Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Aíonna

Urraíocht

Naisc


Óráid Uachtarán Chonradh na Gaeilge

Pádraig Mac Fhearghusa

ag Ardfheis an Chonartha,
Óstán Killashee House, An Nás, 2 Aibreán 2011




A Chonraitheoirí, a ghluaiseacht chosanta na teanga, a chairde na Gaeilge, is áthas liom slua chomh breá díbh a fheiscint anseo ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge i dTeach Chill Uasaille, i Nás na Ríogh.

‘Rabharta dorcha’ arís í spéir na Gaeilge, mar a scrígh Máirtín Ó Cadhain breis agus daichead bliain ó shin. In ainneoin an dul chun cinn atá déanta ag an teanga le fiche bliain anuas, in ainneoin Acht na dTeangacha Oifigiúla in Éirinn, in ainneoin stádas oibre a bheith bainte amach ag an nGaeilge san Eoraip, in ainneoin Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge a bheith aontaithe ar bhonn traspháirtí, in ainneoin an bhorrtha a tháinig faoin nGaelscolaíocht, in ainneoin bhá ollmhór an phobail leis an teanga, is léir go bhfuil gá níos mó ná riamh le heagraíocht láidir Ghaeilge, eagraíocht atá bunaithe go doimhin ar fud an phobail. Is léir go bhfuil tábhacht níos mó ná riamh libhse, Conradh na Gaeilge.

Is léir ónar tharla sa tréimhse roimh an olltoghchán nach aon bhóithrín réidh atá romhainn, ach is léir chomh maith gur féidir linn stangadh a bhaint as lucht údaráis. Is féidir linn dul i bhfeidhm ar an gcóras polaitiúil agus ar an gcóras riaracháin, ach cur le chéile ar son bhunluacha pobail, ar son bhunluacha na daonn­achta.

Ag tagairt don bhaol do stádas na Gaeilge mar chroí-ábhar ag leibhéal na hArdteiste atáim i dtús báire. D’éirigh linn dul i bhfeidhm ar an bpobal le linn an olltoghcháin. D’éirigh linn a léiriú don saol polaitiúil go bhfuil vótaí le fáil as tacú lenár dteanga shinseartha. Níl vótaí le gnóthú as í a ionsaí. I gcomhar lenár gcairde i ngach páirtí polaitíochta, agus lenár gcomhshaoránaigh, ó thuaidh agus ó dheas, thiar agus thoir, d’éirigh linn a léiriú nach ndíbreofar ár dteanga ionúin isteach i nduibheagán na díchuimhne.

Táimid ann, agus beimid ann. Ach níl sé dlite dúinn go mbeimis ann, mura bhfuilimid sásta cur ar ár son féin. Seo mar atá, agus tugaimis dúshlán na ndaoine úd inár státseirbhís, inár gcóras riaracháin féin, gur cuma leo an Ghaeilge a bheith ann nó as.

Ní de thimpist a tháinig sé chun cinn, mar shampla, go mbainfí múinteoir de ghaelscoileanna beaga, múinteoir atá riachtanach chun easpa ábhar tacaíochta a chúiteamh, agus chun éiteas lánGhaeilge a chinntiú i measc na naíonán, agus an Ghaeilge a sheoladh ar aghaidh glúin eile. Moladh mar sin, is ó státseirbhís­each a thagann, seirbhíseach ná tuigeann méid an damáste atáthar i mbun a dhéanamh.

Deirim arís eile é: ní chaithfeadh státseirbhísigh in aon stát eile san Eoraip le teanga oifigiúil na tíre mar a chaitheann an Roinn Oideachais againne leis an nGaeilge. Ach cé a ligeann dóibh sin a dhéanamh ach ár bpolaiteoirí. Tá sé mar dhualgas orainne, Conradh na Gaeilge, oideachas agus eolas a sholáthar don phobal mór faoina bhfuil ar siúl, agus faoin méid nach bhfuil ar siúl, faoin bhfaillí maidir le dea-mhúineadh na Gaelainne.

Ní de thimpist ach oiread atáthar ag brú rialacha an phainéil gan agús, gan mhaolú, ar na gaelscoileanna: beifear ag brú múinteoirí ar Ghaelscoileanna nach bhfuil in ann bunchomhrá a dhéanamh i nGaeilge, gan trácht ar ábhair a mhúineadh inti. Níl sé seo cóir ná cothrom ar na gaelscoileanna, ná ar na múinteoirí féin.

Ach is é sin a tharlóidh, mura bhfuilimid chun cur ina choinne go diongbháilte agus go leanúnach, i gcomhar lenár gcomhghleacaithe agus comhghuaillithe i ngluais­eacht na Gaelscolaíochta; is é a tharlóidh cealú an dul chun cinn, cealú na hathbheochanna a tharla le tríocha bliain anuas ag státseirbhís na hÉireann féin. Cuirimis ina choinne seo, anocht, amárach, an bhliain seo chugainn, an bhliain dar gcionn, go mbainfear bua. Bíodh sé ina chogadh seacht gcéad bliain más gá.

