Céard é seo?
An t-eagrán is déanaí
Cartlann
Comórtas
Ordú
Teagmháil
Cóipcheart
Údar-lann
Aíonna
Urraíocht
Naisc
|
Smaointe Polaitíochta
Mí Ghearr na Meala
le Seán Ó Loingsigh
An féidir a rá go dtugann an tuarascáil seo chun críche an tréimhse thaibhseach sin, ré an tíogair Cheiltigh?
———◊———
Mar a dúradh sa cholún deireanach, ní raibh aon mhí na meala i ndán don rialtas nua. Tá mórchuid den mhí caite ag an Taoiseach sall agus anall idir Baile Átha Cliath agus an Bhruiséil, agus go deimhin ní hé go bhfuil a lán dá thairbhe aige.
Conas a bheadh? Pé gothaí a chuireann sé air féin, ní fhéadfaí a rá go bhfuil sé ar thalamh an-slán nó go bhfuil argóintí láidre aige agus é ag lorg téarmaí níos fearr ón AE, nó ón mBanc Ceannais Eorpach, maidir leis na hiasachtaí ollmhóra atá siad ag soláthar dár mbainc mhí-ámharacha.
Ach tagann na nathanna cainte sna sála ar a chéile. Ní ina n-aonar a tharlaíonn na tubaistí agus deirtear leis gur go mall a mheileann muilte Dé. Ceithre bliana déag a thug muileann an Bhreithimh Uí Mhuircheartaigh ag meilt. Cé déarfadh nach ábhar faoisimh don rialtas é, agus don dá pháirtí atá páirteach ann, nár scaoileadh chugainn a thuarascáil mí níos luaithe. Is beag eile faoiseamh atá ann dóibh.
Is rómhinic dúinn anseo ag gearán faoin gcostas a bhaineann leis na binsí fiosraithe, agus thar aon ní faoin méid ama a thógann sé orthu a gcúram a dhéanamh. Go deimhin is léir go gcaithfear bealaí eile a aimsiú chun dul i ngleic leis an mí-iompar sa saol poiblí atá mar smál ar an bpobal ar fad le tríocha bliain anuas. Is léir leis, pé ní faoin am agus an costas, gur riachtanas é go mbeadh an mí-iompar atá tugtha chun solais sa tuarascáil seo ar eolas againn.
Ní nach ionadh, cuireadh go leor ceisteanna, agus tá siad á gcur i gcónaí, maidir le lochtanna agus easnaimh a bhain le cur chuige an bhinse. Tá daoine an-chumhachtacha i gceist, níl aon easpa airgid orthu, agus tá a gclú go mór faoi scamall de thoradh a bhfuil ráite i dtuarascáil Uí Mhuircheartaigh. Leanfaidh siadsan orthu ag tógail raice.
An féidir a rá go dtugann an tuarascáil seo chun críche an tréimhse thaibhseach sin, ré an tíogair Cheiltigh? Ag féachaint siar is éasca a fheiceáil conas mar a tharla. Ar ndóigh, bhí daoine in amhras faoina raibh ar bun sa ré aisteach sin, ach ba bheag é fiú i measc na saineolaithe féin. Pé ní a deirtear, is ar éigean go bhfacthas méid na tubaiste a bhí ag bagairt.
Ach nach é a dúirt ambasadóir na Gearmáine ag an am go raibh ár nguaim caillte againn agus sinn ag éirí santach agus míchuibhiúil. Cuimhnigh anois go raibh ceardchumann amháin múinteoirí ag éileamh ardú tuarastail de 33%, agus ceardchumann altraí ag lorg ardú tuarastail agus seachtain oibre 35 uair an chloig. Is iad na státseirbhísigh a smaoinigh ar an gcleas ab fhearr ar fad: tagarmharcáil nó ‘benchmarking’ a thug siad air.
