mb’fhearr leis a bheith ag plé le feidhm­eannaigh an Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta!

Tá sé ceart ar fad go gceisteofaí ról an Aontais Eorpaigh i dtubaist airgeadais na tíre seo le cúpla bliain anuas. Tá fhios againn go raibh a ndearcadh maidir leis na margaí airgeadais ag teacht go huile le dearcadh Alan Greenspan, iar­cheann­aire an Bhainc Fheidear­álaigh sna Stáit Aontaithe: is é sin cead a gcos a thabhairt dóibh. Agus ní miste a fhiafraí an raibh aon ról acu i dtarr­tháil na mbanc anseo, go háirithe an Banc Angla-Éireann­ach. Cén ról a bhí acu maidir le rialtóireacht bhaincéireachta i gcoitinne?

Ní hamhlaidh go bhfuiltear ag éalú ón bhfreagracht a luíonn go cothrom agus go soiléir orainn féin agus ar an rialtas anseo go háirithe, ach ní miste, b’fhéidir, an tubaist a chur i gcomhthéacs níos leithne. Ach is féidir nach bhfuil an tAontas saor go huile ó mhilleán. Ní hé an stát seo an t-aon bhallstát de chuid an Aontais a bhfuil fadhbanna ­eacnamaíocha ann faoi láthair.

Ardaíodh roinnt de na ceisteanna seo nuair a bhí na reifrinn faoi Chonradh na Liospóine ar siúl. Nach bhfuil cian aimsire ansin! Dá mbeadh a leithéid de reifreann ar siúl faoi láthair, ní chuirfeá geall mór go nglacfaí leis. Drochsheans go mbeidh a leithéid de dheis ann arís san am atá amach romhainn.

Anois tá Plean Athshlánaithe 4 Bliana beartaithe dúinn a bheidh ag brath ar iasachtaí ónár máistrí san Eoraip, agus ar ár gcairde nua sa Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta. Tá scéal tagtha go mbeidh ráta danartha úis, 5.8%, ag dul leo. Deirtear gur mó úis atá an Eoraip ag éileamh ná an Ciste Airgead­aíochta a bhfuil an drochtheist ar fad orthu. An bhféadfaí brath ar ár rialtas gar deireanach a dhéanamh dúinn agus diúltú dóibh, fiú go bhfuil a bpáipéirí saighneálta? Ar éigean gur féidir, mar is eol.

Mar bharr ar ár ngéarchéim eacnam­aíoch agus airgeadais an bhfuil géarchéim pholaitiúil againn? Is minic tagairt déanta anseo dár gcóras vótála agus is suimiúil go bhfuil go leor daoine anois atá ag éirí imníoch faoi. Córas neamh­ghnách go maith atá ann ar an ­leibhéal idirnáisiúnta. Is beag amhras ná gurb é an córas is ­fábhraí é maidir le hionadaíocht a thabhairt do mhionpháirtithe agus do neamhspleáigh.

Is eol dúinn an tionchar thar cuimse a bhí ag mionpháirtí mar an Comhaontas Glas sa rialtas atá i ndeireadh a ré anois, agus ag an bPáirtí Daonlathach sa rialtas roimhe sin, bíodh ná raibh tacaíocht acu ach ó thart ar 5% den lucht vótála.

Ba mhó ná sin d’ábhar imní an tionchar a bhí ag neamhspleáigh mar Michael Lowry agus Jackie Healy-Rae. Gan amhras ní bhfaigheadh pobal Oileán Ciarraí aon locht ar Healy-Rae nuair atá seachbhóthar thart ar an mbaile sin acu mar ­thoradh, a deirtear linn, ar a chuid iarrachtaí siúd, ach ní miste a bheith in amhras an dtagann a leithéid de thionchar leis an leas coiteann.

Bhí Éanna Ó Cionnaith ag plé na ceiste seo roinnt míonna a ó shin, agus go deimhin bhí moltaí aige chun dul i ngleic leis na fadhbanna agus lochtanna a bhaineas lenár gcóras vótála. Beidh sé suimiúil an mbeidh an tsuim chéanna aige sa cheist faoi cheann roinnt míonna nuair a bheidh an deis sin aige. Ní hamhlaidh nach ceist achrannach é, agus is cinnte gur ceist chonspóideach é. Mar shampla amháin, cén dearcadh a bheadh ag Páirtí an Lucht Oibre faoi?

Sa deireadh, fiú sna laethanta géarchéimneacha agus cinniúnacha seo, ní féidir neamhaird a dhéanamh ar na himpleachtaí do chás na Gaeilge a bhaineas leis an drochstaid eacnamaíoch, agus go háirithe don Straitéis 20 Bliain a ­rabhamar chomh gafa leis le míonna anuas. Ní gá ná ní cóir go mbeifí leith­scéalach faoi sin. Gan amhras ba mhíthráthúil go raibh an díospóireacht sa Dáil maidir leis an Straitéis ar siúl in aon tráth leis an scéala faoi theacht ar an láthair don Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta.

Cén seasamh nó stádas atá ag an Straitéis anois? An seasfaidh rialtas nua leis in aon chiall bhunúsach nó substaintiúil? Fiú in am éigeandála, tá sé riachtanach go gcuirfí na ­ceisteanna sin.

Ó sea, agus an rírá úd faoin ‘sovereignty’. Cad a chiallaíonn sé sin? Tagann chun cuimhne arís eile a raibh le rá ag Breandán Ó hEithir na blianta ó shin, gur bheag ba chás leis an Union Jack ar foluain os cionn Chaisleán Átha Cliath dá mbeadh an Ghaeilge ar bhonn slán.

Tréas é sin, b’fhéidir, nó rogha an dá dhíogha?

Feasta, Nollaig 2010

Abhaile | barr | clár na míosa seo | ar ais