Céard é seo?
An t-eagrán is déanaí
Cartlann
Comórtas
Ordú
Teagmháil
Cóipcheart
Údar-lann
Aíonna
Urraíocht
Naisc
|
Urchar Iomraill
gearrscéal le Colin Ryan
Chuala S. an cnagadh ar chlár a chónra, rud nár chuir isteach air ar dtús. Táim imithe, a chroí, a dúirt sé, ní thiocfaidh mé ar ais. Ansin, go tobann, dhúisigh sé agus sháigh a lámh faoin adhart, áit a raibh Smith & Wesson 9mm.
Ba ghnách le S. codladh ina chuid éadaí anois, rud a chuir ar a chumas dul i ngleic le rud ar bith a thiocfadh an bealach. D’ardaigh sé an fhuinneog agus shleamhnaigh amach, é ag braith a shlí roimhe timpeall an tí nó gur tháinig sé ar amharc an dorais. Bhí duine ann, cé nárbh fhéidir a chomharthaí sóirt ná staid a intinne a dhéanamh amach. Thochais S. a smig gan bhearradh agus rinne iarracht de chasacht.
‘B’fhéidir gur féidir liom cuidiú leat,’ a dúirt sé.
Chas an duine agus tháinig anuas den vearanda: é seang go leor. Bhraith S. fionnuartas an aeir, úire na tuaithe. Cumhracht seanrósanna chuige ó chiumhais an ghairdín fhiáin, agus madra ag tafann i bhfad i gcéin. Labhair an duine de ghuth mná agus iarraichtín d’fhonóid ar a cuid cainte.
‘Tá tú aireach,’ a dúirt sí, ‘agus déarfainn go bhfuil tú armtha. Ní haon bhaol duit mé.’
‘Fáilte romhat,’ a dúirt S. gan an piostal a ísliú. ‘Ar tháinig cairde leat?’
Bhí súil tugtha aige ar an mbóithrín cheana agus ní raibh gluaisteán le feiceáil, mura raibh sé curtha i bhfolach.
Rinne an bhean gáire.
‘Táim i m’aonar,’ a dúirt sí, ‘agus ní tusa an duine a bhí á lorg agam. Níl Fitzy thart?’
‘Níl,’ a dúirt S., ‘níl sé thart le tamall maith.’
‘Is trua sin,’ a dúirt an bhean, ‘ba bhreá an chuideachta é. Ar a shlí féin. Agus cé thú féin?’
Bhí sé in ann í a fheiceáil níos soiléire anois: ceann dubh, súile díreacha, béal deas.
‘Mise Laura,’ a dúirt sí, ag síneadh a láimhe chuige.
Shac S. an piostal ina phóca go deifreach agus chuaigh sa seans os cionn a chéille.
‘Buail isteach,’ a dúirt sé, agus cuirfidh mé an citeal síos.’
Sa chistin bhraith sé go raibh sé á mheas aici — na héadaí agus an ghruaig in aimhréidhe, mála droma fágtha sa chúinne, cuma shealadach ar chuile rud. Seanchistin tuaithe, cúpla cupard ann, doirteal, oigheann a raibh sciúradh ag teastáil uaidh.
Ní mór an dúil a bhí ag S. i gcuideachta faoi láthair agus fonn ar dhaoine áirithe cláiríneach nó conablach a dhéanamh de. Bhí toil tagtha aige don suaimhneas, agus sin é an fáth ar mhaith leis an ceantar seo, na cnoic, na crainn ghuma chroma, an sráidbhaile marbhánta tamall suas an bóthar. Deis aige machnamh a dhéanamh ar a shaol seachránach.
‘Tá seo ar fheabhas,’ a dúirt sí, ag baint súmóige as cupán a bhí réasúnta glan. ‘Fear deaslámhach thú. Is dócha go bhfuil tú go maith i mbun do cheirde, pé ceird í.’