Tá cúiseanna againn le bheith dóchasach, chomh maith. Nílimid gan acmhainní gan oideachas, agus nílimid gan tacaíocht i measc an phobail mhóir. Chruinn­íomar ár misneach, agus bhailíomar chugainn comhghuaill­ithe na teanga le deireanas. Agus déanfaimid arís é.

Bhíomar i dteagmháil lena chéile agus i gcomh-chomhairle lena chéile. D’áitíomar ár gcás ar dhaoine ar theastaigh uathu a bheith ina rialtóirí ar ár dtír, agus déanfaimid arís é. D’fhéachamar chuige go raibh cás na teanga ina ghné bheo den agallamh polaitiúil, agus déanfaimid sin ar bhonn leanúnach.

Mar a dúras an tráth seo anuraidh, táimid anseo, agus beimid anseo. Sinne an pobal teanga is seanda agus is leanúnaí in iar-thuaisceart na hEorpa. Agus ní ar ár son féin amháin atáimid ag feidmhiú, ach ar son na daonn­achta, ar son na staire, ar son na litríochta, ar son na sibhialtachta is Eoraip ann. I mbeagán focal, ar son ár bhféiniúlachta.

Dhá ghlúin ó shin, tráth go raibh ár bpobal in ísle brí toisc teip eacnamaíoch na gcaogaidí, chuathas i mbun a áiteamh orainn nár chun leasa na hintinne Éireannaí é an Ghaeilge a chothú ná a fhoghlaim. Úsáideadh síceolaíocht easnamhach lena chruthú go mba dhochar oideachais a dhein múineadh an dara teanga, an Ghaeilge inár gcásna, d’aos óg na tíre.

Ní hamhlaidh atá ar chor ar bith, mar is eol dúinn ó dhea-chaighdeáin na gaelscolaíochta – atá faoi ionsaí anois ag Roinn Oideachais agus Éadóchais — Roinn nár fhéach chuige le stáir go múinfí an Ghaeilge i gceart i mbunscoileanna an stáit i gcoitinne. Is gá go raghadh sé i bhfeidhm ar an Roinn Oideachais sin, nach bhfuil beart níos daonna ná cur le do chumas teanga. Gabhann sé chun tairbhe anama agus intleachta.

Is gá dár gceannairí é sin a choimeád in aigne agus iad i mbun sinn a threorú tríd an ngéarchéim eacnam­aíochta atá buailte orainn. Ní beo do phobal gan a scéal féin, agus is i nGaeilge a insíodh ár scéalna ar feadh dhá mhíle bliain. Níl deireadh leis an scéal sin go fóill, agus ní bheidh.

Dhá ghlúin ó shin a saolaíodh leabhar le Seán de Fréine, inar deineadh cúram intleachta den cheangal idir tréigean na teanga agus ár n-easpa dul chun cinn eacnamaíoch: cén fáth gur tharla ár gcuid saoirse a bheith chomh mór gan só? Tá sé in am breathnú arís ar ‘The Great Silence.’ Níor tugadh an aird riamh air a bhí tuillte aige mar leabhar.

Ar an mór gcóir fágadh scríobh ár scéil faoi staraithe in Ollscoil na hÉireann i mBaile Átha Cliath a tháinig go mór faoi thionchar scoil staire Peterhouse, agus fúthu san a n-oireann dóibh stair riaracháin Shasana in Éirinn a bhreacadh, amhail is gurb shin iomlán na staire Éireannaí. Bhíothas, agus táthar fós, i dtost faoin tubaist shíceolaíoch a bhain le cúlú na teanga Gaeilge.

Ní bheimidne inár dtost. Tá ár scéal féin le hinsint againn, tá ár bpobal le misniú againn. Tá seoid luacmhar le slánú againn ar son an phobail uile. Tá gá níos mó ná riamh, sa saol casta trasnáisiúnta atá le caitheamh againn, mar a dúrt, le heagraíocht phobail a chuireann go láidir ar son na teanga. Déanfam an bheart.

Ach ní leabhar Sheáin de Fréine amháin atá dearmadta ag ár staraithe agus ár n-aos riaracháin, má léigh siad riamh é. Tá an taighde luachmhar a chuir na heol­aithe ar an gCoiste um thaighde ar Dhearcadh an Phobail (is é sin, CLÁR) 1969-1975, faoinár mbráid, rud a deineadh arís i 1987; taighde atá ann atá ag teacht leis na trí mhórthogra taighde leis an Athair Mac Gréil idir 1977 agus 2008 chomh maith.

