Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Aíonna

Urraíocht

Naisc


- - Tar éis na Réabhlóide! - -

Tar éis na réabhlóide ar a rabhamar ag trácht mí ó shin tá curtha chun oibre ag ár rialtas nua. Nach bhfuil an t-ádh linn go dtarlaíonn mórathruithe inár saol polaitíochta gan aon rian den chíréib nó den chlampar a luaitear de ghnáth le réabhlóidí!

Gan amhras baineadh cuid den loinnir den ócáid nuair a foilsíodh tuarascáil bhinse fiosrúcháin Uí Mhuircheartaigh. Tá an tréimhse ama a caitheadh leis an bhfiosrúchán seo dochreidte, agus tá an costas thar fóir ar fad, ach fós féin níl aon cheist faoin tábhacht a bhaineann leis an tuarascáil.

Is cosúil gur tharla botúin. Tá mioncheisteanna á gcur anseo agus ansiúd, ach ina iomláine is féidir dúinn a bheith ag súil go bhfuil foláireamh sa tuarascáil nach bhfuil mí-iompar sa saol poiblí inghlactha, pé tábhacht a bhaineann leosan a bhíonn ina bhun, nó pé cumhacht nó tionchar a shamhlaítear dóibh atá ina gcumas.

Má tá míchompord le brath i gcás an rialtais agus i gcás an dá pháirtí atá páirteach ann i bhfianaise na tuarascála, is beag is fiú é sin. Is féidir dóibh cur suas leis sin. B’fhéidir go bhfuil an t-ádh dearg leo nár foilsíodh an tuarascáil seo nuair a bhí an feachtas toghchán­aíochta faoi lán seoil.

I gcás Fhianna Fáil is eol don saol mór agus dóibh féin nach mór a bheadh le maíomh acu féin maidir leis an gcineál mí-iompair is ábhar don tuarascáil. Agus i gcás an rialtais beidh siad ag súil, gan amhras, nach mbeidh olltoghchán eile againn go ceann cúig bliana agus go mbeidh saol eile ar fad ann agus an eachtra ar fad mar ábhar plé ag lucht na staire.

I ndáiríre is dócha go bhfuil rialtas nua i dteideal dispean­sáide de chineál. Ní bheadh sé cóir a bheith ag casadh leo gach faillí a deineadh san am a chuaigh thart, nó gach mí-iompar a tharla. Ní fhéadfaí a rá go bhfuil siad ag dul i mbun oibre san am is tráthúla riamh. Go deimhin a mhalairt sin atá amhlaidh. Ba dheacair ár staid eacnamaíoch agus airgeadais a shamhlú i riocht níos measa ná mar atá faoi láthair. Sa mhéid sin, pé dearcadh polaitiúil a bheadh i gceist, is ar éigean go bhfuil duine beo nach mbeidh ag súil go gcuirfidh an rialtas seo casadh chun feabhais sa staid sin.

Ritheann smaoineamh eile linn. D’fhéadfadh go mbeadh an rialtas seo i gcumhacht go dtí bliain chomórtha chéid an Éirí Amach i 1916. Gan amhras beifear ag súil go mbeidh an casadh chun feabhais úd inár staid eacnamaíoch tagtha faoin am sin. Ach ní miste dúinn a bheith ag machnamh leis ar aidhmeanna agus mianta an dreama sin a thionscain é agus conas mar a chuaigh do na haidhmeanna agus mianta a spreag iad.

An bhfuil na haidhmeanna agus mianta sin chomh ­tábhachtach céanna i saol an lae inniu? Arís, cad go díreach a bheimid ag comóradh?

Feasta, Aibreán 2011

Abhaile | barr | clár na míosa seo