Thug S. súil ghéar uirthi agus é ag lorg brioscaí.
‘An fada aithne agat ar Fitzy?’ a d’fhiafraigh sé ar nós cuma liom.
‘Fada go leor,’ a dúirt sí, agus í ag féachaint ar chúpla leabhar sceitseála a bhí fágtha ag S. ar an mbord. ‘Ar mhiste leat?’
B’fhearr le S. nach scrúdófaí toradh a chuid ealaíontóireachta ach thug an ceann seo a breith dá bhuíochas: ‘Deaslámhach,’ a dúirt sí arís.
‘Bainim spórt as,’ a dúirt S. ‘Céard fút féin?’
‘Corrbhabhta scrioblála. Amhráin.
‘An bhfuil siad le cloisteáil?’
‘I gcúlseomraí.’
Í neamhchorrbhuaiseach. Díomá ar S. anois gur lig sé isteach í. Mar sin féin…
‘Is cuimhin liom d’ainm anois,’ a dúirt Laura.’Luaigh Fitz thú.’
‘Moladh nó dímholadh?’
‘Dúirt sé gur scoth cócaire thú.’
Ag Fitz ab fhearr a fhios, agus samhradh caite acu beirt i mbun na hamfataimíní i seanteach nach raibh ródhifriúil leis an áit seo. Fear cúlánta ba ea S. ach bhí clú agus éileamh air de bharr a chuid scileanna i gcócaireacht den saghas sin; agus b’in é an rud a d’fhág san fhaopach é. Ach céard a thug ar Fitz a rún a ligean léi féin? Níor dheacair é sin a thuiscint.
Rinne Laura miongháire meallacach dubhach leis agus d’éirigh.
‘Áit bhreá uaigneach í seo,’ a dúirt sí, ‘áit a bhféadfá scíth a ligean ann tar éis an tsaothair, áit a bhféadfadh rud ar bith titim amach.’
Ba dheacair do S. dul amach ar intinn na mban. Bhí contúirt ag baint léi, ní bheadh a fhios agat cén scéal a sceithfí, agus níor léir dó céard ba chóir dó a dhéanamh. Breab a thabhairt di, b’fhéidir (ach cá bhfaigheadh sé an t-airgead?), an chluain a chur uirthi (ach ba shuarach an mealladh a bhí ann), í a chur dá cois fiú (ach ní raibh sé tugtha don lámh láidir).
‘An ceart ar fad agat,’ a dúirt sé. ‘An t-uaigneas. Is annamh cuairteoirí agam — bíonn doicheall an dorais rompu.’
‘Lig tú mise isteach,’ a dúirt Laura.
‘Lig. Feicim go bhfuil tú ag imeacht anois. Is breá liom daoine a bhfuil foscadh iontu.’
Mar sin féin, a shíl sé, bheadh air a chip is a mheanaithe a bhreith leis arís. A leithéid de chrá croí. Meáchan an phiostail ina phóca agus gá leis.
D’imigh sí.
Bhí S. tapógach anois, aird aige ar an bhfuaim ba lú istigh agus amuigh, a mhéar ar an truicéar i gcónaí. D’fhéadfaidís teacht aniar aduaidh air ó thaobh ar bith, agus faoi dheireadh bhain sé roinnt clár aníos as urlár na cistine, rud a ligfeadh dó éalú faoin teach, an chuid ab fhiáine den ghairdín a bhaint amach agus, le cúnamh Dé, dul chomh fada leis an ngluaisteán, a bhí curtha i bhfolach go cúramach aige ar chúl sheanchró na gcearc.
I gceann dhá lá tháinig sí arís, beagán níos luaithe um thráthnóna an uair seo. Í sa doras agus aoibh an gháire ar a béal.
‘Súil agat le daoine eile?’ a dúirt sí.
‘Le daoine a bhainfeadh na magairlí díot,’ a dúirt S. agus é ag féachaint amach thar a gualainn.
