Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Aíonna

Urraíocht

Naisc


Pietas le Bríd Ní Mhóráin


Léirmheas le Mícheál Ó Ruairc


An Sagart, 2010. €12. 84 lch. 978-1-903896-62-

Seo chugainn an ceathrú cnuas­ach filíochta ó Bhríd Ní Mhóráin. Foilsíodh Ceiliúradh Cré sa bhliain 1992, Fé Bhrat Bhríde in 2002, Síolta an Iomais in 2006 agus cnuasach dhátheangach, An Cosán Bán/The White Path in 2008. Mórán duaiseanna buaite aici as a saothar filíochta thar na blianta. Dul chun cinn leanúnach ar siúl aici agus í ag forbairt a ceirde i gcónaí. Níl sé sin chomh coitianta is a cheapann daoine. Ag dul ar gcúl a bhíonn filí áirithe, feictear domsa. Caithfear a bheith foighneach agus caithfear dua a chaitheamh leis an gceird áirithe seo atá á cleachtadh ag Bríd. Níl aon aicearraí ann agus is maith an rud ná fuil freisin.

Ón gCam di ó dhúchas ach is é Corca Dhuibhne a fóidín samhlaíochta, foinse a hionsparáide agus ceárta a ceirde. Tá ‘Brollach’ don leabhar atá faoi chaibidil agam anseo scríofa ag Máirín Nic Eoin, Roinn na Gaeilge, Coláiste Phádraig i mBaile Átha Cliath. Tá sé ráite agam cheana nach n-aontaím leis an gclaonadh nua seo, ie. nuair a scríobhann duine éigin ‘Réamhrá’ ar chnuasach filíochta. Is ionann é agus léirmheas moltach, de ghnáth, agus cuireann sé brú ar an léirmheastóir gan an leabhar a mholadh ina dhiaidh. Ar ámharaí an tsaoil, sa chás áirithe seo nílim curtha de mo bhuille aige mar go gceapaim go bhfuil an leabhar seo ar fheabhas. Ach mar nós b’fhearr ná beadh sé ann agus sin í mo thuairim phearsanta féin.

Cá dtosóm? Níl aon oidhre ar Bhríd ach Máire Mhac an tSaoi. Sea, tá sí chomh maith san. Tá dánta den chéad scoth anso aici agus nílim ag scaothaireacht nuair a deirim go bhfuilid ar ardchaighdeán. Dán díobh is ea ‘Aes Triplex’ ina bhfuil macallaí de ‘An Chéad Bhróg’ de chuid Mháire Mhac an tSaoi le feiscint agus le clos go soiléir ann:
Chuireas do chasóg orm don gcéad uair ar maidin
a cheannaís dom lá breithe, i gceartlár an tsamhraidh.
Dearadh de chapaill bhuí is donna ar an olann
d’fhág siocáin Thrá Lí in éad lem’ chluthaireacht
roghnaithe ag páirtí mo chroí le fiche geimhreadh,
mo dhíon ar gach síon ar feadh na haimsire.
Is dán grá macánta, simplí, modhúil é seo. Tá an teanga múnlaithe go cumasach, críochnúil ag an bhfile. Seasann sí siar ó nósmhaireachtaí bréagacha agus ó choinbhinsiúin aithriseacha na ndánta grá traidisiúnta agus ligeann sí don bhfíormhothú atá ina croí teacht in uachtar. Molaim í as an ngníomh dóchais atá mar bhunfhód ag an dán seo agus as gan ligint don nóta falsa coinbhinsiúnach sleamhnú isteach i bhfios nó i ngan fhios di féin.

Cé gur aistriúchán atá sa dán ‘An Bás’, bíonn sé ina dhán déanta nuair a bhíonn Bríd críochnaithe leis. Agus, ó, mar dhán chuaigh creathán fuachta síos suas caol mo dhroma nuair a léas é:
Cé dó go mbrostód abhaile ón margadh
chun an eachtra is déanaí a aithris dó?
Cé dó go n-iarnálfadh an treabhsar agus an léine Dhomhnaigh?
Cé a chuimleoidh m’aghaidh agus a déarfaidh
gur call dom mé féin a bhearradh?
Cé a ardóidh leis an leaba go síneadh sí inti?

Mar caithfidh duine den mbeirt againn imeacht ar dtúis
Mar caithfidh duine den mbeirt againn imeacht ar dtúis
tríd an doras.
Is seoid de dhán é ‘Banríon gan Choróin’, dán in ómós do Nell Ní Mhurchú:
Is fada siar a théann an mianach —
Ruiséalach file agus Purge an iascaigh,
dhein plainéad eolais di le linn scolaíochta
a shoilsigh go gléigeal ar feadh a haistir
ó scoil Naomh Bríde go dtí’n Roinn Oideachais,
ar Raidió Éireann nó ar stáitse an Damer
plúr na gceardaithe focal í, réalt na spotshoilse
thuill moladh is mheall a grá geal, Diarmaid.
Dán fada seanchaíochta/Fiannaíochta é an teidealdán, ‘Pietas’, a ríomhann saol atá imithe, saol beannaithe atá fós, ar éigean, i gcuimhne na ndaoine. Téann an file siar bóithrín na smaointe sa dán agus leanaimid í go fonnmhar:
Awae leat
trí aitinn is trí raithneach
thar bhathlaigh dhorcha
ar chosán achrannach
na laethanta atá caite.
Leanann tú ort
go mbaineann tú amach
an bothán fada íseal
inar saolaíodh tú
ar lá fhéile Mhichíl
le linn Chogadh na Saoirse.
Dánta áille iad freisin ‘Cluain an Leitriúigh’; ‘Dom Nain’; ‘Feo’; ‘Muirín Buíochais’; ‘Oíche Lár an tSamhraidh’ agus ‘Cathair na Samhlaíochta’. Thaitin ‘Imeoidh seo ar fad leis’ go mór liom:
Fé sholas lag an lampa íle
is fé dheirge lampa an Chroí Ró-Naofa
nochtais féith an dúchais dom,
an lios i mbéal an dorais
ar dual dár muintir imeacht ann
ó anachain is ó anró an lae.
Agus ‘Is mé’:
Is mé an cat ar a bhfuil
dearmad bean an tí
ag coimeád tine an dá spré,
cluas le héisteacht air
féachaint an mbéarfadh sé
ar lucha na samhlaíochta
is ar a scéal crónánach féin.
D’fhéadfainn dul ar aghaidh agus ar aghaidh. Tá na buanna ar fad aici, geall leis. Sna dánta sa chnuasach seo faighimid seanchas, logainmneacha, friotal úr ársa, teanga shaibhir, grá, cumha, brón, croíbhriseadh, urraim, dóchas, éadóchas, dúlra, nádúr, daoine muinteartha, ceiliúradh agus, ar ndóigh, filíocht.

Tá a guth sainiúil, pearsanta aimsithe aici agus tá sí go sona sásta ina craiceann féin ag cumadh dánta agus á tumadh féin i dtobar na teanga.

Feasta, Aibreán 2011

Abhaile | barr | clár na míosa seo | ar ais