Ag breathnú siar air ba é ba mheasa a tharla ná gur tháinig an Banc Angla-Éireannach ar an saol chun teacht i dtír ar an airgead a raibh an tír báite ann, de réir chaint na linne. Ní raibh aon srian leis na hiasachtaí a bhí le fáil. Tá cás ag na bainc eile go raibh orthu déanamh amhlaidh nó a ndóirse a iamh. Bolgán tithíochta a bhí mar thoradh air sin.
Gan amhras tharla an rud céanna i dtíortha eile, más féidir gur ar scála níos lú é i gcás an bholgáin tithíochta. D’fhéadfaí a argóint nach mbeadh an scéal chomh holc ar aon chor murach an Banc Angla-Éireannach, ach níl ansin ach tuairimíocht.
Deir Fianna Fáil anois gur ceap milleáin iad féin de bharr ar tharla, agus go raibh níos mó i gceist ná faillí nó ciontacht rialtais. Má deir, is beag duine atá ag éisteacht leo, nó i dtrua leo. Siúd iad a bhí i bhfeighil an tí. Tharla go leor leis, dar leo, atá le moladh.
Féach, a deir siad, ar na bóithre agus na hiarnróid, na haerphoirt agus na monarchana, agus an feabhas a cuireadh ar bhailte agus ar chathracha. Féach an feabhas a cuireadh ar Bhaile Átha Cliath féin, i gceantar na nduganna mar shampla. Gan amhras, ní cóir a bheith ró-mhionchúiseach ná a bheith ag díriú an iomad airde ar na foirgnimh tréigthe, leathchríochnaithe.
Pé fírinne atá sa mhéid sin, is beag sóláis atá ann dóibhsan a chaill a dteacht isteach agus a slí bheatha thar oíche — agus gur daoine óga a bhfurmhór. Is maith a fhios acu go bhuil blianta fada rompu ar an gcaolchuid, agus tá go leor díobh nach acmhainn dóibh dul ar imirce. Is tragóid é do na daoine sin, agus gan bhréag don tír ar fad go bhfuil an obair thairbheach sin ina lánstad.
Ag filleadh ar a raibh le rá ag ambasadóir na Gearmáine, dúirt sé leis go raibh tuarastail agus pá anseo go mór chun cinn ar a raibh daoine ag tuilleamh sa Ghearmáin. Bhí, dar leis, liúntais leasa shóisialaigh níos fearr againn. Ní dócha gur fhág sé Angela Merkel dall ar a thuairimí. Ní bheidh sé éasca ag an Taoiseach ná ag an Aire Airgeadais a chur ina luí uirthi siúd, ná ar phobal na Gearmáine, gur ceart dóibh teacht i gcabhair orainne anseo, nó ar a laghad nár chóir dúinn féin riar níos mó den gcruatan a sheasamh.
Agus, ar ndóigh, ní fadhbanna eacnamaíocha amháin atá ag bagairt ar an Aontas Eorpach faoi láthair. Ní hé an Euro amháin atá faoi bhrú, ach an struchtúr polaitiúil atá mar bhonn leis an Aontas.
Féách an scoilt atá tagtha chun cinn le mí anuas ó thosaigh an chogaíocht sa Libia. Tá an Fhrainc i bpáirt leis an Bhreatain ag buamáil fhorsái an deachtóra Gaddafi sa chogaíocht atá ar bun aige in aghaidh na reibiliúinach. Ní bheidh lámh na páirt ag an nGearmáin sa ghnó. Is fada ó aontas é.
Ar ndóigh, tá an domhan mór scoilte maidir leis an gcineál seo cogaíochta. Tá na Stáit Aontaithe ag fanacht ar an taobhlíne, gan amhras de bharr lán a mboilg a bheith faighte cheana féin acu san Iaráic agus san Afganastáin. Ar a laghad ar fad rithfeadh leat ó thaobh na staire de nach iad an Bhreatain agus an Fhrainc is oiriúnaí, nó is mó a bheadh inghlactha, chun a bheith ag cur a ladar i ngnó na nArabach sa Mheánoirthear.