‘Ní mise atá i gcontúirt mar sin,’ a dúirt Laura, ag teacht isteach.
‘Éist liom,’ a dúirt S. ‘Dhiúltaigh mé cuireadh nár chuí liom a dhiúltú agus tá daoine áirithe ag iarraidh greim a fháil orm dá bharr. Tá sé chomh maith agat fanacht amach uaim.’
‘Gan dabht,’ a dúirt Laura. ‘An bhfuil tú ag réiteach caife? Tá comhrá le críochnú againn. Cúrsaí airgid atá i gceist. Nach damanta an rud é an t-airgead céanna?’
‘Cén t-airgead?’
‘Chuir Fitzy i bhfolach anseo é.’
‘Tá Fitzy marbh’, a dúirt S. agus an tuirse le haithint ar a ghuth. —’Ródháileog.’
‘Tá sé marbh, ceart go leor,’ a dúirt Laura go séimh. ‘Bhí a fhios agam sin. Ach d’fhág sé taisce ina dhiaidh. Déanfaidh mé í a roinnt leat.’
‘B’fhéidir liom an t-iomlán a thógáil,’ a dúirt S. go garg.
An miongháire meallacach dubhach arís.
‘Ní dóigh liom go ndéanfá a leithéid,’ a dúirt sí.
An ceart aici. Ba chuma leis sa diabhal faoin airgead, beag nó mór, agus lig sé osna.
‘Ar chúl an driosúir, más buan mo chuimhne,’ a dúirt sí.
Bhrúigh S. an driosúr i leataobh agus chonaic an ball deisithe; ba ghearr go raibh poll déanta aige agus greim aige ar phacáiste. Nótaí caoga dollar. Thairg sí a leath dó gan focal a rá ach shac sé ar ais ina láimh iad. Rinne sí roinnt póirseála dá cuid féin agus thóg amach an dara beart, ceann beag a raibh rud crua istigh ann.
‘Caife?’ a dúirt sí.
B’fhearr leis uaidh í, ach níor chríonna an rud faillí a dhéanamh san fhéile. D’fhéach sé ar an mbeart beag agus dúirt: ‘Nach raibh Beretta 92 ag Fitz?’
‘Bhí,’ a dúirt Laura, ‘ach b’fhearr d’aimsitheoir mise ná eisean, rud nár mhaith leis.’
Ag ól a chuid caife di dúirt sí: ‘Bhí cúpla balcaire crua ag cur do thuairisce sa sráidbhaile.’
Ní dúirt S. faic, ach tháinig saghas meadhráin ina cheann. Thóg sé an Smith & Wesson amach agus scrúdaigh é, ag tarraingt amach na piléarlainne agus á sá abhaile arís.
‘Tá sé chomh agat imeacht,’ a dúirt sé, ag éisteacht go fuarchúiseach lena ghlór féin. ‘Tá cúpla rud le socrú agam.’
Phóg sí go héadrom ag an doras é agus rinneadh cuid den oíche di.
Mhúch S. an solas: coinnigh guaim ort féin, a bhuachaill. Leathchluas air ag éisteacht. Gluaisteán: í ag druidim anall leis. Rachadh sí thart. Ní dheachaigh.
Bhí a lámh ar mhurlán an dorais chúil nuair a chuala sé na cnaga. Rinne sé ar fhuinneog an tseomra codlata agus streachail é féin tríthi. Glór mioscaiseach ag fógairt cogaidh ar an vearanda, agus ba mhaith an fhaire an fhógairt chéanna. A bharúil go mbeadh triúr acu ann.
An doras tosaigh á bhriseadh, duine éigin ag tabhairt faoin doras cúil: ansin tháinig fear eile timpeall an chúinne. D’ardaigh S. an Smith & Wesson agus scaoil: bhain an blosc agus an splanc geit as, rud a chruthaigh, dar leis, nár dhúnmharaitheoir ó nádúr é. Thit a dhuine ach tharraingeodh an t-urchar an chuid eile air, agus bhain S. na boinn as trasna an ghairdín.