Is gá breathnú arís ar ghnéithe de CHLÁR 69-75. Níl uaim anseo ach bhur n-aird a dhíriú ar ghné amháin de thaighde CLÁR: an tuiscint bhunúsach gur gníomh sóisialta é, seachas gníomh aonair, teanga a labhairt. Mar a chuir an tOllamh William Mackey ar ár súile dúinn, tá noirm shóisialta teanga ann; tá ­srianta, tá bacanna sóisialta ag feidhmiú i gcoinne leathnú úsáid na Gaeilge.

Dar leis an Ollamh Mackey, sula mbeadh duine sásta an Ghaeilge a labhairt le strainséar, bheadh air a bheith cinnte: (a) go bhfuil Gaeilge ag an duine eile; (b) go bhfuil fonn ar an duine eile í a labhairt; (c) nach bhfuil Gaeilge an duine eile níos fearr, nó níos measa, ná a chuid Gaeilge féin, agus (d) nach raibh duine eile fós, gan Ghaeilge, sa chomhluadar. Tarlaíonn seo, in ainn­eoin, dar leis, go bhfaigheadh an té a labhródh Gaeilge leis an strainséar freagra as Gaeilge trian den am.

Is gá aird a thabhairt ar na gnásanna sóisialta teanga seo agus pleananna gníomhaíochta i leith na Gaeilge á gcur i bhfeidhm, mar is léir go bhféadfaí fós líon na ndaoine a úsáideann an Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht a mhéadú faoi dhó, ach na gnásanna, na noirm shóisialta teanga seo a athrú.

De réir mar a fheicimse, níl athrú gnásanna comh­dhaonnacha teanga luaite go sonrach sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, ach baineann siad go dlúth leis an sprioc ceathrú milliún cainteoirí laethúla a bhaint amach. Séard atá i gceist, mar shampla, ná seo: más inghlactha feachtas leanúnach a bheith ann maidir le hólachán, maidir le sábháilteacht ar na bóithre, ar mhaithe le dul i bhfeidhm ar mheon an phobail, is cóir díriú ar na srianta sóisialta teanga seo a chuireann bac ar leathnú úsáid na Gaeilge agus iad a mhaolú.

Chabhraigh sé linne mar phobal teanga gur tháinig na céadta míle go dtí an tír seo le glúin anuas a bhí sásta a dteangacha dúchais féin a labhairt. Tapaímis an deis, úsáidimis an spás síceolaíoch atá cruthaithe ag na daoine seo dúinne.

Tréaslaim a gceapacháin le Jimmy Deenihan mar Aire, agus le Dinny McGinley mar Aire Stáit. Is ábhar sásaimh dúinn go mbeidh Aire atá freag­rach as an nGaeltacht ag Bord an Rialtais, agus táimid ag tnúth le dul i mbun oibre ar son na Gaeilge leo araon. Mar a thuigeann siadsan, níor mhiste go bhféachfaí chuige, mar ábhar práinne, go ndéanfaí iniúchadh cuimsitheach ar theagasc na Gaeilge ag an mbun agus ag an iar-bhunleibhéal.

Bunaithe ar an taighde, tá rún ar an gclár againn a éilíonn go dtabharfaí treoir don Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta siollabais nua a phíolótú agus a dhearadh, mar a rinneadh i gcás na matamaitice.

Ach níl aon siollabas nua ag teastáil uainne chun go labhróimis ár gcuid den Ghaelainn, chun go roinnfimis an saibhreas a chnuasaíomar, agus a chothaíomar féin, orthu siúd go léir atá ag iarraidh a bheith rann­pháirt­each linne san oidhreacht choiteann dhaonna. Ba chóir dúinn dúshlán na norm sóisialta sin a chuireann bac ar leathnú labhairt na Gaeilge a thabhairt, ar bhonn ­tuisceanach tomhaiste. Ba chóir dúinn a bheith níos misniúla, ba chóir dúinn níos mó creidimh a bheith againn ionainn féin. Ba chóir dúinn, mar a mholann mo chara Pádraig Ó Mathúna – Caiseal Mumhan agus Dún Chaoin - dom i gcónaí, an fáinne a chaitheamh. Tá athrú meoin sa phobal — athrú ar son na Gaeilge — glacaimis leis agus cuirimis leis.

Ar mo shon féin, ag deireadh mo thréimhse mar uachtarán ar an eagraíocht stairiúil seo, gabhaim ­buíochas ó chroí libh as an onóir a bhronn sibh orm, agus ba mhaith liom buíochas ar leith a ghabháil lenár nArdrúnaí agus le foireann na hArdoifige, agus le gach duine a chabhraigh liom le linn mo thréimhse uachtaránachta.

Mairfidh ár nGaeilge slán!

Pádraig Mac Fhearghusa, Uachtarán,
Conradh na Gaeilge, 2 Aibreán 2011

Feasta, Aibreán 2011

Abhaile | barr | clár na míosa seo | ar ais