Is féidir a bheith in amhras faoi cad a spreag Sarkozy agus Cameron maidir leis an ionsaí seo sa Libia. Sa domhan idéalach sin a raibh ár dTaoiseach ag tagairt dó le déanaí, níor mhiste go mbeadh an tír sin scartha le Ghaddafi, díreach mar go mb’fhearrde tíortha eile sa Mheánoirthear a bheith scartha lena ndeachtóirí siúd.
Is beag cinnteacht ann, áfach, fiú i gcás go gcuirtear an ruaig ar an deachtóir seo, go bhféachfaidh Sarkozy agus Cameron chuige go dtagann córas ceart, cóir, agus daonlathach ina áit? Ní féidir, chomh maith, gan a fhiafraí an raibh aon bhealach eile ann le srian a chur le Ghaddafi seachas a bheith ag leadradh buamaí anuas ó aird na spéire. D’fhéadfaí, b’fhéidir, crios gan cead eitilte a chur i bhfeidhm!
Ach ag tagairt do Libia, ní raibh i gceist ach an mhíthreoir atá ar an Aontas Eorpach faoi láthair a léiriú, agus conas gur féidir nach cabhair ar bith an mhíthreoir sin nuair atá an rialtas anseo ag brath go mbeadh aird an Aontais dírithe ar na fadhbanna airgid atá ag go leor de na ballstáit.
Tá sé le brath le tamall anuas go bhfuil athrú tagtha ar an mbealach a fheidhmíonn ceannairí na mórstát, ach go háirithe Angela Merkel agus Nicolas Sarkozy, maidir le polasaithe agus cur chuige, agus go bhfuil laghdú dá réir ar ról uachtarán an Choimisiúin, Barroso. Is féidir, pé ní a deirtí faoi lucht an mhaorlathais, nach athrú é a raghaidh chun tairbhe na tíre seo faoi láthair.
Tá an t-athrú sin le brath ó tharla an ghéarchéim airgeadais in 2008, agus na héilimh leanúnacha atá á ndéanamh dá thoradh ar chiste an Aontais ó thíortha mar an Ghréig, Éirinn agus an Phortaingéil. Féachann sé do Merkel, go háirithe, gur ar an nGearmáin is mó atáthar ag brath chun an t-airgead a chur ar fáil chun freastal ar na héilimh seo. Is maith a thuigeann sí nach sásta atá pobal na Gearmáine, agus tá sé sin cruthaithe i dtoghcháin réigiúnacha a bhí ann le cúpla bliain anuas.
Is sa chomhthéacs sin is fearr a thuigfí a raibh i gceist ag an ambasadóir: saol na bhfuíoll ag Éireannaigh, agus Germánaigh dlúsúla tíosacha ag íoc as. Má tá riar den áibhéil i gceist sa mhéid sin, ba dheacair a shéanadh nach bhfuil riar beag den fhírinne ann chomh maith.
Is féidir anois go bhfuil athrú bunúsach tagtha ar an gcaidreamh atá againn leis an Aontas Eorpach. Tá an Euro féin faoi ionsaí. Is mó de chás ag an Aontas an córas airgeadais a thabhairt slán ná aon fhadhbanna atá againne anseo in Éirinn, ná aon chruatan atá ag luí ar an bpobal de bharr na géarchéime. Is iad na hinfheisteoirí agus sealbhóirí bannaí atá tábhachtach.
Tá bóthar achrannach roimh an Taoiseach nua. Gan amhras d’fhéadfadh sé déanamh in uireasa na tuarascála úd, ach gach seans go mbeidh sé sin imithe i ndearmad sular féidir dó aon ródhochar a dhéanamh. Nach fada uainn an chéad olltoghchán eile!
Feasta, Aibreán 2011
Abhaile
|
barr
|
clár na míosa seo
|
ar ais
|