Baineadh tuisle as agus é in aice le cró na gcearc. An bheirt eile amuigh faoin am seo, iad ag béicíl. S. ar a dhícheall ag smúrthacht roimhe san fhéar go bhfaigheadh sé an piostal. Blosc agus blosc eile thall, agus é ag ladhráil anois ar an mbota.
Ansin chonacthas dó go raibh tuirse éigin tagtha ar an mbeirt, tuirse ar nós a thuirse féin, iad ag ligean a scíthe sa ghairdín faoi spéir gan ghealach.
Chuala sé guth Laura ar a chúl:
‘Thángamar slán, a bhuachaill. An uair seo.’
An Beretta ina lámh.
‘Th’anam ‘on diabhal,’ a dúirt sé. ‘Céard a dhéanfaimid anois?’
‘Bheifeá pollta go maith murach mise,’ a dúirt sí. ‘Níor chaill mé fós é.’
Bhí an triúr marbh: na súile dalla ag stánadh ar S. le fearg agus le mearbhall.
Rug S. piocóid agus sluasaid mheirgeach leis ón tseid agus chuaigh i gceann oibre san úllord fiáin: aon uaigh mhór amháin, agus é féin agus Laura ag sclábhaíocht fós amach go maith sa mhaidin. Na coirp a chur ansin agus cead ag an bhféar fás go rábach arís ar a raibh déanta.
Dheisigh S. dóirse an tí agus dúil aige sa slacht i ndiaidh mhí-ord úd an bháis. Laura ag féachaint ar an obair agus cuma uirthi go raibh sí ag meabhrú ar rud eile ar fad.
‘Anois,’ a dúirt sí, an rud deireanach. ‘Mo phortráid.’
‘Cé acu portráid?’
‘Gheall tú dom go ndéanfá é.’
Níor chuimhin le S. a leithéid de gheallúint a thabhairt, ach tharraing sé chuige peann luaidhe agus páipéar. Bhí an obair leathdhéanta nuair a dúirt sí: ‘Mise a tharraing ort iad. Thug mé le fios go mbeifeá le fáil anseo. B’éigean clabhsúr a chur ar an scéal. Agus tá sin déanta, nach bhfuil?’
Stad peann luaidhe S. go tobann agus thosaigh arís: na súile díreacha mire, an béal dubhach.
‘Táim buíoch díot,’ a dúirt sí ag imeacht di.
‘D’fhéadfá amhrán a dhéanamh de,’ a dúirt S. go searbh. ‘Céard a dhéanfaidh tú leis an airgead?’
‘Cúpla fiach a ghlanadh,’ a dúirt sí, ‘agus luaith a dhéanamh den fhuílleach.’
Rinne sí gáire dorcha agus phóg go héadrom arís é. D’fhéach S. ar na súile mire agus chonaic na nótaí á ndó.
D’fhan S. sa chistin tamall agus é ag féachaint ar na ballaí bána, ballaí nach bhfágfadh sé lorg ar bith orthu. De réir a chéile chrom a cheann: lig sé néal agus dhúisigh um mheán lae. Tost ina thimpeall, solas na gréine leata ar an úrlár, an teach ar a fhaichill.
Nigh sé na miasa agus d’ullmhaigh a intinn do na tubaistí a bhí le teacht. Trup a chos sa phasáiste, an doras ag dúnadh ina dhiaidh, torann an ghluaisteáin.
D’fhág sé slán ag míshuaimhneas na marbh agus thug a aghaidh ar an mbóthar fada, an bóthar a chuirfeadh ar fán é.
Feasta, Aibreán 2011
Abhaile
|
barr
|
clár na míosa seo
|
ar ais
|